Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00009

Recording
BBAF.00009
Format
MiniDisc
Duration
36:11
Date
14 February 2001
Languages
English
Irish
Location
Eochaill
Collector
Margaret Mhac Johnny Uí Chonghaile
Informant
Tom Sonny Cheaite Ó Fátharta
Archival information
MD 17 Tom Sonny Cheaite Ó Fátharta. Obair Chladaigh; Feamainn; Slata mara; Ag díol ceilpe; Iascaireacht; Scannán; Man Of Aran; Aimsir an Society; Free Beef; Caitheamh Aimsire; Timeanna; Bainis; Ceol; Báthadh Curaí; Baile Oughill; Eochaill; Cill Éinne; Siopa.
Additional information
MD 17 Tom Sonny Cheaite Ó Fátharta. Seashore work; Seaweed; Sea rods; Selling kelp; Fishing; Film; Man of Aran; the era of the Society; Free Beef; Pastimes; Times [parties]; Wedding; Music; Currachs sinking; Eochaill village; Cill Éinne; Shop.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00009
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

MAIRÉAD: Inniu an ceathrú lá déag go Feabhra bliain 2001. Is mise Mairéad Ní [Uí] Chonghaile. Tá mé anseo i dteach Thomas agus Agnes Ó Fatharta in Eochaill le agallamh a chur ar Thomás Ó Fatharta, nó Sonny Cheata, mar is fearr ainm [aithne] air. A Thomás ar rugadh agus ar tógadh ar an mbaile seo thú?

TOMÁS: Ó rugadh, rugadh a Mhairéad.

MAIRÉAD: Cérbh as do mhuintir?

TOMÁS: Bhuel anseo a chónaigh m’athair agus mo shean-athair agus a’ gabháil siar trí nó ceathair go ghlúinte, ach as Árainn a tháinig mó mháthair, as Iaráirne ….

MAIRÉAD: …. Sea, sea. A’ bhfuil tú pósta?

TOMÁS: Ó buíochas le Dia go deimhin tá a dhreabhar, le fada.

MAIRÉAD: Agus a’ bhfuil mórán clann sa teach?

TOMÁS: Sea, seachtar clann a bhí againne, seachtar - seisear buachaillí agus cailín amháin.

MAIRÉAD: Ó an-deas. Ba mhaith liom eolas a fháil faoi obair cladaigh, Tom.

TOMÁS: Siúráilte.

MAIRÉAD: Em, cé a dhéanadh an obair cladaigh?

TOMÁS: Ó na fir go hiondúil, na fir cé gur chuala muid go mbíodh na mná féin fadó ann, ag iarraidh bheith tabhairt cúnamh dhób, ag iarraidh méid gon cheilp (--) feamainn a shábháil agus a d’fhéadfaidís le na ceilpe ….

MAIRÉAD: ….Sea.

TOMÁS: Mar ba é mórán é féin agus an t-iascach an dá thionscail ab fhearr a bhí ann lena linn, le punt a shaothrú, le punt a shaothrú agus bhí dar ar feadh dhá mhí dhéag na bliana ag iarraidh (--) a’ plé lei agus á sábháil, go hiondúil i mí Iúil a dhóití an cheilp i gcónaí mar theastódh aimsir bhreá uait a’ dó na ceilpe, agus dá bhrí sin i mí Iúil a dhóití í ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: .… agus is minic nach raibh aon ghlaoch in Árainn ar chor ar bith uirthi agus ….

MAIRÉAD: ….Sea ….

TOMÁS: …. chaití í a thabhairt amach go Cill Chiaráin sna báid agus is minic a chuadar i gcontúirt mhór a’ gabháil amach sna báid le an iomarca locht agus b’fhéidir briseadh aimsire agus ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: … dá bhrí sin amuigh ar feadh bunáite na seachtaine uilig léireach. I gCill Chiaráin a thógtaí ….

MAIRÉAD: ….Sea ….

TOMÁS: .… teist di agus a mheáití í. Thagadh fear ar a dtugaidís Hazel air aniar go, aniar gon Chaiseal agus Dé Máirt agus Dé Céadaoin agus ar feadh na seachtaine, ag teisteáil agus ag meáchan [na ceilpe] ….

MAIRÉAD: …. Cén cineál feamainne a d’úsáidtí?

TOMÁS: Ó chuile chineál feamainne, chuile chineál feamainne a d’fhéadaidís a theacht suas léi ach ní raibh an fheamainn dubh ná ruánach molta faitíos ….

MAIRÉAD: …. Cé nach raibh?....

TOMÁS: …. go dtiocfadh sé suas sa teist. Ach maidir le slata mara agus coirleach agus feamainn dearg, feamainn dearg, agus feamainn Bhealtaine ar a’ togha uilig.

MAIRÉAD: Agus ar fhás chuile chineál feamainne as slata?

TOMÁS: Bhuel is dóigh gur fhás, is dóigh gur fhás. Ar an gcoirleach anois fásann sí ar na carraigreachaí ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: …. nach coisín bheag bhídeach atá aisti, ach tá an tslat mhara an-mhór go deo.

MAIRÉAD: Agus cén sort feamainne a fhásann ar an slat mara?

TOMÁS: Ó dos, dos feamainne a thugaidís air, dos beag a fhásann ar an t-slat mhara.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Téann cloigeann an t-slat mhara féin i bhfostú ar na h-ualláin agus ar a híochtar ansin tá an dos fásta.

MAIRÉAD: Agus céard a úsáididís leis an feamainn a ghearradh?

TOMÁS: Ó scian, áit a’ bith, scian mhaith, níl ’fhios a’m (gáire) nach mbíodh corrán ag cuid acub a’ baint na coirligh….

MAIRÉAD: ….(Gáire) A’ mbíodh?

TOMÁS: Bhí sé ráite go mbíodh. Thomhais mé féin cuid gon choirleach sa gcladaichín sín thíos a’inn féin agus bhí sí ós cionn sé troigh ar fad.

MAIRÉAD: Ó!

TOMÁS: Shín mé siar mé féin agus bhí sí ós cionn feá ann ….

MAIRÉAD: …. Ó ní raibh ’fhios a’m go raibh coirleach chomh fada sin ….

TOMÁS: …. Ó thar a bheith go deo fada a stór, ach siar taobh amuigh uilig a fhásann sí, a’ dtuigeann tú. Tá an fheamainn dubh taobh istigh dhi agus an….

MAIRÉAD: …. Á sea ….

TOMÁS: .… agus an fheamainn dearg taobh amuigh ansin uilig léireach.

MAIRÉAD: Agus cén chaoi a ndéantaí an cheilp, mara déarfá?....

TOMÁS: …. Ó bheifeá a’ sábháil na feamainne, chuile fheamainn a thiocfá trasna uirthi, mar a deir mé scarfá suas ar an duirling, nó ar an ionlach í, mar a deiridís ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: .… b’fhéidir ar na muirbhigh agus dá n-éireodh lei lá maith agus cúpla ....

MAIRÉAD: …. Chaithfidh sí a bheith tirim, an gcaithfeadh?

TOMÁS: Sea scarfá fliuch í ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: …. agus chaithfeadh sí dhá lá maith a fháil go dtabharfá an chéad chocadh uirthi, agus dá mbeadh an aimsir feiliúnach ansin thabharfá an dara scaradh dhi agus an tríú scaradh chun go mbeadh sí ceart le cur ina stumpaí mar staiceanna maith móra ‘s ansin í chur sa gcoca mór bheadh ar feadh na bliana aríst ann go ndóití í.

MAIRÉAD: Agus cén chaoi a ndódh sibh í?

TOMÁS: Ó dhéanadh muid tornóg mhór caol fada timpeall cheithre troigh, scór troigh ar fad go h-áirid agus cheithre troigh ar leithead, balla cloch mar seo, balla anseo agus trí nó ceathair de throigh eatarthu agus í sin a líonadh le sceacha “____” maith mar deiridís féin, sceacha láidre agus driseachaí ….

MAIRÉAD: …. Sea.

TOMÁS: Ní raibh aon phré leis na driseachaí míne mar ghabhaidís as ró-sciobthaí an dtuigeann tú, bheidís a’ dó ró-sciobthaí. Ach nuair a bheadh sí lán idir sceacha agus driseachaí ansin agus chuile rud …..

MAIRÉAD: …. Agus an mbídís ag cur móin ann le .…?

TOMÁS: …. Bhuel thugtaí móin síos sa mbuicéad leis an tine a lasadh.

MAIRÉAD: Ó sea.

TOMÁS: Ach scaraidís brat feamainne ar dtús ar na slata agus ar na driseachaí.

MAIRÉAD: Sea

TOMÁS: Agus cur i gcás le gaoth aniar aduaidh anois bhíodh muid a’ dó chuile chuid a’ dó mar gheofá aimsir mhaith le gaoth aniar aduaidh. In aghaidh na gaoithe ansin a lasfaí an tornóg i gcónaí ina ceann ó dheas mar dá lasfaí ina ceann ó thuaidh í d’airigh mé, dúirt siad liom, bheadh an tine imithe thríd ró-sciopthaí, bheadh na driseachaí dóite agus ní bheadh greim ag an bhfeamainn air [an lasair] ach de réir a chéile lastaí ina ceann ó dheas í. Chonaic mé mo dhaide go minic [ag lasadh] an ceann ó dheas agus bheadh sé a’ gabháil anuas ’e réir a chéile ansin ag plé leis agus bhí sí lasta uilig léireach. Feamainn a choinneáil ansin uirthi, fliuch nó tirim ar feadh cheithre uaire fichid. Cúig nó sé a chlog ar maidin agus go dtí maidin lá arna mháireach.

MAIRÉAD: Oh God….

TOMÁS: …. Cheithre uaire fichid le timpeall ’s trí thonna ceilpe a bheith a’d. Trí thonna ceilpe ….

MAIRÉAD: …. Agus a’ mbíodh mórán cúnamh agaibh?....

