Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00022

Recording
BBAF.00022
Format
MiniDisc
Duration
50:39
Date
8 May 2001
Languages
English
Irish
Location
Bun Gabhla
Collector
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Informant
Mary Tim Uí Iarnáin
Archival information
MD 30 Mary Tim Uí Iarnáin. Imirce; Gaillimh; Turas Báid; Tithe Lóistín; Earraí as Gaillimh; Faoistíní sna Tithe; Amhrán; (38'10") "Donncha Bán"; Ranganna Oíche; Mamó; Cniotáil agus Lása; Ag Déanamh Éadach; An Chéad Chomaoineach; Caitheamh Aimsire; Ag cur glúnta éagsúla i gcomparáid.
Additional information
MD 30 Mary Tim Uí Iarnáin. Emigration; Galway; Boat journey; Guesthouses; Goods from Galway; Stations in houses; Song; Night classes; Grandmother; Knitting and lacemaking; Making clothing; First Communion; Pastimes; Comparing different generations.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00022
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

ÁINE: Seod í Áine Pheaits Bheaichlín anseo i mBun Gabhla agus mé a’ gabháil ar an ochtú lá go Bhealtaine sa mbliain 2001 agus mé ag cur agallamh ar mo mháthair, Mary Ní [Uí] Iarnáin nó Mary Tim. Cén chaoi a bhfuil tú inniu a Mhama?

MARY: Go maith go raibh maith a’d.

ÁINE: Tá an lá go hálainn, nach bhfuil.

MARY: Tá sé, is mór a’ spóirt é.

ÁINE: Anois tosóidh muid a Mhama más cuma leat faoin Imirce agus cuirfidh mé cúpla ceist ort faoin Imirce. An ndeachaigh tú féin ar imirce?

MARY: Ní dhéachas ariamh.

ÁINE: Agus a’ ndeachaigh aon duine go do chlann féin, tá ’fhios a’d, go do dheartháireachaí agus dreabharchaí?....

MARY: …. Mo dheartháireachaí, bhuel chuaigh dreabhar agus deartháir liom go Sasana, dhá dhreabhar agus deartháir.

ÁINE: Sea.

MARY: Go Sasana.

ÁINE: Agus céard faoi uncaileachaí nó sean, sean aintíní ná tada mar sin leat?....

MARY: …. Chuaigh, chuaigh mo chuid uncaileachaí go Meiriceá, cúigear acub, agus cailleadh i Meiriceá iad. Agus cailleadh duine acub óg go maith i Meiriceá, mar bhíodh sé a’ plé leis an síbín nó pé bí céard a thabharfainn siad air, an moonshine an t-am sin, nuair a bhídís a’ déanamh an moonshine i Meiriceá agus fuair sé tinnis agus cailleadh é, an-óg. Bhíodh go leor go mhuintir na hÉireann, bhíodh sé sin a’ tarlú dób. Phós an chuid eile acub thall ann ansin.

ÁINE: Agus a’ bhfuil ’fhios a’d a’ ndeachaigh dar sin anois ar a’ mbád nó a’ ndeachaigh dar ar eitleán?

MARY: Ó chuaigh dar ar a’ mbád. Chuaigh dar ar a’ mbád.

ÁINE: Agus níl ’fhios a’d cén t-ainm a bheadh ar a’ mbád a bhí ann ag an am sin?

MARY: Bhuel níl ’fhios, níl ’fhios. Liner a thugadh muid uirthi, sin é an méid.

ÁINE: M hm, agus meas tú cé d’íoc as a’ bealach, as an ticéad dóibh?

MARY: Bhuel níl mé cinnte cé d’íoc as a’ ticéad go mo uncaileachaí anois ach séard a tharlódh an t-am sin, an chuid is mó gon am, ghabhadh duine eicínt ann ar dtús ….

ÁINE: …. M hm….

MARY: …. b’fhéidir go mbeadh duine eicínt ann, go mbeadh beagán airgead aige agus ghabhadh sé ann agus ansin chuirfeadh sé sin anall paisinéireacht ag duine eicínt eile.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus d’íocfadh sé leis é nuair a ghabhadh sé sall, agus bhí sé mar sin, bhíodh siad féin a’ tabhairt a chéile sall.

ÁINE: Agus ar fhán an t-athair agus máthair sa mbaile in éineacht?

MARY: D’fhán, d’fhán.

ÁINE: Ansin meas tú cén aois a bhí dar nuair a d’fhág dar?

MARY: Is dóigh go mbeadh siad (--) bhuel níos mó ná scór blianta go háirid mar ní chorródh aon dhuine mórán as an mbaile an t-am sin go mbeadh sé scór blianta agus mar sin ach chuaigh uncail amháin liom ann agus thug sé leis a bhean ach d’fhág sé a iníon sa mbaile agus páistín , cailleadh páiste amháin sa mbaile agus d’fhág sé iníon eile a bhí anró uirthi, agus d’fhág siad ina dhiaidh anseo í.

ÁINE: M hm.

MARY: Thug a seanmháthair aire di.

ÁINE: Agus cén fáth nár thug sé leis í sin?

MARY: Bhuel ag an am sin, tá mé a’ ceapadh bhí rudaí an-ghéar, chaithfidís a dhul ag an Consul a thugaidís air agus bhí go leor TB ag imeacht ag an am. Ghabhadh teist ar a gcuid lungs agus chuile rud ach anró a bhí uirthise ach b’fhéidir go raibh an rud eile freisin uirthi, bhí sé sa dream.

ÁINE: Sea, agus céard a tharla gon chailín sin?

MARY: D’fhás sí suas agus bhíodh sí a’ gabháil ag a’ scoil ach ’bhfuil ’fhios a’d, bhuel bhí píosa deas le ghabháil aici anoir ón Sruthán, ach is minic a chuimhním mo chol ceathrar eile go ndéana Dia grásta uirthi, í a thabhairt anoir ar a droim ón Sruthán.

ÁINE: Sea.

MARY: Go dtí an scoil. Col ceathrachaí uilig a bhí iontub. Agus ansin fuair sí bás an-óg. Fuair a mamó bás agus nuair a bhí a mamó leagthaí amach sa leaba, bhreathnaigh duine eicínt uirthise sa gcathaoir agus bhí sí básaigh.

ÁINE: So cailleadh an oíche céanna í.

MARY: Cailleadh an oíche ceanna an bheirt acub. Leagadh amach in éineacht ar aon leaba amháin, an bheirt acub.

ÁINE: Nach aisteach é sin.

MARY: Tá siad curtha ins an reilig in Eoghanacht.

ÁINE: Agus a’ gceapann tú gur imigh daoine mar gheall ar bochtanas nó a’ bé an chaoi a raibh siad ag iarraidh an t-oileán a fhágáil, cuid acub?

MARY: Bhuel is dóigh gur imigh siad mar gheall ar bochtanacht, iad féin a’ leannacht a chéile, mar a dearfaigh siad i mBéarla “ for a better world” nó rud eicínt mar sin. Gur imigh agus lean duine duine eile ansin. Tá ’fhios a’m, bhí siad an taobh eile dínn, ar chaon taobh, chuaigh siad go Meiriceá, duine i ndiaidh duine agus thagaidís anall aríst ansin agus mar sin.

ÁINE: Agus meas tú a’ ndeachaigh aon duine nó ar chuala tú go ndeachaigh aon duine ann mar gheall ar an Gold Rush?

MARY: Bhuel tharlódh sé go ndeachaigh mar d’airigh mé mo aint a’ rá gur cailleadh chúig uncail lei féin i gCalifornia agus sin é an áit a raibh an Gold Rush ag an am, i gCalifornia ….

ÁINE: …. Aw….

MARY: …. agus chuala mé í a’ rá gur cailleadh chúig uncail lei, go raibh dar curtha, Powells, i gCalifornia ach ní bhfuaireadar amach anois fós, na lads [clann mac Mary, a bhí ag déanamh taighde] iad ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… ach fuair John amach roinnt daoine as Éirinn thall sa reilig ann an dtuigeann tú, ach ní fhaca siad na Powells. Is dóigh go raibh siad amach, níos faide amach.

ÁINE: Agus meas tú a’ bhfuair aon duine acub an-saibhir, nó ar chuala tú?

MARY: Ó muise níor chualas, níor chualas. Nuair a chuaigh siad sall, ins na caogaidí agus na seascaidí, daoine a chuaigh sall ansin, rinne siad go maith dhób féin. Fuair siad isteach i jabannaí móra san ola agus clann mo chuid uncaileachaí rinne siad go maith dhób féin mar bhí siad isteach le jabannaí móra. Bhí an oil company an t-am sin thar cionn a’ bhfuil ‘ fhios a’d.

ÁINE: Ó go maith.

MARY: Agus chuaigh dar sna gardaí cuid acub agus mar sin.

ÁINE: A’ bhfágfaidís slán ag chuile dhuine ar a’ mbaile?

MARY: Ó d’fhágadh, d’fhágadh. Shiúlfadh siad ó theach go teach agus, ní ar a’ mbaile ar chor ar bith ach cúpla baile, dó nó trí bailte, daoine muintireacha, is cuma cá mbídís ar an oileán, théidís go dtí iad.

ÁINE: Agus an mbíodh cineál party acub nó cóisir?

MARY: Bhuel bhíodh sóirt time mar a thugaidís air ag an am, sóirt spraoi acub ’s b’fhéidir go mbeadh bairille pórtair acub ’s b’fhéidir go mbeadh cúpla, rudaí mar sin, buidéil, ní raibh aon tinannaí ann ag an am.

ÁINE: Agus a’ mbíodh ceol acub, meas tú?

MARY: Bhíodh ceol acub mar bhí ceol ‘s chuile áit an t-am sin.

ÁINE: A’ raibh tú féin ar aon cheann go na parties seo?

MARY: Ní raibh, ní raibh.

ÁINE: Ní raibh, agus ní chuimhníonn tú cé a bhíodh a’ casadh ceol in Eoghanacht?

MARY: Em, níl ’fhios a’m faoi Eoghanacht ach bhíodh Paitín Jack [as Cill Rónáin] anoir le mo linn féin….

ÁINE: …. Hm ….

MARY: …. agus níl ’fhios a’m (--) Bhí Beachlín, Beachlín Mhaidhcil Bheachlín in ann ….

ÁINE: …. Yeah ….

MARY: .… accordion a chasadh freisin, bhí.

ÁINE: Agus Tom Jamsie nó Paitsín ….

MARY: …. Tom Jamsie agus Paitsín Jamsie ….

ÁINE: …. M hm ….

MARY: …. bhí siad sin in ann accordion a chasadh agus Maidhcilín.

ÁINE: Anois a’ mbíodh, meas tú a’ mbíodh deacrachtaí acub leis a’ Béarla, nuair nach mbíodh aon Bhéarla acub ag imeacht dóibh?

MARY Bhuel chaithfidh sé go mbeadh ach ní bhíodh siad i bhfad thall nuair a bhíodh siad a’ cuir litreachaí Béarla anall. Thiocfadh litir uathub is dóigh (--) bheadh súil ag chuile dhuine le litir uair sa mí go háirid.

ÁINE: Hm, agus a’ mbíodh na daoiní sa mbaile in ann an litir Béarla seo a léamh?

MARY: Bhuel bhíodh, mar inseoidh mé rud amháin ’uit, ní raibh na daoine in ann scríobh ná léamh Gaeilge a dhéanamh an t-am sin. Labhair siad Gaeilge ach ní raibh siad in ann í a scríobh ná í a léamh.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus mara léadh duine í, thabharfadh sí amach ag a comharsa í nó ag duine óg a bhí ag eirí suas

ÁINE: Sea.

MARY: agus léadh siad sin é. Sin é a chaití a dhéanamh, í a thabhairt thart ag teach duine eicínt eile b’fhéidir

ÁINE: M hm.

MARY: go léadh siad dób í.

ÁINE: Agus a’ gcuimhníonn tusa aon litreachaí mar seo a’ teacht abhaile agaibh?

