Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00008

Recording
BBAF.00008
Format
MiniDisc
Duration
45:27
Date
2001
Languages
English
Irish
Location
Creig an Chéirín
Collector
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Informant
Kate Dara Uí Chonghaola
Archival information
MD 16 Kate Dara Uí Chonghaile. Cleamhnas; Pósadh; Obair Mhná; Cladach; Garraí; Ainmhithe; Tobar; Ag déanamh ime; Caitheamh Aimsire; Ceol; Damhsa; Cniotáil; Táilliúirí; Ceilp; Ag cur; Raidió; ag éisteacht le dráma raidió 'Colm sa mBaile'; Pinsean; Na Misinéir; Pósadh; Nósanna; Piseoga; Éadaí pósta; Ag díol poitín.
Additional information
MD 16 Kate Dara Uí Chonghaile. Matchmaking; Marriage; Women's work; Seashore; Growing; Animals; Well; Making butter; Pastimes; Music; Dancing; Knitting; Tailors; Kelp; Planting; Radio; Listening to the radio drama 'Colm sa mBaile'; Pension; Missionaries; Marriage; Traditions; Superstitions; Marriage clothes; Selling poteen.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00008
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

ÁINE: Tá mé anseo inniu, Áine Pheaits Bheairtlín, i dteannta Kate Dara, Kate Dara Ní [Uí] Chonghaola, as Creig a Chéirín, agus a Khate, ar rugadh ar an mbaile seo thú?

KATE: Níor rugadh, rugadh thíos i mbaile mé a dtugaidís na Seacht dTeampaill air, agus phós mé fear as Creig a Cheirín. Sin é.

ÁINE: Agus anois a Khate, tá muid a’ gabháil a’ caint faoi an cleamhnas agus an pósadh inniu.

KATE: Bhuel, ar ndú, ní h-ionann fadó agus anois.

ÁINE: M hm.

KATE: Bhíodh cleamhnas fadó ann agus bainis go maidin ach ní shín é a’ chaoi a bhfuil an cleamhnas a’ chor a’ bith anois, imeoidh siad le chéile anois ’s ní bhéas a’ mbeidh dar pósta a’ chor a’ bith go d’íocfadh siad, [ar ais go dtí an t-oileán] ach fadó thiocfadh an fear ag a’ (--) isteach sa teach, ag an athair agus ag a’ máthair, bhíodh ’fhios aici, ag a’ gcailín é, agus ag acub, thiocfadh sé isteach ann, agus bhíodh (--) thugaidís a’ seomra beag ar áit a mbíodh bairillí pórtair, bhíodh cúpla bairille pórtair ann, agus bhídís ag ól go maidin ann agus bhíodh oíche go maidin acub ann, bhuel ní raibh busannaí a’ bith ann mar atá anois, bhí jauntannaí a thugaidís an t-am sin orthub, sidecars, sin iad a bhíodh ansin ann agus bhíodh bratachaí acub féin orthub, agus thagaidís sa teach ansin ag a muintir agus bhídís ansin go dtí maidin lá arna mhárach, ag ól agus ag ithe agus chuile rud, bhuel bhíodh badráil ansin orthub a bheith a’ déanamh tae, agus sé an chaoi a bhfaighidís pota mór millteach, pota nua glan agus dhéanaidís an tae ann agus líonaidís le tae é.

ÁINE: Yeah.

KATE: Agus bhídís a’ tógáil na muigíní as ....

ÁINE: …. Mm.

KATE: .… agus á dtabhairt timpeall leob agus á n-ith ….

ÁINE: …. Sea agus a’ raibh mórán cleamhnas ann le do linn féin?

KATE: Bhuel bhí beagán ann, bhí beagán ann ach ní mórán é, bhí sé, ach sin é an chaoi a mbíodh sé fadó anois, ach ní shin é an chaoi a bhfuil sé a’ chor a’ bith anois.

