Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00023

Recording
BBAF.00023
Format
MiniDisc
Duration
46:47
Date
10 May 2001
Languages
English
Irish
Location
Bun Gabhla
Collector
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Informant
Peaitsín Sheáin Neilín Ó Cuacach
Archival information
MD 31 Peaitsín Sheáin Neilín Ó Cuacach. Baile; Bun Gabhla; Roinnt an Chladaigh; Cladach; Síbín; Scoil Eoghanachta; Obair; Ceilp; Bord na Móna; Turas Báid; Tithe Lóistín; Scríobh; Scoil Éigse; Tógáil Séipéal Eoghanachta [c.1958]; Caitheamh Aimsire; Ceol agus Damhsa.
Additional information
MD 31 Peaitsín Sheáin Neilín Ó Cuacach. Home; Bun Gabhla; Foreshore divisions; Seashore; Síbín; Scoil Eoghanachta; Work; Kelp; Bord na Móna; Boat journey; Guesthouses; Writing; Scoil Éigse; Building of Eoghanacht Church 1958; Pastimes; Music and dancing.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00023
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

ÁINE: Seod í Áine Pheaits Bheaichlín anseo ar an 10ú lá go mí na Bealtaine an dá mhíle agus a haon. Tá mé anseo i mBungabhla agus mé a’ caint le Peaitsín Cooke nó Peaitsín Sheáin Neilín mar is fearr atá aithne a’inn air. Anois a Pheaitsín cár rugadh thusa?

PEAITSÍN: Ó ar an mbaile seo. Ins an teach sin thuas ar an

ÁINE: I mBungabhla

PEAITSÍN: I mBungabhla.

ÁINE: Agus cérbh as do athair agus do mháthair?

PEAITSÍN: Is as Bungabhla m’athair ach as Eoghanacht mo mháthair, Powell a bhí uirthi, mo mháthair.

ÁINE: Sea, agus a’ raibh mórán agaibh sa gclann?

PEAITSÍN: Seachtar a’inn, bhuel b’fhéidir bhí dhá ghasúr eile ann a fuair bás, dhá chailín óg a bhí ann, an dara duine agus an duine deireanach.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Cailleadh iad go h-óg, bliain g’aois nó mar sin.

ÁINE: Agus seachtar mic a bhí mar sin ann….

PEAITSÍN: …. Seachtar, sea.

ÁINE: A’ raibh mórán tithe ar an mbaile seo nuair a bhí tú a’ fás suas a Pheaitsín?

PEAITSÍN: Bhuel deich dteach a bhí ar a’ mbaile seo nuair a bhí mise i mo ghasúr.

ÁINE: Hm, agus a’ raibh mórán daoine sna tithe?

PEAITSÍN: Ó bhí, ochtar agus naonúr ’s mar sin de, is dóigh go raibh suas le leath chéad duine uilig ar a’ mbaile.

ÁINE: Agus meas tú cé a thógadh na tithe an t-am sin?

PEAITSÍN: Á bhuel bhí an chuid is mó go na tithe tógthaí anois, bhíodh m’athair a’ tógáil tithe, a’ bhfuil ’fhios a’d, na blianta sin nuair a thosaigh na tithe [na tithe ceann slinne]. Thóg sé cúpla teach atá thart ansin.

ÁINE: Agus a’ bhfaighidís íocthaí as ucht na tithe a thógáil nó ?

PEAITSÍN: Bhuel gheobhadh ó na daoine a bhíodh eh, ní mórán pá a bhíodh ann an uair sin.

ÁINE: Ar tuí [tithe] ceann tuí a bhí iontub nó a’ raibh slinn ar chuid acub? ….

PEAITSÍN: …. Á bhuel siad na tithe seo anois thosaigh slinn a’ gabháil orthub a’ bhfuil ‘fhios a’d, bhí na tithe ceann tuí tógthaí blianta roimhe sin, i bhfad. An teach a bhfuil muinn féin ann, tá mé a’ ceapadh go bhfuil sé suas le dhá chéad bliain. Bhí siad a’ rá go raibh sé ann aimsir an, an stoirm mhór i 1893. D’airínn m’athair a’ rá go n-airíodh sé a sheanathair á rá, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus meas tú céard é an chéad teach slinn a tógadh ar an mbaile, i mBungabhla?

PEAITSÍN: Bhuel is dóigh gurb é tí Steven nó tí Mháirín nó tí Pheaits Sheáin Uí Thuathail thoir tí .…

ÁINE: …. Sea….

PEAITSÍN: …. sin iad na trí (--) chéad teach slinn, ní raibh aon teach slinn ann an uair sin.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Nuair a bhí mise ann ach iad sin. I 1932 a thosaigh na tithe eile, teach s’agaibh féin, anseo agus tí Bheagach thoir agus iad sin.

ÁINE: A’ mbíodh sé go nós ann an t-am sin an mamó agus dado a bheith a’ cónaí istigh sa teach?

PEAITSÍN: Ó bhíodh sé sin ann, an chuid is mó go na tithe go dtí le rí-ghairid.

ÁINE: M hm, agus a’ raibh sé sa teach s’agaibh féin?

PEAITSÍN: Bhuel bhí siad sin caillte, bhí uncail dhúinn ann. Cailleadh i 1938 é.

ÁINE: Cén comhluadar a bhíodh sna tithe fadó?

PEAITSÍN: Seachtar ’s ochtar is dóigh

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Agus níos mó, in áiteachaí.

ÁINE: Níos mó ag cuid acub is dóigh.

PEAITSÍN: (Gáire)

ÁINE: Agus ar imigh go leor go na gasúir seo as a’ mbaile?

PEAITSÍN: Bhuel d’imigh, cuimhním daoine a dhul go Meiriceá ar dtús, Peaitín Cooke eile, mo chol ceathrar ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: …. agus a dhreabhar agus as tí Dainín d’imigh daoine agus as, as tí Josie Phetair thuas d’imigh Seáinín Phéatair agus á réir sin.

ÁINE: Mar sin ní mórán a d’fhánaíodh sa mbaile ….

PEAITSÍN: …. Ní fhánaíodh ….

ÁINE: .… b’fhéidir ach mac amháin ab ea nó ?

PEAITSÍN: Corr dhuine ansin a’ gabháil go Sasana freisin.

ÁINE: A’ raibh siopa ar a’ mbaile?

PEAITSÍN: Bhí, siopa ag Úna timpeall ’s bhuel (--) ní raibh muinn baileach fanta ón scoil nuair a chuir sí siopa suas go gairid thar éis pósta di le Peaitsín Dainín.

ÁINE: Cén bhliain é sin meas tú nó?

PEAITSÍN: Á ní fhéadfainn cuimhneamh air, bhí sé roimh an eh, tamall maith roimh an gCogadh go háirid.

ÁINE: A’ raibh, agus a’ raibh aon teach ar a’ mbaile a choinneodh cuairteoirí?

PEAITSÍN: Á ní raibh, ní raibh tada mar sin ann cheapainn.

ÁINE: ‘S cé (--) a’ mbíodh mórán rudaí le céannacht ins na siopaí?

PEAITSÍN: Ó a dhiabhail bhí formhór chuile rud ag Úna ina blianta deirneacha, a’ bhfuil ’fhios a’d chomh fada le tae ’s siúcra, ’s bhíodh a’ plúr freisin aicí ’s bran ’s rudaí.

ÁINE: M hm.

PEAITSÍN: Ar deireadh.

ÁINE: Agus a raibh aon teach ar a’ mbaile a bhíodh sibh ag cruinniú, ag éisteacht le scéalta agus ….?

PEAITSÍN: …. Ó bhíodh sé sin ann, formhór chuile theach go mór mhór tí “___+” nó tí Pheteirín a’Bheagach thoir is mó a bhítí.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Agus an sean teach a bhí i mBungabhla ansin acub, an áit a bhfuil Marcus anois. Ag inseacht scéalta ’s, ag inseacht agus ag imirt chártaí agus …

ÁINE: Chuile rud.

PEAITSÍN: Cártaí go leor á n-imirt.

ÁINE: M hm. Anois a’ raibh aon characters áirid ar a ’ mbaile, ar mhaith leat cur síos orthub, a’ raibh aon duine ?

PEAITSÍN: Muise, diabhal mórán duine a bhí ann, ní dhéarfainn go raibh. Bhíodh cuairteoirí mórán i chuile theach scaití a’ dtuigeann tú, daoine a’ gabháil isteach ’s amach ag a chéile.

ÁINE: Bhíodh, is dóigh nuair nach raibh aon teilifís ann.

PEAITSÍN: Ní raibh tada ann. Is áit, bhíodh cruinniú air, thuas ar an ard ansin anois, bhíodh “___” an chlaí ar a’ mbóthar ansin, is ann a bhíodh crowd mór cruinnithe le taobh a chéile ann, a’ caint agus a’ seanchas go mbíodh an oíche i ngar a bheith tití. Bhí sé ins chuile áit ar fud an oileáin, bhí áit speisialta eicínt le (--) an chaoi cheanna in Eonaghacht, thoir ag Petair Faideach, bhíodh crowd ‘s … á réir sin soir, Cill Mhuirbhigh, thíos ag an gcoirnéal an áit a bhfuil na siopaí beaga sin anois

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Corruch ’s chuile áit á ngabhfá, ag teacht deireanach as Cill Rónáin anois d’fheicfeá daoine cruinnithe ansin.

ÁINE: A’ raibh aon duine ar a’ mbaile a raibh ceird acub, a’ bhfuil ’fhios a’d ar nós fíodóir nó gréasaí nó ?

PEAITSÍN: Á bhíodh m’athair a’ caoladóireacht, [bhíodh sé ag dul] soir chomh fada le Eochaill a’ siúl amanntaí a’ déanamh cléibh

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Agus Fearann an Choirce agus

ÁINE: Agus bhíodh sé iad seo a dhíol le na daoine áitiúil?

PEAITSÍN: Ó ní shea, á ndéanadh dhób ….

ÁINE: …. Á ndéanadh .…

PEAITSÍN: .… gus amanntaí chuirtí an tsaille anoir aige agus dhéanadh sé abhus iad a’ bhfuil ’fhios a’d, mura ngabhadh théadh sé soir.

ÁINE: Agus a’ mbíodh aon airgead tugthaí dhó?

PEAITSÍN: Ó bhíodh. Sin anois sula thosaigh aon dole a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Ní raibh tada eile ann.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú gur tháinig aon duine cáiliúir ar cuairt ar a’ mbaile?

PEAITSÍN: Ó muise ní cuimhneach liom mórán daoine a thíocht ann, sé an Man of Aran, nó Robert Flaherty - sin an chéad duine a chonaic muinn a’ teacht. Bhíodh Harry Johnston a’ gabháil siar agus aniar, is aige a bhí an chéad charr, is cuimhneach liomsa, is aige a bhí an chéad charr ar an oileán.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Sea, as Cavan déarfainn, thug sé é, ba as, ba as a bhean is dóigh, ach bhíodh carr aige go háirid.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Bhínn féin scanraithe (gáire) roimhe ar dtús air ach ….