MARY: Ní chuimhním ach ó, ó dreabhar m’fhear.

ÁINE: Sea.

MARY: Sin é an méid.

ÁINE: Á sea. Ar cuireadh aon label ar aon duine, nó ar chuala tú caint gur cuireadh label ar .…?

MARY: …. Níor chuala, níor chuala, níor chuala mé aon chaint faoi sin, níor chuala.

ÁINE: Agus meas tú ar chuala tú gur casadh ar ais cuid acub, mar gheall ar go raibh tinneas eicínt orthub?....

MARY: …. Ó casadh, ó casadh, casfar as Blá Cliath iad sin. Ní ligfear thar Bhlá Cliath iad sin. Chaithfidís a ghabháil Blá Cliath ag an Council, agus dá mbeadh tada ar a gcuid scamhóga a’ chor a’ bith ná tada mar sin, ní ligfí sall iad.

ÁINE: Hm, ar chuala tú caint sa mbaile air gur imigh clann ar fad, gur imigh dar leob go Meiriceá?

MARY: Ó chuala, chuala. Níl ’fhios a’m anois cé iad féin ach chuala mé (--) tá ’fhios a’m gur tharla sé, gur dúnadh suas tithe uilig, go ndeachaigh dar uilig amach.

ÁINE: Agus céard a tharla go na tithe sin ansin?

MARY: Is dóigh, iad titim is dóigh, nó iad a fhágáil ann.

ÁINE: Nó a’ ndíolfaidís an troscán agus rudaí?

MARY: Á muise níl ’fhios a’m, ní mórán troscán a bhíodh ann an t-am sin.

ÁINE: Anois daoiní abair do aois féin, eh chonaic tú cuid acub a’ gabháil go Meiriceá, an bhfaighidís éadach nua?

MARY: Ó gheobhadh, m’aois sa, mo chuid col ceathrachaí, chuaigh siad ann. Sin é.

ÁINE: Hm, ar chaith siad an sciorta agus an cloud ag imeacht dhób nó ar chaith siad an .…?

MARY: …. Ní cheapainn é anois, níl mé cinnte dhe ach ní cheapainn é anois gur, gur eh chuir siad an cloud, b’fhéidir go dtabharfadh siad orthub é a’ gabháil go dtí Gaillimh, ach as Gaillimh is mó a d’imeoidís an t-am sin so b’fhéidir go bhfaigheadh siad cóta i nGaillimh nó caipín nó rud eicínt mar sin.

ÁINE: Agus cén cineál obair a gheobhaidís i Meiriceá?

MARY: Obair go (--) cistineach ’s obair tithe, a’ tabhairt aire go ghasúir agus ag obair sa gcistineach agus rudaí mar sin, an rud is mó a gheobhaidís, agus b’fhéidir dá mbeadh beagán foghlaim acub, ghabhadh go leor acub ag, ag scoil oíche agus thógadh siad suas b’fhéidir le nursáil nó rudaí mar sin ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. a dhéanamh.

ÁINE: Agus dúirt tú go scríobhfaidís abhaile litreachaí Béarla, cuid acub.

MARY: Scríobhfadh, scríobhfadh agus tá ’fhios a’m, chuaigh col ceathrar amháin liom go Meiriceá agus níor chuala a muintir aon scéala uatha ariamh ó chuaigh sí go Meiriceá agus ná gur cailleadh iad, níor chuala, ná a cuid dreabharachaí aon scéala uatha. Níl ’fhios a’m cé mhéad bliain ó shin ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. ó d’inis Michael Mullen dom ….

ÁINE: ….Yeah….

MARY: .… go raibh sí sin beo i gCalifornia agus go raibh sí pósta ag feilméara, go raibh ranch mór millteach aici. Agus sin a tharla, ghabhadh siad amach ansin agus bhualadh siad suas le duine eicínt agus ghabhaidís amach ar na ranchannaí móra seo agus ní raibh scéala ná tada níos mó….

ÁINE: …. Ach nach gceapfá go gcoinneoidís (--) A’ bhfuil ’fhios a’d ….

MARY: …. Níor choinnigh ….

ÁINE: …. go gcuirfidís litir….

MARY: …. Níor choinnigh, níor choinnigh.

ÁINE: Nach bocht a’ rud é. Cuimhnigh air, ag imeacht mar sin….

MARY: …. Choinneoidh na huncaileachaí a phós, choinneodh siad sin, a ’ bhfuil ’fhios a’d linn. Phósadh siad féin (--) Uncail amháin liom, phós sé bean as a’ Sruthán agus uncail eile phós sé bean as Eoghanacht, as a áit féin.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus uncail eile phós sé bean as Baile na Creige [nó] Cill Éinne, Baibín William.

ÁINE: Sea.

MARY: As Cill Éinne is dóigh.

ÁINE: Ach ar tháinig na huncaileachaí seo ar ais ariamh?

MARY: Ní (--) bhuel le mo linn sa, ní fhaca mise iad.

ÁINE: No.

MARY: Tháinig a gclann ar ais ach ní fhaca mise iad.

ÁINE: Agus meas tú cén fáth nach dtiocfaidís ar ais?

MARY: Níl ’fhios a’m, ní raibh sé sa saol an t-am sin.

ÁINE: Hm.

MARY: Ní raibh siad a’ teacht anall. Bhuel bhíodh an oiread gráin (--) tá mé a’ ceapadh go leor go na sean daoine a chuaigh sall ag an am sin go raibh siad chomh tinn tuirseach gon áit anseo ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. na’ raibh tada ann, agus nach raibh siad ag iarraidh a theacht ar ais ann. Agus arnú cé a tháinig ar ais mórán go dtí le b’fhéidir le tríocha bliain ….

ÁINE: …. anuas ….

MARY: …. gur tháinig siad ar ais.

ÁINE: Agus ar chuir siad airgead abhaile, meas tú?....

MARY: …. Ó chuireadh siad cúpla punt faoi Nollaig i gcónaí.

ÁINE: Yeah.

MARY: Agus chuireadh siad (--) daoine, bhuel níl ’fhios a’m faoi mo muintir féin anois, bhí mé ró óg ….

ÁINE: …. Sea.

MARY: Ach tá ’fhios a’m daoine a chuaigh sall sna caogaidí agus na seascaidí, chuirfidís anall píosaí móra éadach, píosaí cadás.

ÁINE: Sea.

MARY: Éadach, agus ansin sa mbaile ghearrfaí amach é sin ina cúpla slat, dhá slat ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. nó rud eicínt mar sin agus níl ’fhios cé fuair, cé a gheobhadh píosa dhe sin.

ÁINE: Á.

MARY: Dá mbeadh (--) dá gcuirfí anall ag teach é nach mbeadh aon ghasúir ann. Fuair mé féin as a’ teach a bhfuil mé anois ann.

ÁINE: Sea.

MARY: Tháinig mé anoir in éineacht le mo Mhamó ar cuairt ann agus thug an bhean a bhí sa teach, thug sí ábhar dress deas dom, plaid.

ÁINE: Ó so sin é an chaoi a bhfaighidís éadach le na gúnaí deasa a dhéanamh….

MARY: …. Sé, sé cheapainn go mbíodh go leor de a’ tíocht go Inis Meáin mar bhíodh gúnaí álainn orthub sin.

ÁINE: Sea.

MARY: Le feiceáil agus cheapadh, chomh fada le mo bharúil gur as a gheobhaidís iad.

ÁINE: An, an t-éadach, sea.

MARY: An t-éadach.

ÁINE: Agus a’ gcuirfidís tada eile ansin ins na parcels?

MARY: Ó chuireadh, bhíodh siad (--) an taobh eile gon doras a’msa, Neainín, agus bhíodh siad a’ cur anall rudaí deas, a’ dtuigeann tú jelly agus currants agus rudaí mar sin, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

MARY: Tae agus rudaí, aimsir an chogadh nuair nach raibh aon tae le fáil ná tada mar sin.

ÁINE: Sea.

MARY: Bheadh rudaí mar sin ann, teabags agus rudaí.

ÁINE: Agus is dóigh go gcuirfidís aníos (--) go gcuirfidís airgead b’fhéidir le na rates a íoc agus rudaí, a’ gcuirfeadh?

MARY: Ó chuirfeadh, chuirfeadh, tá mé cinnte go gcuirfeadh má, má theastaigh sé sa mbaile, a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Agus chuirfidís éadach anall freisin is dóigh, dressanaí agus treabhsair agus rudaí.

MARY: Ó chuirfeadh, chuirfeadh.

ÁINE: Yeah.

MARY: Agus chuaigh aint liom sall ann agus níor bhain (--) ní raibh sí thall ach trí mhí ann - mharaigh carr í.

ÁINE: Á.

MARY: Agus is géar, géar deacrach a bhí an cúpla punt a chuirfeadh sí sin anall ….

ÁINE: …. Sea….

MARY: … a’ teastáil uaidh na máthair….

ÁINE: ….Yeah….

MARY: …. sa mbaile, agus mo mháthair sa agus a cuid dreabharachaí.

ÁINE: Nach ea.

MARY: Agus tá ’fhios a’m beirt gon bhaile seo a chuala mé caint orthub a chuaigh sall agus ní raibh dar i bhfad a’ chor ar bith ann, fuair siad bás thall le TB.

ÁINE: Yeah. Nach (--) Is iontach go ndeachaigh dar tríd na teisteannaí….

MARY: ….Tháinig sí anall, duine acub anall agus cailleadh í féin agus cailleadh a máthair leis a’ TB. Agus an bhean eile, níor cailleadh an mháthair eile ach fuair sí crith agus níor imigh sé riamh di nó go ndeachaigh sí, gur cailleadh í.

ÁINE: Hm.

MARY: Bhí an saol go dona. Théadh go leor daoine freisin, na fir, go Canada.

ÁINE: Ó a’ dtéadh.

MARY: As an mbaile seo. Théidís go Scotland ar dtús.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus ansin go Canada. Is ann a bhí cúpla fear as an mbaile seo anois. Bhíodar i Canada agus bhí uncail le, le Dada .…

ÁINE: ….Yeah….

MARY: …. is i gCanada a cailleadh é, Quebec i gCanada.

ÁINE: Agus cén fáth é sin?

MARY: Bhí sé níos éasca is dóigh a ghabháil ann.

ÁINE: Ó yeah. Ar aire tú gur cumadh aon amhrán faoin imirce?

MARY: Muise arnú is dóigh gur aire ach sé an chaoi a bhfuil sé, a raibh sé a’msa, bhí mé chomh luath imithe as a’ teach agus nach raibh mé (--) níor aire mé go dtí sin é agus .…

ÁINE: …. Yeah, agus a’ gceapann tú gur, go mb’fhéidir gur rug an t-ól mar sin ar chuid gon imirce a d’imigh?....

MARY: …. Ó rug, definitely rug a’ t-ól orthub. Rug a’ t-ól ar chuid acub.

ÁINE: Ag an am dúirt tú nár tháinig mórán acub ar ais abhaile.

MARY: Ní an oiread sin acub a thagadh ar ais le cuairt féin ná rud mar sin. Thagadh corr bhean ansin anall agus of course dá mbeadh fear ar bith san oileán a dteastódh bean uaidh ansin ….

ÁINE: …. Sea (gáire)….

MARY: .… bheadh siad a’ ritheadh ina diaidh sin agus b’fhéidir nach mbeadh mórán airgead ag a’ mbean sin an créatúr ar chor ar bith ach at least ba (--) duine a’ bith a gheobhadh yank bhí sé go maith as.

ÁINE: Agus a’ mbíodh sórt gaisce acub sin an t-am sin nuair a thagaidís ar ais.

MARY: Cuid acub bhíodh style áirid acub má b’fhíor dhób féin a’ dtuigeann tú. Is gearr a mhaireadh sé, tá mé a’ rá leat.

ÁINE: Agus a’ mbíodh an, an Ghaeilge caillte ag cuid acub?