ÁINE: Yeah, agus an mbíodh ’fhios ag an mbean faoin gcleamhnas, a’ mbíodh ’fhios aici go mbeadh fear a’ gabháil ’teacht í a iarraidh?

KATE: Ó chaithfeadh fios a beith air, chaithfeadh fios a beith air, mar a mbeadh, ní bheadh sé (--) ní ligfidís isteach é.

ÁINE: Agus a’ mbíodh duine áirid i chuile bhaile a théadh ag iarraidh an bhean, nó ar gaolta a bhíodh ann nó …?

KATE: Ó ní gaolta a’ bith é, bean a’ bith, bhíodh Ar ndóigh cailín agus an lead mór le cheile scaitheamh maith sula chuimhneoidís ar phósadh.

ÁINE: M hm.

KATE: Nuair a chuimhneoidís ar phósadh ansin is dóigh go n-inseodh sí gon athair agus gon mháthair é, dá mbeidís sin sásta leis ansin, bhí chuile rud ceart, bhídís ansin a’ damhnsa, bhíodh an bhainis ansin ann, agus iad ansin go dtí maidin lá arna mhárach.

ÁINE: Mm.

KATE: Ag ithe agus ag ól.

ÁINE: Yeah, á ba rud é anois go raibh an bhean, nach raibh fonn orthu an fear a thiocfadh í a iarraidh a phósadh?

KATE: Ha.

ÁINE: A’ bhféadfadh sí é a dhiúltú?

KATE: Ó d’fhéadfadh, ó d’fhéadfadh mar d’imeodh sí, mar tá ’fhios a’msa bean cheanna, ar tháinig fear á hiarraidh, thaitnimh sé leis an athair agus leis an máthair, ní raibh sí sásta, agus d’imigh sí lei agus bhuail sí bóthair. Níor phós sí é.

ÁINE: Agus a’ mbíodh, an mbíodh craic agus ceol ag a’, ag a’ gcleamhnas?

KATE: Ó go deimhin bhíodh, greadadh ceoil ann, cairdín agus damhnsa go dtí maidin lá arna mháireach, agus thugaidís seiteannaí orthub agus so on.

ÁINE: Yeah.

KATE: Agus greadadh óil sa seomra beag a thugaidís air.

ÁINE: Yeah.

KATE: Dhá bairille pórtair.

ÁINE: Agus cén t-achar a bhíodh idir a’ cleamhnas agus a’ pósadh?

KATE: Bhuel b’fhéidir go mbeadh seachtain agus b’fhéidir go mbeadh coicís, a’ dtuigeann tú go mbeidís faoi réir.

ÁINE: Mm.

KATE: Rudaí socraigh acub.

ÁINE: Agus cén sóirt mná anois a bhíodh na fír a chuartú an t-am sin?

KATE: Bhuel Ar ndóigh sé an chaoi a raibh sé a t-am sin, ní raibh dateannaí a’ bith ann mar atá anois, ní raibh tithe ósta ná tada ann, sé an chaoi a mbídís mar a deireadh muid féin ag cúirtéireacht cois na gclaíochaí, ’s ina suí ar na seatannaí agus mar sin de. Ní raibh ól a’ bith ann mar atá anois, na lads óga iad féin, ní raibh aon ól ann, [acu] sé an chaoi a mbídís ag imeacht ag dearaidís a’ déanamh bhfolach [mar chaitheamh aimsire]. Sin é.

ÁINE: Ach ar bhfearr leis a’ bhfear anois dá mbeadh an bhean breá láidir, nó a’ mbeadh sé ag cuartú bean bheag tanaí, nó cén sóirt cineál?

KATE: Bhféidir gur mhaith leis í a fháil phébí cén chaoi a mbeadh sí.

ÁINE: (Gáire)

KATE: Á dtaitneodh sí lei [leis] féin, b’fhéidir gur mhaith leis í a fháil.

ÁINE: (Gáire)

KATE: Tanaí nó caite.

ÁINE: Ar phós gaolta, a’ bhfuil ’fhios a’d, col ceathrachaí anois nó col seiseareachaí.