TOMÁS: ….Ó bheadh, chaithfeadh (--) níorbh foláir triúr fear maith a’ coinneáil ….

MAIRÉAD: …. An mbíodh na mná a’ tabhairt cúnamh?

TOMÁS: Bhídís, cuid acub a mbíodh .…

MAIRÉAD: ….Sea ….

TOMÁS: .… is nach raibh a ndóthain le déanamh acub ….

MAIRÉAD: …. (Gáire)….

TOMÁS: …. a’ tabhairt síos tae. Is minic ….

MAIRÉAD: …. Ó siad na mná a bhíodh a’ tabhairt an tae agaibh ….

TOMÁS: …. Ó go deimhin siad. Is minic a tháinig, tháinig siad i gcónaí thíos reigleáilte ag a do dhéag san oíche a choinneodh ag imeacht na daoine lena maidine.

MAIRÉAD: Agus an mbíodh na gasúir a’ tabhairt cúnamh?

TOMÁS: Ó bhíodh (gáire) na gasúir ag gleimáil leob agus a’ gabháil i gcontúirt amanntaí, a’ gabháil i mballa na deataigh agus a’ titim agus seo siúd, go deimhin, bhíodh ….

MAIRÉAD: …. Agus bhí am áirid gon bhliain is dóigh a dhéanadh sibh an ceilp seo? ….

TOMÁS: …. Ó ar ndóigh am áirid gon bhliain le í a dhó gó h-áirid, i mí lúil mar a déarfá ….

MAIRÉAD: …. Sea, i mí Iúil, sea ….

TOMÁS: .… leis an lá breá ach bhí muid ag iarraidh í a shábháil chuile am gon bhliain a d’fhéadfá a theacht suas léi.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Feamainn Bhealtaine agus feamainn mhín ansin i Mí Meitheamh agus Iúil. Feamainn Bhealtaine togha na feamainne. Feamainn mhín ansin ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: .… ní raibh sí sin chomh maith, dhéanadh sí go leor smál nó barr-dhó. Ní bheadh sí ró-rite ar na clocha.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Ach bhítí ag iarraidh (--) dhéanadh sí meáchan maith go leor agus ansin feamainn an Fhómhair bhí sí thar cionn uilig. Ach is iondúil feamainn an Fhómhair, deireadh an Fhómhair go h-áirid, chuirfí i gcocaí í le an chéad bhliain eile a’ dtuigeann tú.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Dhóití an cheilp i mí Iúil leis an lá fada agus chuile shóirt….

MAIRÉAD: …. Á sea, agus an raibh ceilp maith agus ceilp dona ann?

TOMÁS: Ar ndóigh, bhí chuile chuid dhe is dóigh sách maith ach cuir i gcás nuair a bheadh b’fhéidir corr shop feamainn dubh nó sop ruánach nuair a bhí sí dhá teistáil ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: .… dhá dtiocfadh sé sin amach sa teist (--) chonaic mé féin dhá teistáil (--) bhí tú curtha siar sa bpraghas, dá dtiocfadh sé sin amach….

MAIRÉAD: …. A’ raibh?

TOMÁS: Ach aimsir an chogadh ansin ní raibh aon teistáil ann ach í a bheith glan, ba cheart gurb shin é an chaoi a mbeadh sé i gcónaí mar bhí sí go maith uilig ach í a bheith glan.

MAIRÉAD: Sea agus a’ raibh mórán airgead as ceilp?

TOMÁS: Ó muise go deimhin ní raibh a stór, cé is moite go aimsir an chogadh féin ní raibh, bliain amháin b’éigean dóibh a dhul Cill Chiaráin lei agus níor bhfuairiú [bhfuarthas] uirthi ach coróin is punt an tonna.

MAIRÉAD: Ó a’ b’shin é an méid?....

TOMÁS: …. Bliain an choróin is punt, thar a bheith go dona uilig i léireach, bhí briseadh croí orthub agus bhíodar amuigh ar feadh na seachtaine, muintir na mbailte agus nuair a tháinigeadar isteach, bhí aimsir an-bhriste le báisteach ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: …. níl aon gharraí faoi íochtar Eochla agus chuile bhaile nach raibh imithe leis an dúchan.

MAIRÉAD: Oh God ….

TOMÁS: …. Ní móide go raibh an spray ceart ann ag an am, ach ní raibh an t-am acu le é [spray] a chur orthub, ó oíche go maidin.…[ag plé leis an gceilp]

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: .… agus seachtain i gConamara. Bhíodh na céadta daoine ansin, aniar as an Aird Mhóir agus chuile áit go Chonamara i gCill Chiaráin a’ faire ar a sláimín ceilpe féin a dhó.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Agus an aimsir chomh dona agus iad sínte ....

MAIRÉAD: …. Lé cúpla punt a dhéanamh.

TOMÁS: Ar feadh na seachtaine ina gcuid éadaí, ina luí le taobh a chéile. Bhí teach mór amuigh ansin, tí Khane, a deiridís, teach ósta a bhí ann freisin agus bhí fairsinge mhór ann, bhíodh sé sin lán (gáire) lé daoine, ó oíche go maidin idir ag ól, bhí pórtair ar dhá phingin an pionta.

MAIRÉAD: Ó, a Thiarna.

TOMÁS: Dhá phingin an pionta na créatúir, agus iad díbeartha ach tá mé a’ rá leat gur shaoradh siad a saol ar feadh na seachtaine ina gcuid éadaí, más fliuch nó tirim iad, b’éigean dóibh codladh iontub ….

MAIRÉAD: …. Oh God

TOMÁS: agus ní h-iad muintir….

MAIRÉAD: …. Agus cén sórt éadach a bhíodh siad a chaitheamh?....

TOMÁS: …. Ó ar ndóigh bhí na flainíní bréidín, bhí drár maith bán ar chuile dhuine agus treabhsar maith flainín nó drár maith flainín taobh amuigh dhe sin ’s ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: …. léine ghlas agus bhástcóta maith agus veist ….

MAIRÉAD: …. Agus a’ mbídís a’ caitheamh wellingtons an t-am sin?....

TOMÁS: …. Ó ní raibh ’s céard iad a stór, ach na bróga úr leathar, go deimhin is gearr ó tháinig siad sin [wellingtons] amach, na bróga úr leathar, sin é an méid a bhíodh sa gcladach mar ní dhéanadh an sáile aon dochar go na bróga úr leathar, bhí siad a’d i gcónaí agus choinneoidh sé bog iad agus seo siúd, sin é an chaoi a stórín.

MAIRÉAD: Ansin cé a cheannaíodh an cheilp.

TOMÁS: Bhuel bhí, bhí an dtuigeann tú, bhí comhlachtaí i gConamara a’ ceannacht na ceilpe. Hazel an fear a bhíodh dhá teisteáil, d’airínn iad a’ rá, thiocfadh sé aniar gon Chaiseal agus bhíodh sé ar feadh na seachtaine a’ teisteáil ceilpe agus thostaí á meáchan ansin, mar sin de, mar níl ’fhios cén cheilp, chuile

(--) bhí comhluadair bhochta i gConamara agus chuile áit ag iarraidh a bheith a’ saothrú cúpla punt uirthi, ’s seo siúd, bhí.

MAIRÉAD: Cén chaoi a’ mbíodh an cheilp ?[nuair a bhí sí dóite]….

TOMÁS: …. Bhíodh sí (--) cuide dhe ina clocha chomh mór leis an mbord sin.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Clocha móra millteacha agus bhídís dhá sá lé racaí agus lé chuile shórt. D’airínn iad a’ rá, muintir an bhaile a’ rá, mo sheanathair Tommy, go ndéana Dia trócaire air, thug sé cloch cheilpe síos go muirbheach a’inne, síos sa duirling amach go dtí na bhásta ag an gcurach.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Cuireadh sa gcurach í, thug an curach amach go dtí an bád í a bhí ar ancaire amuigh agus nuair a meádh (--) cuireadh isteach ar an scála i gCill Chiaráin í, ní raibh an scála in ann í a mheáchan, bhí sí cuid is mó na chuig céad. Agus ní raibh aige nach greim a láimhe uirthi, mar sin.[ag taispeáint di cén chaoi a raibh a shean athair i ngreim sa gcloch ceilpe]

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Ní raibh rópa na tada, cloch chomh mór leis an mbord.

MAIRÉAD: Sea, agus an mbrisfidís an chloch?.

TOMÁS: Ní raibh siad ag iarraidh í bhriseadh ar chor ar bith, ach í a fhágáil chomh mór agus a bhí sí ar dtús ….

MAIRÉAD: …. Ar dtús.

TOMÁS: Ach i ndeireadh na h-aimsire ….

MAIRÉAD: …. Sea.

TOMÁS: …. luaith a bhí uathab ar deireadh, luaith.

MAIRÉAD: Luaith.

TOMÁS: Luaith, í chur sna málaí. Chuiridís i málaí ar deireadh í. Silim go b’é Cóil a’ Ghabha thiar, go ndéana Dia trócaire orthub, an chéad dream a chuaigh dhá ndó ansin thiar ag a’ Duirling Bhán ansiúd, cuimhním féin air agus b’éigean go chuile dhuine aithrist a dhéanamh air, ní raibh dar ag iarraidh ansin, ní raibh dar ag iarraidh aon chlocha móra a bheith inti níos mó ansin.

MAIRÉAD: …. Ach ….

TOMÁS: …. í chuir siad sna málaí ansin í ….

MAIRÉAD: ….Sea.

TOMÁS: Sea gruáin mhaith, gruáin mhaith ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: …. chomh mór le fóide móna agus mar sin de ach eh …

MAIRÉAD: Agus ansin a’ meáidís í?

TOMÁS: Ó mheáití thoir i gCill Rónáin í, bhí muintir Ned Bháin a’ meáchan ceilpe ansin i bhfad, St. Ronan’s ansin anois nach ea atá na Lundys ….

MAIRÉAD: ….Sea….