MARY: Bhíodh, bhíodh, caillte ag cuid acub, b’fhéidir nach mbeadh thall ach trí bliana ….

ÁINE: (Gáire)

MARY: .… go mbeadh sí caillte ag cuid acub agus m’aintín go ndéana Dia grásta uirthi, bhí sí dhá scór blianta thall gan a theacht anall ar chor ar bith agus níor chaill sí riamh í.

ÁINE: Agus ar fhan cuid acub sa mbaile nuair a tháinig dar?

MARY: Ó d’fhán, d’fhán cuid acub ….

ÁINE: Mar a deir tú ….

MARY: …. agus chuaigh cuid acub ar ais sall aríst agus phós cuid acub ….

ÁINE: ….Yeah ….

MARY: …. go leor acub, tríd an oileán tá go leor mná pósta tríd an oileán a bhí i Meiriceá.

ÁINE: Agus ar thug siad mórán ideas nua as Meiriceá leob?

MARY: Bhuel bheadh siad a’ ligeann orthub féin is dóigh go mbeadh siad in ann cookáil b’fhéidir níos fearr ná (--) Dá mbeadh an sagart - faoistin ann ná tada mar sin a’ bhfuil ’fhios a’d, b’fhéidir go nglaofá ar dhuine acub níos túisce ná ghlaofá ormsa nó mar sin le ghabháil a’ freastal ar a’ sagart.

ÁINE: Yeah.

MARY: Bhíodh naprúin dheasa acub.

ÁINE: Bhídís níos dainty, cheap siad.

MARY: Sin é, style.

ÁINE: Agus a’ mbíodh fuss mór déanta fúb ansin like, a’ mbíodh party ann ná tada nuair a thagaidís abhaile?

MARY: Bhuel bhíodh ‘s dóigh go minic, bhíodh. Damhnsa sa teach mar a déarfá. Níl mé a’ caint ar party anois mar ní raibh mórán airgead a bhí ann le parties ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… ach ní raibh siad a’ iarraidh an t-am sin ach an ceol agus a’ t-urlár.

ÁINE: Sea.

MARY: Sin é an méid.

ÁINE: Agus bhíodh glanadh mór déanta, a’ mbíodh….

MARY: …. Ó bhíodh is dóigh….

ÁINE: .… nuair a bhíodh na yanks a’ teacht?....

MARY: .… nuair a bheidís a’ teacht, bheifí ag iarraidh a bheith a’ glanadh. Ní raibh sé éasca mar ní raibh mórán áit sna tithe ann.

ÁINE: Ní raibh. An mbeadh tada eile anois a bheadh tú in ann a inseacht dom faoi imirce?

MARY: Muise is dóigh nach bhfuil ceart go leor, sin é an méid atá ’fhios a’m ach go gcuimhním rud amháin, go gcuimhním nuair a bhí mé trí bliana go ndeachaigh fear an taobh eile gon doras a’m, go Meiriceá.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus go raibh Neainín a’ caoineadh - a mháthair - agus mo mháthair a’ caoineadh agus cuimhním a ghabháil isteach thar a’ gclaí ann agus mé a’ caoineadh agus mé a’ rá go raibh pian i mo bholg.

ÁINE: Sea, yeah.

MARY: Mar níor lig an náire ‘om a bheith a’ caoineadh mar gheall orthubsan….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .…a’ dtuigeann tú.(gáire)

ÁINE: Sea, sea. (gáire)

MARY: Nuair a chonaic mé a’ caoineadh iad bhí mé a’ rá go raibh pian i mo bholg.

ÁINE: Sea, sea.

MARY: Cuimhním ar sin, ach ní chuimhneoinn ar a’ rud a bhí inné ann.

ÁINE: Ach mar gheall is dóigh, mar ní thiocfadh go leor acub sin abhaile aríst agus ní fheicfidís go brách iad.

MARY: Ní fheicfeadh, ó ní fheicfeadh, ní fheicfeadh….

ÁINE: …. Bhí sé an-chrua….

MARY: …. Ní cheapainn gur tháinig sé siúd ar ais, ná a dhearthár ….

ÁINE: …. Hm….

MARY: …. riamh. Tháinig na cailíní, ní thiocfadh mórán go na fir.

ÁINE: Is aisteach é sin.

MARY: Is aisteach, is aisteach.

ÁINE: Ach ag an am céanna phós siad daoiní as an oileán, thall.

MARY: Bhuel phós siad, go leor acub, daoine as an oileán, thall.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus le muintir Chonamara agus muintir na hoileáin, Inis Meáin agus Inis Oírr. Inis Meáin go mór mhór, b’fhéidir.

ÁINE: Sea.

MARY: Phósaidís féin a chéile.

ÁINE: Meas tú a’ labhróidís Gaeilge eatarthub féin thall ansin?

MARY: Ó tá mé cinnte go labhraíodh, neart Gaeilge.

ÁINE: Agus ar chuala tú caint ariamh faoi Gleann na nDeoir, thoir in Iaráirne?

MARY: Níor chuala, níor chuala.

ÁINE: Bhíodh daoine a gabháil amach uirthi nuair a bhíodh na báid a gabháil trasna thar an oileán.

MARY: An t-aon rud a chuimhním air, air anois, Máire Chite go ndéana Dia grásta uirthi, a dhá huillinn leagthaí ar a’ gclaí mar seo ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. aici, agus í a’ breathnú soir a’ faire ar fhear an phosta agus bhí an bhean eile taobh thíos, Neainín ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: … agus í féin a’ breathnú agus bhí níos mó foighde ag, ag Máire Chite agus déarfadh sí “á muise arnú más maith é beidh sé sách luath a’inn agus más dona é, ró luath a bhéas sé a’inn”….

ÁINE: …. Ach arnú sin é….

MARY: …. Déarfadh siad a’ dtuigeann tú, sea. An scéala a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea. As Meiriceá.

MARY: Sea, scéala as Meiriceá. Mar á ngabhadh sé i bhfad gan aon scéala a theacht ansin a’ dtuigeann tú, bhuel cheapfá go mbeadh rud eicínt, rud eicínt mí cheart.

ÁINE: Ach is dóigh go ndeachaigh cuid daoiní amú freisin a’ bhfuil ’fhios a’d agus na’ raibh in ann b’fhéidir scríobh agus ….

MARY: …. Bhuel is dóigh go ndeachaigh, gur imigh siad i ndiaidh a gcinn rompub a’ dtuigeann tú, is dóigh go ndeachaigh. Níor tháinig anois, just Cóilín a’ Bheagach mar a déarfas mé anois ná Cóilín Dainín as an mbaile seo, níor tháinig dar sin ar ais ariamh as Canada.

ÁINE: Agus (--) Ach fuair dar litreachaí uathub?

MARY: Fuair dar litreachaí uathub, muise ní mórán litreachaí déarfainn a bhíodh a’ tíocht an t-am sin ach b’fhéidir go gcuirfeadh duine amháin litir, go mbeadh ar nós chuile áit eile, go raibh duine ann a raibh roinnt foghlaim air a’ bhfuil ’fhios a’d .…

ÁINE: ….Sea….

MARY: …. agus go gcuirfeadh sé litir agus go n-inseodh sé faoi chuile dhuine eile.

ÁINE: Yeah.

MARY: Mar deir a’ fear fadó san seanfhocal “cén chaoi, cén chaoi a bhfuil sé ” (--) an fear seo a tháinig as Meiriceá agus….

ÁINE: …. Sea….

MARY: …. d’fhiafraigh duine eicínt de cén chaoi a bhfuil sé seo “á tá sé alright ins an ospical” a deir sé, agus d’fhiafraigh duine eicínt eile arís de, duine eicínt eile “tá sé i mBéal Átha na Slua, Mheiriceá”. [Tá ospidéal go dhaoine le galar intinne i mBéal Átha na Slua, Co. na Gaillimhe agus is in ospidéal den tsóirt seo a bhí cara an fhir a bhfuil Mary ag tagairt dó]

ÁINE: Yeah. Ach is dóigh go raibh uaigneas orthub freisin, a’ bhfuil ‘ fhios a’d.

MARY: Á bhí, bhí cheapainn gurb é an uaigneas a mharaigh go leor, a’ bhfuil ’fhios a’d gurb é an uaigneas an rud is mó uilig a bhí orthub.

ÁINE: Sea.

MARY: Mar ag an am sin, chloisfeá dá ngabhadh duine eicínt sall a’ bhfuil ’fhios a’d go mbeadh an-uaigneas orthub thall roimhe. Choinnigh dar an Gaeilge mar m’uncail sa, an uncail is (--) Andy, bhí Maggie, bean Vailín a’ rá, Maggie Johnny a’ rá liom nuair a chuaigh sí féin go Meiriceá, bhí sí a’ gabháil síos a’ bóthar ag an Aifreann agus bhí an fear seo taobh amuigh “A” a deir sé “a’ b’é an t-asal a bhí aniar a’d”.

ÁINE: Sea, sea.

MARY: Choinnigh dar an spraoi agus an rud.

ÁINE: Bhí an uaigneas orthub. So is breá an píosa é sin anois agus gabh muid ar aghaidh. Em, anois a mhama, a’ gcuimhníonn tusa ar aon turas go Gaillimh a bhí a’d ar cheann go na báid?

MARY: Cuimhním an chéad uair ariamh a chuaigh mé Gaillimh ar an Dún Aonghus, mé féin agus m’athair. Chuaigh muid go Baile Uí Bheacháin.

ÁINE: Ó.

MARY: Baile Uí Bheacháin. Bhíodh a’ bád a’ gabháil uair sa mí ann.

ÁINE: Cén fáth é sin?

MARY: Níl ’fhios a’m. Théadh sí ann uair sa mí. Bhí mé ró-óg anois le fios a bheith a’m cé l’ aghaidh….

ÁINE: …. Sea.

MARY: .…ach chonaic mé an chéibh, chuaigh mé amach ar an gcéibh ann..

ÁINE: Sea

MARY: Agus tháinig muid isteach aríst. Chomh fada le mo bharúil tá sé an taobh thoir gon ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… tá sé an taobh thoir go Ghaillimh agus chaithfidh muid a ghabháil soir thar ceann uilig, timpeall, bhí, bhí timpeall mór le déanamh ann. Ach théadh sí ann uair sa mí.

ÁINE: Agus céard a rinne sibh ansin, ar tháinig sibh ar bus go Gaillimh?

MARY: Agus chuaigh muid Gaillimh, chuaigh muid (--) Tháinig muid ar ais aríst.

ÁINE: Go Gaillimh?

MARY: Go Gaillimh, sa mbád i gcónaí a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Bhí an [turas] ….

MARY: …. Bhí an turas an-fhada….

ÁINE: …. (Gáire) ….

MARY: …. Agus séard a chuimhním air, bhuel níl ’fhios a’m, fear eicínt a bhí in éineacht linn a raibh bhástcóta bán air, Caidhin eicínt a bhí air go háirid.

ÁINE: As Inis Meáin….

MARY: …. As Inis Meáin, agus é sin a bheith ina shuí síos ar a thóin ar a’, ar a’ deck a’ dtuigeann tú agus mé féin a’ spochadh as mar ní raibh mé ach hocht mbliana.

ÁINE: Sea.

MARY: É a’ baint chainte asam, cuimhním ar sin. Cuimhním ar an Naomh Éanna, tháinig mé lá nuair a rugadh duine go na gasúir agus chuaigh mé síos ag a’ duga ar maidin ag an (sos) seacht a chlog ar maidin agus níor imigh an bád. Dúirt mé leis an fear an Ambulance, mé a thabhairt suas aríst go dtí (--) chuaigh mé isteach tí Cholemans. [Teach lóistín ina mbíodh go leor daoine as Árainn ag fanacht nuair a bhídís i nGaillimh]

ÁINE: Sea.