KATE: Ah.

ÁINE: An mbíodh cead pósadh acub?

KATE: Á bhuel by dad déarfainn go raibh, déarfainn go (--) ó bhí, bhí ach níor mhaith leob col ceathrannaí a phósadh ach uaidh sin suas, ba chuma leob faoin gcuid eile.

ÁINE: Sea.

KATE: Ach ní phósadh col ceathrachaí.

ÁINE: Agus cén sóirt spré a theastódh uaidh an bhfear, a bheadh ag an mbean?

KATE: Bhuel á mbeadh fear ansin ann a mbeadh píosa breá talún aige, agus a mbeadh teach aige, ó bhí sé sin thar cionn. Bhuel tá ’fhios a’m an teach a tháinig mise ann, a dtugaidís Tigh Tom Mhóir air, bhí siopa ann, agus bhí greada le n- ithe ’s le n- ól ann, thugaidís an t-am sin (--) dearaidís cloigeann muice, ní íosfaí a’ chor a’ bith anois é, agus leiceann muice, bhídís crochta anuas as a síleáil ann.

ÁINE: Hm.

KATE: Juda a bhí ar a’, ar a’ tseanbhean a bhí sa teach, agus bhí siopa ann, cigarettes ann agus bhí greada le n-ithe ann agus chuile rud, agus Ar ndóigh Kate a’ caith na cigarettes.

ÁINE: Ach breathnaigh a Khate, cé nach gcaithfidh an bhean ansin rud eicínt a tabhairt isteach sa teach sin?

KATE: Bhuel Ar ndóigh is dóigh go gcaithfidh, go mbeadh rud eicínteacht aici, b’fhéidir nach, b’fhéidir nach mbeadh sé á iarraidh uirthi, á dtaitneodh an bhean leis sé raibh uaidh í a fháil.

ÁINE: Bhí sé sásta go maith í a bheith aige? ….

KATE: …. Bhí sé sásta go maith í a bheith aige.

ÁINE: Ach ní chuimhníonn tú cén sóirt spré a bhíodh acub, a’ mbíodh airgead nó….?

KATE: …. Bhuel cuid acub a mbíodh, ach tá ’fhios a’m á mbeadh ’fhios acub, á mbeadh fear ann a mbeadh píosa talún aige go mbeidís ina dhiaidh sin mar bhíthú [bhíothas] a’ déanamh airgead go thalamh an t-am sin, bhíthú [bhíothas] a’ stócáil agus a’ tarraingt fheamainne ’s….

ÁINE: …. Mm hm….

KATE: .… bhí obair orthub, agus bhíodh na mná iad féin amuigh, ach tá an- time ag mná anois, níl call dhób a dhul ag cladach na in aon áit. Bhíodh na mná a’ cur suas feamainn iad féin, cléibheannaí móra ar a ndroim acub. Ach anois níl call dhób ach suí síos. Má bhíonn siad in ann criotáil a dhéanamh, a bheith a’ criotáil agus a’ déanamh rudaí mar sin agus a’ gabháil amach ar walk ach tá mé a’ rá leat gur ceannaíodh an saol fadó.

ÁINE: Ceannaíodh.

KATE: Bhí an bhean, bhí sí in ann píosa (--) Tá ’fhios a’msa bean a bhí (--) a chur garraí, garraí báin a thugaidís air, lei féin….

ÁINE: …. Sea….

KATE: …. Lé spaid, bhídís in ann píosa fataí a chuir agus bhíodh ansin, thugaidís a’ glanadh fataí, thugaidís gort ghlanadh air, bhíodh sé sin lé déanamh acub, bhídís a’ baint carraigín isteach ar na hoileáin agus bhíodh glaoch ar an gcarraigín, bhídís a’ cur oiread seo fataí agus bhíodh na fataí le díol acub. Ach anois (--) Bhíodh beithígh acub. Fear a’ bith ansin ná bean a’ bith nach mbeadh aon bhainne aici, thiocfadh an comharsa agus tin can bainne nó buidéal bainne.