ÁINE: …. A’ mbíodh….

PEAITSÍN: .… cáirín beag dearg, cuimhním ar éigean air.

ÁINE: Agus cén bhliain é sin anois meas tú?

PEAITSÍN: Á muise bhí sé luath go maith mar cailleadh Harry Johnston is dóigh go luath freisin, thar éis an film, tamall ansin.

ÁINE: Ab ea? Ó so bhí carr luath go maith mar sin ar an oileán.

PEAITSÍN: Bhí ach ní raibh sé i bhfad ann.

ÁINE: Anois cá bhfaigheadh sibh an t-uisce, nuair a bhíodh sibh a’ tarraingt uisce?

PEAITSÍN: Ó sa tobar, is dóigh ó dheas gon teach s’a’inne ansin agus thiar i Gort na Muice bhíodh ….

ÁINE: ….Sea ….

PEAITSÍN: … agus bhíodh na toibreachaí a’ triomú freisin an rud ba mheasa de.

ÁINE: Ar ndóigh bhíodh. (Tá glór duine éigin le cloisteáil ag caint sa chúlra)

PEAITSÍN: Bhítí a’ tabhairt uisce anuas ó ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: .… thobar Thomáisín ar a’ Sliabh Mór.

ÁINE: Agus nuair a chaithfidh sibh a dhul a’ tarraingt uisce sa Samhradh chaithfidh sibh a dhul suas uilig mar a deir tú ar a’ Sliabh Mór.

PEAITSÍN: Ó chaithfeá, agus bhíodh iasc ansin freisin a’ bhfuil ’fhios a’d agus bhítí ag iarraidh a bheith dhá níochán. Ins an aimsir dheireadh thosaigh siad á níochán thiar ag a’ gcladach, phébí cén fáth nár rinneadh ar dtús é, nár chuimhnigh duine eicínt air.

ÁINE: Is dóigh, nach ea bheadh sé i bhfad níos handy….

PEAITSÍN: …. Ó bheadh sé i bhfad níos éasca.

ÁINE: Anois cén chaoi a raibh an talamh roinnte, a’ bhfuil ’fhios a’d an talamh ar, ag a’ gcladach abair nó b’fhéidir an cladach roinnte?....

PEAITSÍN: …. Ó an áit atá feamainn á scaradh atá tú a’ rá?

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Á bhíodh sí, bhíodh sí sin roinnte, roinnte de réir mar bhí talamh a’d is ea a bheadh roinnte a’d an bhfuil ‘fhios a’d. Sé an chaoi a ndéantaí dhá leith gon chladach ar dtús. Tá dhá chineál talamh i mBungabhla nó ….

ÁINE: …. Cén chaoi?....

PEAITSÍN: …. Tá an leath cheathrú thiar ann agus tá an leath cheathrú ó thuaidh ann. Dhéantaí dhá leith gon chladach ansin agus dhéantaí - an leath cheathrú ó thuaidh dhéantaí trí chuid dhe agus b’fhéidir dhá chuid nó trí eile go na cuideannaí sin aríst agus an leath ceathrú thiar ní bhíodh déanta dhe ach dhá chuid agus (--) ach dhéanfaí dhá chuid aríst go na cuideannaí sin de réir mar bhí daoine. Bhíodh cuid amháin ar an leath cheathrú ó thuaidh a dtugaidís an company air mar bhíodh cuid go lucht an leath cheathrú thiar a’ tíocht ann, bhíodh leath chnagaire talún acub ann nó rud eicínt mar sin.

ÁINE: Ó sea. Now a’ mbíodh tada áirid ráite a’ bhfuil ’fhios a’d idir Cill Rónáin agus Bungabhla nó muintir an chinn thoir agus muintir an chinn thiar, a’ mbíodh aon troid ann ná tada mar sin?

PEAITSÍN: Á muise Ar ndóigh bhíodh sáraíocht i gcónaí ann faoi rudaí anois is aríst ach ní bheadh aon cheo ann a raibh aon dochar ann ná tada mar sin.

ÁINE: Hm, agus cén t-ainm a thabharfadh sibh ar mhuintir Chill Rónáin anois, a’ raibh aon ainm agaibh …?

PEAITSÍN: Diabhal ainm, déarfainn.

ÁINE: No, tá ’fhios a’d an chaoi a raibh ‘aisle an chinn thiar’ tugthaí orainn fhéin ….

PEAITSÍN: …. (Gáire) Ó bhíodh sé sin, bhí, bhíodh, nuair a bhíodh corr dheoch ólta a’ dtuigeann tú, ní mórán a d’óltaí an t-am sin a’ bhfuil ’fhios a’d. Níl ’fhios a’m, ní, ní raibh na daoine in ann an oiread a ól agus atá anois ná baol ar bith air.

ÁINE: Ar ndóigh ní raibh an t-airgead ann….

PEAITSÍN: …. Ní, ní raibh, ní shin é féin é ach níl ’fhios a’m, ní raibh siad eh in ann é a thógáil is dóigh, b’fhéidir go raibh an beatha a’ déanamh cuid mhaith de nó rud eicínteacht.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Sin nó bhí an stuif níos láidre nó rud eicínt gon dá rud.(gáire)

ÁINE: Bhuel Ar ndóigh poitín a d’óladh siad is dóigh.

PEAITSÍN: Á bhíodh poitín ann ach bhíodh Guinness ann, á cuimhním ar an bpoitín, bhíodh sé thart.

ÁINE: Tháinig sé sin isteach as Conamara, ab ea?

PEAITSÍN: Thagadh. Bhíodh síbín i mórán chuile bhaile an uair sin a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus cá raibh an síbín anseo?

PEAITSÍN: Bhí.

ÁINE: Cén áit a bhí sé.

PEAITSÍN: Ins an sean teach sin thuas.

ÁINE: Ó ar an gcoirnéil ansin.

PEAITSÍN: Sea. Tí Mhuracha mar a deireadh muinn fadó. Bhí siad soir ar fud an oileáin uilig anois nó cuid mhaith gon oileáin go háirid. Agus Ar ndóigh péire in Eoghanacht, i gCill Mhuirbhigh déarfainn, Corrúch, níl ’fhios a’m a’ raibh sé (--) Baile na Creige, bhí sé i mBaile na Creige go háirid. Níl ’fhios a’m, ní dhéarfainn go raibh sé thimpeall Chill Rónáin riamh ach Ar ndóigh bhídís a’ teacht anoir as Cill Rónáin chomh fada leis an áit seo, agus na háiteachaí sin.

ÁINE: A’ mbíodh?

PEAITSÍN: Bhíodh.

ÁINE: Yeah, agus ghabhaidís amach sna curachaí ag iarraidh an phoitín?

PEAITSÍN: Ó théití amach Litir Mealáin, á céard atá sé nach cúig nó sé mhílte amach as ….

ÁINE: …. Sea , bhíodh na gardaí ina ndiaidh is dóigh.

PEAITSÍN: Bhuel bhídís a’ tíocht ann, cuimhním féin iad a bheith ag imeacht thart, an Fáthartach agus daoine mar sin, sin é a mbeadh go eolas a’msa, á bhí poitín ann le blianta, blianta, cheapainn.

ÁINE: Ab é do bharúil anois go bhfuil athrú mór tagthaí ar a’ mbaile agus go deimhin ar an oileán?

PEAITSÍN: Sé an t-athrú is mó atá ar an mbaile seo ná nach bhfuil aon duine ann anois faoi láthair go háirid, is mó tithe anois atá ann ná go dhaoine (gáire) ach amháin sa samhradh bíonn sé le feiceáil. Aireoidh tú neart béicúacht ann nuair a thaganns daoiní, mo dheartháireachaí féin agus chuile dhuine thimpeall. Nuair a thagann siad ar leathantaí saoire sa samhradh.

ÁINE: Agus is deas an rud na daoine a fheiceáil thimpeall.

PEAITSÍN: Ó Ar ndóigh tá athrú mór ann, tá athrú ar na bóithrí, an bóthar atá a’ gabháil siar ansin anois is iontach an t-athrú a chur sé ar an áit seo, eileacht air i mbliana, ní dheachaigh an oiread daoine riamh thrid is a chuaigh.

ÁINE: Sea, anois eh an gcuimhníonn tú ar do chéad lá ar scoil?

PEAITSÍN: Bhuel déarfainn go gcuimhním. Nuair a chuaigh mise ag a’ scoil ba é an scoil amháin a bhí inti, an bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Cén chaoi?

PEAITSÍN: Bhí sé ina phíosa amháin uilig.

ÁINE: Ó ab ea?

PEAITSÍN: Ba dhea.

ÁINE: So bhí chuile rang istigh le chéile.

PEAITSÍN: Bhí.

ÁINE: Bhí, idir buachaillí agus cailíní….

PEAITSÍN: …. Mar a déarfá aon seomra amháin, ní raibh inti ach an tine amháin, a’ bhfuil ’fhios a’d, an t-am sin.

ÁINE: Agus ar chuala tú caint ar céard, cá raibh an chéad scoil a tógadh ar an oileán?

PEAITSÍN: Níl ’fhios a’m beo ach go bhfuil ’fhios a’m, go gcuimhním, go n-airíonn iad a’ rá go minic gur, gur i 1884 a tógadh scoil Eoghanacht sin.

ÁINE: 1884….

PEAITSÍN: …. Tá mé a’ ceapadh go raibh sí ní ba sine ná an chuid eile, bhí sí níos sine ná scoil Chill Rónáin go háirid.

ÁINE: A’ raibh?

PEAITSÍN: An áit a raibh sean scoil Chill Rónáin, an scoil atá i gCill Rónáin anois

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: i 1942 a tógadh í, ach bhí an ceann eile ansin thíos an áit a bhfuil an Hall ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: …. a bhí an scoil i gCill Rónáin. Feictear dom gur naoi déag rud eicínt anois a bhí, a bhí ar an mballa ansin.

ÁINE: Agus cén aois a bhí tú féin nuair a chuaigh tú ag a’ scoil?

PEAITSÍN: Á is dóigh sé bliana, chaithfeá a bheith sé bliana an t-am sin ar a laghad, chaithfeá a bheith sé bliana.

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: Ní fhéadfá a dhul ann roimhe déarfainn. Ceathair déag ansin a’ fágáil.

ÁINE: Agus cén múinteoir a bhí a’d, nó máistir?

PEAITSÍN: Ó an dream céanna a bhí a’msa i gcónaí – Flannagan agus a bhean. Ba as

ÁINE: Agus ar bádh Flannagan ….

PEAITSÍN: …. Bádh ….

ÁINE: …. an fhaid a bhí tusa ag a’ scoil?

PEAITSÍN: Á níor bádh, bhí mé fanta ón scoil i 1939….

ÁINE: …. A’ raibh?