TOMÁS: … bhí, bhí Ned Bán ag ceannach ceilpe go firm eicínt. Chuir

(--) d’aire mé iad a’ rá gur fhág shteamer, soitheach mór, as Glasgow an ait sin thoir le trí chéad tonna babhta, trí chéad tonna….

MAIRÉAD: …. “____+”….

TOMÁS: …. Trí chéad, soitheach mór.

MAIRÉAD: Agus a’ mbíodh báid as Conamara a’ teacht isteach?

TOMÁS: Ó bhíodh a bhaisce….

MAIRÉAD: …. A’ tabhairt amach an cheilp?....

TOMÁS: …. Bhí scaitheamh, bhí scaitheamh gon tsaoil, nach gcuimhním féin bád ….

MAIRÉAD: …. Cé as a bhídís ag imeacht, arbh as eh ….

TOMÁS: …. Cill Chiaráin, as Cill Rónáin, as Cill Rónáin ….

MAIRÉAD: …. As Cill Rónáin, a’ raibh aon bhád ag imeacht as Cill Mhuirbhigh?

TOMÁS: Ní dhéarfainn go raibh, ní dhéarfainn go raibh aon bhád, tá mé a’ ceaptha go raibh muintir siar uilig ’á cur soir go Cill Rónáin a’ dtuigeann tú ….

MAIRÉAD: …. A’ raibh?....

TOMÁS: …. mar chaithfeá aimsir mhaith a fhail i gCill Mhuirbhí agus chaithfeá a bheith a’ fanacht le taoilí arda ann agus chaithfeá seo siúd, ach chonaic mé féin, bhí muid ina lads thoir, tá ’fhios a’m go raibh mo dhaid go ndéana Dia trócaire air agus triúr nó ceathrar go na carraeirí ag cur ceilpe síos as stórachaí Ned Bháin agus ó bhí (--) a’ gabháil gon Fhrainc, bhí Francaigh anseo ag ceannach na ceilpe, comhlacht Francaigh….

MAIRÉAD: …. Ó a’ raibh, ó sea….

TOMÁS: …. Cóilín McDonach ina agent acub agus cuimhním ….

MAIRÉAD: …. A’ raibh aon dhuine ar an oileán a’ ceannacht an cheilp?

TOMÁS: Ní raibh aon dhuine ar an oileán, ní mheasaim go raibh aon dhuine ….

MAIRÉAD: …. Ní raibh ….

TOMÁS: .… ach go raibh siad ina agents. Bhí Francaigh agus Sasanaigh. Sasanaigh an chéad dream, níor bhain na Francaigh amach silim cúpla bliain agus d’ardaigh siad suas [an praghas] go maith í, na Francaigh.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Silim go ndeachaigh sí aon phunta dhéag an tonna an t-am sin agus níorbh (--) díoladh go leor de, trí phunt agus deich [scilling] agus trí [pingin], chonaic mise dhá teisteáil iad ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: …. thoir anois san áit a bhfuil an stór ag Mattie Joe Gabha ansiúd, bhí cearta ann, chonaic mé dhá teisteáil ansin í.

MAIRÉAD: Agus a’ raibh áit speisialta i bPort Chorrúch? Bhí saghas teach mór ….

TOMÁS: …. Ó ar ndóigh bhí sa sean aimsir, an teach mór sin….

MAIRÉAD: …. Sea, sea ….

TOMÁS: …. Á bhí, teach mór Phort Chorruch mar a déarfaidís féin, bhí ceilp, bhí ceilp dhá dhó ansin ar feadh an t-saoil agus é clúdaithe ó oíche go maidin, agus iad á cur aníos bog báite agus á scaradh ar na h-innill ansin agus dhá dó leob, agus luchtaítí amach ansin í agus thugadh currachaí amach í ag báid a bhíodh ar ancaire taobh amuigh (sos)

MAIRÉAD: Á sea.

TOMÁS: agus thugtaí go Cill Chiaráin í.

MAIRÉAD: Cén fáth a raibh an oiread tóir ar a’ gceilp?

TOMÁS: Bhuel ar ndóigh bhí iodine, bhí caint, ní raibh caint ar thada nach air iodine an t-am sin. Sin é an chéad rud agus is dóigh an dara rud ansin lé leasú na talún. Ach dá láidre dá raibh sí lé mo linn sa ar dtús, dá mbeadh sí cúig clocha, chúig céad meáchan, na clocha móra, sin iad a bhí uathab. Tháinig athrú ansin aríst ann – í a bheith chomh mion go ’s gcuirfeá ins na málaí í.

MAIRÉAD: Go gcuirfeá ins na málaí í.

TOMÁS: Luaidhe ….

MAIRÉAD: …. Sea.

TOMÁS: Luaidhe a bhíodar (--) agus creidim, creidim, deir siad gur de réir mar bhíthú á dó an t-am sin ar dtús, na clocha móra agus a’ tabhairt cead lasadh dhe, sé an chaoi a bhí an sú agus an mhaith ag imeacht aisti (sos)

MAIRÉAD: Á sea.

TOMÁS: ach ar deireadh í dhó chomh éasca agus neart feamainne a thabhairt gon tornóg. Ní bheadh sí nach ina luaidhe ansin a’d, a’ dtuigeann tú.

MAIRÉAD: So bhídís ag úsáid an feamainn le h-aghaidh leasú a deir tú ….

TOMÁS: …. Ó ar feadh an t-saoil, nach shin é a raibh in Árainn….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: …. ar ndóigh ní raibh ’fhios céard é an stuif na málaí an t-am sin a stór, ní raibh ’fhios céard é stuif na malaí. Cuimhnímse babhta go raibh, bhí duine muintireach le m-athair th’ éis bhás a fháil cúpla lá agus ní raibh muid, bhí muid a’ leasú garraí Fearann a’ Choirce ach ní raibh muid a’ déanamh tada an dá lá sin ach cuimhneoidh mé go deo air nuair a chuaigh muid síos cúpla lá th’ éis na sochraide, bhí h-ocht gcinn go chaiple agus cúig cinn go aisle a’ líonadh feamainne í bPort Chorrúch. Ó Luain go Sathairn, agus dhá réir, maidir lé Trá Phort Mhuirbhigh bhídís chomh lineáilte ann, leath scór caiple, Gort na gCapall agus Cill Muirbhigh, anuas, lineáilte ann a stór ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: …. lé taobh a chéile, bá mhór a’ spóirt iad, ba mhór a’ spóirt iad.

MAIRÉAD: Agus bhí siad ag úsáid an fheamainn le ….

TOMÁS: …. An fheamainn….

MAIRÉAD: …. leasú fataí, leasú ….

TOMÁS: …. Bhí dó nó trí gharrantaí fataí curtha, garraí mangles agus garraí turnips, le na mbeithígh, is neart feamainne le chuile shóirt ansin, feamainn dhubh agus is iomaí duine a chuireadh mar a déaraidís féin leis an top dress air amach le féar ar an mbealadh céanna i dtús na h-aimsire, go luath ins an aimsir, go mbeadh barr maith féar tirim acub chomh maith.

MAIRÉAD: . A’ raibh siad ag úsáid feamainn le glasraí freisin?

TOMÁS: Ó bhíodh chuile shóirt gan dabht, mangles, turnips, oinniúin, chuile shóirt, ní raibh a mhalairt ann, ní raibh malairt ann….

MAIRÉAD: …. Ní raibh, sea ….

TOMÁS: …. Ní raibh a mhalairt ann.

MAIRÉAD: Ní raibh aon Giúain ann….

TOMÁS: …. Ó ní raibh aon chaint air, ní raibh ’fhios céard é anseo go h-áirid. Ní raibh ’fhios céard é a stór.

MAIRÉAD: So bhíodh na fir an-chrua chúiseach a’ plé leis an talamh agus eh ….

TOMÁS: …. Ó bhíodh ach cuir i gcás i dtaobh an chladaigh, chaithfeá a bheith ag imeacht de réir an taoile mar nuair a thosódh sé a’ trá sa gcladach ná in aon chladach acub, mara mbeifeá ann le do … ins an gcladachín sin a’inne thíos i bPort Eochla - cladaichín cúng garbh a bhí ann agus bhídís i mbéal toinne dhá bailiú ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: …. agus is minic a bhíodh leath scor bord bailithe ag duine nó beirt in éineacht. Thiocfadh, d’éireodh an fharraige thiar ar an gcoirnéal ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: …. ar a’ gcarraig mhór agus ní fhágfadh sí sop acub.

MAIRÉAD: Á!

TOMÁS: Bheidís lucky go leor nach dtabharfadh sí amach iad féin….

MAIRÉAD: …. So le taoilí áirid ab ea?....

TOMÁS: …. Taoilí áirid sea, is minic a d’éireodh sí le taoile trá a’ dtuigeann tú ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: …. ach sin an-chladach, Corruch, ceart go leor nuair a thriomódh sí ansin “____+” chuala mé go raibh cheithre, cheithre family déag a’ déanamh ceilpe i gCorruch tamall.

MAIRÉAD: So chaith, chaithfeadh sibh, i dtaobh baint feamainne, chaithfeadh sibh a bheith a’ braith ar an taoile.

TOMÁS: Ó chaithfeadh (--) ó ní raibh (--) bhí cladach ag chuile bhaile dhó féin agus ní fhéadfá a dhul mórán in aon chladach eile.

MAIRÉAD: Ach a’ mbíodh na cladaí roinnte?

TOMÁS: Ó bhíodh an fheamainn roinnte.

MAIRÉAD: Á….

TOMÁS: …. Bhíodh an fheamainn “____+” , go minic ….

MAIRÉAD: …. An raibh an cladach é féin, áit áirid ag chuile dhuine? ….

TOMÁS: …. Ó is dóigh go raibh. Ni fhaca mise mórán roinnt, chonaic mé an fheamainn á roinnt aon bhabhta amháin, ruánach a chonaic mé á roinnt ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: …. aon bhabhta amháin acub ach bhíodh chuile bhlas di roinnte fadó a stór, bhíodh, bhíodh chuile bhlas “___+” ….