ÁINE: Hm.

KATE: Ach anois níl call beithíoch a’ bith a bhleán, tá an bainne a’ tíocht taobh amuigh gon doras a’d.

ÁINE: Agus eh an mbíodh tú féin a’ glanadh iasc a Khate, agus rudaí mar seo ….?

KATE: …. Bhí, is iomaí uair a ghlan mé sé nó seacht go chéadta ronnachaí liom péin agus a shaill mé san oíche iad agus bhí, bhínn á ndíol - bhíodh fear a’ teacht ag a’ teach á gceannacht uaim, sin é anois é, bhí….

ÁINE: …. Agus a’ mbíodh Pádraic ag iascach sna curachaí ….?

KATE: …. Bhuel bhí sé, bhíodh sé ag iascach ach bhí sé ar an Oileán Iartharach, bhíodh sé a’ tabhairt isteach agus amach light keepers agus ba posta maith é sin an t-am sin. Tá mé a’ rá leat go raibh good time a’m nuair a phós mé ….

ÁINE: …. Mm.

KATE: Bhí greadadh le n-ithe agus le n-ól a’m, agus sé an sóirt fear a bhí ann, phébí céard a chaithfeá [airgead], ba chuma leis é, ach píosa tobac a beith aige féin.

ÁINE: Sin é, m’anam nach raibh na fír uilig mar sin a Khate?

KATE: Ó níl dar anois mar sin, tá mé a’ rá leat.

ÁINE: Níl.

KATE: Ach sin é anois an chaoi a raibh an áit a raibh mise, bhí an- time a’m ann, by dad bhí greadadh airgead a’m chuns a bhí sé beo, agus chuile rud, agus ba mhór an posta an t-am sin a bheith a’ tabhairt light keepers isteach, bhuel ansin bhíodh fuireacht gala amanntaí orthub, ní bhíodh an currach in ann a thíocht isteach a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Sea.

KATE: B’fhéidir go gcaithfidís seachtain nó coicís istigh ar an oileán súl a thiocfaidís amach, ach anois tá na lighthousachaí dúnta….

ÁINE: …. Tá.

KATE: Níl light keepers a’ bith ann. Tá athrú mór ar an saol anois….

ÁINE: …. Tá. Ar thug na fír mórán cúnamh sa teach ansin a Khate, a’ bhfuil a fhios a’d, i dtaobh na gasúir?

KATE: Bhuel Ar ndóigh á dtiocfadh ort agus tú a’ gabháil in aon áit, d’fhanaidís istigh ag na gasúir dhuit go dtiocfá ar ais, ach bhíodh an iomarca deifir orthub, mar bhíodh go leor le déanamh acub, nach mbídís ina súigh ón sé a chlog ar maidin, go mbíodh sé b’fhéidir am codalta san oíche.

ÁINE: Agus cé a, cé a bhlíodh na beithígh?

KATE: Bhlíodh, bhlíodh an fear na beithígh, agus bhlíodh an bhean í féin iad, is minic a bhligh mise mé féin bó. Tá ’fhios a’m aon trip amháin, lá aonaigh a bhí ann, agus ní raibh sé [a fear] tagthaí agus bhí beirt ghasúir lag a’m, bhí seisear uilig a’m, chuaigh mé agus chuir mé duine acub ’s chaon seomra, agus chuir mé glas orthub, agus chuaigh mé agus bhligh mé an bhó, suas ar na crága, agus nuair a tháinig mé, bhí duine acub a’ caoineadh agus bhí duine acub all right mar leag mé bia acub.

ÁINE: Sea.

KATE: Ach bhligh mé na beithe.

ÁINE: Yeah, Ar ndóigh sin ar fhaitíos a dtarlódh aon cheo dhób, nach ea ….?

KATE: …. Go díreach anois ….

ÁINE: …. Gur chuir tú sa seomra iad ….

KATE: …. Go díreach anois ….