MARY: Mar bhí a’ ghráin a’m a ghabháil ar ais aríst ag an ospidéal agus chuir sí sin a chodladh muid agus bhí tine bhreá thíos ann ag a seacht a chlog ar maidin agus d’fhan mé an oíche sin ann, agus tháinig muid aníos ansin agus bhí muinn naoi n-uaire ar a’ bhfarraige. Bhí trí bhuidéal [don pháiste] téite ag Beachla Beatty dúinn sula bhí muid sroichte i gCill Rónáin, soir agus anoir ag a’ dá oileán eile. [Inis Oírr agus Inis Meáin]

ÁINE: Agus a’ mbíodh sibh tinn?

MARY: Ní raibh, ní raibh mé tinn ariamh. Agus lá eile ar an Naomh Éanna a chuimhneos mé go deo air, bhí mé féin agus Máirtín [a mac], chaithfeadh mé a ghabháil síos chuile mhí leis, mar gheall ar fiacla, agus ar maidin Dé Satharn, tháinig muid aníos (--) Chuaigh muid ar a’ mbád ag leath uair tar éis a sé ar maidin i nGaillimh, agus chuaigh muid a chodladh, luí muid siar agus ní raibh deoraí ar a’ mbád ach an bheirt a’inn agus luí muid siar agus dhúisigh mise tuairim is a dó dhéag, chodail muid suas go dtí sin.

ÁINE: Sea.

MARY: Dhúisigh mise agus bhreathnaigh mé amach agus bhí ’fhios a’m go raibh sí le ghabháil go dtí an dá oileán ach ní raibh tada le feiceáil a’m ach farraige agus dúirt mé le Máirtín “cá ’uil muid?” a deir mise, dhúisigh mé Máirtín, “cá ’uil muid” a deir mé féin. Chuaigh muinn a’ breathnú amach thríd a’ bhfuinneog agus dúirt an captaen, tháinig sé, go raibh siad suas go dtí an Ceann [Black Head] agus gur chas siad anuas aríst agus go gcaithfeadh muid a ghabháil Gaillimh aríst ach chaithfeadh muinn fanacht le taoile agus chuaigh muid uirthi aríst lá arna mháireach agus nuair a bhí muid a’ gabháil aníos ag Inis Oírr, stop sí, a’ gabháil a’ tabhairt amach (--) agus ní raibh aon ‘uine uirthi ach mé féin agus Máirtín.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus dúirt mise le Máirtín “dá mbeadh bratach a’msa” a dúirt mise “déarfainn leob sin a ghabháil abhaile” agus d’fhan muid ansin agus ní dheachaigh sí isteach ann ina dhiaidh sin, ní raibh sí in ann. Anoir an Sunda cheap muid go slogfaí muid agus in Inis Meáin an chaoi chéanna, ní dheachaigh sí isteach ann agus nuair a tháinig muinn Cill Rónáin, bhí Maggie ar a’ gcéibh agus dúirt sí b’fhéidir nach bhféadfadh sibh a ghabháil amach [as an mbád] ar chor ar bith agus dúirt mise “bhuel má chaitheann siad rópa a’msa gabh mé amach go háirid” (gáire) a deirimse, níos túisce ná a ghabhainn Gaillimh aríst.

ÁINE: Gaillimh aríst, yeah. Mar ní thiocfadh an bád ach dhá uair sa tseachtain, nach ea.

MARY: Ní thiocfadh sí ach uair amháin tamall, Dé Céadaoin agus ansin dá ngabhfá síos Dé Céadaoin, thiocfadh tú aníos i mbád iascach.

ÁINE: Á ab shin é.

MARY: Dé Satharn, ar feadh tamall.

ÁINE: Cén t-am, thart ar é?

MARY: Is dóigh (--) bhí sé a’ tarlú i 1949.

ÁINE: Uair amháin sa tseachtain.

MARY: Sea.

MARY: Bhí, bhí sé a’ tarlú i 1949 mar chuaigh mise síos a’ gabháil a’ tarraingt fiacla

ÁINE: Sea.

MARY: i 1949, nuair a rugadh Máire, agus sa ngeimhridh a bhí ann agus tháinig mé aníos i mbád Dé Satharn

ÁINE: M hm.

MARY: bád iascach, Dé Satharn. Agus chuaigh muid go na hoileáin síos.

ÁINE: Agus a’ gcuimhníonn tú cé na hainmneacha a bhí ar na báid a bhíodh a’ seoladh?

MARY: Bhí an Dúras ann.

ÁINE: M hm.

MARY: Agus an Dún Aengus agus an Naomh Éanna agus sin é an méid ainmneachaí a chuimhníonns mise orthub.

ÁINE: Sea.

MARY: A’ dtuigeann tú.

ÁINE: Ach cén chéad cheann a chuaigh tú féin uirthi nó a’ gcuimhníonn tú?

MARY: Ar a’ Dún Aengus.

ÁINE: Ar an Dún Aengus….

MARY: …. Ar an Dún Aengus, sea.

ÁINE: Agus a’ mbíodh tae le fáil anois ar a’ mbád ?

MARY: Bhíodh, bhíodh, bhíodh fear ann a bhíodh (--) Danny a thugaidís air.

ÁINE: Sea.

MARY: Go ndéana Dia grásta air. Bhíodh sé i gcónaí ar a’ mbád. Cuimhním (--) Bhí mé ar a’ Naomh Éanna freisin ar stretcher.

ÁINE: A’ raibh?

MARY: Caitheadh isteach ann mé ar stretcher….

ÁINE: …. Sea.

MARY: Ní ar a’ Naomh Éanna ach ar an Dún Aengus, mar bhí, bhí sick bay sa Naomh Éanna. Caitheadh isteach ann mé agus fágadh ansin mé, i mo luí ar stretcher agus tá ’fhios a’m gur thug Danny seo tae dhom. Ní dheachaigh duine ….

ÁINE: …. Yeah ….

MARY: …. síos liom ná duine aníos liom….

ÁINE: …. Aníos leat.

MARY: Ná tada.

ÁINE: Agus céard a bhí ort ag an am?

MARY: Bhí mé le páiste, a’ súil le páiste….

ÁINE: …. Le páiste, á….

MARY: …. agus bhí (--) Ní raibh mé ach seacht mí agus bhí mé a’ súil le páiste agus cuireadh síos ar stretcher mé.

ÁINE: Agus a’ ndeachaigh sí síos díreach, an bád, nó a’ ndeachaigh sí go na hoileáin?

MARY: Chuaigh sí síos díreach is dóigh, níl ’fhios a’m cá ndeachaigh sí leath na haimsire (gáire) Agus bhí mé lá eile sa sick bay ar an Naomh Éanna, cuireadh (--) dúnadh an doras sa sick bay, sean dochtúir eicínt - bhí sé féin a’ gabháil síos….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… bhí mé ar stretcher freisin ….

ÁINE: …. M hm ….

MARY: …. bhí miscarriage a’m agus, agus bhí mé istigh ansin gan fuinneog, gan tada agus bhí sé plúchtaí agus ní raibh tada le déanamh a’m, ní raibh aon ‘uine a’ tíocht go dtí mé ach bhain mé dhíom mó bhróg ar deire agus chaith mé mo bhróg leis a’ doras agus sin é an t-am a bhí an réabadh taobh amuigh ag dhá bhean, cúpla bean a bhí taobh amuigh a’ tógáil na málaí ón doras agus dúirt mé “fágaigí osclaí an doras, cá bhfuil an dochtúir” a dúirt mise. “Tá sé thíos sa gcábán ag ól”.

ÁINE: Sea, agus cé iad na tithe anois a d’fhanadh sibh ann nuair a théadh sibh Gaillimh?

MARY: Eh, bhíodh muid a’ fanacht ….

ÁINE: ….Tí Florrie.

MARY: Tí Florrie sea agus ….

ÁINE: ….Tí Tierney.

MARY: Agus tí Tierney, Mrs Colemans agus Currans.

ÁINE: Agus an Aisling.

MARY: Agus Kelly, Mrs Kelly, bhí sí freisin ann.

ÁINE: Yeah.

MARY: Agus bhí bean eile thíos ann, Manie Mháirtín Chounta. Nuair a bhí mise an-óg, bhí sí thíos i Quay street agus bhí gaol aici le duine eicínt (--) le muintir Chill Éinne.

ÁINE: Á sea….

MARY: …. Bhí gaolta aici as Cill Éinne agus d’fhanadh go leor go mhuintir Árainn ansin….

ÁINE: …. Agus a’ raibh Bed and Breakfast aici nó …?

MARY: Bhí, bhuel pé bí céard a bhí ann ag an am….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. Ní three star a bhí ann ná ….

ÁINE: …. No but chaithfí íoc as.

MARY: Ó chaitheadh tú íoc as.

ÁINE: Yeah.

MARY: Agus bhí teach eile, Flaherty, a raibh bean as Inis Oírr ann, bean as Inis Oírr, thíos ag an áit (--) trasna uaidh Jurys.

ÁINE: Sea.

MARY: An t-am sin ach (--) bhíodh ’fhios ag Dada go leor, bhíodh sé ag comhaireamh trí theach déag ach

ÁINE: Sea, nach shin é. Agus a’ mbíodh sibh a’ fáil go leor stuif aníos ar an mbád lasta?

MARY: Bhuel arnú ní mórán stuif a bhí ann an t-am sin ach nuair a bheifí a’ déanamh teach ná tada mar sin. Thiocfadh stuif as tí MhcDonagh agus bhí siopa eile ann a dtugaidís Kane air mar bhíodh fear a’ teacht aníos uair sa mí, buachaill Khane….

ÁINE: …. Sea….

MARY: .… a thugaidís air.

ÁINE: A’ bailiú airgead ab ea?....

MARY: …. Bhí sé a’ fanacht in Eoghanacht, bhuel a’ bailiú airgid agus ag iarraidh a bheith a’ díol rudaí le daoine a bheadh ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. a’ tógáil teach.

ÁINE: Agus em go minic nuair a bhíodh an aimsir go dona a’ bhfuil ’fhios a’d agus nuair a chasfadh an bád, an dtiocfadh sí arís an lá ina dhiaidh á mbeadh an aimsir feiliúnach?

MARY: Ó thiocfadh, thiocfadh.

ÁINE: Agus bhíodh daoine a’ fáil boscaí beaga feola ar an mbád, nach mbíodh?

MARY: Bhuel bhíodh, ar deiridh é sin.

ÁINE: Sea.

MARY: Feoil ó Cholleran, [búistéara as Gaillimh] mar ní bhíodh aon fheoil ann, [aon] fheoil ag mórán aon duine an t-am sin.

ÁINE: Sea.

MARY: Even nuair a phós mise féin ní an oiread sin feoil a bhíodh ag aon ‘uine .…

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… ach thosaigh Colleran ag cur aníos píosaí feoil, bhuel ní bhreathnófá (--) chuirfeá do shrón, corr i do shrón anois dhá gcuirfí na píosaí sin anois a’d. Bhíodh go leor daoine a gabháil síos ag a’ steamer agus boiscíní bróga ag chuile dhuine agus ainm chuile ainm orthub, dhá dtabhairt leob.

ÁINE: Yeah, agus sin iad a bhíodh agaibh Dé Domhnaigh.

MARY: Sé, Dé Domhnaigh.

ÁINE: Ní chuimhníonn tú cé, cé hiad na captaeiní a bhí ar a’ mbád, a’ gcuimhníonn?

MARY: Cuimhním ar Miscall.

ÁINE: Sea.

MARY: Cuimhním (--) ní chuimhním anois air ach chuala mé caint ar sin agus Maher, Heinaghan nó Henaghan, Goggin agus McLaughlin.

ÁINE: By Dad.

MARY: Agus níl ’fhios a’m ab é (--) cé acub an ceann deirneach nó an ceann tosaigh.

ÁINE: Sea.

MARY: Ach gur, gur eh, go gcuimhním orthub.

ÁINE: Agus céard faoi na daoiní a bhíodh ag obair ar an gcéibh anseo?

MARY: Bhuel sur thosaigh Peter McDonagh bhíodh Peaitsín a’ Cheannaigh ann. Peaitsín a’ Cheannaigh a thugadh múine air, é féin agus a dhreabhar Della.