MAIRÉAD: …. Agus a’ mbíodh go leor achrann ar an gcladach (gáire)?

TOMÁS: Bhuel is dóigh go mbíodh, diabhal mórán a chonaic muid ann (gáire).

MAIRÉAD: (Gáire)

TOMÁS: Ní mórán, bydad ní fhaca mise tada ann.

MAIRÉAD: Ó cé nach bhfaca, chuala mé go mbíodh beagán achrann….

TOMÁS: …. Bhíodh a bhaisce, bhíodh rhyme eicínt ann, nil ’fhios a’m – ‘Mac Pháidín Sadhbh sé a tharainn an row agus Mac Choilmín Nóra Bhríde a shá an pice’ (gáire) ….

MAIRÉAD: …. (Gáire) Ó is dóigh gur fíor é mar sin….

TOMÁS: …. Ó bhíodh actáil ann a stór, bhíodh ….

MAIRÉAD: …. Bhíodh….

TOMÁS: …. Á na créatúir bhochta. Á muise, ach dá gcuirfí siar coróin sa, coróin sa tonna sa teist iad is beag nach dtitidís as a seasamh, na créatúir.

MAIRÉAD: Mar bhí siad a’ braith go mór air….

TOMÁS: …. Ó bhí, bhídís, cuir i gcas dá mba chúig phunt anois a bheadh uirthi bhuel mara ndéanaidís an teist is dóigh pébí (--) chuirtí anuas coróin no deich scilleacha, á is é a bhfuil ann go mbeadh siúl an bhealaigh iontub na créatúir is ar ndóigh ní iontas a’ bith é mar bhídís ar feadh na bliana a’ faire uirthi ….

MAIRÉAD: …. Á sea….

TOMÁS: …. agus ba bhocht an rud nach raibh do cheilp in ann, nach raibh sí a’ tógáil ag tógáil an teist. Agus cén bhrí ansin mar a déarfadh chuile dhuine ach an cheilp nach bhfaigheadh ach an praghas beag féin bhí sí caite sa stór in éineacht leis an gceilp is fearr. Bhí sí uilig thrína cheile agus bhí sí sin a’ gabháil top grade pébí cá ndeachaigh sí. Ó go deimhin bhí na daoine bocht a stór, bhí siad.

MAIRÉAD: Agus an cuimhin leat anois, tá mé a’ gabháil a’ labhairt leat beagán faoi iascach.

TOMÁS: Sea.

MAIRÉAD: An as curachaí is mó a bhídís ag iascach? ….

TOMÁS: …. Ó as curachaí, bhuel le mo linn sa ní raibh in Árainn ach dhá bhád.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Mac Giolla Phádraic agus Paitín Tom Gill, sin é a raibh in Árainn le mo linn sa, ach bhíodh bád ag Scuffle anseo ar feadh an samhraidh, ba as Co an Chláir iad sin, bhíodh sí sin a’ plé le, a’ tógáil gliomachaí - bhí muintir Stiofán Cháit i gCill Rónáin ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: …. bhí siad ina agent ag Scuffle a’ ceannacht gliomachaí agus potaí stóir, potaí móra millteach stóir thoir acub, ach thiocfadh an bád seo thart aniar taobh Chonamara, bhaileodh sí léi - an Alice Webster a bhí uirthi - bhaileoidh sí le na gliomachaí, thabharfadh sí as sin soir iad, thabharfadh sí Co an Chláir ag Scuffle ansin iad. Bhí, bhí pondannaí móra ag Scuffle ansin go ….

MAIRÉAD: …. A sea ….,

TOMÁS: …. gcuireadh sé ann iad agus mhéadóidís a’ dtuigeann tú.

MAIRÉAD: Ó mhéadóidís, ó sea….

TOMÁS: …. Mhéadóidís, bhídís ag méadú agus bheathódh sé ann iad….

MAIRÉAD: …. Agus a’ mbídís ag iascach gliomachaí taobh thiar gon oileán?

TOMÁS: Ó d’fhéadfá rá a stór, d’fhéadfá a rá.

MAIRÉAD: “_____+”

TOMÁS: Bhí mé a’ tarraingt mhóna ag fear as Corrúch bliain anseo thoir agus bhí fear as Cill Rónáin ann agus bhí muintir Chorrúch, Peait Sheáinin agus iad sin, bhí siad thar cionn a’ plé - Seán Sheáinín – a’ plé le gliomachaí. “An raibh séasúr maith agaibh, an raibh séasúr maith agaibh i mbliana” a deir sé seo le Peait Willie Costello “m’anam go raibh” a deir Peait “tá chúig phunt a dhéag agus fiche tugtha siar,” September a bhí ann ….

MAIRÉAD: …. Hm ….

TOMÁS: ….“tá chuig phunt a dhéag agus fiche anois tugtha abhaile a’m” a deir siad “ó Mháire Stiofán”, ar an gceilp, eatorrab, an dtuigeann tú.

MAIRÉAD: Ó sea, ar na ghliomachaí?....

TOMÁS: …. Isteach in aon teach amháin, ar ghliomachaí….

MAIRÉAD: …. Sea.

TOMÁS: Nuair a thiocfadh an triomach bhídís … trí cinn déag go ghliomachaí, bakers dozen mar a deir siad ar seacht is sé pingin an dosaen, nár bheag an praghas é. Nil ’fhios cén punt atá anois orthub, tá an oiread seo anois ar an bpunt….

MAIRÉAD: …. Ó tá ….

TOMÁS: Ó de réir an phuint …

MAIRÉAD: Ó tá airgead mór …

TOMÁS: … le blianta anois sé an chaoi a bhfuil siad meáite. Seacht ’s sé pingine an dosaen nuair a thiocfadh an triomach mar ní raibh an teas go maith acub ach b’fhéidir go mbeidís deich scilleacha nó dó dhéag ansin i dtús na bliana sa mBealtaine nó i ndeireadh na bliana faoi Shamhain aríst.

MAIRÉAD: Sea, ach an mbídís ag iascach cineálachaí eile iasc chomh maith?

TOMÁS: Ó chuile chineál, na spiléid ar ndóigh san Earrach,….

MAIRÉAD: ….Sea….

TOMÁS: …. Iaráine agus Bungabhla, Cill Éinne agus Iaráirne. Bhí seans níos fearr in Iaráirne mar ní raibh an áit chomh fiáin. Bhí Bungabhla thar a bheith (--) ó ar ndóigh níl fhios cén t-iasc, langaí ’s troisc …

MAIRÉAD: …. Langaí ’s troisc….

TOMÁS: …. is colmóirí ’s chuile chineál.

MAIRÉAD: Mangachaí?

TOMÁS: Ó stop, chuile chineál agus ansin ní raibh cur síos ar bith le Árainn....

MAIRÉAD: …. Agus a’ mbídís ag iascach na mangachaí go na (--) as curachaí nó as ….?

TOMÁS: …. Ó as curachaí, as curachaí. Ní raibh aon ….

MAIRÉAD: …. As curachaí ….

TOMÁS: …. Is fada gur tháinig na tramannaí sin seans isteach ann, is fada. As curachaí, thíos ar an gcarraig….

MAIRÉAD: …. Ach ní bhídís ag iascach gon aill, ó Barr Aille “___+”?

TOMÁS: Ó le dorú ….

MAIRÉAD: …. Le dorú….

TOMÁS: …. Le ballachaí….

MAIRÉAD: …. Le ballachaí….

TOMÁS: …. Ó bhíodh le ballachaí ach eh thíos ar an gcarraig mhór ansin thíos anois, go leor áiteachaí ann deir siad, chaithfeá a dhul píosa amach, ghabhfá amach chomh fada go bhfeicfeá tí Johnston an dtuigeann tú agus siar is aniar ansin bhídís, níl a fhios cé na stropai manga móra a mharaídís ann le taoilí arda….

MAIRÉAD: …. Agus a’ mbídís iad a choinneáil sin dhób féin ….

TOMÁS: …. Dhá sailleadh….

MAIRÉAD: … nó an mbídís iad a dhíol?....

TOMÁS: …. Dhá sailleadh agus bhíodh muintir Chonamara fiáin acub ….

MAIRÉAD : …. A’ mbíodh ? ….

TOMÁS : ….. m ar a deiridís féin “móin, móin ar iasc”.

MAIRÉAD: Á sea.

TOMÁS: Gheobhaidís b’fhéidir cúpla punt airgid agus cúpla céad nó tri éisc pé bí cineál a bhí acub agus dhá réir sin. ar ndóigh sin áit Bungabhla ’s níl ’fhios (--) agus Trá Port Mhuirbhigh, níl ’fhios cé na ronnachaí a tugadh isteach sna h-áiteachai sin….

MAIRÉAD: …. Ó sea….

TOMÁS: Ó níl a fhios cé na (--) luchtaí, luchtaí….

MAIRÉAD: …. Agus a’ mbíodh na mná a’ déanamh mórán obair, mar a déarfá (--) nuair a bhíodh eh an mbídís a’ glanadh an iasc?....

TOMÁS: …. Ó bhí cailín as Cill Mhuirbhigh, bhí sí ina cailín [oibre] thíos Tigh Tommy Réamoinn i nGaillimh ar feadh blianta agus tháinig sí aníos an Nollaig seo, d’airigh mé iad a’ rá agus níor fhéad sí a dhul a chodladh fad is a bhí sí abhus ach a’ scoilteadh, a’ scoilteadh agus a’ glanadh ronnachaí ó oíche go maidin, faoi Nollaig, muintir Mháirtín Jeaic, ó oíche go maidin a’ scoilteadh ronnachaí, á nglanadh is fáil faoi réir le iad a shailleadh….

MAIRÉAD: …. Agus cén áit a saillidís ansin iad? ….

TOMÁS: …. Bairillí, bairillí, bhí neart bairillí an t-am sin acub….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: …. Tancannaí déanta ag cuid acub, tancannaí beaga déanta agus iad clúdaithe agus seo siúd. Ó go deimhin bhí obair iontub ó oíche go maidin, ach b’iontach an cladach é Port Mhuirbhigh an dtuigeann tú, bhí sé thar cionn uilig, bhí.