ÁINE: Bhíodh go leor uisce le tarraingt ó na toibreacha?

KATE: Ó go deimhin bhíodh muis, thugaidís (--) an sóirt soitheach é féin, ní buicéad a’ bith é, thugaidís ancard air, líonfá é sin mar a bheadh leath dabhach ann agus chuirfeá ar do dhroim é, agus bheifeá á tharraingt sin agus á dhoirteadh sna dabhchannaí, ag na beithígh. Tá mé a’ rá leat gur cheannaigh mná a’ saol an t-am sin iad féin.

ÁINE: Ach sea but bhí go leor uisce a’ teastáil sa teach freisin ….

KATE: …. Bhí go leor uisce a’ teastáil sa teach freisin mar ní raibh aon running water ná tada ann, bhí uisce a’ teastáil. Tá ’fhios a’m go raibh beirt, beirt sean mhná a’m péin le breathnú ina ndiaidh, ní raibh running water ná tada a’m, ní raibh electric a’m, ’s ní raibh gas a’m agus séard a dhéanfainn ar maidin, dhá bhairille uisce a líonadh agus chuirfinn pota síos ar a’ tine, a bhíodh a’m leis an éadach a níochán dhób.

ÁINE: Agus a’ raibh an tobar gar duit a Khate ….?

KATE: …. Ní raibh múis, siar píosa, bhí sé tamall maith uaim, ach go mbínn i mo shúigh go moch, mar bhí mé breá láidir an t-am sin.

ÁINE: Sea.

KATE: Bhí mé óg, ní raibh mé, ní raibh mé na scor blianta nuair a phós mé, naoi mbliana déag agus rud eicínt a bhí mé. Sin é anois. Nuair a bhíodh muinn a’ níochán pluideannaí, bhíodh dabhchannaí móra a’inn, agus greada gallaireach, agus a’ cuir potaí uisce te orthub, chuirtí ansin amach [faoin aer] san Aibreán iad, bhídís a’ rá le (--) san Aibreán go ngealadh an t-éadach níos fearr, bhuel ansin, ní bhíodh aon lineannaí ann, mar atá anois, chuirtí de réir an ghaoth, chuirtí ar an gclaí thiar iad, agus bhídís sin breá tirim ar maidin ansin, ach anois níl claí a’ bith ann ach lineannaí. Tá sé ar nós an baile mór anois.

ÁINE: Now bhí, bhíodh go leor cearca agaibh, nach mbíodh?

KATE: Ó go deimhin bhíodh cearca agus coileachaí a’inn, agus ansin bhíodh cuid acub sin le marú, dhéanfá dinnéar breá go chearc dhíob, ’s bhíodh sicíní beaga ann, bhíodh ansin sicíní eile déarfaidís a’ tíocht ón n Government, chaitheadh muid a dhul soir [Cill Rónáin] á n-iarraidh, bhídís i mboscaí, agus bhíodh muinn a’ breathnú ina ndiaidh sin ansin go méadóidís suas, níl teach a’ bith nach mb’fhéidir go mbíodh dosaen nó dhá dhosaen cearca ann, ach níl cearc ná coileach in aon áit anois.

ÁINE: Agus ar dhíol sibh na huibheachaí?

KATE: Níor dhíol mise iad, bhíodh, bhíodh daoine ag obair a’m, agus bhínn a’ tabhairt amach na huibheachaí leis an dinnéar, ach bhíodh corr dhuine dhá ndíol.

ÁINE: Agus cén sóirt bia a thug sibh go na cearca?

KATE: Bhíodh muinn a’ tabhairt tea lavs, [leaves] deir siad go bhfuil tea lavs [leaves]thar cionn, fataí brúite agus tea lavs, amantaí eile rúine bran thríob agus bhíodh sé sin thar cionn acub, cearca móra millteacha, bhuel ansin ní raibh aon chlogannaí mórán áiteachaí fadó, bhítí a’ faire ar an gcoileach go nglaodh sé ar maidin, bhídís ansin le dhul, le dhul ag cur suas fheamainne agus bhídís a’ faire ar a’ taoile, agus bhídís a’ fanacht go nglaodh an coileach trí huaire agus nuair a ghlaodh an coileach trí huaire, bhídís a’ ceapadh go mbíodh sé ina lá, ní raibh clogannaí na watchannaí mar atá anois ann.