PEAITSÍN: Á bhíos agus cúpla bliain.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú nuair a bhítheadh [bhíothas] a’ déanamh bailiúchán na scoil, ag a’ scoil

PEAITSÍN: Ó cuimhním go maith, ach ní mórán, is mórán anois nach raibh mise fanacht as an uair sin. Bhínn a’ scríobh corr rud isteach sna leabhra ceart go leor. An dá bhliain deireanach a bhí mise ann bhí mé a’ déanamh scrúdú, nuair a bhí scrúdú na gcoláistí ullmhúcháin agus ní bheadh aon am a’d ansin a bheith a’ scríobh, bhíodh daoiní eile ansin a’ scríobh isteach iontub sin. Bhaileoidís ar dtús iad, cheartaítí ansin iad agus scríobhfadh duine eicínt an chuid is fearr ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: .… a bhí scríobh isteach sa leabhar mhór iad ….

ÁINE: …. Á sa manuscript….

PEAITSÍN: …. Bhí sé sin ’38 is dóigh agus na blianta sin.

ÁINE: ’38 ’39, sea ‘37, ‘38, ‘39.

PEAITSÍN: A bhuel bhí mise fanta ón scoil an uair sin, bhí mé a’ gabháil go Ros Muc i ’39.

ÁINE: Cé l’aghaidh a chuaigh tú Ros Muc?

PEAITSÍN: Ar ndóigh bhí Tech, nó Tech a thuganns muinn uirthi – Gairmscoil eh tamall in Árainn, bhí sí i gCill Rónáin bliain

ÁINE: Sea….

PEAITSÍN: …. 1937, séasúr ’37 agus ’38 ansin d’athraigh sí anoir go hEoghanacht, an áit a bhfuil Eamonn Concannon. Á chuaigh crowd mór an uair sin chuici, an chéad uair, ach níor fhánaíodh a’ gabháil aici agus bhí scoláireacht go Ros Muc, gnáth scoláireacht, tá sé i gcónaí ann an ceann céanna ach níl sé chomh fada, bhíodh sé i ngar go seacht seachtainí an uair sin. Bhí mé féin agus Tom Bheachlín Bhaba agus Petairín mo dhearthár agus cailín, bean Anthony Tony – Mary O’Brien an, [sloinne] an uair sin a bhí uirthi.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Fuair muinn an scoláireacht go Ros Muc.

ÁINE: Agus céard eile a bhí sibh a’ dhéanamh ansin sa scoil a bhí tí Éamonn?

PEAITSÍN: Ó mórán an rud céanna anois ach go raibh cuntasaíocht a’ bhfuil ’fhios a’d ann agus rudaí mar sin nach mbíodh sa .…

ÁINE: …. Á ….

PEAITSÍN: …. sa scoil náisiúnta.

ÁINE: Agus ar tháinig na daoine anoir as Cill Rónáin le dhul inti?

PEAITSÍN: Ó thángadar as Corrúch go háirid, bhí Sonny Cheata a’ teacht ann agus Bridgie Mullen agus, bhuel as Cill Mhuirbhigh a bhí sí sin. Bhí sí sin i Ros Muc an bhliain roimhe. Bhí triúr acub amuigh, triúr cailíní.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Eibhlín Mháirt – tá sí caillte anois go ndéana Dia grásta uirthi, agus Mary Folan agus eh

ÁINE: A’ raibh aon scoil adhmadóireacht ansin taobh thuas go tí Vailín?

PEAITSÍN: Ó bhí, bhíodh, á bhuel bhí chuile dhuine a’ gabháil aici sin.

ÁINE: Á.

PEAITSÍN: Bhí sé sin le sean ’s óg. Bhí sé sin ann sur thosaigh mise a’ gabháil ag a’ Tech ná .…

ÁINE: …. Corraíonn as Conamara, a bhí ansin an chéad uair, tháinig sé ansin aríst ann b’fhéidir 1953, McDonagh a bhí air, Micheál Mac Donnchadha. Bhíodh a dhreabhar ina, ina bean tís nó ina cocaire i scoil Chill Rónáin - Áine McDonagh, níl ’fhios a’m, bhí sé sin agus bhí sé tí Éamonn freisin tamall sa stór. Fear as Dún na nGall a bhí ann McCollum a bhí air nó Colmán nó ainm eicínt mar sin.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú a’ mbíodh bróga uirthi nuair a thosaigh sibh a’ gabháil ag a’ scoil ar dtús?

PEAITSÍN: Á bhuel bheadh bróga ort ach ….

ÁINE: …. Na bróga úr leathar ab ea?

PEAITSÍN: Bhuel siad is mó a bhíodh ann, ní mórán, de réir mar bhí teacht isteach acub a’ dtuigeann tú, ach ansin sa samhradh is cuma cé hé, ó thiocfadh lá Bealtaine ann bhíodh chuile dhuine a’ gabháil cos nochtaí ann.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Clann na múinteoirí chomh maith le ….

ÁINE: …. Sea

PEAITSÍN: Faisean a bhíodh an uair sin ann. Ach bhí na laethantaí ní ba deise an t-am sin, ní ba breátha.

ÁINE: Bhí.

PEAITSÍN: Níl mé a’ rá nach mbíodh na geimhreadhaí b’fhéidir ní ba dona ach

ÁINE: Anois cén sórt cluichí a d’imir sibh ag a’ scoil?

PEAITSÍN: Ára bhíodh muid mar a deireadh muid leis an ball ard dhá imirt agus cead ’s ag caith cnaipí, bhíodh sé ann nó bhí na pingineachaí ach ní raibh na pingineachaí (gáire) ann ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: .… agus cnaipí a bhítí a’ chaith. A’ déanamh bhfolach ’s bhíodh go leor de sin ann.

ÁINE: Bhíodh sibh a’ spraoi le topannaí, a’ mbíodh?

PEAITSÍN: Bhíodh, bhíodh sé sin ann, bhíodh. Amanntaí eile bhíodh sórt marcannaí acub orthub, dá dtitfeadh sí

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: an té a mbíodh an number aige, nó an uimhir aige bheadh sé (--) á bhíodh cluichí beaga go leor ann - ring o’ rosies agus níl ’fhios a’m rudaí eile, an dtuigeann tú (gáire) ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: …. a bhíodh ainmneachaí acub orthub.

ÁINE: Ar thaithnigh an scoil leat?

PEAITSÍN: Ó muise arnú maith go leor, corr dhuine ar thaithnigh an scoil leis déarfainn ach

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: … de réir mar bhí duine a’ gabháil in aois bhí sí ag taithneachtáil níos fearr, a’ dtuigeann tú?

ÁINE: Agus a’ raibh scholarship a’ bith agaibh ar deireadh, nuair a chríochnaigh sibh ag a’ scoil, tá ’fhios a’d, le dhul ar aghaidh go dtí an mór thír?

PEAITSÍN: Ní raibh, nach an ceann sin go Ros Muc anois

ÁINE: Ceann Ros Muc.

PEAITSÍN: a raibh muinn aige, ach go rinne mise na, na coláistí ullmhúcháin a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Céard é sin?

PEAITSÍN: Tá ’fhios a’d a’ gabháil ar aghaidh go dtí, ag triail na scrúdú sin ag na coláistí Preparatory Scholarship a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Á sea.

PEAITSÍN: Ach eh fuair mé thar cionn uilig ann ach amháin sa mBéarla a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea, bhuel arnú bhí sé sin crua.

PEAITSÍN: Bhí cáilíochtaí ag go leor daoiní as, as an scoil sin. Is as a fuair Éamonn Neidín Toole .…

ÁINE: …. Yeah….

PEAITSÍN: …. agus Tony Flannagan.

ÁINE: Ach ní dheachaigh tú ar aghaidh.

PEAITSÍN: Ó ní dheachaigh, ní raibh an

ÁINE: Bhuel ní raibh Béarla ag aon duine an t-am sin.

PEAITSÍN: Ní raibh mórán, corr dhuine.

ÁINE: Bhí sé crua. Anois eh a’ raibh, a’ raibh leithris istigh sa scoil nó cén chaoi a’ mbíodh sé?

PEAITSÍN: Ó ní raibh, taobh amuigh a bhí siad. Cinn tirim taobh amuigh a’ bhfuil ’fhios a’d, ceann ar chaon taobh, bhí balla trasna idir eatorra.

ÁINE: Agus a’ mbíodh oraibhse ansin iad sin a ghlanadh nó an iad na múinteoirí a dhéanfadh é?

PEAITSÍN: Déarfainn go mbíodh duine anois chomh fada le mo bharúil, ní dhéarfainn go raibh na scoláirí á nglanadh, bhíodh, bhíodh duine eicínt áirid le fáil….

ÁINE: …. A’ raibh?....

PEAITSÍN: …. ní fhéadfainn a rá cé, nuair a bhíodh na laethantaí saoire ann. Ar ndóigh rinneadh dhá leith gon scoil ansin thar éis tamall, nuair a thosaigh na hAifrinn inti. Bhíodh Aifreann uair sa mí inti agus cuireadh balla trasna inti, tá ’fhios a’d na cinn sin, d’fhéadfá iad a, mar a dhéanfá wardrobe dhíobh anois, nó press

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Bhí siad a’ ríoch ar track ó balla mór trom, rinneadh idir an dá scoil é. Ó rinneadh é sin b’fhéidir ní bheinn féin leath scór blianta nó mar sin ag an am, agus cuireadh simléar eile ansin inti. Ó rinneadh, agus tamall ina dhiaidh sin (--) ní raibh fuinneog ar bith ó dheas ar dtús uirthi, bhí cheithre fhuinneog ar an mbinn thoir agus trí fhuinneog, fuinneog mhór mhillteach ard i lár agus péire nach raibh chomh h-ard agus fuinneogaí ó thuaidh uilig. Cuireadh dhá fhuinneog ansin ar a’ mballa thiar ann agus simléar sa leath thoir de. Ní raibh sé an-fhada ansin gur athraíodh uilig í agus cuireadh an simléar sa mbinn thoir agus na fuinneogaí ar an taobh eile ó dheas uilig.

ÁINE: Agus cé bhí ag obair ar a’ scoil, nó cé a rinne an obair?

PEAITSÍN: Ó, ba é (--) fear áitiúil a bhí ann eh Fathartach, Vailín, athair, athair Tom Val anois.

ÁINE: Ó ab ea?

PEAITSÍN: Sin é a bhí ann tá ’fhios a’m, an chéad uair go háirid, níl ’fhios a’m cé, ab é Stewart a rinne an dara huair anois, níl mé cinnte.

ÁINE: M hm.

PEAITSÍN: “____+” raibh scoil Chill Rónáin, ins na ceathrachaidí déarfainn a rinneadh an dara huair beagán, déarfainn gurb é Stewart a rinne é sin.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Sé a rinne scoil Chill Rónáin go háirid.

ÁINE: Yeah.

PEAITSÍN: Bhuel ní raibh mise a’ gabháil ag a’ scoil ag an am sin, bhí mé b’fhéidir imithe as an áit fiú amháin.

ÁINE: M hm, a’ raibh mórán leabhra agaibh ag a’ scoil?

PEAITSÍN: A ní bhíodh an oiread sin, bhíodh leabhra (--) ní bhíodh leabhar ar bith uimhríocht ann nuair a bhí mise a’ gabháil ann.

ÁINE: Cé nach raibh?