MAIRÉAD: So, bhí na mná chomh maith leis na fir?....

TOMÁS: …. Ó bhí, (gáire).

MAIRÉAD: Bhí a ndóthain le déanamh agaibh uilig?

TOMÁS: Ó bhí, bhí. D’airínn iad a’ rá Padhraic Tom Mhóir, go ndéana Dia (--) fear láidir ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: …. folláin a bhí ann, bhí sé a’ gabháil siar an lá seo, bhí sé ag iascach, bhí sé (--) ag iascach in éindí le Peaitsín Mháire Bheag agus nil fhios a’m an tríú fear, curach triúr sílim a bhí ann. Fear réidh staidéarach a bhí i Peaitsín Mháire Bheag, go ndéana Dia trócaire air, “a’ bhfuil tú a’ gabháil amach” a deir Pádraic go láidir le Peaitsín.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: “Muise a Mhaighdeainín Bheannaithe” a deir Peaitsín ….

MAIRÉAD: ….(Gáire)…..

TOMÁS: …. “ní ghabhfadh duine a’ bith a’ tabhairt toirt air féin ar a leithéide go lá.”

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: “Mara bhfuil” a deir mo dhuine “tá mise a’ gabháil amach (gáire) in éineacht le mac Bhille go dtabharfaidh mé isteach mo líon nua”. Cheannaigh sé líon an oíche roimhe sin ….

MAIRÉAD: ….Sea ….

TOMÁS: …. agus faitíos (--) “go dtabharfadh mé isteach mo líon nua”, a deir sé.. Bhí currach ceathrar ag Mac Bhille.

MAIRÉAD: So is dóigh go mbíodh imní ar chuid go na mná ….

TOMÁS: ….Tuige nach mbeadh….

MAIRÉAD: …. nuair a bhíodh a gcuid fir amuigh ag iascach?....

TOMÁS: …. Tuige nach mbeadh, nach n-airínn mo mháthair féin a’ rá, ba as Iaráirne í, nuair a bhíodh droch lá anois ann théadh cuid go na mná suas thoir a’ breathnú, bhídís [na fir] imithe roimh an lá a’ tarraingt na spiléid agus a’ plé leob agus nuair a thagadh an múr ní bhíodh tuairisc a’ bith ar a’ gcurach ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: …. agus faoi cheann leathuaire ansin arís déarfadh bean amháin “feicim ceann is feicim péire” is bheidís uilig in amharc ansin faoi cheann ceathrú uaire go dtiocfadh an múr aríst. Ba áit fiáin é.

MAIRÉAD: Agus á mbeadh ceo ann an mbíodh ….

TOMÁS: …. Ó ar an gcaoi chéanna is dóigh.

MAIRÉAD: An mbíodh marcannaí áirid acub, ag na h-iascairí seo? ….

TOMÁS: …. Ba dheacair, ba dheacair dhób a mbealach a dhéanamh a stór nuair, nuair ….

MAIRÉAD: …. Sea.

TOMÁS: Ba dheacair dhób a mbealach a dhéanamh.

MAIRÉAD: Ach nuair a ghabhaidís amach ag iascach freisin bhí marcannaí áirid [cá bhfaighidís] iasc.

TOMÁS: Mar a deiridís thoir in Iaráirne anois - na Carracháin le breams, a’ dtuigeann tú, na Carracháin. Bhí marcáil acub amach go Poll na Brioscarnach agus dhá réir sin ansin. Amanntaí áirid bhídís le eh …

MAIRÉAD: Á sea.

TOMÁS: M’anam gur airigh mé Paitín Phádraicín a’ rá go ndéana Dia trócaire air, bhí sé in éindí le mo uncail Tom Phetir agus mac (--) duine go na Maidhcilíní Mhicil Bhrian, ach bhíodar amuigh ar maidin Dé Sathairn deir siad, bydad ní raibh aon, ní raibh aon bhreac le fáil ach dúirt Tom leob a bheith réidh aríst ag a ceathair tráthnóna. “Ni raibh mórán fonn orainn féin tráthnóna Sathairn” a deir sé, “ach ó dúirt sé b’éigean dúinn a dhul in éineacht leis”. Ach ní raibh siad ach amuigh nuair a mharaigh duine acub a bhí ar a’ seas láir an chéad bhream. “Sín a’m í sin” a deir Tom “go bhfeicfidh mé í, sé an chaoi ar gheafáil sé í” a deir sé, “tá breams doirte ann” ach mharaigh siad seacht scóir dhéag agus iad isteach in am codlata, breams, agus gan tada le fáil ar maidin….

MAIRÉAD: …. Agus gan tada le fáil anois….

TOMÁS: …. Gan tada le fáil ar maidin. Breams.

MAIRÉAD: Sea, sea.

TOMÁS: Nil bream ar bith anois ann, deir siad ó thosaigh na potaí gliomach á gcaitheamh síos, ní raibh potaí gliomach ná tada o dheas [fadó]- nil bréam ar bith anois ann, tá siad le fáil ar na Porcupines i gcónaí ach nil tada le fáil ar na h-aiteachaí, aon bhreams anois le fáil, níl.

MAIRÉAD: Á agus is iasc álainn é….

TOMÁS: …. Sea, d’airigh mé an lad s’a’inne Maidhcil - bhí siad ar na Porcupines cúpla babhta – [ag rá] go raibh breams bhreá siar ann ach nil tada anois ann.

MAIRÉAD: Á sea.

TOMÁS: Bhí siad thar cionn. Bhí lannachaí go leor ar na breams, chaithfeá iad a ghlanadh thar cionn uilig, “____+” dhíobh ar dtús iad leis an scian ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: …. agus ansin iad a scoilteadh, ’s iad a níochán ’s iad a shailleadh is bhfaighfeá slam mona orthub ’s bhíodh glaoch dhá réir ar chuile short. Tá ’fhios a’m in aimsir a’ chogaidh gur tháinig mé féin “____+” agus Thomas Mhaidhcil anoir as Conamara….

MAIRÉAD: …. Sea.

TOMÁS: … agus bhí Jimí Pheaitsín John th’éis sé mhíle ronnachaí a thabhairt amach Tigh O’Donnell sa gCeathrú Rua. Bhuel bhí an oiread glaoch orthub, bhí chuile dhuine a’ teacht á n-iarraidh, muintir (--) chuala siad go raibh siad ann a dheartháir. Bhí muid Tigh Mhaidhcilín Mháirtín John - McDonaghs a bhí orthub, na créatúir - mé féin agus Thomas Mhaidhcil thuas ann. B’éigin go chuile dhuine sa teach breac a fháil, ronnach dhó féin. Bhí siad mar bheadh muid ag na h-úllaís Oíche Shamhna (gáire)

MAIRÉAD: (Gaire)

TOMÁS: Mar a chéile (gáire) na créatúir. Bhí an-náire go deo ar an máthair….

MAIRÉAD: …. Á sea….

TOMÁS: …. Ni raibh muide ag cuir suim a’ bith ann na créatúir, bheadh muid féin chomh santach céanna, mar ba mhór an show iad na ronnachaí nuair a bhídís úr shaillte a’ dtuigeann tú, th’éis a thógáil ar dtús, th’éis a bheith naoi lá sa bpicil….

MAIRÉAD: …. Sea.

TOMÁS: Ó thar cionn uilig léireach. Tá athrú mór ar an iascach, tá sé níos gainne go h-airid na bhí sé, i bhfad níos gainne.

MAIRÉAD: Ó bhuel ní fheicfeá, níl mórán curachaí le feiceáil thart anois ….

TOMÁS: …. Níl, ar ndóigh sin dream anois, na Feeneys i gCill Mhuirbhigh ní (--) bhíodh Beachla Feeney a’ gabhail soir, nil ’fhios cé na h-ualaí gliomachaí a thug sé soir ag muintir Stiofán Cháit. Bhí muide a’ gabháil ag a’ scoil agus bhí Colm Stiofáin ansin ar a’ gcarcair - thíos ag Tigh Joe Mac - agus thugadh (--) lá a’ bith a bhíodh Beachla thoir le gliomaigh ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: …. nuair a thugadh sé amach ag an pota stóir amuigh iad agus thugadh sé leathchoróin go Cholm Stiofán i gcónaí.

MAIRÉAD: Ach ní bhíodh eh siad féin ag ithe gliomach?

TOMÁS: Ó tá baol orthub, diabhal gliomach, ní raibh go deimhin, ní raibh ….

MAIRÉAD: …. Mar bhí said ró-dhaor….

TOMÁS: …. Bhí siad ró-dhaor ’s níor tháithín (--)bhí gliomach babhta a’inne, babhta a fuair muid sa tram nó rud eicínt é agus feicear dhom go raibh siad an-tirim, ní raibh (--) b’fhearr liom ronnach ná é, ballach breac ar bith eile ná é. Bhí tóir mhór ina dhiaidh sin ar na, ar na gliomachaí, bhí tóir mhór ar na gliomachaí, boicéaraí móra an dtuigeann tú. Nuair a bhídís ins na potaí móra thoir i gCo an Chláir ag mo dhuine, [Scofall] bhídís an- (--) staiceannaí móra gliomachaí, bhí an-tóir ansin orthub le restaurants, hotels mhóra is na rudaí sin. Bhí obair ar na créatúir. Bhí obair air (--) an-obair air ….

MAIRÉAD: …. Ach ansin mar a deir tú cén bealach a thug siad na gliomachaí trasna le iad a dhíol?

TOMÁS: Soir, ó soir as na bailte seo anois, na Feeneys ’s chuile dhuine as Bungabhla, ualaigh capaill, ualaigh capaill.

MAIRÉAD: Capaill.

TOMÁS: Nil fhios cé na hualaigh gliomaigh a thug Maidhcilín Dainín .…

MAIRÉAD: …. Ar thug?