ÁINE: So d’éirigh na daoine go luath mar sin ….?

KATE: …. D’éirigh na daoine go luath mar sin, tá mé a’ rá leat gur cheannaigh siad an aimsir an t-am sin.

ÁINE: Anois agus ar ithe sibh go leor iasc sa mbaile?

KATE: Bhuel bhíodh iasc a’inn, bhíodh iasc úr a’inn, agus bhíodh iasc ann a dtugaidís breams orthub agus níl dar sin le fail a’ chor a’ bith anois. Shailleadh, shailleadh mé ansin a’ t-iasc agus shailleadh mé na ballachaí agus nuair a thagadh oíche Nollaig ansin, bhíodh ballach buí agus white sauce a’inn air.

ÁINE: Sea.

KATE: Agus bhíodh sé sin ar a’ gcéad bhricfeasta.

ÁINE: Hm.

KATE: Bhuel ansin bhíodh an bord i ngar gon tine agus chaithfí an doras a fhágáil osclaí a’ tabhairt ómós go Íosa Críost, Oíche Nollag.

ÁINE: Sea.

KATE: Agus an darna, darna suipéar ansin bhíodh caca breá currants a dhéanadh, a dhéanadh máthair (--) bean a’ tí, tae agus siúcra agus im. Cúpla oíche roimh oíche Nollag, bhíodh máilíní ann a dtugaidís máilíníChalifornia orthub, máilíní plúir, nídís iad sin agus bhleacháilidís iad agus bhídís acub a’ gabháil soir [Cill Rónáin, ag siopadóireacht] agus bhíodh chuile dhuine a’ gabháil anoir agus lán mala cargo na Nollag a thugaidís air….

ÁINE: …. M hm.

KATE: Agus brush mhór acub, ba bhinn é cargo na Nollag ansin ….

ÁINE: …. Sea, agus dúirt tú go raibh siopa anseo sa teach agaibh féin?

KATE: Bhí siopa sa teach anseo a’inne, bhí tae agus siúcra ann agus mar sin de, agus cigarettes’s tobac agus bhíodh a’ tsean lady [máthair a fear céile] is aici a bhí sé a’ díol ola mhór freisin. Bhí sé ann píosa maith. Bhí glaoch mór ar ola an t-am sin. Cheapadh múin ansin

(--) Bhí lampaí ansin a’inn agus chonaic mé féin agus mé sa mbaile i mo ghasúr, chonaic me lampa ag duine eicínt a raibh - scáthán a thugadh muinn air - sa mback, agus d’imigh mé an tráthnóna seo agus chuaigh me soir agus fuair me lampa a raibh scáthán sa mback. Ó bhí an-solas go deo uirthi sin a’inn. Sin é anois é (gáire)

ÁINE: Agus a’ mbíodh mórán mná a’ caitheamh cigarettes an t-am sin?

KATE: Ora a dhreabhairín, ní bhíodh bean a’ bith a’ caitheamh cigarette an t-am sin, ach bhí Kate a’ caitheamh ….

ÁINE: …. (Gáire)….

KATE: .…ó bhí sí dhá bhliain déag mo léann, ach píopa a bhíodh ag na sean mhná an t-am sin.

ÁINE: Sea.

KATE: Píopaí cailc. Tá ’fhios a’m anois mo mháthair, nuair a d’imigh chuile dhuine, thug mé aníos anseo í, agus bhí píopa cailc aici, agus beainín an-ghlan a bhí inti agus bhíodh naprún orthub an t-am sin, agus d’fhiafraínn féin di, cén fáth a mbíodh an naprún suas aici, bhíodh an naprún lúbthaí suas aici [go dtí] go bhfeiceadh sí aon duine a’ tíocht, agus scaradh sí síos ansin uirthi é - chuireadh sí an píopa sa tine ansin á dhó agus scríobadh sí é go ngealadh a’ píopa.