ÁINE: Cérbh as iad sin?

MARY: As Cill Rónáin iad.

ÁINE: Á sea….

MARY: …. A’ bhfuil ’fhios a’d an teach a bhfuil Pádraig Mhicilín anois ann.

ÁINE: Ó sea, tí Della.

MARY Sea.

ÁINE: Sea.

MARY: Tí Della agus á muise ba circus iad. Bhíodh an bheirt a’ troid go minic faoi na boscaí, iad féin agus céard a (--) bhídís a’ fógairt amach an t-am sin, a’ dtuigeann tú, mura rinne siad amhrán faoi sin Joe Dirrane a bag of flour, Miss Maguire a parcel.

ÁINE: Sea.

MARY: Bhídís á fhógairt amach, na hainmneachaí.

ÁINE: Á, a bhíodh ar na rudaí?

MARY: Ar na rudaí a’ dtuigeann tú. Tá ’fhios a’m uair amháin bhí mé ann agus bhí fear eicínt ann agus tá ’fhios a’d go minic minic nuair a thiocfas an bád beidh duine eicínt nach bhfaighidh rud agus beidh row ann.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus bhí sé seo agus iad féin, bhí sé féin agus Della i ngreim ina chéile ar a’ gcéibh agus bhí circus a’inn a’ gáirí.

ÁINE: By Dad….

MARY: …. Ach níl ’fhios a’m cé l’aghaidh a bhíodh a’msa ar a’ gcéibh ach bhíodh mé ar a’ gcéibh chuile, chuile lá a bhíodh an bád ann nuair a bhí mé is dóigh ceathair déag, cúig déag. Rud a’ bith a theastódh chuirfí soir mise á iarraidh.

ÁINE: Ach is dóigh gurb shin é, go dtéadh chuile dhuine síos ar a’ gcéibh.

MARY: Bhuel is dóigh go dtéadh, a’ dtuigeann tú, is dóigh go dtéadh..

ÁINE: Social event a bhí ann ….

MARY: …. Aimsir (--) Sea agus aimsir an, an eh (--) Nuair a bhí rudaí gann, aimsir a’ chogadh a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus chaithfeadh tú fanacht agus bheadh sé ina oíche nuair a thiocfadh sí isteach amanntaí. Chaithfeadh muid theacht anoir, b’fhéidir go dtabharfadh mac Bhille, go ndéana Dia grásta air, lift sa gcarr ’uinn dhá mbeadh aon áit aige ann in éineacht le cargo.

ÁINE: Seod le carr capaill?

MARY: Carr Bhille, sea, carr Bhille ach maingín a’ bith a bheadh a’d mar a déarfaidís “caith tú síos é”. Uair amháin, chuaigh m’athair soir oíche amháin agus ní raibh tada a’ tíocht aige.

ÁINE: Sea.

MARY: Ach dúirt sé gur gheall Pete Gill dhá chloch plúr dhó agus chuir sé soir mise lá arna mhaireadh agus thug mé anoir ar mo dhroim an dá chloch plúir.

ÁINE: Agus a’ dtéadh rudaí amú ar an mbád, a’ bhfuil ‘’fhios a’d?....

MARY: …. Bhuel nuair a chuaigh an Naomh Éanna ar an gcarraig ….

ÁINE: …. Ar an gcarraig, sea.

MARY: …. in Inis Meáin, bhí taepot agus cloch síol féir a’ teacht as Gaillimh a’inne (gáire) agus chuaigh dar amú.

ÁINE: (Gáire)

MARY: Chuaigh taepot (gáire) agus cloch síol féir amú orainn. Bhí sé chomh, chomh, chomh funny a’ bhfuil ’fhios a’d gurb shin iad an dá rud a (--) Níl ’fhios a’m céard a chaill chuile dhuine eile ….

ÁINE: …. (Gáire)….

MARY: …. ach tá ’fhios a’m gur chaill muide é seo go háirid. Níl ’fhios a’m céard a fuair muid ar deire, a’ bhfuair muid a luach aníos as tí MhcDonagh aríst. Bhí mé a’ scríobh mar gheall air go háirid.

ÁINE: Agus arnú (--) Is dóigh gur tógadh in Inis Meáin iad (gáire)

MARY: Á muise níl ’fhios a’m a’ raibh mórán le fáil inti. Bhuel d’fhán sí féin ann, shnámh sí as aríst so is dóigh leis sin nár (--) … nach raibh am acub ach chuadar … is dóigh gur imigh dar, an stuif di ’s...

ÁINE: Agus cén t-am é sin, nó cén bhliain é sin thart ar, a’ bhfuil ’fhios a’d?

MARY: Is dóigh go mbeadh sé ins na seachtóchaí an t-am sin.

ÁINE: Sea.

MARY: Ó níl sé chomh (--) ní raibh sé chomh fada sin, é sin. Nach raibh an Naomh Éanna a’inn go dtí ….

ÁINE: …. Yeah, bhí ….

MARY: .… achar gairid.

ÁINE: Agus rinneadh amhrán faoi sin, nár rinneadh?

MARY: Á rinneadh, is dóigh, rinneadh.

ÁINE: In Inis Meáin is dóigh.

MARY: Bhí an Galway Bay freisin a’inn a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

MARY: Ina dhiaidh sin, i ndiaidh an Naomh Éanna a bhí sí sin.

ÁINE: M hm. Agus a’ mbíodh sé deacair na beithígh a chuir ar a’ mbád?

MARY: Bhíodh,[bhídís] a’ cur sling orthub. Sé ’n chaoi a mbíodh na beithígh uilig thíos ar a’ gcéibh agus chuile dhuine ag snamáil orthub, maidí ag chuile dhuine ’s chuile dhuine (--) agus ansin a’ breith orthub. Bhíodh fir mhaith ann a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí fir mhaith le bheith a’ breith ar na beithígh a’ dtuigeann tú, a bhí in ann ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… breith ar shrón orthub mar a déarfá.

ÁINE: So bhí sé an-chrua an t-am sin ná’ raibh, i dtaobh taisteal….

MARY: …. Bhí sé crua, agus bhí sé an-chrua uilig ar na hoileáin thoir ansin.

ÁINE: Bhí.

MARY: Mar chaithfidís iad a tharraingt amach sa bhfarraige.

ÁINE: Sea. So sin é anois é faoi sin. Anois cén t-am den bhliain a bhíodh na faoistiní ann?

MARY: Bhíodh sé ann sa bhFómhar agus san Earrach. Bhíodh sé ann dhá uair sa mbliain.

ÁINE: Agus a’ raibh am áirid sa lá a bhíodh na faoistiní ann?....

MARY: …. Ó ar maidin, ar maidin.

ÁINE: Agus cén chaoi a raibh sé socraithe acub cén teach a bhíodh na faoistiní a gabháil a bheith ann?

MARY: Bhuel bhíodh na daoine iad féin a’ cuimhneamh ó dhuine go duine. Ní raibh siad i ndiaidh a chéile an t-am sin. Fr. Moran a rinne é sin ….

ÁINE: …. Á ….

MARY: …. a chur i ndiaidh a chéile na tithe, sea agus is minic a bhíodh argóint ann cé, cé (--) ar a’msa nó a’dsa a bhéas an faoistin.

ÁINE: M hm.

MARY: Agus chonaic mé a’ tarraingt go leor cainte é, i gCreig a’ Chéirín uair amháin, beirt acub agus bhí gaol acub le chéile, bhíodar a’ troid faoi.

ÁINE: Sea.

MARY: Chuaigh duine acub soir ag a’ sagart ar deireadh agus thug sí (--) thug sé sásamh di, nach mbeadh sé aici, so níl ’fhios a’m a’ raibh sé ag teach a’ bith acub an bhliain sin.

ÁINE: Ar deireadh. Bhí sé sin cineál crua nach mbeadh mar

MARY: (Sos) Eh sea, bhí an bheirt seo a’ sáraíocht gur chóir go dhuine acub (--) sé an chaoi nach raibh sí ag iarraidh é a choinneáil.

ÁINE: Sea.

MARY: A’ dtuigeann tú, tá mé a’ rá leat nach mbeadh aon duine á iarraidh an t-am sin, ach choinneofá é nuair a thiocfadh sé ort.

ÁINE: A’ bhfuil ’fhios a’d dá mbeadh tú tinn agus iad ceaptha a bheith a’d, a’ dtógfadh duine eicínt eile uait iad?

MARY: B’fhéidir go dtógfadh. Nach bhfaca mé teach ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. ar a’ mbaile seo, a raibh bean tar éis páiste a bheith aici, sa seomra thiar, agus bhí an faoistin lá arna mháireach ann. Agus dúnadh aniar an doras ar a’ mbean. Níl ’fhios a’msa a’ ndeachaigh an sagart siar féin aici ….

ÁINE: …. Á ….

MARY: …. ag cur (--) ag tabhairt beannacht di. Níl mé cinnte a’ ndeachaigh nó nach ndeachaigh, ní raibh mise ann.

ÁINE: Sea. Bhí bealaí difríocht leob an t-am sin.

MARY: Bhí, bhí. Ba chuma céard, choinneofá í [na faoistiní] ar aon chaoi, a’ dtuigeann tú.

ÁINE: So a’ raibh na faoistiní ann le do chuimhne sa?

MARY: Ó bhí.

ÁINE: Agus a’ raibh siad i gCill Rónáin ag an am?

MARY: Ní cheapainn go raibh.

ÁINE: Hm.

MARY: Níl ’fhios a’msa a’ raibh dar i gCill Rónáin go dtí le (--) is dóigh sna ochtóidí nó b’fhéidir (--) sna ochtóidí go háirid, ní raibh siad níos túisce ná sin ann. Cheapainn go háirid, níor aire mé….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… mé caint faoi.

ÁINE: Agus a’ gcaithfidh chuile theach iad a thógáil ansin nó a’ raibh corr theach ann nach dtógfadh iad?

MARY: Ní raibh, timpeall anseo, ní raibh mar sé an (--) Bhí an creideamh an t-am sin níos láidre ag chuile dhuine agus ní raibh ann ach, bhí Dia a’ teacht isteach a’d an t-am sin, ní ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… ní rud mór a bhí ann, ach bhí Dia ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. a’ teacht isteach sa teach a’d agus bhí tú sásta iad a thógáil agus chuirfí amach na muca go minic a bheadh istigh an oíche roimhe sin, b’fhéidir….

ÁINE: …. Sea.

MARY: Agus still thógaidís iad.

ÁINE: Agus a’ gcuimhníonn tú cén sagairt a bhí ann anois le do linn sa?

MARY: A’ bhfuil ’fhios a’d nach gcuimhním, cuimhním ar Fr. Egan, bhí mé a’ gabháil ag a’ scoil an t-am sin agus Fr. Morally.

ÁINE: Yeah.

MARY: Agus bhí sagart eile ann, ba cheart go gcuimhneoinn air, a bhíodh ag imeacht ag na sean ’aoine agus tá sé a’ cinnt orm, chonaic mé tá tamall ó shin é - Fr. McHugh, bhí sé sin ann ….

ÁINE: …. Yeah, agus nuair a bhí tú a’ déanamh an chéad Chomaoineach?

MARY: Níl ‘fhios a’m cén sagart a bhí an t-am sin ann.

ÁINE: Anois an mbíodh tuarastal á thabhairt …

MARY: Tuarastal?

ÁINE: Sea.

MARY: Bhíodh, bhíodh. Thabharfadh chuile dhuine isteach (--) ceann a’ tí, fear a’ tí nó bean a’ tí mura mbeadh sé sin ann ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… nó á mbeadh mac agus leagfaidís ar a’ mbord é, ar nós altóir a bhíodh ar na seandaoine (--) ar na daoine básaithe fadó. Leagfaidís an leath choróin ar an mbord.

ÁINE: Sea, sa mbord sa teach a bhíodh an faoistin? ….