PEAITSÍN: Aon leabhar le tabhairt leat anois ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: …. sé an chaoi a scríobhtaí síos as leabhar eile iad. D’fhágtaí ansin na cóip leabhair uilig sa, sa scoil agus na cinn a bheifeá a’ scríobh i lár an lae …

ÁINE: An peann ab ea?

PEAITSÍN: … aistí …

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: … agus na rudaí sin uilig, d’fhágtaí ann iad.

ÁINE: A’ rinne sibh mórán scríobh ann?

PEAITSÍN: Muise bhíodh go leor scríobh á dhéanamh ann, aistí agus ceapadóireacht, chuile chineál rud mar a déarfá mar sin ….

ÁINE: …. Béarla agus Gaeilge?

PEAITSÍN: Béarla agus Gaeilge ’s

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: gramadach agus na rudaí sin.

ÁINE: Agus a’ raibh Laidin acub nuair a bhí tusa ann?

PEAITSÍN: Ní raibh aon Laidin sa (--) á bhí sé sa, sa Tech

ÁINE: Yeah.

PEAITSÍN: in Eoghanacht. Duine a’ bith a thogair é a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus cár fhoghlaim sibh an Laidin mar …

PEAITSÍN: Ach arnú bhíodh Laidin i gcónaí ann nuair a bhíodh a’ tAifreann ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: …. leis an Aifreann, corr dhuine … de réir mar bhíthú a’ gabháil in aois thuigfeá ….

ÁINE: …. Cén chiall .…

PEAITSÍN: .… cén chiall a bhí leis a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea, agus a’ mbíodh sibh a’ casadh nó a’ mbíodh cóir agaibh?

PEAITSÍN: Ó bhíodh, cóir, bhí sé sa scoil agus bhíodh sé ag an Aifreann agus bhíodh siad a’ gabháil go hEochaill soir ag cóir as an scoil sin nuair a bhíodh na misiúin ann

ÁINE: A’ mbíodh?

PEAITSÍN: Agus rudaí mar sin.

ÁINE: A’ mbíodh slat ag an múinteoir?

PEAITSÍN: Ó neart acub. (Gáire)

ÁINE: (Gáire) Níor spáráil siad í.

PEAITSÍN: Diabhal spáráilt.

ÁINE: Agus a’ mbíodh rang Béarla agaibh ansin nó …?

PEAITSÍN: Á bhuel bhíodh mar a déarfá rang Béarla ann, léitheoireacht Béarla agus scríbhneoireacht Béarla, aistí agus

ÁINE: Sea, ach i nGaeilge a bhíodh chuile rud eile?

PEAITSÍN: Ach thrí, thrí Ghaeilge a bhíodh chuile rud eile.

ÁINE: Sin é anois atá le fiafraigh a’m faoin scoil déarfainn. Anois cé a dhéanfadh an obair sa gcladach?

PEAITSÍN: Bhuel arnú bhíodh fir ’s mná ag obair ann corr uair, de réir mar bheadh (--) bhíodh obair go leor le feamainn, chaithfí í a chur suas ar dtús.

ÁINE: Agus cén obair a dhéanadh na mná?

PEAITSÍN: Bhuel arnú bhídís a’ coca na feamainne agus á bailiú suas aríst agus á tabhairt go dtí an coca le (--) nuair a dhéanfaí coca mhór mhillteach, is air a bhítí ag dóigh na ceilpe a’ bhfuil ‘fhios a’d. Bhíodh sé stóráilte suas ar feadh na bliana ón mbliain roimhe.

ÁINE: Agus cén t-am den bhliain a bhídís ag obair ar a’ gceilp?

PEAITSÍN: Tá mé ag ceapadh anois gur amach i ndeireadh an Earraigh mar, amach i ndeireadh an Earraigh a thosaítí ag dó, bhíodh b’fhéidir fataí agus rudaí mar sin curtha. De réir mar thagadh, [mar] bhíodh glaoch ar a’ gceilp.

ÁINE: A’ mbídís ag obair ar a’ gceilp san oíche nó sa lá?

PEAITSÍN: Braitheann sé cén chaoi a mbeadh (--) bhuel ní fhéadfaí, ní mórán tornógaí a d’fhéadfaí a dhó in éineacht, a’ bhfuil ’fhios a’d mar bheadh an deatach (--) chaitheadh, chaithfeá braith ar a’ ngaoth ar aon chaoi, á n-athródh an ghaoth ort agus í a dhul ar an gcoca bhí tú i do chlampar (gáire).

ÁINE: Agus cén fáth, cén difríocht a dhéanfadh sé?

PEAITSÍN: Phlúchadh an deatach thú.

ÁINE: Á, ó sea.

PEAITSÍN: Ní bheifeá ag iarraidh a dhul thríd an deatach, dá mbeadh tornóg ar thaobh na gaoth gon choca. Ba deacair na cocaí a leagan freisin, bhídís sin chomh mór le

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: I bhfad níos mó ná cocaí féir ar bith a bheadh déanta. Bhíodh slámannaí thíos bailithe in aice na tornóige.

ÁINE: Agus cén cineál feamainn a d’úsáididís?

PEAITSÍN: Bhuel feamainn (--) bhíodh coirleach ’s feamainn dearg ’s feamainn Bhealtaine, bhídís a’ rá nach raibh an feamainn Bhealtaine chomh maith ach ba í ba fairsinge ina dhiaidh sin mar thagadh go leor isteach di san am sin.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Agus tonnaí de.

ÁINE: A’ bhfásadh an feamainn dearg ar slata mara?

PEAITSÍN: Ó is orthub a fhásann, is ar na slata mara a fhásann sí.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Sea.

ÁINE: Agus cén sórt uirlisí a d’úsáididís ansin ag obair sa gcladach, a ’ bhfuil ’fhios a’d, céard a bhíodh acub leis an feamainn a ghearradh agus …?.

PEAITSÍN: …. Á bhuel thagadh go leor di isteach leis a’ taoile, an fheamainn dearg anois uilig mórán leis a’ taoile, ach an choirleach anois, sé an chaoi a chaithfeá í sin a bhaint le scian. Í a chur ar chapall nó, bhuel ní mórán achar a d’fhéadadh capall a dhul isteach sa gcloch orthu ach í a tharraingt amach chomh fada leis, scaoiltí isteach go leor le gaoth de. Ní leis an ngaoth a thiocfadh an choirleach, is é an chaoi a dtiocfadh sí in aghaidh, in aghaidh na gaoth.

ÁINE: Agus cén chaoi a ndéanfaidís an cheilp?

PEAITSÍN: Bhuel ní mórán a tá ’fhios a’msa anois ach na tornógaí, a’ bhfuil ‘fhios a’d chaithfí tornóg a dhéanamh, cheithre bhalla ach níl mé cinnte cén fad a bheidís, is dóigh go mbeidís deich nó haon dhéag go throigh ar fad agus dhá throigh go leith nó b’fhéidir trí troigh ar leithead.

ÁINE: Ab shin claí a thógaidís anois timpeall orthub?

PEAITSÍN: Sea agus chaithfeadh sé a bheith buailte sula d’imeodh an sú amach thríd. Dhéanaidís sórt bun ansin faoi a’ bhfuil ‘fhios a’d agus bhuailtí le dóib é, gheobhfá sa gcladach í ar nós na in aice leis a choinneoidh an sú sa bhfeamainn.

ÁINE: Agus an dtógfadh chuile chlann anois ceann acub seo dhób féin?

PEAITSÍN: Á bhuel an té a bheadh feamainn aige, braitheann sé, braitheann sé an saghas a bheadh an tornóg, an méid feamainn a bheadh a’d le cur orthu.

ÁINE: Yeah, nó a’ dtógfaidís ceann nua chuile bhliain nó ?

PEAITSÍN: Á chaithfidís é mar chaithfí na ballaí a bhriseadh. Sé an chaoi a raibh siad ….

ÁINE: …. Á by dad….

PEAITSÍN: … [ina] clocha, ní rabhadar á cur i málaí ná tada na chéad bhlianta.

ÁINE: Á ab ea.

PEAITSÍN: Cuimhním ar sin ar éigean, ach go deimhin níl ann ach go gcuimhním air, sé an chaoi a gcaithfí an chloch a chur suas ar dhaigh, b’fhéidir suas le dhá chéad meáchan agus cloch, ualach eile a chur i gcléibh. Anseo i mBungabhla chaití í a chur aniar ón gcladach le asail nó caiple.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Go dtí barr a’ charcair thoir ansin. Bhí an t-ardú ró-mhór.

ÁINE: Á.

PEAITSÍN: Á ní raibh an charcair sin thoir ré, ní ….

ÁINE: …. Á sea ….

PEAITSÍN: .… ghabhadh aon charr suas, ach ar deireadh ansin thosaigh siad a’ gabháil siar agus a’ gabháil soir an bóthar ó thuaidh agus aníos bóthar an Ghleannachaín.

ÁINE : M hm.

PEAITSÍN : Ag an nGleannachán. Sin anois nuair a bhíodh na, na, bhíodh bád Francach a’ teacht isteach Cill Rónáin thoir, bhítí á meáchan i gCill Rónáin, ach san aimsir roimhe sin bhídís á cur amach Cill Chiaráin.

ÁINE: A’ mbíodh?

PEAITSÍN: Á ní chuimhnímse air nuair a bhí siad á cur Cill Chiaráin, ach d’airínn caint go minic ar bhliain eicíneacht, sé an t-ainm a bhí ar an mbliain acub ná bliain an choróin is punt.

ÁINE: Ab ea.

PEAITSÍN: Sea, is gearr ó chuala mé ar a’ radio freisin faoi, tá mé a ’ ceapadh gurbh é John William nó duine eicínt go mhuintir Inis Meáin a bhí a’ caint air, níl sé tada le mí ó shin.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Ar Radio na Gaeltachta nó eh ar teilifís na Gaeltachta. Mar a chéile an praghas a chuaigh chuile cheilp ….

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: …. is dóigh go raibh an iomarca ann de nó rud eicínt, coróin ’s punt an tonna.

ÁINE: Cén bhliain í sin anois meas tú?

PEAITSÍN: Á ní fhéadfainn cuimhneamh air.

ÁINE: Na chéad bhlianta is dóigh.

PEAITSÍN: I bhfad Éireann sula thosaigh

ÁINE: Is dóigh go raibh sé chomh héasca céanna dhób í a thabhairt amach Cill Chiaráin le bheith í thabhairt aniar an bóthar agus

PEAITSÍN: Bhuel níl ’fhios a’m ar amach sna curachaí anois a théadh sí, b’fhéidir go dtiocfadh aon bhád thiar á hiarraidh nó ar as Cill Rónáin a théadh sí amach. Tá ’fhios a’m go mbídís a’ gabháil amach as Port Mhuirbhigh ach bhídís a’ gabháil ann, b’fhéidir go rabhadar ag tabhairt slam di amach i gcurachaí féin ach ní mórán é.

ÁINE: Agus na báid mhóna is dóigh a tháinig isteach iad a iarraidh as Cill Mhuirbhigh ab ea?....