TOMÁS: .… agus Pádraic Tom Mhóir, níl ’fhios cé na hualaigh gliomach. Sé Maidhcilín a théadh soir i gcónaí leob ansin. Níl ’fhios cé na hualaigh. Dá réir sin, a stór. Ó muise d’fhéadfá rá. Bhí Bungabhla thar cionn uilig leob agus dá réir sin.

MAIRÉAD: So obair chontúirteach chaithfeadh sé a bhí ann? ….

TOMÁS: …. Ó thar a bheith contúirteach….

MAIRÉAD: ….Bhraith sé go mór ar an aimsir?

TOMÁS: Ar an aimsir agus ar fios, ar fios a ngnáith a bheith acub freisin, ar fios a ngnaithe a bheith acub. ar ndóigh an t-am sin anois a raibh an film ‘Man of Aran’ á dhéanamh thiar, thiar i mBungabhla ….

MAIRÉAD: …. Sea, an cuimhin leat an t-am sin?

TOMÁS: Sea cuimhním, i thirty two [1932]

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Mar sin, agus nil fhios cén chontúirt, Peaitín Pheaits Sheáin agus is dóigh gurbh é Pádraic Tom Mhóir agus nil fhios a’m cé hé an tríú duine - Stephen Pheige is dóigh ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: Sé a bhfuil ann ar éigin gur tháinig said isteach. Sin a bhí [uaidh](--) nár briseadh an churach ansin nuair a tháinig sí (--) bhí sé ag iarraidh ….

MAIRÉAD: …. Ar briseadh? ….

TOMÁS: …. é sin a dhéanamh. Bhí Maggie amuigh go dtí na básta - Maggie Tom - gur rug sí ar an gcurach agus rinneadh cláiríní gon churach. Sin é an chaoi is fearr a bheadh an film déanta, an dtuigeann tú.

MAIRÉAD: Ó sé, is dóigh go bhfuil an áit sin fiáin?

TOMÁS: Ó thar a bheith fiáin uilig léireach, thar a bheith fiáin uilig léireach. Ni raibh sé in araíocht acub a dhul amach, ach contúirt mhór é ach ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: .… bhí roinnt, beagán airgid ….

MAIRÉAD: …. Ach cén fáth a chuaigh said amach?

TOMÁS: Santú an airgid, santú an airgid agus ….

MAIRÉAD: …. Agus cén sort iasc a bhí said ag iarraidh a fháil?....

TOMÁS: …. Eh is dóigh gur (--) nil ’fhios a’m féin cén cineál líonta a bhí acub an lá sin, nó is dóigh b’fhéidir gur doraíonntaí [doruithe] féin ach páirt gon film an dtuigeann tú.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Agus bhí Maggie thíos roimh an gcurach agus “____+” rinneadh ciomach gon churach ansin ach sin é a bhí uaidh Flaherty, cheannóidh sé sin curach eile dhób ansin (gáire) ach go ndéanfadh sé thar a bheith go dona iad, an film Man of Aran, an dtuigeann tú.

MAIRÉAD: Ó sea.

TOMÁS: Nil ann ach gur tháinig said [saor] an lá sin.

MAIRÉAD: Tá mé ag ceapadh go raibh said a’ marú iasc mór eicínt?

TOMÁS: Ó ar ndóigh bhídís a’ marú ….

MAIRÉAD: …. Chonaic mé an scannán sin….

TOMÁS: …. na langaí, langaí ‘s troisc….

MAIRÉAD: …. Langaí ‘s trosc.

TOMÁS: Ach nil ann ach gur tháinig an curach [saor] an lá sin, a deir siad. Níl ann (--) chuaigh said thar a bheith gar dhó [don bhás] mar gheall ar na cúpla punt a bhí dhób.

MAIRÉAD: Ó sea ….

TOMÁS: An lá uafásach sin.

MAIRÉAD: … mar chomhair sé go mór dhób sin ag an am is dóigh….

TOMÁS: …. Ó nach shin é a rinne, sin é, sin é.

MAIRÉAD: Tá an-cháil ar an scannán sin?

TOMÁS: Ó tá, deir said murach áit, marc eicínt a thug Peaits Sheáin Uí Conghaile dhá mhac a’ dtuigeann tú, nuair a bheidís a’ gabháil isteach droch lá gan corraí go deo, bheidís a’ faire ar dheibhil a’ dtuigeann tú

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: agus gan corraí go deo go bhfeicfeadh sé maidhm a’ lagan anuas ar áit eicínt agus é a dhéanamh ansin chomh sciobthaí is ab fhéidir leob. Sin é a sheas dób. Ó bhí siad a’ riskáil a n-anam agus a’ riskáil chuile shórt (gáire) .…

MAIRÉAD: …. Bhí, is dóigh….

TOMÁS: .… (gáire) dtigh diabhail é mar gheall ar na cúpla punt. Bhí in aimsir Fhlatharta go h-airid, ar ndóigh is minic a fuaireadar droch laethanta mar bhíodar, amuigh.

MAIRÉAD: Ach cén chaoi a mbíodh ’fhios acub go mbíodh droch aimsir a’ teacht an uair sin mar a déarfá? ….

TOMÁS: …. Ó ’s ar ndóigh d’fheicidís an bogadh farraige, bhí ’fhios acub, agus más gaoth anoir aneas a bhí ann, bhí sí thar a bheith go dona, rite, agus d’éireodh an fharraige leis an ngaoth anoir aneas agus maidir leis an ngaoth aniar aduaidh bheadh sí lagthaí anuas agus seo siúd. Deir siad nach bhfuil ’fhios cé na cléibhe a thug Stephen Pheige Cheaite ó Íochtar Géara, ronnachaí aníos ar bharr na duirlinge.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Nuair a thiocfadh an churach isteach amanntaí le trá mhór agus d’airigh mé iad a’ rá go raibh Tom Phetair a’ rá nach bhfaca sé aon mheáchan riamh a bhí acub, ag ardú ar feadh (--) bhíodar sa (--) curachaí Iaráirne thiar ansin a’ glanadh na ronnachaí in éindí leob go mbeadh na putógaí acubsan le breams, thoir.

MAIRÉAD: Ó sea.

TOMÁS: Mara raibh putógaí ronnachaí a’d le breams agus iad sin a shailleadh, ní dhéanfá mórán ach mura mbeadh an-mharú, ach dá mbeadh putógaí a’d, …

MAIRÉAD: Á sea.

TOMÁS: … putógaí ronnach agus iad a bheith saillte sa bpicil….

MAIRÉAD: …. Ach chaithfidís a bheith saillte?

TOMÁS: Chaithfidís a bheith saillte le iad a shábháil .…

MAIRÉAD: ….Sea, sea.

TOMÁS: Ní raibh maith a’ bith leob mara mbeidís saillte ceart.

MAIRÉAD: Sin é an baoite mar a déarfa? ….

TOMÁS: …. Sé, an baoite a bhí acub le na breams….

MAIRÉAD: …. An baoite a bhí acub….

TOMÁS: …. Le na breams go háirid.

MAIRÉAD: Agus cén sórt baoití anois a bheadh acub i gcóir gliomachaí, nuair a bheidís ag iascach gliomachaí? ….

TOMÁS: …. Bhuel, ar ndóigh bhíodh tramannaí amuigh ag Seán Sheáinín agus a leithéide, go ndéana Dia trócaire orthub agus chuiridís ballachaí ‘s mangachaí ins na potaí gliomach an dtuigeann tú ….

MAIRÉAD: …. Ó an gcuireadh, ó sea.

TOMÁS: .… agus d’fheiceadh na gliomachaí iad sin agus bheidís istigh acub agus chaitheadh na ….

MAIRÉAD: …. Agus chuiridís ins na potaí mar a deir tú ….

TOMÁS: …. Ghabhaidís isteach, ghabhaidís isteach, chonaic tú an bearach a bhí ar na potaí gliomach ….

MAIRÉAD: …. Ó yeah, chonaic mé é ar chúpla pota ….

TOMÁS: … muineál a bhí air le dhul isteach agus sin é an fáth a mbídís, bhíodh lucht na gliomaigh ag iarraidh a bheith amuigh go moch ansin, mar nuair a bheadh a dhóthain ite ag an ngliomach, faoi cheann tamaill d’imeodh sé amach aríst an bearach a’ dtuigeann tú agus bheadh na baoití ite aige, ach sin é an fáth a mbeidís ag iarraidh a bheith amuigh go moch leis na potaí a tharraingt agus bheadh na gliomaigh acub, ní bheadh (--) sula d’imeodh an gliomach. D’imeodh an gliomach amach aríst nuair a bheadh a dhóthain ite aige agus an baoite ite aige.

MAIRÉAD: An dtógann sé mórán blianta nó ’bhfuil ’fhios a’d ar gliomach fás nó an gheobhainn siad saol fada?

TOMÁS: Níl mé in ann é sin a rá ceart go leor ….

MAIRÉAD: …. Níl tú in ann, hm….

TOMÁS: .… ní bhíonn siad, ní bhíonn siad an-trom a’ dtuigeann tú, dó nó trí go phunta meáchan. Sea, ní bhíonn siad ró-throm, is dóigh go dtógann siad tamall a’ fás ar nós chuile bhreac eile.

MAIRÉAD: Bhuel chuala mise dá n-d’imeodh crúb go ghliomach

TOMÁS: Sea.

MAIRÉAD: go bhfásadh sé crúb eile ar ais ….

TOMÁS: …. Aríst, b’fhéidir é ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: .… dá dtabharfá soir ag an agent a bhí i gCill Rónáin é, dá mbeadh cois briste aige bheifeá siar san airgead go h-áirid. Ní móide a’ nglacfaí chor ar bith leis. Ach tá an t-iasc imithe thar mar a bhí a Mhairéad go h-áirid, ar ndóigh níl ’fhios cé na ronnachaí mar a deir mé cheana a tógadh. B’fhéidir go mbeadh ronnachaí le fáil anois i mBungabhla nó siar á mbeadh na curachaí amuigh a’ dtuigeann tú ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: .… agus na líonta nach eh, ó bíonn siad ar na carraigeacha le cleitheannaí, sin é an méid.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Níl aon líonta ronnachaí a’ gabháil amach chor ar bith anois.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Níl, níl ’fhios, níl ’fhios cé na ronnachaí a tógadh i gCill Mhuirbhigh aimsir - agus i chuile áit - aimsir an Society.