MARY: …. Bord (--) Ar an altóir. Ní hea, ar an altóir a bhíodh déanta sa teach ….

ÁINE: …. Ó sea. So thabharfadh chuile theach mar sin tuarastal.

MARY: Thabharfadh.

ÁINE: By Dad.

MARY: Agus dhéanfaí altóir an uair sin mar chuirfí stól mór faoin mbord agus cloch mór millteach air a choinneoidh socair é.

ÁINE: Sea.

MARY: Chun go mbeadh sé suas ós cionn (--) le an sagart, ní bheadh sé a’ breathnú síos air ….

ÁINE: …. Ó sea ….

MARY: .… level ar nós an altóir. Chaithfí é sin a dhéanamh go dtí le gairid gur caitheadh in aer é.

ÁINE: M hm, agus a’ dtagadh an sagart anoir as Inis Meáin agus Inis Oírr?

MARY: Ó thagadh, thagadh. Thagadh siad.

ÁINE: Agus cé a dhéanadh an glanadh agus an réiteach uilig?

MARY: Bhuel dhéanadh bean a’ tí agus dhéanadh, dhéanadh na comharsanaí é. Cuimhním féin a bheith thoir i dteach ….

ÁINE: …Sea ….

MARY: .… ar a’ mbaile, a bheith a’ glanadh cúpla lá roimh an am, a’ dtuigeann tú. Ní mórán glanadh a bhí le déanamh an t-am sin mar ní raibh mórán péint ná ….

ÁINE: …. Tada ann ….

MARY: …. Wash a bhíodh ann agus bhí sé éasca é a chur.

ÁINE: Agus cén t-achar roimh na faoistiní a thosóidís an glanadh mór?

MARY: Bhuel is dóigh gur mhaith leob trí seachtainí a bheith acub go háirid.

ÁINE: Hm.

MARY: Agus ansin d’fhógrófaí (--) bheadh ’fhios a’d go mbeadh sé a’d, ansin d’fhógrófaí é agus thabharfaidís coicís dhuit.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus ansin thosófá ceart. Bheadh na rudaí, b’fhéidir aol curtha taobh amuigh a’d dá mbeadh an aimsir go breá roimhe sin.

ÁINE: Agus a’ dtugtaí cuireadh ansin go na daoine nó …?

MARY: Thugtaí, ghabhadh (--) nuair a bheadh a’ sagart thart ansin (--) an sagart imithe ansin, ghabhadh bean a’ tí nó gasúr as a’ teach nó duine eicínt….

ÁINE: …. Yeah….

MARY: .… amach ag na comharsanaí agus deireadh siad leob a ghabháil isteach ag a’, a ghabháil ag a’ mbéilí, agus bheadh cupán tae acub. Sin é an t-am a ghabhfaí amach a’ glaoch, tar éis (--) nuair a bhíodh an sagart imithe.

ÁINE: Agus cé nach mbídís ag an Aifreann?

MARY: Ó bhídís ag an Aifreann ach ghabhaidís abhaile.

ÁINE: Á.

MARY: Ach ní fhanaidís mar fhanann siad anois, tá ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

MARY: Ghabh siad abhaile ar dtús.

ÁINE: Agus cén cineál béilí ansin a bhíodh acub?

MARY: Toast an chuid is mó, chomh fada siar agus a chuimhnímse air, bhíodh a dhath toast.

ÁINE: Agus cén chaoi a rinne sibh an toast?

MARY: Rinneadar a’ toast ar a’ tine, agus dá mbeadh stove ag aon ‘uine, ní raibh mórán, ach dhéantaí an toast ar a’ tine.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus ciotal, agus nuair a bhí Fr Killeen (--) tá ’fhios a’m sagart eile, Fr Killeen, ba bhin é an duine ba mheasa. Chuireadh (--) tá ‘fhios a’d chuireadh bean a’ tí, nó cailín eicínt a’ ciotal síos ar a’ tine, ar a’ rud ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… agus á mbeadh sé sin (--) á bhfeiceadh sé a’ fiuchadh é déarfadh sé é a thógáil mar chaithfidh sé a bheith a’ fiuchadh díreach le cur ar an taepot an pointe sin.

ÁINE: Dó féin, sea.

MARY: Dó féin, agus chaithfí siúcra geal a bheith ann.

ÁINE: Agus cá bhfuair sibh é sin?

MARY: Tí Phóil, tí Mháire Pól agus marmaladeLittle Chip.

ÁINE: Sea.

MARY: Chaithfidh cnosca de sin a bheith ann, ’dtuigeann tú.

ÁINE: Specially gon sagart.

MARY: Specially gon sagart, bhuel ar deiridh ansin bhíodh rashers agus (--) bhíodh fry acub ansin ar deiridh. Chaithfeadh an múinteoir ansin, in Eoghanacht go háirid .…

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… chaithfeadh an múinteoir a theacht ag an Aifreann agus a ghabháil ag ól a’ tae in éineacht leis a’ sagart. Bhíodh freastalaí ansin, duine, cailín óg eicínt gon bhaile nó mar a deir mé cheana, dá dtiocfadh duine as Meiriceá ….

ÁINE: …. Sea….

MARY: .… nó ’á mbeadh duine ag obair in áit a’ bith ….

ÁINE: …. Sea (gáire)….

MARY: .… sé a ghabhadh a’ freastal ar a’ sagart, ar a’ mbaile.

ÁINE: So theastaigh experience (gáire)

MARY: Bhuel theastaigh experience agus dhéanfaí butter, butter balls ansin.

ÁINE: Yeah.

MARY: Gheofaí clappers agus dhéanadh muinn na butter balls go na (--) bhí mé féin go minic i mo mhada beag a’ freastal orthub a’ dtuigeann tú, a’ tabhairt acub chuile rud (gáire) ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. Agus a’ freastal orthub.

ÁINE: A’ mbíodh soithigh áirid ansin ann?

MARY: Bhíodh, china, cupáin china agus is beag teach na’ raibh, na raibh sé sin ann, a’ t-am sin.

ÁINE: Sea.

MARY: Mar bhí sé sa bhfaisean agus ansin bheadh coinnleoirí áirid ach mara mbeadh na coinnleoirí ag teach ansin bheadh siad ag teach eile. B’fhéidir go mbeadh coinnleoirí i dteach amháin, go dtáinig siad as Meiriceá agus sin rud eile a thagadh as Meiriceá, amanntaí thugadh siad anall soithigh leob, as Meiriceá agus má bhí duine eicínt tagthaí as Meiriceá ansin bheadh na rudaí sa teach seo.

ÁINE: Sea, á.

MARY: Agus gheofá iad sin.

ÁINE: So bhídís a’ gabháil ó theach go teach.

MARY: Bhídís a’ gabháil ó theach go teach, agus an sugar bowl gloine, agus tá siad ansin fós.[sa teach ag Mary]

ÁINE: Fós, nach ea.

MARY: Agus an rud beag le ’n jam, ceithre cosa faoi, ból beag agus ceithre cosa faoi.

ÁINE: Le jam.

MARY: Le jam a chur ann, agus ansin chuirtí ar an mbord ansin é sin an oíche roimhe, chuirtí ar an mbord na rudaí seo ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… ach amháin an toast agus an rud agus éadach geal ar a’ mbord agus ansin chuirfí éadach geal ós a chionn agus bheadh an sagart thiar sa seomra sin ansin ag éisteacht an faoistin, agus ní bheadh tada le feiceáil aige.

ÁINE: Agus a’ mbíodh éadach geal ar an altóir agaibh freisin?

MARY: Bhíodh, bhíodh. Bhíodh neart éadaí geala an t-am sin ann.

ÁINE: M hm. So agus céard a tharla ansin má bhí leaprachaí sa seomra, chaithfí na leaprachaí a thógáil amach?

MARY: Eh, b’fhéidir go dtógfaí agus chóireofaí suas a’ leaba. Bhí cuilt gheal ins chuile theach. Chuirfí cuilt gheal ar a’ leaba.

ÁINE: Ó sea.

MARY: Anois tá ’fhios a’m faoistin a bheith a’inne anseo agus bhí dhá leaba sa seomra thiar, agus bhí faoistin ann, mar bhíodh dhá shagart amanntaí ag faoistin.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus d’fhág mise ann iad. Níor thóg mé as iad a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Yeah. Agus a dtéadh, a’ dtéadh fear a’ tí suas ansin ag iarraidh mála gon sagart?

MARY: Théadh agus soir amanntaí go dtí Creig a’ Chéirín á iarraidh le é ‘thabhairt anoir ar an mbicycle as Bun Gabhla.

ÁINE: Sea.

MARY: A’ bhfuil ’fhios a’d, bhíodh Joe Kelly acub le jaint. [carr capaill]

ÁINE: Sea.

MARY: Sé a bhíodh iad a thabhairt anoir.

ÁINE: M hm.

MARY: Níl ’fhios a’msa a’ bhfaigheadh an fear bocht sin cupán tae féin.

ÁINE: Féin.

MARY: Ní chuimhním anois go bhfaca mé Joe Kelly á thabhairt isteach in aon teach a’ bhfuil ’fhios a’d ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… ach a’ fanacht leis a’ sagart ansin agus a’ caint le duine eicínt a ghabhadh amach ón Aifreann.

ÁINE: Agus cé chomh, cé chomh minic ansin a thiocfadh do turn ann leis na faoistiní a bheith a’d?

MARY: Bhuel ag an am sin ní bhíodh sé ró-mhinic, mar, mar bhí go leor tithe ann.

ÁINE: A’ mbeadh sé chuile deich mbliana nó …?

MARY: Ó bheadh sé definitely, chuile deich mbliana, b’fhéidir ocht mbliana amanntaí.

ÁINE: Bhí níos mó tithe ar a’ mbaile freisin.

MARY: Á bhí níos mó tithe ar na bailte.

ÁINE: Bhí.

MARY: ’S dá mbeadh púirín a’ bith ann, thógfaidís an faoistin.

ÁINE: Sea ….

MARY: …. Mara mbeadh ann ach seomrín amháin.

ÁINE: Agus cé as a bhí an scuab uisce coisric déanta as?

MARY: Dhéanfaí as tuí agus amanntaí as fionnadh capall b’fhéidir.

ÁINE: M hm.

MARY: Ní raibh aon pastry brush ann go háirid an t-am sin.

ÁINE: No, agus sceacha is dóigh b’fhéidir nó fraoch.

MARY: Ní fhéadfadh sceacha ná fraoch, no bheadh sí sin le ghabháil a’ cur spray.

ÁINE: Ab ea.

MARY: Ní bheadh sí sin ceart (gáire) le ’n uisce coisric.

ÁINE: (Gáire) Agus mar sin ní bhíodh an béiliste sa gcistineach, bhíodh sé sa seomra, an pálás ….

MARY: …. Bhíodh sé sa seomra agus thiocfadh daoine isteach agus b ’fhéidir amanntaí anois go dtiocfá isteach sa teach agus b’fhéidir go mbeadh tú uair a’ chloig nó leath uair a’ chloig a’ fanacht go dtiocfadh crowd aniar. Bhí an oiread sin daoine ann an t-am sin.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus gasúir, agus ansin thiocfadh na gasúir na scoile ansin, in Eoghanacht isteach ort a’ teacht ón scoil ’ób.

ÁINE: Thiocfaidís i chuile theach is dóigh….

MARY: …. Thiocfaidís i chuile theach. Cúpla teach nach raibh mórán fonn ar (--) nach raibh mórán fáilte rompub is dóigh ach gheobhadh siad cúpla siúcra geal agus píosa go bhuilín agus jam agus bhí siad tógtha. Bheadh beagán cácaí milis freisin ann. Dhéanadh muintir duine a bhí in ann iad a dhéanamh, cácaí currants, bhídís sin fairsing ann ach b’fhéidir go ndéanaidís fruit cake, rudaí mar sin.

ÁINE: Ó yeah. Agus bhíodh an sagart ansin ag éisteacht an faoistin sa seomra sin freisin….