PEAITSÍN: …. Bhíodh cúpla Nobbies acub, is dóigh go mbíodh na báid mhóna dhá dtabhairt … dhá tabhairt amach dhób.

ÁINE: Agus is dóigh go dtabharfaidís sin isteach móin ansin, a’ dtabharfadh?....

PEAITSÍN: …. Ach tháinig athrú sa gceilp ansin a’ bhfuil ’fhios a’d. Blianta an chogaidh ansin thosaigh siad aríst, thosaigh an cheilp ar ais aríst.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Ach ar chaoi differáilte uilig é, sé an chaoi a rabhthú [rabhthas?] ag iarraidh í a bheith chomh mion agus ab fhéidir. Bhí mé féin á meáchan sin, ag obair ag, ag an, bhí mé ag obair tí Johnston ag an am agus sé Johnston a bhí ina agent ag McGivern i nGaillimh. Bhí mé féin agus Beachlín Mhaidhcil Bheachlín, bhíodh muinn a’ plé le, á meáchan ’s ….

ÁINE: …. Sea….

PEAITSÍN: .… a’ gabháil ag daoine á hiarraidh. Ansin nuair a thiocfadh cúpla carr isteach a’d chaithfeá na málaí, an cheilp a dhoirteadh. Bhí, bhí obair go leor uirthi a’ bhfuil ’fhios a’d mar aimsir an chogadh ní raibh aon, an oiread málaí le fáil agus ar aon chaoi bheadh sí dóite, bheadh “___+” ag na málaí agus na málaí a thabhairt ar ais go dhuine eicínt eile, bhí sciob sceab orthub “___+” (gáire).

ÁINE: (Gáire) Bhí obair chrua a’ baint lei.

PEAITSÍN: I gCill Rónáin, bhíodh an stór, a’ bhfuil ‘fhios a’d anois an áit a bhfuil, a bhfuil an Tourist Office? Bhíodh sé sin lán suas go béal le ceilp. Á is ann a bhíodh sí a’ gabháil an chéad uair freisin, níl aon áit dá mbíodh sí i gCill Rónáin nuair a bhí mise ann ach bhíodh sí san áit a bhfuil an Fisherman. [Bialann i gCill Rónáin]

ÁINE: A’ mbíodh?

PEAITSÍN: Bhí sí ansin freisin, agus céibh an stór Phort Mhuirbhigh, céibh Phort Mhuirbhigh ansin, bhuel bhíodh fataí agus carraigín agus beagán ceilpe ansin.

ÁINE: Cé leis a dhíolfaidís ansin í nó an gcoinneoidh chuile dhuine le chéile í?

PEAITSÍN: Bhuel sé Johnston a bhí ós a cionn anseo a’ bhfuil ‘ fhios a’d.

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: Go McGivern. Le leas a bhíodh sí an uair sin agus bhí Pat Gill, athair Johnny Gill, bhíodh sé á coinneáil go Chorbett. Ach thosaigh Roinn na Mara ansin nó dream eicínt á ceannacht, Joe, Joe Mullen a bhíodh a’ plé le, Joe Ned Gabha. A’ plé leis an bhfeamainn, an dream sin a bhíonn ag plé leis an bhfeamainn i gcónaí.

ÁINE: Agus a’ mbídís a’ díol na slata mara?

PEAITSÍN: Ní raibh teist ar bith an uair sin uirthi.

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: Á bhí slata mara ann go dtí an lá cheana.

ÁINE: Bhí.

PEAITSÍN: Ach ní raibh an uair sin.

ÁINE: Yeah.

PEAITSÍN: Á níl sé chomh fada, phébí cén bhliain a rinneadh an factory sin atá i gCill Chiaráin.

ÁINE: Ó sin é an t-am a thosaigh dar ar na slata mara.

PEAITSÍN: Sé, bhí muid istigh inti an lá cheana a raibh muinn amuigh.

ÁINE: A’ raibh?

PEAITSÍN: Bhí, mé féin agus John Beag Johnny agus Johnny Mulkerrin agus eh John Mullen.

ÁINE: Bhain sibh taitneamh as sin?

PEAITSÍN: Ó bhain.

ÁINE: Bhí sé go maith.

PEAITSÍN: Casadh fear amuigh orm ann, bhí muinn a’ caint leis, d’fhiafraigh mé dhe cé é féin, mar a déarfá cén áit i gConamara a raibh sé, mé féin agus John Beag a’ caint leis ….

ÁINE: ….Sea ….

PEAITSÍN: …. lead a bhí a’ driveáil ceann go na deiseannaí sin atá acub amuigh ann. Dúirt sé go mba as Cill Bhreacáin i Ros Muc é agus cé bhí ann ach mac leis an bhfear a raibh mé a’ fanacht sa teach ann seasca trí bliain ó shin.

ÁINE: Bhí sé ….

PEAITSÍN: …. Ní raibh siad pósta ach dhá mhí an t-am sin, ba muid na chéad scoláirí a chuaigh aige, mé féin agus Tom agus Peterín. O bhí neart daoine as Árainn ó shin ann, tá siad caillte anois an dream sin, teach nua déanta. Bhí mé ann dhá uair ina dhiaidh sin aríst, bhí mé ann nuair a phós Máirtín, mé fhéin agus Thomas Bhaba, bhíodar a’ déanamh teach nua ach tá, déarfainn go bhfuil roinnt tí nua déanta mar bhí comhluadar mór ann déarfainn, sa teach.

ÁINE: Ach dúirt tú nach raibh aon teist á dhéanamh ar a’ gceilp ag an am sin. Ar dtús é sin nó ar deireadh?

PEAITSÍN: Á bhíodh sé ar dtús uirthi.

ÁINE: Bhí.

PEAITSÍN: Á nach shin é an fáth gur phasáil sí an teist as (--) níl ‘fhios a’m cén chaoi a ndéanaidís é, chuiridís síos i ngloine í nó rud eicínt ach ….

ÁINE: …. Sea, agus as Conamara a thagadh na báid is dóigh ag iarraidh an cheilp?

PEAITSÍN: Ó bhuel chuirtí (--) bhí bád Francach istigh i gCill Rónáin ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: .… Steamer mar a deiridís leis an steamer, na stóra móra sin acub uilig thuas ag tigh, an áit a bhfuil tigh Lundy anois an bealach sin, bhí stór mór ar a chúla sin a bhíodh lán le ceilp.

ÁINE: Á sea, agus a’ raibh mórán achrann sa gcladach anois faoi goid feamainn agus ….

PEAITSÍN: …. Á muise ní raibh, bhíodh sáraíocht beag ann ach ní mórán é le mo linn sa go háirid.

ÁINE: A’ mbíodh tú .…

PEAITSÍN: …. Ar bhealach ní hé an oiread sin a rinne mise thimpeall aon chladach mar bhí mé imithe go luath a’ bhfuil ’fhios a’d aríst ansin.

ÁINE: Hm, yeah ba mhaith liom labhairt leat faoi sin, nuair a d’imigh tú, ar imigh tú díreach tar éis an scoil?

PEAITSÍN: Á níor imigh, théis, théis imeacht as tí Johnston a d’imigh mé, 1945 a d’imigh mé ar dtús.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Chuaigh muid le Bord na Móna.

ÁINE: Leat féin ab ea?

PEAITSÍN: Á no, bhí John Bhaba, ó bhí crowd as Árainn a’inn ann.

ÁINE: A’ raibh?

PEAITSÍN: Bhí John Bhaba in éindí liom ann agus Seán Pheait Bheaichlín go ndéana Dia grásta air agus, á bhí crowd imithe sall romhainne ann.

ÁINE: A’ raibh?

PEAITSÍN: Campaí

ÁINE: Agus cén áit a d’fhan sibh ann?

PEAITSÍN: Edenderry a bhí muinn an chéad bhliain mar, Derrys a bhí ar a’ bportach a bhí ann, bhí sé sin go deas mar bhí tú in ann siúl

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Ní raibh tada le ceathrú míle le siúl a’d a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Ag aon dá phortach a bhí ann ach ansin bhí an baile mór trí mhíle uait, ach baile an-mhór é Edenderry.

ÁINE: Agus a’ raibh sibh a’ fanacht i dtithe cónaithe ann ab ea?

PEAITSÍN: Ó ní raibh, bhí, campaí a bhí ann.

ÁINE: Ó campaí, geimhridh agus samhradh?

PEAITSÍN: Ba dhea, bhuel ní raibh muinn ann sa ngeimhridh, ní bhíodh ann ach séasúr, timpeall cheithre mhí. Bhíodh corr dhuine bhí, bhí i bhfad ann a’ bhfuil ’fhios a’d. I ’46 ansin is go, go campa eile a chuaigh muin, áit a dtugaidís Lorrimore air.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Bhí sé scríofa ar na brící, déanann siad na bricíní sin, in aice leis.

ÁINE: Agus a’ raibh mórán airgead le fáil ansin as ag obair ansin?

PEAITSÍN: Ní raibh sé ró-dhona, céard a bhí ar chor ar bith as anois, ag obair ar pá tá ‘fhios a’d seachtaine nó time “__” a thugaidís air, ní bhíodh sé ach punt agus trí déag agus toistiún.

ÁINE: Ab shin é an méid.

PEAITSÍN: Sin é an sean airgead a bhíodh ann, ní chuimhníonn tusa an sean airgead (gáire).

ÁINE: Ní chuimhním, cé méad é sin anois thart ar, meas tú?

PEAITSÍN: Fan anois go bhfeicfidh mé, caoga agus toistiún punt caoga pingin punt agus trí déag bheadh sé, a ní bheadh sé, ní bheadh sé aon eh, punt trí déag agus toistiúin, timpeall ’s punt ceathracha nó mar sin.

ÁINE: Sa tseachtain?

PEAITSÍN: Sea.

ÁINE: I 1946. A’ raibh bia ré daoibh agus chuile rud?....

PEAITSÍN: …. Á bhí, bhí do bheathú, beatha isteach leis sin. Piece work is mó a bhí ansin ann a’ bhfuil ‘fhios a’d, a’ gróigeadh na móna agus a’ baint na móna …

ÁINE: Á.

PEAITSÍN: Bhí an oiread seo an metre.

ÁINE: Ach bhain tú taitneamh as sin.

PEAITSÍN: Ó bhí sé alright.

ÁINE: Agus thiocfadh tú abhaile ins an ngeimhridh ansin ab ea?

PEAITSÍN: An bhliain dár gcionn ansin Lorrimore a chuaigh muin. Bhuel ní raibh mise i bhfad tagthaí ar ais as Lorrimore ansin nuair a, Fr Delaney a bhí anseo, bhí sé ag cuartú duine a ghabhadh amach ag comhluadar a bhí amuigh, thoir i Mountbellew. Chaith mé cheithre bliana ansin.

ÁINE: Agus céard a bhí tú a’ dhéanamh ansin?

PEAITSÍN: Bhuel eh teach mar a déarfá, cineál feilméara a bhí ann, ní mórán, ach bhíodh sé ina rate collector freisin ar an gcaoi chéanna.

ÁINE: Á.