MAIRÉAD: Sea, cén sort aimsir é Society, aimsir an Society?....

TOMÁS: …. Ó bhí caint mhór ar an Society. Bhí foireann anseo a’ ceannacht an éisc agus an-ghlaoch go deo orthub agus chuile mhíle nithe….

MAIRÉAD: …. Agus cén sórt … cé ba as iad seo, an cuimhin leat? ….

TOMÁS: …. Níl mé féin in ann a rá, bhí agent i gCill Rónáin - agents acub in Árainn ag ceannacht, níl ’fhios a’m féin (--) is dóigh … bhí pórtar thar a bheith saor is dóigh go raibh braonachaí óil ’s chuile shórt agus cibé caoi é d’imigh bairille ola, d’imigh bairille ola thiar i gCill Mhuirbhigh a bhí ráite ar heap mór ronnachaí a bhí ann ….

MAIRÉAD: Ronnachaí ….

TOMÁS: .… a’ dtuigeann tú agus ní mórán ronnachaí a tógadh i bPort Mhuirbhigh ina dhiaidh sin.

MAIRÉAD: Ó.

TOMÁS Deir siad nár tógadh.

MAIRÉAD: Gur dhoirt an …?

TOMÁS: Go bharr óil a rinneadh é.

MAIRÉAD: Ó sea.

TOMÁS: Go bharr óil, d’imigh rud eicínt sa mbairille, bhí pórtar chomh saor agus bairille siar as Tí Sheáin a’ Creige agus chuile shóirt eile, sea.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Níl ’fhios a’m anois cé iad seo a bhí a’ breathnú ina dhiaidh.

MAIRÉAD: So nuair a dhíoladh siad ceilp nó iasc, an ngabhfadh na fir uilig ag ól ina dhiaidh?

TOMÁS: Bhuel níl ’fhios a’m, ach ar ndóigh bhíodh carrannaí, bhíodh carrannaí a’ tarraingt ronnachaí aniar ansin ó oíche go maidin. Bhíodh carrannaí soir Cill Rónáin, bhíodh carrannaí a’ tabhairt aniar ronnachaí ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: .… d’airínn iad á rá.

MAIRÉAD: Ach nuair a dhéanfadh siad beagán airgid ….

TOMÁS: …. Ó ….

MAIRÉAD: .… an raibh siad in ann cúpla pionta a bheith acub?....

TOMÁS: …. Ó tuige nach mbeadh, is dóigh go mbeadh. Bhí sé ráite, bhí fear mór ar an mbaile seo, bhí sé ráite bhíodh sé amuigh a’ plé le ronnachaí an dtuigeann tú, fear mór compléascúil a bhí ann agus ní dhéacha sé aniar riamh ar feadh na seachtaine ach síos Tigh Sheáin na Creige [teach tábhairne] ag ól ….

MAIRÉAD: …. Ó sea ….

TOMÁS: .… agus siar … is minic a bhí sé dallta, is minic a hiompraíodh isteach sa gcurach é a deir siad agus nuair a bhfaighidh sé é féin ar an seas tosaigh bhí a mheabhair ’s a réasún aríst aige (gáire), bhí sé ceart aríst ach ní raibh sé ag iarradh ach aon bhéile amháin sa ló.

MAIRÉAD: Ach is dóigh nach raibh aon chead ag mná a dhul Tigh Chreig ….

TOMÁS: …. Ó go deimhin, ní raibh ….

MAIRÉAD: …. ná ins na tí tábhairne an uair sin? ….

TOMÁS: …. Ó deimhin ní raibh aon chaint orthub a dhreabhar, deimhin ní raibh a leithid go rud ann. Ní raibh, bhí a ndóthain le déanamh acub ag tógáil comhluadar, ag beathú muca agus ag cur caoi ar an iasc.

MAIRÉAD: Ó sea, a’ beathú muca.

TOMÁS: Á a’ beathú muca. Is minic a bhíodh dhá shet muca ann. ’Á mbeadh na muca anois i ngar a bheith le díol, i bhfoisceacht mí nó trí seachtainí le cur ar an margadh, dhá mbeadh bainbh a’ gabháil thart, anoir as Co. an Chláir, bhídís a’ gabháil thart agus cheannóidís trí nó ceathair go cheanna eile, bainbh óga, is bhíodh imirt ’s rírá, ’s bhí babhta ann anseo a raibh crántrachaí san oileán, bhí cráin “___+”

MAIRÉAD: Sea, agus an ndíolaidís na muca?

TOMÁS: Muintir Bheachla Beag thiar ansin, muintir Bheachla Beag thiar ansin.

MAIRÉAD: Sea?

TOMÁS: Bhí eh, bhíodh cráin aici go minic….

MAIRÉAD: …. Ó an raibh, cráin?....

TOMÁS: …. Choinníodh sí féin a mbíodh aice go bhainbh amanntaí agus freastal ar an méid sin. Beachlín an fear bocht, chonaic tú Beachlín Bheachla Beag, bhí sé i Meiriceá geábh agus tháinig sé anall.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Bhíodh sé sin a’ baint an oiread fataí, bhí chuile dhuine á mbaint ach bhíodh se a’ baint, ag iarraidh a bheith a’ baint fataí le na muca.

MAIRÉAD: Le na muca a bheathú? ….

TOMÁS: …. A bheathú a dhreabhar, sea. Tá ’fhios a’m go raibh faill a’inn féin thoir ansin agus bacáin a bhí uirthi, tá ’fhios a’d, chuirfeá anuas an doras ar na bacáin.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Agus tá mise a’ rá leatsa is minic “___+” dá mbeadh aon mhoill ort ’s nach mbeadh na fataí a leithid seo go am a’d chrochaidís [na muca] an doras go na bacáin agus bhíodh cuthach réabadh orthub, ba mhór an t-uafás iad.

MAIRÉAD: (Gáire)

TOMÁS: “_____+”

MAIRÉAD: Ach an gcoinnídís na muca dhób féin?

TOMÁS: Ó go gcuire Dia an t-ádh ort, go deimhin ní raibh ’fhios céard é a dhreabhar ach bhíodh, bhíodh an oiread jabairí - Maidhc Shea i nGaillimh agus Kirby. Bhíodh Veail a’ ceannacht go Khirby agus Peaitsin Gill a’ ceannacht go Mhaidhc Shea agus go Mhongán. Stracaire. Ni raibh fhios ceard é ceann a choinneáil duit féin….

MAIRÉAD: …. Duit féin….

TOMÁS: ….Ni raibh ’fhios céard é a stór, ní raibh ’fhios céard é ….

MAIRÉAD: …. Sea….

TOMÁS: .… go dtí ar deireadh uilig léireach. Go deimhin ní raibh ’fhios muis.

MAIRÉAD: So ní bhídís, ní bhíodh an oiread sin feola le n-ithe ag daoine ….

TOMÁS: …. Tá seans acub air ….

MAIRÉAD: .… ach iasc….

TOMÁS: …. Ní raibh feoil ar bith acub ach iasc, níor bhfiú caint air go raibh feoil a’ bith ann. ar ndóigh bhí scéim anseo an bhliain cheana ansin a’ dtuigeann tú, aimsir an free beef , chuala tú caint uirthi?

MAIRÉAD: Ó sea, chualas, chualas….

TOMÁS: …. Aimsir an Free Beef. Bhí, bhí an contract ar an taobh thoir gon oileán ag McDonald go ndéana Dia trócaire air agus mac Johnston thiar i gCill Mhuirbhigh

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Agus a’ marú togha na mbeithíoch. Ni raibh aon phraghas ar na beithígh ansin, sé phunt, cúig agus sé go phunta an ceann, sin é an praghas is airde a bhí ar togha na mbeithíoch.

MAIRÉAD: Ó ab ea?

TOMÁS: Chuaigh beithíoch naoi gcead meáchain, chonaic mé beithígh naoi gcéad meáchain. Bhíodh muid a’ gabháil na scoile agus bhíodh said á marú ansin thoir ag Tigh McDonalds. Bhí free beef tamall ann agus chuaigh sí suas beagáinín, chaithfeá beagáinín (--) family ceann tigh agus family (--) bhuel bhí naoi bpunt [feola] sa tseachtain ceapthaí dhó agus eh mara mbeadh aon family ann, sé phunt feola nó rud eicínt.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Agus cheithre phunt go dhuine singil. Cheithre phunt feola.

MAIRÉAD: Cheithre phunt.

TOMÁS: Ach tháinig sé ansin[ins] na blianta deireadh go gcaithfeá beagán a íoc orthub agus ní raibh na daoine sásta leis sin ach an oiread. Sheas sé tamall ach bhí sí free tamall, free beef is dóigh.

MAIRÉAD: Ó sea.

TOMÁS: Bhíodh a mh’anam, diabhaltaí an rud [é], b’iontach an bheatha í agus ar ndóigh bhíodh togha na mbeithígh á marú. B’iontach an deoch é mug anraith an t-am sin, gon chineál sin anraith an dtuigeann tú.

MAIRÉAD: Sea, sea.

TOMÁS: Togha na mbeithíoch. Ní dhéanann muid iontas a’ bith anois de.

MAIRÉAD: Ó sea.

TOMÁS: Chuile lá [ag ithe feoil] nach bhfuil, a stór.

MAIRÉAD: Yeah.

TOMÁS: D’fhéadfá a rá go bhfuil, go ndéana Dia grásta agus trócaire ar na mairbh. Bhí obair sna muca freisin. Ní raibh Domhnach ná dálach ag na mná an dtuigeann tú, ní raibh ach a’ freastal orthub. Chaithfidís a bheith a’ freastal orthub sula ngabhfá ag an Aifreann Dé Domhnaigh nó réabaidís na doirse.