MARY: …. Bhíodh an sagart ag éisteacht a’ faoistin sa seomra, bhíodh.

ÁINE: Agus a’ bhfuil ’fhios a’d an, an bedspread bán seo a bhíodh, a bhíodh ar a’ leaba.

MARY: Sea.

ÁINE: A’ mbíodh sé sin úsáidtí amanntaí eile?

MARY: Ó bhíodh.

ÁINE: Nó a’ raibh sé coinnithe leis an faoistin.

MARY: Ó bhíodh, bhuel arnú d’úsáidfí é le faoistin agus le nuair a chaillfí duine.

ÁINE: Agus a’ dtabharfadh an sagart ansin cuairt ar na sean daoine a bhíodh ar an mbaile?

MARY: Thabharfadh, thabharfadh, ghabh sé amach ag na seandaoine, ghabhadh duine go na cléireachaí amach leis. A’ ’speáint na tithe dhó.

ÁINE: Agus théadh chuile dhuine ag faoistin an t-am sin.

MARY: Théadh chuile dhuine ag faoistin, théadh.

ÁINE: Tá an saol athruithe ó shin.

MARY: Tá. Ach ansin chuir, chuir Fr. Moran ansin is dóigh deiridh leis na faoistiní an chuid is mó ar dtús tamall a’ dtuigeann tú mar bhí (--) níor thaitin leis (--) thosaigh daoine a’ déanamh an iomarca ansin gon rud ….

ÁINE: …. Sea….

MARY: .… a’ bhfuil ‘fhios a’d, so bhí sé (--) bhí dhá shagart anseo agus dúirt siad “meas tú an n-íosfaidh muid é”.

ÁINE: Sea.

MARY: Thug muid fry dhób, bhí tú féin ann déarfainn.

ÁINE: Sea.

MARY: An t-am sin.

ÁINE: Sea.

MARY: Fr Connolly …

ÁINE: Sea.

MARY: … agus sagart eile anoir as Inis Meáin.

ÁINE: Sea.

MARY: Dhá shagart óg …

ÁINE: … agus bhí sé ráite ag Fr. Moran leob gan mórán a ithe, a’ dtuigeann tú, gan mórán a thabhairt ….

ÁINE: …. Sea, gan mórán a thabhairt le n-ithe go daoine.

MARY: Gan mórán a thabhairt le n-ithe dhób. Sea.

ÁINE: Agus cén chaoi a bhfuil sé anois, an dtógann daoiní na faoistiní?

MARY: Bhuel bíonn sé cúpla bliain gan é a thógáil really ach tá sé (--) tá ’fhios a’m go bhféadfadh daoine é a thógáil níos mó ná tá á thógáil. Níl mórán tithe ar an mbaile seo, bhí muid cúpla uair anois, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí muid trí bliana silim gan é a bheith ar chor a’ bith a’inn.

ÁINE: Sea.

MARY: Bhí sé a’ gabháil siar.

ÁINE: Ach níl anseo [i mBungabhla] anois agaibh ach ceithre theach, ab ea?

MARY: Níl a’inn anois ach trí theach.

ÁINE: Tí Peaitsín, tí Mharcus.

MARY: Agus teach ’s a’inne.

ÁINE: Teach s’a’inne.

MARY: Sin é an méid atá ann.

ÁINE: Agus Peterín.

MARY: Ó Peterín a’ Bheagach thoir ar a’ gcarcair, bhí sé aige sin. Níl ’fhios a’m anois cé aige a mbeidh sé an chéad uair eile. Ar Peaitsín atá sé a’ teacht.

ÁINE: Sea.

MARY: Is dóigh má bhíonn caoi ar a’ teach go mbeidh sé aige.

ÁINE: Go dtógfaidh Peaitsín é.

MARY: Go dtógfaidh Peaitsín é.

ÁINE: A’ dtaitneoidh anois písín beag go amhrán a mháma leat? A’ gcasfá tú stéig nó dhó?

MARY: Á a Thiarna

[Casann Mary an t-amhrán]

MARY: ’S nach ar an mbaile seo a chonaic sibh a’ t-ionadh

Ar Dhonncha Bán bocht ’gus é dhá dhaoradh.

Bhí caipín bán air in áit a hata

Agus róipín cnáibe in áit a charabhata

’S tá mé a’ tíocht ó ar feadh na h-oíche.

Mar bheadh uainín ’measc seilbh mór caora

Mo bhrollach oscailte ’s mo cheann liom scaoilte

’S cé bhfaighinn mo dheartháirín ó romham ach sínte.

’S chaoin mé an chéad dreas ag a’ goba locha

An dara dreas ós cionn do chorp sa

An tríú dreas faoi bhun do chrois sa

I measc na ngol ’s mo cheann dhá scoilte

’S a Dhonncha Bháin bhocht a dheartháirín dhílis

’ S maith tá ’s agamsa céard a bhain díom thú

Ag ól an chupáin ’s ag deargadh an phíopa

Is ag siúl ó drúchta go mall san oíche.

’S dá mbeifeá a’msa i mBaile an Róba

Nó thíos i Sligeach san áit ba chóir dhuit

Ó bhrisfí an chroch agus ghearrfaí an rópa

’S thiocfadh Donncha Bán bocht abhaile ar an eolas

’S a Mhic Uí Mhaol Chróin is giursa an mhí-áidh

Ní lao bó bradaí a bhí in mo dheartháirín

Ach buachaillín cruinn deas ar chnoc ’s ar chnocán

’S a bhainfeadh ceol go bog binn as camán.

’S tá spré Dhonncha Bháin bhocht ag teacht abhaile

Ní bó, caora ná lao ná caiple

Ach tobac agus píopaí ’gus coinnle geala

Agus ní dhá “-+” é ar lucht a gcaite.

ÁINE: Fair play dhuit. Cén t-ainm a bhí ar sin a dúirt tú?

MARY: Donncha Bán.

ÁINE: Anois má chuma leat labhairt faoi Dado, do athair. Bhíodh sé a’ gabháil ag scoil a’ foghlaim scríobh, nach mbíodh.

MARY: Bhíodh, bhí múinteoir ann, Seán na Scoile a thugaidís air.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus bhí sé a’ múnadh go na fir le Gaeilge a scríobh.

ÁINE: Na fir.

MARY: Na fir, sean ’aoine. Na fir, na seandaoine….

ÁINE: …. Ach cén fáth ….

MARY: …. Bhíodh corr bhean freisin, ní mórán mná é mar ag an am sin ní raibh na mná a’ gabháil in aon áit. Chaithfidh siad aire a thabhairt go na gasúir.

ÁINE: Sea.

MARY: Ach is fir an chuid is mó a chuaigh ann agus fir a raibh fonn orthub rud eicínt mar a déarfá a dhéanamh.

ÁINE: Yeah.

MARY: Bhíodh m’uncail ann freisin.

ÁINE: Agus cén aois a bhí Dado ag an am?

MARY: Ó is dóigh go raibh sé ins na ceathrachaidí ….

ÁINE: …. Ó! ….

MARY: …. nó mar sin, nó amach níos sine. Ní, ní raibh sé ró shean. Bhí sé (--) ní raibh mise (--) dhá bhliain déag a bhí mise ag an am a raibh sé ann go háirid.

ÁINE: Sea

MARY: Agus bhíodh sé a’ scríobh amhráin ann agus a’ scríobh aistí agus a’ scríobh litir, tá sí fós i scoil Eoghanachta, tá mé a’ ceapadh. Chonaic tú cheana í.

ÁINE: Chonaic, yeah.

MARY: A’ cur scéala ag iarraidh péire bróga síos tí MhcDonagh.

ÁINE: Sea.

MARY: Idir Béarla agus Gaeilge, a’ scríobh ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… ag inseacht dóibh a’ dtuigeann tú le cén chaoi business a dhéanamh mar sin. Bhí, bhí comórtas acub ansin ag a’ deireadh.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus bhí ú [bhíothas] le litreachaí (--) rudaí a scríobh ann, tá ’fhios a’m gur scríobh mé féin ceann, dhá bhliain déag a bhí mé.

ÁINE: Sea.

MARY: Fuair mé an ceann sin agus an ceann ansin leis na sinsir, na cailíní arda.

ÁINE: Sea.

MARY: Máire, Máire Bhaba Pheige a fuair é….

ÁINE: …. Á sea ….

MARY: …. Rinne sí faoi na rástaí é.

ÁINE: Sea.

MARY: Ní chuimhním anois cé faoi a scríobh mé féin ach cuimhním a bheith thiar ann an oíche sin ….

ÁINE: …. M hm….

MARY: …. a raibh siad a’ tabhairt amach na duaiseannaí.

ÁINE: Agus cén máistir anois a bhí a’ múnadh an scoil seo.

MARY: Flanagan.

ÁINE: Agus ins an scoil a bhí sé, ab ea nó ….

MARY: …. Sea ….

ÁINE: .… a’ raibh áit áirid?....

MARY: …. San oíche ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. San scoil a bhí sé san oíche, sea.

ÁINE: Á sea.

MARY: Bhí, bhí partition san scoil an t-am sin agus ansin a’ bhfuil ’fhios a’d d’fhéadadh siad dá mbeadh tada eile a’ gabháil ar aghaidh ann a’ dtuigeann tú, bhí dhá sheomra ann.

ÁINE: Agus do mhamó anois, Nóra Mháirtín.

MARY: Sea.

ÁINE: Bhí sí sin an-mhaith a’ criotáil agus a’ fuáil.

MARY: Bhí, a’ criotáil agus a’ fuáil, bhí. Agus tá mé a’ ceapadh go raibh sí foghlamtha freisin, bhíodh sí a’ déanamh gúnaí agus sciortaí agus rudaí mar sin go dhaoine. Bhí sí i Meiriceá silim.

ÁINE: Agus bhíodh sí a’ déanamh lásaí, a’ mbíodh?

MARY: Á bhíodh, bhí sí iontach a’ déanamh lásaí, bhí. Agus rinne sí mo, mo dress baiste dhomsa agus chuir sí lásaí uilig air. Rinne sí féin na lásaí agus d’fhuáil sí isteach ansin air. Bhí mo mháthair in ann lása a dhéanamh freisin.

ÁINE: A’ raibh.

MARY: Bhí, ní raibh mise riamh.

ÁINE: Agus cár fhoghlaim siad é seo?

MARY: Níl ’fhios a’m, tá sé, tá sé (--) níl ’fhios a’m cár fhoghlaim siad é sin. Tá ’fhios a’m go mbíodh scoil eile freisin ann, scoil cócaireachta tamall, sur phós mise.

ÁINE: Agus cá raibh sí sin?

MARY: Bhíodh sí thiar sa scoil.

ÁINE: Á.

MARY: Bhíodh bean m’uncail a’ gabháil ann. Ní raibh mo mháthair ann, bhíodh bean m’uncail a’ gabháil ann agus bhídís a’ déanamh cácaí agus rudaí mar sin ann, a’ bhfuil ’fhios a’d, cócaireacht.

ÁINE: Sea.

MARY: Rudaí beaga mar sin a thiocfadh (--) ach tá ’fhios a’m nuair a bhí mé féin a’ gabháil ag a’ scoil go raibh múinteoir as Gaillimh aníos a’ múnadh damhnsa dhúinn.

ÁINE: A’ raibh?

MARY: Bhí sí a’ múnadh damhnsa dhúinn.

ÁINE: Ó bean a bhí ann.

MARY: Bean, sea.

ÁINE: Hm.

MARY: Bhí an ríl agus an jig agus iad sin.

ÁINE: Yeah.

MARY: Ansin bhíodh neart céilí sa scoil sin freisin, i scoil Eoghanacht, bhíodh neart céilí ann san oíche Dé Domhnaigh.

ÁINE: A’ mbíodh?

MARY: Bhíodh agus bhí na Ballaí Luimnigh agus na cinn [damhsaí] sin uilig a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Yeah.

MARY: Baint an Fhéir.

ÁINE: Agus cé a bhíodh a’ casadh an ceol dhíob?