PEAITSÍN: Ag imeacht “___” capall a’ bhfuil ’fhios a’d, amanntaí a’ gabháil leis síos go dtí an baile mór dá mbeadh sé a’ gabháil ar an mbus nó ar an tr, ní raibh aon traein ann ….

ÁINE: …. Hm …

PEAITSÍN: …. ach busannaí, a’ gabháil aríst tráthnóna nuair a bhíodh sé ag imeacht. Ó bhí achar mór faoi. Tá mé ag ceapadh gur cheithre chinn go bheithígh bhainne a bhí aige, ó ní raibh (--) Ó áit an-deas a bhí ansin mar bhí, bhí mo theach féin a’m an dtuigeann tú, ní istigh sa teach a rabhadar a’ maireachtáil ann, bhí dhá theach acub. Bhí fear as Inis Oírr romham ann, bhí sé naoi mbliana ann. Sé bhí ann romham agus d’fhan sé coicís in éineacht liom a’ bhfuil ’fhios a’d, ach go ndéana Dia grásta air tá sé caillte ó shin, chuaigh sé amach go Chicago ansin. Uncail go Mháirtín, tá ’fhios a’d Máirtín a bhfuil a’ hotel aige?

ÁINE: Ó sea. Nuair a tháinig tú abhaile ansin céard a rinne tú?

PEAITSÍN: Ag obair sa mbaile ansin agus d’fhán mé uaidh sin go ndeachaigh mé go Sasana. Nuair a tháinig mé anall as Mountbellew - tá mé a’ cheapadh bhí siad fanta ón scoil an bheirt Cóilín agus Watty [a chuid deartháireacha] an uair sin ó ….

ÁINE: …. Hm ….

PEAITSÍN: … bhí agus i bhfad mar is gearr ina dhiaidh go ndeachaigh Watty go Sasana.

ÁINE: Cé méad bliain a chaith tú i Sasana?

PEAITSÍN: A ní raibh mé ach timpeall ’s dhá bhliain.

ÁINE: Rinne tú go leor taisteal.

PEAITSÍN: Ach tá mé sa mbaile ó tháinig mé as Sasana. I 1956 a tháinig mé as Sasana déarfainn. Cuimhneoidh mé go brách ar an lá a raibh muinn a’ teacht as Gaillimh, chaith muid sé huaire a’ teacht as Gaillimh ar an sean Dun Angus. A’ tíocht díreach freisin. Ní raibh sé in ann aici casadh, bhí sé chomh dona sin.

ÁINE: Agus eh dúirt tú go raibh tú ag obair tí Johnston roimh a d’imigh tú.

PEAITSÍN: Á ar dtús é sin Áine.

ÁINE: Agus céard a bhí tú a’ dhéanamh ansin?

PEAITSÍN: Ó an rud céanna, bhí muinn a’ plé le chuile rud ach go raibh mé i ngar go, bhí muinn suas le dhá bhliain ar a’ gceilp a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Ag obair agus rudaí mar sin ’s chuile rud eile a bhíodh, bhí mé a’ fanacht ann a’ bhfuil ’fhios a’d an cúpla bliain deireanach, ní bhínn a’ teacht anoir Bungabhla anseo dhá shiúil mar ní raibh aon bhicycle a’m.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Ní raibh aon bhicycle ag mórán ag an am sin, ’45 agus ’46.

ÁINE: Agus cén ….

PEAITSÍN: …. Dá mbeidís ann féin ní raibh aon tyre ná tada le fáil aimsir an chogadh.

ÁINE: Ag obair ar an bhfeirm a bhí tú?

PEAITSÍN: Sea, mé féin ’s clann Bheachlín Bhaba agus, á bhíodh crowd ceart ag obair ansin a’ bhfuil ‘fhios a’d.

ÁINE: Sea, agus d’fhánaíodh sibh thoir tí Johnston é féin?

PEAITSÍN: Bhuel ní raibh a’ fanacht ann ar deireadh nach mise, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Dá mbeadh duine a bheadh ag súil, ag bleán na mbeithígh agus rudaí mar sin.

ÁINE: Hm, agus cé bhí ann ag an am, Johnston nó a’ raibh Mrs Johnston ann, a’ raibh Bridget ann ag an am?

PEAITSÍN: Ó ní raibh, píosa i bhfad ina dhiaidh, bhí mé imithe as nuair a tháinig Bridget ann.

ÁINE: Agus cén bhean a bhí sa teach?

PEAITSÍN: Bhíodh sí [Bridget] a’ teacht go hÁrainn ag an am ceart go leor. Bhíodh a hathair a’ tíocht go minic ag ceannacht beithígh ’s rudaí a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus cén bhean a bhí sa an teach ag an am anois, tí Johnston?

PEAITSÍN: Ó bhíodh, bhíodh daoine ag obair ann, bhuel bhí a mháthair beo ag an am ….

ÁINE: …. Á a’ raibh?

PEAITSÍN: … ach bhí sí sean ach ní raibh sí in ann aon bhlas a dhéanamh, bhí sí uafásach sean.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Cuimhním nuair a cailleadh í, bhí mé á hiompar, mé féin agus Beachlín Bhaba agus Peaitín Pheait, ach eh bhíodh aint dhom ann.

ÁINE: A’ raibh?

PEAITSÍN: Sarah Neilín a bhí pósta ag, Cooke eile a bhí uirthi sin, mar a déarfá a bhí pósta ag Cooke i gCill Mhuirbhigh.

ÁINE: Hm, agus cérbh as é Johnston é féin?

PEAITSÍN: Ó as Contae an Chláir déarfainn ….

ÁINE: …. Hm …..

PEAITSÍN: .… iad sin. Ba as Contae an Chláir Flanagan freisin.

ÁINE: Landlord a bhí i Johnston, ab ea?

PEAITSÍN: Ba dhea a bhí ansin, ní mórán eolas a bheadh a’m fúb sin, a’ dtuigeann tú, ní chuimhním, a ní eisean a bhí ina Landlord

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: Ach muintir na mná a’ dtuigeann tú?

ÁINE: Á ab ea?

PEAITSÍN: Muintir a mháthair.

ÁINE: Agus a’ gcasfaí Johnston oraibhse nó a’ bhfeicfeadh sibh sa teach é?

PEAITSÍN: Ó d’fheicfeadh, nach mbíodh sé ag imeacht amach ar a’ bhfeilm agus soir Cill Rónáin ins an side car agus muinn ag imeacht in éineacht leis agus rudaí mar sin.

ÁINE: So ar chuala sibh caint riamh ar an bpocaide bán, tharraing sé action?

PEAITSÍN: Á bhíodh (gáire)

ÁINE: A’ raibh sé sin i bhfad roimhe sin, a’ raibh?

PEAITSÍN: Níor chuala mé tada faoi sin riamh ceart, nach iontach an rud é go dtí tar éis theacht as Sasana dom mar a déarfá.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Ní bhfaca muinn leis sin. Níl ’fhios a’m tada faoi ach an oiread.

ÁINE: Cé nach bhfuil ’fhios, yeah. Ba mhaith liom labhairt leat anois faoi turas bád go Gaillimh nó b’fhéidir á mbeadh aon turas eicínt a chuimhneoidh tú air a’ gabháil síos ar a’ mbád.

PEAITSÍN: Ó tháinig an Naomh Éanna sin ba ghearr le dhul isteach i dteach damhnsa a’ bith a bheith ann, ceol ’s amhráin ’s damhnsa, go mór mhór nuair a bhídís a’ gabháil síos ar bhainiseachaí san aimsir dheirneach, bhíodh an-cheol ann.

ÁINE: Agus cén t-achar a thógadh an turas?

PEAITSÍN: Á ní mórán le dhá uair go leith, dhá ngabhadh sí síos díreach a’ bhfuil ’fhios a’d. Dhá ngabhadh sí go dtí an dá oileán eile thógadh sé níos faide nó ar a’ mbealach aníos amanntaí, sé ba lú leat a bheadh sí mara mbeadh droch lá ann, á mbeadh (gáire).

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Bhí an bád eile ansin a bhíodh a’ teacht ní ba, ba “__” mar bhí sí i bhfad níos fairsinge agus níos mó, an eh Galway Bay ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: …. Ní hí an Galway Bay seo anois a bhí go deirneach ann í. Tender mór a bhíodh a’ gabháil amach ag na liners.

ÁINE: Á by dad yeah.

PEAITSÍN: Á bhí ceann mór a’ teacht, bhí sí i bhfad ann, bhí sí ag, as Luimneach, fear eicínt as, déarfainn gur King a bhí air, an fear a bhí ann ach thóg CIE suas ansin ar deireadh í a’ bhfuil ’fhios a’d. Bhí sí imithe ar ais ansin go Southampton le cúig nó sé de bhlianta, ina cineál souvenir..

ÁINE: Agus ….

PEAITSÍN: …. Bhíodh an-chraic uirthi sin mar bhí sí mór, bhí dhá deic inti a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus cé chomh minic a thiocfadh sí sin?

PEAITSÍN: Á bhí sí a’ tíocht chuile, chuile Dhomhnach agus chuile lá i gcaith an t-samhradh nuair a thóg CIE suas í ….

ÁINE: …. Hm ….

PEAITSÍN: .… sé an chaoi a raibh sí ar lease acub a’ bhfuil ‘fhios a’d.

ÁINE: Á sea.

PEAITSÍN: In éindí leis an Naomh Éanna.

ÁINE: Agus a’ gcuimhníonn tú ar na hainmneachaí a bhí ar na báid roimh an Naomh Éanna?

PEAITSÍN: Bhuel ní raibh, an, an Dun Angus agus an Naomh Éanna, bhí ceann anois ach ní, ní fhaca mé riamh í a dtugaidís an, an Duras uirthi agus é a’ cheapadh an chéad cheann a’ teacht as Gaillimh gurbh í City

ÁINE: City of the Tribes ….

PEAITSÍN: .… of the Tribes nó rud eicínt mar sin a bhí uirthi.

ÁINE: Yeah, agus a’ gcuimhníonn tú ar an ainm a bhí ar aon duine go na captaeiní?

PEAITSÍN: Á cuimhním, bhí fear a raibh Sanders air ar an Naomh Éanna agus bhí Miscall, bhí McLaughlin, ’s níl ’fhios a’m anois bhí ainm eicínt eile a bhíodh ar an Naomh Éanna freisin, bhí Leo – ba cheart go gcuimhneoidh féin ar Leo. [Leo Tynan]

ÁINE: Sea, yeah.

PEAITSÍN: Charlie, tá Charlie i gcónaí ag imeacht.[Charlie Boyle]

ÁINE: Tá, tá.

PEAITSÍN: Tá sé ar na ferries seo. Níl ’fhios a’m anois a’ raibh aon duine eile ann.

ÁINE: Ní chuimhníonn tú cé na tithe a d’fhánaíodh sibh ann nuair a théadh sibh Gaillimh.