MAIRÉAD: So bhí na mná ag obair an-chrua….

TOMÁS: …. Ó ar ndóigh bhí siad a’ slaveáil i ndáiríre, siad a bhí (--) bhí sé ró-dhona uilig léireach agus san oíche ansin d’fheicinn mo mháthair, bheathóidh muid iad, bheathóidh sí iad [na muca] ag a deich chlog san oíche an dtuigeann tú, thabharfadh sé sin triail ar maidin ansin le pota mór fatai eile a bhruth aríst ar maidin. Agus seo siúd.

MAIRÉAD: Sea, agus céard a dhéanadh sibh san oíche mar a déarfá, bhíodh sibh ag obair i gcaith an lae ….

TOMÁS: …. Ag obair ar feadh an lae ….

MAIRÉAD: .… agus uaireantaí nuair a bhí tú a’ déanamh (--) nuair a bhíodh sibh a’ déanamh ceilp, bhí sibh ag obair oíche agus lá….

TOMÁS: …. Nach raibh oíche agus lá go minic, bhíodh na mná ag imeacht “_____” ….

MAIRÉAD: …. Ach a’ raibh caitheamh aimsire ar bith agaibh?

TOMÁS: Ni raibh fhios céard é, (gáire) ní raibh a fhios céard é. B’fhéidir go mbíodh time [cóisir] i gcúpla teach faoi Nollaig, sin é an méid.

MAIRÉAD: A’ mbíodh, time.

TOMÁS: Ó beagáinín faoi Nollaig, tí Johnny Túna thiar agus corr, cúpla teach, thiar ag Joeín Sheáin go ndéana Dia trócaire air ….

MAIRÉAD: …. Sea ….

TOMÁS: .… i bhFearann a’ Choirce an fear bocht, bhí sé leis féin. Bhíodh time aige agus cúpla, corr áitín beag mar sin. Ní mórán é ag an am sin ar chor ar bith. Bhíodh na bainiseachaí ceart go leor, bhí muinn ann.

MAIRÉAD: Agus cén sort ceol a bhíodh agaibh an uair sin?

TOMÁS: Ó an cairdín, an cairdín.

MAIRÉAD: Ab ea, an bosca ceoil?

TOMÁS: Sea, an bosca ceoil.

MAIRÉAD: Agus amhráin, a’ mbíodh …?

TOMÁS: Ó go deimhin bhí neart acub acub an t-am sin. D’fheadfá rá go raibh neart acub acub.

MAIRÉAD: Cén sórt (--) amhráin ar an sean-nós, ab ea?

TOMÁS: Sé, an sean-nós. Sin dream a bhí i gCill Éinne - na O’Brien’s sin na Tightannaí, O’Briens - bhí siad thar cionn ag gabháil fhionn.

MAIRÉAD: A’ raibh?

TOMÁS: Antoine Tight agus a dheartháir Tom (Tyrell) “Amhrán na Feola” agus chuile shórt, ó bhí siad thar cionn agus bean Mhaidhcilin Wallace, ba dreabhar dóibh í, bhí sí thar cionn uilig a’ casadh amhráin. Go leor, ó bhí go leor daoine sách maith ag casadh amhrán. Arnú níl ‘fhios céard a chas Peaitsin Pheaits Sheáin a’ gabháil anoir ar a chapall.[as Cill Rónáin]

MAIRÉAD: Ó (gáire).

TOMÁS: Is minic a bhíodh sé aníos anseo píosa maith gon oíche agus teach eicínt eile ar an mbealach siar mara mbeidís imithe a chodladh agus mar sin an fear bocht. B’iontach an fear géim é, b’iontach. An capall ins na cosa in airde, b’iontach an fear géim é. Ó ba iontach go deo (--) ba bhreá an fear a bhí ann. Bhí cinn-aghaidh chomh mór aige, ó b’iontach an giant go fhear a bhí ann.

MAIRÉAD: Fear breá.

TOMÁS: Ó níorbh thada eile é go deimhin, ba é an máistir é.

MAIRÉAD: Sea. A’ raibh na mná uilig ina dhiaidh?

TOMÁS: Ó (gáire), bhuel bhí sí aige lena linn muide, bean as Cill Éinne.

MAIRÉAD: Ó a’ raibh bean aige?

TOMÁS: Ó bhí, as Cill Éinne.

MAIRÉAD: A’ raibh? Sea.

TOMÁS: Ni raibh aon chomhluadar acub, ní raibh aon chomhluadar ann ach bean as Cill Éinne a bhí aige.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Neain Bheag a thugaidís uirthi.

MAIRÉAD: Ó ab ea?

TOMÁS: Ó ba bhreá an fear é, ó an-fhear amhráin a bhí ann, an-fhear amhráin a bhí ann. Bhí deartháir eile aige agus in éindí le beirt eile as an Sruthán, bhí said thoir le gliomachaí agus bhí duine acub th’éis a bheith á registeráil féin th’éis pósta agus by dad nár bádh a’ gabháil anoir iad, amach go Phort Eochala….

MAIRÉAD: …. Óóó….

TOMÁS: …. D’éirigh scliúchas beag eicínt eatorrab

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: agus nach diabhalta an rud leat é, an bheirt a bhí a’ plé leis na gliomachaí in éineacht, tháinig said i dtír thíos sa gcaladh beag, i bPort Eochla

MAIRÉAD: Sea, sea.

TOMÁS: … agus faoi cheann píosa maith ina dhiaidh aríst sea fuairiú Labhras Pheaits Sheáin - deartháir Pheaitsín - thoir ar a’ Mara agus ní aithneofaí an t-am sin é, slán an marc, bhí píosa gon mhéir sin caillte aige roimhe sin …

MAIRÉAD: Sea, sea.

TOMÁS: … agus sin é an chaoi ar aithin said gurb é a bhí ann, …

MAIRÉAD: Ó mar gheall ar an t-ól….

TOMÁS: ….Mar gheall ar an ól.

MAIRÉAD: Sea, sea.

TOMÁS: … a chuaigh in éineacht leob a’ gabháil anoir. Bhí sé th’éis a bheith dhá registráil féin tar éis pósta. Bhí sé pósta creidim.

MAIRÉAD: Ach bhídís is dóigh daoine, bhíodh am acub le dhul a’ cuartaíocht?

TOMÁS: Ó bhíodh cuartaíocht sa ngeimhreadh ’s ag imirt na gcartaí, sin é.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Ag cuartaíocht agus ag imirt na gcártaí….

MAIRÉAD: …. Sea, a’ raibh níos mó daoine a’ maireachtáil ar an mbaile seo nuair a bhí tú i do ghasúr?....

TOMÁS: …. Óóó óra bhí agus maidir leis an dá bhaile sin thiar a dhreabhar, [Fearann an Choirce agus Baile na Creige] an dtuigeann tú anois ar an ard ansin thiar, Tigh Taimín Thomáis lá den tsaoil, bhí row tithe anoir ansin uilig léireach, bhí go deimhin. Nil duine a’ bith anois ann, níl duine a’ bith anois ins na tithe sin, anoir, tití, tití.

MAIRÉAD: Ó sea.

TOMÁS: Bhí a bhaisce, agus dhá réir sin. Comh.. comhluadair móra ins chuile theach, comhluadair móra ins chuile theach agus dhá réir sin, a stór. Bhí, ar ndóigh sin baile Cill Éinne, ba é Cill Éinne an príomh bhaile fadó a deir siad, le daoine….

MAIRÉAD: …. Ab é?....

TOMÁS: …. Ó ba é, an príomh bhaile fadó le daoine ’s le iascach ’s le chuile shórt. Bhí Cill Rónáin é féin ansin ina dhiaidh, agus bhí an Suicín ann a déarfaidís, taobh thuas an bhaile, ó dheas ann agus dhá réir sin a stór.

MAIRÉAD: Á sea agus bhíodh eh (--) léigh mé in áit eicínt go mbíodh siopa i mórán chuile bhaile fadó….

TOMÁS: …. Ó a bhaisce bhí, a bhaisce bhí neart siopaí ins na bailte, bhí, bhí mar ní raibh pingin dole ná tada ann agus ….

MAIRÉAD: …. Ní raibh….

TOMÁS: …. ag iarraidh a bheith a’ saothrú scilling ar bhealach eicínt, ní raibh a leithéide ann, ní raibh a leithéide ann.[dole] Bhí siopa sa teach seo d’airínn iad a’ rá, ag mo sheanmháthair, ba as Inis Meáin í, tamall gon tsaoil.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Agus dhá réir sin, chuile bhaile siar, Maig William, Tigh Antainín ansin thiar ó thuaidh agus Maig Pháidín, ’s ó siar agaibh féin.

MAIRÉAD: Siopaí beaga

TOMÁS: Siopaí maith go leor.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Bhuel bhí said sách mór (gáire). Bhí rud ar bith a bhí a’ teastáil uait le fail iontub, ola mhór ’s bread soda agus plúr ’s bran ’s na rudaí sin.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Bhí an-siopa thiar agaibh féin, ag do mhuintir ar ndóigh - Mac Johnny go ndéana Dia trócaire air. Ó i gCill Mhuirbhigh, i gCill Mhuirbhigh.

MAIRÉAD: Sea.

TOMÁS: Sin é a raibh go shiopa i gCill Mhuirbhigh le mo linn, a’ dtuigeann tú.

MAIRÉAD: Sea, sea.

TOMÁS: Le mo linn, ach thosaigh ceann eile ó dheas ansin ar deireadh aríst agus dhá réir sin.

MAIRÉAD: A Thomás tá mé fíor bhuíoch duit anois faoin méid eolas a thug tú dhom

TOMÁS: Tá fáilte romhat, a stór.

MAIRÉAD: Go raibh mile maith a’d

TOMÁS: Tá fáilte romhat, tá fáilte romhat.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.