ÁINE: Ó.

KATE: Go mbíodh a’ píopa geal agus plug tobac acub agus scian agus iad a cuimilt le na láimh go líonaidís an píopa. Bhuel Juda ansin a bhí ar an mbean eile [máthair a fear céile] ann, Ar ndóigh bhíodh sí sin a’ cur deatach go rachtaí. (gáire) ….

ÁINE: …. By dad bhí deatach maith agaibh idir sibh uilig ….

KATE: …. Ó idir an bheirt acub bhíodh an-deatach sa teach, [agus] Kate a’ caitheamh na cigarettes.

ÁINE: A’ raibh tobac daor an t-am sin?

KATE: A muise ní raibh ach Ar ndóigh bhreathnaigh sé daor an t-am sin, mar bhí an t-airgead beag. B’fhearr deich bpunt an t-am sin na suas le leath chéad anois. Gheofá rúine siúcra agus rúine tae, bhuel ansin bhí rud eile ann, á dtiocfadh comharsa gann ghabhadh sí ag comharsa eile agus gheobhadh sí rúine tae ’s rúine siúcra uaithi. Bhuel ansin an t-im a bhíodh acub, thugaidís maistreadh air.

ÁINE: Sea.

KATE: Maistreadh le déanamh, bhíodh - cuinneog a thugaidís orthu - mar a bheadh dabhach ann agus bhíodh maide mór agus bhídís á bhualadh sin síos, á bhualadh sin síos go mbeadh an t-im déanta.

ÁINE: M hm.

KATE: Bhuel nuair a bhíodh an t-im déanta ansin chuiridís miotógaí orthub féin agus thógaidís an t-im agus bhainidís an bláthach as agus ba mhór an seo é sin ansin, piontaí móra im le cur ar an arán, sin é anois agus an bainne géar.

ÁINE: Bhí obair chrua a’ baint leis, a’ déanamh maistrigh, nach raibh? ….

KATE: …. Ó bhí obair chrua a’ baint leis ach ina dhiaidh sín bheadh sásamh a’d air.

ÁINE: Sea.

KATE: Bhuel bhíodh an bainne géar ansin acub, bhíodh se an-fholláin.

ÁINE: Bhídís á ól, nach mbíodh?

KATE: Bhídís á ól, bhuel ansin nuair a thiocfadh an tráthnóna ní éadaí boird (--) bhíodh éadaí boird ar an mbord, ach bhíodh rud déanta a dtugaidís ciseogaí móra air agus bhíodh sé sin (--) dhórtaí na fataí ar sin a’ fuarú, leagaidís anuas ansin na fataí, agus bhíodh pláta iasc, agus amanntaí eile ansin mharófaí cearc nó cloigeann muice, no mar sin, bhíodh ansin gabhair ann.

ÁINE: Bhíodh? ….

KATE: …. Go leor gabhair, agus Ar ndóigh deir siad nach bhfuil aon rud ariamh is folláine ná feoil gabhar.

ÁINE: Sea.

KATE: Tá ’fhios a’m go raibh fear anseo, níl sé an-fhada uaim, agus bhí bean a’ tí go dona agus tháinig an dochtúr aici, agus bhí gabhar crochta anuas as an áiléar ann agus d’fhiafraigh an dochtúir de ar caora nó gabhar í sin, “sin gabhar” a deir sé, “bhuel anois” a deir sé “déan braon soup de sin”, a deir sé “agus déan láidir é, agus tabhair go do bhean é atá go dona, agus sin é an soup” a deir sé “is fearr a d’ól sí riamh”.

ÁINE: Hm.

KATE: Mar bhí gabhar fheoil an-fholláin mar ní bhíonn siad sin a’ ithe ach bláthannaí.