PEAITSÍN: Ó cuimhním go maith ar sin go háirid, mb’fhéidir, tí Choleman atá mé féin a’ fanacht déarfainn le, le ós cionn, go mór mhór ós cionn scór blianta nó chúig mbliana fichid, uair ar bith a théinn, mar, sin á mbeadh áit ann, b’fhéidir go mbeadh sé amanntaí go mbeadh sé líonta agus bhí muinn a’ fanacht sa gCastle corr uair.

ÁINE: Hm, tí Florrie?

PEAITSÍN: Bhí mé ann cúpla trip, tí Florrie.

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: Bhí na háiteachaí eile líonta suas. Tí Khelly thuas i Mary Street.

ÁINE: Á.

PEAITSÍN: Bhíodh go leor as Árainn a’ fanacht ann.

ÁINE: Á a’ raibh?

PEAITSÍN: Bhíodh. Bhí teach eile in aice leis a dtugaidís Lawlors air, agus Joyce, bhí Joyce freisin ann. Á bhí go leor acub ann. Bhí Mrs Flynn, bhí sí ann, agus tí Mhitchell thuas ar an mBóthar Mór, tí Bhrady, bhíodh siad ann ….

ÁINE: …. Hm ….

PEAITSÍN: .… síos ansin in Abbeygate Street. Bhí na háiteachaí sin an- áisiúil, bhí siad gar gon bhád, síos an bealach sin.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú cé a bhíodh ag obair ar an gcéibh anseo anois le do linn, nuair a bhí tú óg?

PEAITSÍN: Ó, Flaherty a bhí air, é fhéin agus a dhreabhar, Peaitsín Flaherty. Chuaigh Peter McDonagh ansin ann agus a mhuintir.

ÁINE: Agus a’ mbíodh a dhreabhar ag obair ar a’ gcéibh?

PEAITSÍN: Bhíodh sí mar a déarfá ....

ÁINE: …. A’ raibh?

PEAITSÍN: .… a’ tabhairt cúnamh dhó.

ÁINE: A’ dtagadh chuile rud anois ar a’ mbád, like chuile rud a bheadh a’ teastáil ó dhuine?

PEAITSÍN: Á ní raibh tada dhá mbeadh a’ teastáil, mar sé an chaoi a gcaithfeá an freight a íoc ar an rud a’ tíocht an uair sin, nuair a thiocfadh sé i dtír, ní hionann agus an chaoi a bhfuil sé le scaith blianta anois.

ÁINE: Ó ní gheofá tada amach as a’ mbád nó go mbeadh sé íocthaí?

PEAITSÍN: Bhuel théadh sé amach a’ bhfuil ’fhios a’d, ach leis an, leis an fear, leob sin a chaithfeá é a íoc.

ÁINE: Agus bhíodh an feoil a’ teacht nach mbíodh i mboscaí beaga.

PEAITSÍN: Bhíodh, chuile rud. Bhíodh neart feola a’ teacht as Claremorris an uair sin ag daoine, ins na siopaí. Bhíodh daoine áitiúil á fháil freisin mar a déarfá ….

ÁINE: …. Bhíodh?....

PEAITSÍN: .… i málaí, bhí, bhídís ag Úna, an siopa sin a bhí thuas ansin, bhíodh neart crúibíní agus chuile rud mar sin.

ÁINE: Cén fáth gur as Claremorris a thagaidís?

PEAITSÍN: Bhuel is dóigh a’ dtuigeann tú go raibh siad ar chaoi eicínt (--) roinnidís féin le chéile ansin, bhíodh sé chomh saor céanna le bheith (--) bhíodh bagún breá ann a bhíodh a’ tíocht, bhíodh sí sa bposta nuair a bhí an siopa ann, bhíodh an bagún ann agus tí Phóil freisin ach as Claremorris is mó a d’fhaightí í. Arnú bhídís a’ cur muca amach as seo go Claremorris ag an am freisin.

ÁINE: Á, a’ mbíodh aon duine anseo a’ marú muca agus beithígh?

PEAITSÍN: Ó bhíodh neart á mharú dhíobh, faoi Nollaig go mór mhór.

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: Ní bheadh an oiread sin go na muca, bliain amháin cuimhním, bhuel bheadh sé sin amach anois tamall thar éis fanacht ón scoil go dhuine, b’fhéidir thar éis an economic war, ní bheadh tada ar mhuca …

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: .… ná ar bheithígh ná ar thada, bhídís a’ marú go leor agus bhídís i chuile theach an uair sin, Is iomaí imirt a bhídís a’ dhéanamh uirthi.[Ag imirt chártaí]

ÁINE: Ní bhídís ag ithe feoil chomh minic is dóigh.

PEAITSÍN: Á arnú ní bhíodh, ní raibh an oiread cleachta ar an bhfeoil, iasc, diabhal fhios a’m nach raibh na daoine níos fearr freisin nuair a bhíthú ag ithe an iasc.

ÁINE: Bhí sé níos sláintiúil is dóigh. A’ raibh tú ag obair ar na bóithrí riamh, a Pheaitsín?

PEAITSÍN: Ó bhíos, píosaí maith, bhí mé píosa maith ag Joe Chóil go ndéana Dia grásta air, thar éis a thíocht as Sasana dhom. Leath scór seachtaineachaí uaireantaí i ndiaidh a chéile agus mar sin de. Bhí mé ag obair ag Stewart freisin ar, ar an uisce, an chéad tanc anois a rinneadh thoir ar Ard an Locháin.

ÁINE: Yeah.

PEAITSÍN: Bhí mé naoi mí ansin. Ó níl sé sin chomh fada, 1974.

ÁINE: Agus a’ gcuimhníonn tú nuair a scríobhadar an t-amhrán Bóthar a’ Gharraí Nua, nuair a scríobh Neidín ab ea, nó cé a scríobh….?

PEAITSÍN: Ó cuimhním, cuimhním ar sin. Bhí mé ag obair an bhliain sin freisin ach ní ar Bhóthar an Gharraí Nua é ach an bóthar atá a’ gabháil suas aríst ar an taobh eile.

ÁINE: Agus cé a scríobh an chéad amhrán ansin?

PEAITSÍN: Diabhal fhios a’m, bhuel meas tú ab é, Neidín is dóigh.

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: Déarfainn gurb é, agus bhí ceann eile déanta ina dhiaidh ansin aríst, ó muise ní raibh ann ach seafóid, na rudaí uilig sin.

ÁINE: Nach ea, ag Matt ab ea?

PEAITSÍN: Matt sea agus ag Neidín, ní raibh ann ach an bheirt acub.

ÁINE: Agus ar scríobh Cóilín Mhicilín ceann?

PEAITSÍN: Á scríobh sé rud eicínt, faoin mbóthar féin é sin a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Gearrán Chóilín Tom, bhíodh sé (gáire)

ÁINE: Ó ab é an chaoi a mbíodh capall Chóilín ag obair ab ea?

PEAITSÍN: Ó ba é, bhíodh capall ag Cóilín.

ÁINE: Arnú is dóigh go raibh go leor scríobh déanta ag an am, a’ bhfuil ‘fhios a’d nuair nach raibh aon television ann.

PEAITSÍN: Bhítí agus na Scoileanna Éigse ansin bhíodh an-chraic a’inn orthub. Sin é an chaoi a bhfuair mé féin eolas ar Chonamara, cuid mhaith.

ÁINE: Agus cén t-am a thosaigh dar sin?

PEAITSÍN: Diabhal fhios a’m nach 1974 a chuaigh mise an chéad uair acub sin, chuaigh mé amach in áit Chóilín mar ní raibh a bhean an-mhaith agus d’fhan sé istigh, agus chuaigh mé féin agus Matt amach ach coinníodh amuigh an bhliain céanna muin. B’éigean dhúinn fanacht sa gCeathrú Rua oíche agus a dhul Gaillimh le, le, le thíocht aníos ar an [steamer] ar a’ mbád Dé Satharn agus níor tháinig bád a’ bith. Siar Ros a’ Mhíl aríst Dé Domhnaigh, bhí bád eicínt a’ gabháil amach as Cill Rónáin le patient ….

ÁINE: …. Yeah ….

PEAITSÍN: .… ag an ospidéal. An Ard Rathain a bhí ann ag Ciarán Gill go ndéana Dia grásta air, isteach uirthi sin a tháinig muin.

ÁINE: Agus céard a rinne sibh amuigh ann[ag an Éigse], a’ raibh sibh a’ déanamh dán nó?

PEAITSÍN: Bhuel sé (--) bhíodh dánta agus agallamh beirte agus díospóireacht agus chuile rud.

ÁINE: Yeah ….

PEAITSÍN: …. Bhí sé ag na scoileanna Éigse, ins an gCeathrú Rua a bhí mise an chéad bhliain, am eile bhí sé thoir ag scoil Cholmcille thoir, bhí sé i gCárna, an Tech sin ann ’s i gCorr na Móna cúpla trip ’s Ros Muc. Bhí sé in Árainn féin cúpla trip, bhí. Bhí sé ann nuair a bhí an scoil bliain is fiche déanta agus bhí sé aríst níos déarnaí ann. Ní bhíonn sé ar chor a’ bith anois ann déarfainn le cúpla bliain.

ÁINE: No agus an raibh daoine as ….

PEAITSÍN: …. Bhí lá áirid le dhul ann ansin a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Yeah.

PEAITSÍN: Déardaoin Deascabháil, Déardaoin Deascabháil, pébí cén lá [dáta] a dtitfeadh sé sin air, sin é an lá a bhíodh acub. Ach sé an chaoi a raibh sé socraithe ar Dhomhnach eicínt ansin ar deireadh.

ÁINE: Agus a’ mbíodh mórán daoine as an oileán ag tógáil páirt ann?

PEAITSÍN: Ára bhíodh, Pádraig Mhurchu amuigh cúpla trip ’s

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: Teresa Bhaba ’s Antoine Tight agus Coly Hernon go ndéana Dia grásta air, bhíodh sé amach go minic.

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: Cóilín Mhicilín ’s

ÁINE: Agus a’ dtagadh sibh le chéile uair sa tseachtain nó ?

PEAITSÍN: Ó muise beagán de sa tseachtain deireanach, arnú is dóigh áiteachaí. Bhí timire acub i nGaillimh ansin, bhí, tá sé caillte ó shin déarfainn Liamín Mac Donnachadha, bhíodh sé a’ teacht ag tabhairt léachtaí anseo, déarfainn go mbíodh sé ag teacht ag a’ Tech freisin corr uair i gCill Rónáin.

ÁINE: Léigh mé an agallamh a rinne tú féin agus Pádraig, an ceann faoin bhfeileaméara ….

PEAITSÍN: …. Ó sea, ar an gCeathrú Rua a rinne muinn é sin (gáire), bhí sé sin uafásach – bhí muinn leath dhálta (gáire). D’imigh muid go moch an mhaidin sin.

ÁINE: Agus a’ rinne sibh aon mhaith ann, a’ rinne?

PEAITSÍN: Bhuel tá ’fhios a’m go bhfuair siad gradam eicínt nó rud eicínt ach

ÁINE: Sea, chuala mé ar téip sibh an lá cheana.

PEAITSÍN: Sin a bhí duine eicínt a’ rá, níl ’fhios a’m cé a bhí á rá. Ab í Teresa a bhí á rá liom, déarfainn.