MARY: Bhíodh Paitín Jack as Cill Rónáin.

ÁINE: Sea.

MARY: Bhíodh Peait Sheáinín go ndéana Dia grásta air.

ÁINE: Cé hé Peait Sheáinín?

MARY: Fear thoir ag Corruch, athair Áine.

ÁINE: Á sea, sea.

MARY: Ach bhíodh sé sin é féin a’ casadh.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus bhíodh siad a’ teacht as Gort na gCapall agus as Corruch agus as ….

ÁINE: …. Chuile áit.

MARY: As chuile áit, agus as Cill Rónáin ar deiridh nuair a bhí na (--) bhí siad ann, b’fhéidir anois go raibh mise sé déag an t-am sin a’ bhfuil ‘fhios a’d nó seacht déag b’fhéidir freisin, sula phós mé.

ÁINE: Yeah.

MARY: Bhíodh siad san scoil nó go rinneadh an hall i gCill Rónáin. Níl ’fhios cé na drámaí a bhíodh ann, i scoil Eoganacht an t-am sin.

ÁINE: A’ raibh.

MARY: Bhí cumann drámaíochta acub féin, bhí, bhí siad in ann, in ann daoine a fháil ón Sruthán go dtí Bungabhla le drámaí a dhéanamh. Bhí.

ÁINE: Bhí sé sin thar cionn.

MARY: Bhí, bhíodh drámaí go minic ann agus bhíodh sé iontach. Bhíodh muinn a’ canadh an Aifreann ann freisin. An tAifreann uilig. I Laidin, ach ní bhíodh aon Aifreann a’inn ach uair sa mí so

ÁINE: Cén fáth?.

MARY: Arnú in Eochaill a bhí an séipéal.

ÁINE: Ó sea.

MARY: Agus bhíodh sé uair sa mí, ó bhí Aifreann sa, san (--) ar deiridh bhí sé sa scoil, bhíodh sé chuile Dhomhnach ann ach tamall ní raibh sé a’inn ach uair sa mí.

ÁINE: Agus a’ rinne tú do Chéad Chomaoineach in Eochaill, ab ea?

MARY: Ní hea, ní hea, is dóigh gur sa scoil. Ó ní hea, ní dheachaigh mé go hEochaill a’ déanamh mo Chéad Chomaoineach, ní dheachaigh, mar cuimhním mo mhamó a bheith i mo thabhairt soir i ngreim láimhe ionam mar ní bheadh aon ’uine eile in ann aon aire a thabhairt ’om.

ÁINE: (Gáire) Sea

MARY: Má b’fhíor di, go ndéana Dia grásta uirthi.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus í a’ tabhairt (--) fuair lead amháin, fuair sé lagar agus chaithfidh tú a bheith i do throscadh ón dó dhéag [an oíche roimhe] an t-am sin.

ÁINE: M hm

MARY: Agus dúirt sé gur (--) dúirt mo mhamó ansin nuair a tháinig mé isteach [abhaile] “déan deifir, déan braon tae di seo anois, tá sí ina troscadh”

ÁINE: Sea.

MARY: Cheap sí ó thit mo dhuine go dtitfeadh chuile dhuine.

ÁINE: Agus meas tú ar rinne sí dress ’uit - Mamó?

MARY: Ó rinne.

ÁINE: Rinne.

MARY: Ó rinne sí dress ’om le an chéad Chomaoineach.

ÁINE: Sea.

MARY: Rinne sí, rinne sí. Sí Maggie Sheáinín a rinne dress dhom leis a’ (--) le dhul faoi Láimh Easpag. I gCreig a’ Chéirín a bhí sí a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Sea.

MARY: Máthair Éamonn Ó Tuathail.

ÁINE: Ó Tuathail, á sea.

MARY: Agus bhí, bhí sí sin í féin in ann fuáil. Bhí, agus bhí Jaimsie.

ÁINE: Ó a’ raibh?

MARY: In Eoghanacht, bhí sé sin é féin (--) sin é (--) bhíodh sé sin a’ déanamh bréidín, Jamsie. Bhíodh sé a’ fuáil, bhíodh sé a’ fuáil na treabhsair agus na rudaí, bréidíní, bheistíní ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. agus rudaí mar sin. Agus bhíodh Maggie Sheáinín a’ fuáil rudaí níos (--) bhíodh sí sin í féin á dhéanamh ach an meaisín a bhí thíos a’inne nuair a cailleadh mo mhamó, an meaisín a bhí a’inne, ní raibh sé a’ dhéanamh ach cadás.

ÁINE: Á sea.

MARY: Agus dá mbeadh tú ag iarraidh dressannaí ná tada thógadh duine acub leob é.

ÁINE: Ó bhí sé sin go breá, yeah. So a’ bhfuil tada eile anois a dtaitneoidh leat labhairt air?

MARY: An méid spraoi a bhíodh a’inn fadó.

ÁINE: Sea.

MARY: Nuair a bhíodh na tintreacha cnámha agus chuile rud, so, ’s ag imirt Screaga, sea.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú ar na

MARY: Ar na Screaga? [Cluiche a bhíodh dhá imirt acu le clocha beaga]

ÁINE: Sea.

MARY: Á ní chuimhním, níl mé in ann na, na, iad sin, ní chuimhním orthub ….

ÁINE: …. Onesils, Twosils ….

MARY: …. John Beag Johnny sea Blood, Scuaid, (gáire) ….

ÁINE: …. (Gáire) ….

MARY: ….Onesils, Twosils Turn, Turn Over agus Ruistín agus Micín….

ÁINE: …. Béilín ….

MARY: …. Súilín, Béilín, Máire Chasta, Uppen, Leggin agus Games. Ach níl ’fhios a’msa anois [iad], tá ’fhios ag John uilig iad.

ÁINE: Cén fáth a gceapann tú go bhfuil ’fhios ag John iad?

MARY: Ó tá ’fhios a’m go bhfuil ’fhios aige iad arnú.

ÁINE: Yeah.

MARY: Bhíodh sé á rá.

ÁINE: Sea, agus a’ mbíodh go leor daoine a’ teacht isteach ag inseacht scéalta sna, sna tithe fadó anois?

MARY: Bhíodh tí Pheaits Rua.

ÁINE: In Eoghanacht?

MARY: In Eoghanacht, tí Pheaits Rua.

ÁINE: Sea.

MARY: Bhíodh go leor daoine as Creig a’ Chéirín ’s as Eoghanacht ….

ÁINE: …. Yeah….

MARY: …. isteach ann, a’ dtuigeann tú agus bhídís ag inseacht scéalta.

ÁINE: Cá raibh an teach sin ansin?

MARY: An teach taobh thuas gon teach s’a’inne.

ÁINE: Yeah, a’ gcuimhníonn tú air nuair a scríobhadh an t-amhrán – ‘Bóthar an Gharraí Nua’?

MARY: Ó bhí me pósta an t-am sin.

ÁINE: Sea.

MARY: Cuimhním, ó cuimhním air alright, cuimhním air.

ÁINE: Ar mhaith leat píosa a inseacht dom faoi sin?

MARY: Ach níl ’fhios a’m mórán de, níl ’fhios a’m é ach tá ’fhios a’m go rinne duine acub agus go raibh cineál argóint faoi ar deireadh a’ dtuigeann tú. Rinne triúr uilig é, rinne Éamonn Ó Tuathail é féin é, ar dtús.

ÁINE: Sea.

MARY: D’fhreagair Matt é, agus ansin rinne Cóilín Mhicilín.

ÁINE: Ó.

MARY: Agus níl ’fhios a’m cé a chur sé sin ann.

ÁINE: Sea.

MARY: Ach go bhfuil ’fhios a’m go háirid gur scaoileadh isteach muintir an tSrutháin, nuair a bhí an charcair lán, gur scaoileadh isteach muintir an tSrutháin, so go raibh sé sin (gáire) Ach bhí sé sin a’m uilig, bhí sé a’m, bhí sé ar pháipéar Ar Aghaidh.

ÁINE: Sea.

MARY: Ach thug mé go Arthur iad nuair a bhí sé a’ gabháil ag a’ Tech agus thug Arthur soir ag a’ Tech iad ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: .… agus níl ’fhios a’m (--) is dóigh go bhfuil dar fanta i gcónaí sa Tech ….

ÁINE: …. Sa Tech ….

MARY: …. an páipéar a raibh dar orthub.

ÁINE: Á.

MARY: Bhí rudaí mar sin, ach níor fhan mórán istigh a’m féin go thada mar sin. Ach tá ’fhios a’m go mbíodh, go mbíodh saol an-sona sásta a’inn an t-am sin, nuair a bhí muinn ina ngasúir. Ní raibh muid ach ag iarraidh a ghabháil ag a’ tobar, soir ag iarraidh buicéad uisce agus a’ gabháil siar ag iarraidh buicéad uisce ’s mar sin agus suas ar na creaga ’s ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. ag imeacht linn a’ siúlóid.

ÁINE: So bhí an (--) ceapann tú go raibh an saol i bhfad níos fearr ná tá sé anois.

MARY: Bhuel ….

ÁINE: …. Níos sásta ina n-intinn….

MARY: …. Bhuel ní fhéadfainn a rá go raibh sé (--) go bhfuil (--) go raibh sé níos fearr ach ceapaim go bhfuil níos mó, níos mó brú agus chuile rud ar na daoine atá anois ann mar ní, níl aon neart acub air, tá sé sa saol, tá siad (--) na mná óga atá ag éirigh suas anois, ní amháin go bhfuil na gasúir anois le tógáil acub ach tá go leor acub (--) caithfidh siad a ghabháil ag obair, nó gabh siad ag obair….

ÁINE: …. Yeah ….

MARY: …. Tá sé ann agus tá (--) istigh agus amuigh agus b’fhéidir go bhfuil níos mó (--) agus ansin na gasúir féin ….

ÁINE: …. Sea ….

MARY: …. tá níos mó a’ teastáil uaidh na gasúir anois, má fuair na gasúir cheana (--) ní raibh siad a’ iarraidh ach buidéal bainne nuair a bhí siad ina ngasúir bheaga.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus iad a leagan a chodladh agus nuair a bhí siad in ann ithe, píosa go cháca a chaith acub, nó píosa go bhuilín a chaith síos sa tae agus é a choinneáil leob.

ÁINE: Sea.

MARY Agus ansin a ghabháil amach ar a’ tsráid a’ spraoi.

ÁINE: Sea.

MARY: Agus ar feadh an Samhradh ní raibh damhnsa, ní raibh ceol agus ní raibh snámh agus ní raibh tada. [ar siúl go na gasúir]

ÁINE: Sea.

MARY: Níor theastaigh punt uait le caitheamh orthub [nó] go mbeidís a’ gabháil ag a gcéad Chomaoineach nó rud eicínt mar sin. Ní raibh aon airgead ann ach mara raibh féin, bhí sé éasca.

ÁINE: Ach bhí sé crua nuair a bhí ar na gasúir imeacht ag coláiste.

MARY: Bhí sé thar a bheith crua an t-am sin. Bhí sé an-chrua an t-am sin. Bhí sé an-chrua. D’imigh (--) nuair a d’imigh Maggie agus Bríd uainne, bhí sé crua.

ÁINE: M hm.

MARY: …ach bhí sé crua ormsa, chuaigh mé Gaillimh, síos in éindí leob….

ÁINE: …. Yeah….

MARY: Bhí sé crua orm iad a fheiceáil a’ caoineadh ar a’ mbus.

ÁINE: A’ caoineadh ar a’ mbus agus chuile rud, yeah, yeah. Agus freisin ní bhídís sa mbaile nach ea ach ....

MARY: …. Ó ní bhídís a’ tíocht chomh minic an t-am sin, faoi Nollaig agus faoi Cháisc, sin é an méid.

ÁINE: Agus faoi Cháisc, bhí sé an-chrua. So sin é anois é, tá píosa deas déanta a’inn agus go raibh míle maith a’d, tá sé go hálainn.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.