ÁINE: Bhí sé go maith.

PEAITSÍN: Á bhí craic a’inn an lá sin, chuaigh muinn amuigh gon Cheathrú Rua, bhí muinn amuigh ag a (--) bhí Aifreann i gCill Rónáin ag a naoi a chlog a’inn agus chuaigh muinn amach sa, cén bád a raibh muinn amach uirthi, sa gQueen, an Queen ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: .… an chéad Qhueen anois a bhíodh ag John Mullen agus ag Coly Hernon agus soir Tigh Terry. Bhí leath ghloine fuisce trí pingine ní ba saoire ná pionta Guinness an uair sin (gáire)

ÁINE: A’ raibh?....

PEAITSÍN: .… amuigh ansin bhí, mar bhí an pórtair thar éis ardú a’ dtuigeann tú, ní raibh sé ardaithe i gCill Rónáin, an pórtair, ach bhí an fuisce ní ba saoire. Á bhí na cailíní amuigh an lá sin, bhí Josie [Phetair] amuigh an lá sin freisin, chuaigh sé amach in éindí linn.

ÁINE: A’ raibh?(gáire)

PEAITSÍN: Bhí, ’s Margaret Mhicilín ’s Catherine Sheáin Tom ’s Máire Sheáin Tom.

ÁINE: M hm.

PEAITSÍN: Siar sa gCeathrú Rua ansin aríst, níl ’fhios a’m (--) Tá mé a’ ceapadh nár tháinig mise isteach ar chor ar bith an oíche sin. Bhuel théinnse soir go na Minna a’ bhfuil ’fhios a’d nó …

ÁINE: Á sea….

PEAITSÍN: …. go hiondúil ar a, amanntaí Gaillimh le beagán teachtaireacht.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú nuair a tógadh séipéal Eoghanacht?

PEAITSÍN: Ó cén fáth nach gcuimhneoinn.

ÁINE: M hm, bhí tú anseo ag an am sin.

PEAITSÍN: Bhíos, bhí mé ag obair air san aimsir dheireanach a’ bhfuil ’fhios a’d, sé Watty [a dhearthár] a bhí ar dtús ann. Sin í an bhliain a ndeachaigh Watty go Sasana, 1958.

ÁINE: Obair deonach ar fad a rinneadh ann, ab ea?

PEAITSÍN: Ó ba dhea.

ÁINE: Agus a’ gcaithfeadh duine as chuile theach ….

PEAITSÍN: .… ach amháin an dream a bhí á thógáil.

ÁINE: Cé a bhí dhá thógáil?

PEAITSÍN: Tá mé a’ ceapadh anois gur Lá Muire na gCoinneal a baineadh an chéad chloch ar an gcrágán, cuimhním (--) bhíodh leachtaí air, an bhfuil ’fhios a’d nuair a bheadh duine a’ gabháil soir an uair sin, corp a’ bhfuil ’fhios a’d, chuirfí leachta suas in eh

ÁINE: Nuair a chaillfí daoiní?

PEAITSÍN: Sea, bhíodh ceann eile ansin a thiocfadh anoir, bhí siad sin ag róidín Phort Sheánla, tá siad sin i gcónaí ann, ar Chreig Bhertie Joyce anois ó thuaidh gon bhóthar.

ÁINE: A’ bhfuil?

PEAITSÍN: Tá, feicfidh tú corr leacht ansin thoir ag bóthar thoir anois Phort Sheánla.

ÁINE: Hm, agus cén uair a stop an nós sin?....

PEAITSÍN: …. Ach (--) Stop sé (--) leagadh iad nuair a rinneadh séipéal Eoghanacht.

ÁINE: Ó ab shin é?

PEAITSÍN: Tá mé a’ ceapadh, agus thosaigh sé, sin é an t-am a thosaigh siad ag cur síos an chéad chloch ann agus a’ baint na gclocha, Lá Muire agus bhí sé, bhí sé beannaithe an t-ochtú lá fichid go October an bhliain chéanna.

ÁINE: Lá Muire, nach shin é an cúigiú lá déag go August, ab ea?

PEAITSÍN: A ní hé.

ÁINE: Cén lá, ó lá Muire, tús Feabhra.

PEAITSÍN: Sea.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: An t-ochtú lá fichid a bhí ann go h-áirid, cuimhním go maith air, ornaíodh pápa eicínt an lá céanna, níl ’fhios a’m anois cén t-ainm a bhí air, ní chuimhním. Bhí an lifeboat istigh i gCill Mhuirbhigh an lá céanna, is as Port Mhuirbhigh a d’imigh an t-easpag.

ÁINE: Á sea.

PEAITSÍN: Bhí muintir na trí oileáin abhus, Inis Meáin go h-áirid….

ÁINE: …. Inis Meáin, hm.

PEAITSÍN: Ní raibh aon charr san áit an uair sin ach, ach an ambulance agus, agus eh, déarfainn go raibh carr ag Stiofán [Ó Conghaile] nó ag, ag Paddy [Gill], carr an ghas, go raibh sé ann.

ÁINE: Á. Ach cén chaoi (--) ab é an chaoi a raibh duine as chuile theach ag obair air?

PEAITSÍN: Sé, lá sa tseachtain nó dhá lá de réir mar

ÁINE: A’ gcaithfidh chuile dhuine é a dhéanamh?....

PEAITSÍN: …. Ach bhí daoine (--) Muise bhí sé suas leat féin ach bhí siad as Cill Rónáin ann, daoine.

ÁINE: A’ raibh?

PEAITSÍN: Ó a dheabhac bhí. Bhuel bhí, bhí siad freagrach mar bhí cuid gon gaineamh a’ teacht anoir as Cill Rónáin, as na mBuailte, bhíodh daoiní thoir ansin ag líonadh na, agus daoiní a’ tabhairt láimh ar an gcéibh. A rinneadh fíor sciopaí é, níl dabht ar bith.

ÁINE: Agus bhíodh Aifreann ansin ann chuile Dé Domhnaigh?

PEAITSÍN: Ó bhíodh, á bhíodh Aifreann sa scoil le blianta fada roimhe chuile Dhé Domhnaigh ar deiridh ach ní bhíodh sé ar dtús ann ach uair sa mí. Ó bhí Aifreann le fada, fada an lá sa scoil féin, chuile Dhé Domhnaigh.

ÁINE: A’ raibh?

PEAITSÍN: Le scór blianta roimhe déarfainn.

ÁINE: A’ raibh?

PEAITSÍN: Nó tuile b’fhéidir

ÁINE: So ní raibh orthaí a bheith a’ gabháil go hEochaill?

PEAITSÍN: Ní raibh.

ÁINE: Anois, bhíodh céilí sa scoil freisin, nach mbíodh, i scoil Eoghanacht.

PEAITSÍN: Bhíodh, ach in aimsir an chogadh é sin freisin, bhí corr chéilí ann, bhí, agus bhídís ag bailleadh corr phunt, níl ’fhios a’m cén chaoi a dtéadh sé isteach i gciste eicínt ag an sagart, Fr. Killeen a bhí anseo nuair a thosaigh siad sin agus i Halla Chill Rónáin freisin, i scoil Chill Rónáin, sa sean scoil, bhíodh corr chéilí ann.

ÁINE: Agus a’ mbíodh muintir an taobh thoir a’ teacht anoir ag na céilithe?

PEAITSÍN: Bhíodh múis agus side cars a’ gabháil anoir chomh fada le scoil Eoghanacht.

ÁINE: Yeah, agus a’ mbíodh an céilí go luath san oíche nó a’ mbíodh sé deireanach?

PEAITSÍN: Bhuel tráthnóna a’ bhfuil ’fhios a’d, suas go dtí an dó dhéag nó mar sin.

ÁINE: Ab ea, cé bhíodh a’ casadh ceoil?

PEAITSÍN: Bhíodh eh Paitín Jeaic go ndéana Dia grásta air anois ’s Beachlín ( __ ) Bheachlín, Beachlaí Hernon agus iad sin, corr dhuine anonn is anall, corr dhuine, ceoltóirí soir an uair sin. Ach ansin rinneadh scoil nua Chill Rónáin ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: .… agus rinneadh Hall damhsa gon, gon sean scoil.

ÁINE: Hm, cén chaoi ….

PEAITSÍN: …. Tá mé a’ ceapadh go mbíodh corr chéilí mar sin i scoileannaí amuigh i gConamara freisin.

ÁINE: An mbíodh?

PEAITSÍN: Déarfainn é.

ÁINE: Agus cé chomh minic agus a bhíodh an céilí ann an t-am sin ansin?

PEAITSÍN: Chuile, chuile Dhé Domhnaigh.

ÁINE: San, san dance hall?

PEAITSÍN: Bhíodh siad corr uair ins an oíche Dé Satharn nó an oíche Dé Céadaoin, i lár na seachtaine, b’fhéidir. Bhíodh daoiní a’ teacht isteach a’ múineadh damhnsa freisin.

ÁINE: A’ raibh?

PEAITSÍN: Cúpla bliain, i gCill Rónáin.

ÁINE: Hm, agus a’ dtéadh sibh soir ag na céilís chuile, uair sa t-seachtain nó ?

PEAITSÍN: Ó théití ag an chuid is mó acub, á shiúl soir ’s anoir aríst ’s b’fhéidir siúl soir chomh fada le Port Mhuirbhigh aríst le dhul ag obair ar na bóithrí. Ní raibh aon suim a bheith ag siúl an uair sin.

ÁINE: Ní raibh, bhí sib uilig breá súpláilte an t-am sin.

PEAITSÍN: Bhí.

ÁINE: A’ bhfuil tada eile anois ar mhaith leat labhairt faoi?

PEAITSÍN: Á muise diabhal tada ach go mbíonn an-time a’inn ag imeacht ar na tours seo atá muinn a’ gabháil air.

ÁINE: A’ mbíonn? Sé an trua nach n-imíonn sibh dhá uair sa mbliain.

PEAITSÍN: A muise dhá mbeadh uair féin ann, ní raibh an oiread daoine, á mbeadh ’fhios acub amuigh i gCárna é, bheadh níos mó daoine ann ach ní raibh ’fhios ach ag corr dhuine go raibh sé le bheith ann, a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Sea, agus cén áit a d’fhan sibh?

PEAITSÍN: Óstán Charna.

ÁINE: A’ raibh sé go deas?

PEAITSÍN: Bhí sé, bhí cúpla duine ann as, as, áitiúil mar a déarfá.

ÁINE: A’ raibh?

PEAITSÍN: Bhí, bean Phádraig Barrett, bhí sí ann agus deartháireachaí chlann Mhary Barrett, Clogherty a bhí orthub ach Mary Barrett a thuganns muine uirthi, agus corr dhuine.

ÁINE: Cén ceol a bhí agaibh?....

PEAITSÍN: …. Cúpla lead eile, eh Sonny.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Sea, Sonny Cholm Larry.

ÁINE: So sin é anois é a Pheaitsín agus go raibh míle maith a’d faoi do chuid cainte.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.