ÁINE: Bláthannaí agus herbs agus rudaí.

KATE: Sea, rudaí mar sin.

ÁINE: Sin é an rud ….

KATE: …. Is minic a d’ithe mise píosa gabhar fheoil. Sin é anois.

ÁINE: Anois, a’ mbíodh na mná ag ól an t-am sin a Khate?

KATE: Bhuel inseodh mise dhuit cén chaoi a mbídís ag ól, nuair a bhíodh lá aonaigh ann sin é a mbíodh ann, théidís soir agus b’fhéidir go mbíodh cúpla gloine acub in éineacht le na fír an lá sin.

ÁINE: Hm.

KATE: Ach sin é a mbíodh ann go aon ól. Agus ní raibh na lads iad féin a’ gabháil sna pubanna í, sé an chaoi a mbídís ag cúirtéireacht leis na cailíní.

ÁINE: Hm….

KATE: …. Ag imeacht thar na claíocha agus in áiteachaí ….

ÁINE: …. Sin é (gáire).

KATE: Ach ní raibh pubannaí a’ bith ann mar atá anois. Bhuel á mbeadh lá aonaigh ann, ghabhadh fear a’ tí soir á mbeadh beithígh lé díol acub, théidís soir leis an aonach, b’fhéidir go bhfanaidís thoir lá agus oíche, ach sin é a mbíodh ann, ní raibh na cailíní iad féin ag ól.

ÁINE: Agus a’ dtéadh sibh go Cill Rónáin go minic?

KATE: Ó théadh, théadh ach bhí go leor siopaí thart a’ bealach seo an t-am sin.

ÁINE: Bhí?

KATE: Bhí siopa i mBun Gabhla agus bhí siopa i gCreig a’ Chéirín agus bhí péire sa Sruthán agus bhí ceann i gCill Mhuirbhigh. Ach níl anois aon siopa a’inn ach aon siopa amháin, caithfidh muid a dhul go ngabhadh muid go dtí Tigh Phóil a thuganns muinn air ….

ÁINE: …. Hm ….

KATE: …. Ach Ar ndóigh ní hé a gcosa féin ata a’ siúl dhúinn anois - tá bus a’inn.

ÁINE: Tá, buíochas le Dia ….

KATE: Bhuel tá bus, tá bus free ansin ag pinsinéaraí. Níl cál dóibh tada a íoc air .

ÁINE: Hm.

KATE: Tá sé sin (--) imeoidh sé ar maidin ag a naoi, bhuel dhá lá sa tseachtain ansin ní bhíonn sé ann ag a haon dhéag, bhuel beidh sé ann Dé hAoine ag a cúig a chlog, bhuel tá sé sin handy ansin a’d le dhul soir, tabharfar anoir ansin do chuid stuif duit, bhuel má thagann tú gearr ansin tá mé a’ ceapadh go bhfuil fón ins chuile theach anois, má thagann tú gearr ansin níl a’d ach a dhul ar a’ fón agus ordóidh tú anoir iad, agus leagfar do bhosca ar an gclaí a’d.

ÁINE: Sin é, tá sé go breá….

KATE: …. Go ngabhadh tú soir aríst go n’ íocadh tú é. Sin é anois an chaoi a raibh sé fadó.

ÁINE: Ach an dtéadh sibh a’ gabháil Cill Rónáin ag na damhnsaí, ná tada?

KATE: Bhuel sé an chaoi a mbíodh muinn ag imeacht i ngann fhios an t-am sin ag na damhnsaí.

ÁINE: Sea?

KATE: Tá ’fhios a’m gur maraíodh aon oíche amháin mé, d‘éalaigh mé, agus nuair nár maraíodh mé nuair a tháinig mé, ag gabháil orm.

ÁINE: (Gáire).

KATE: Sé an chaoi a mbíodh muinn a’ gabháil ann i ngann fhios.

ÁINE: Sea.

KATE: Tá ’fhios a’m go raibh mé féin agus cailín eile - chuaigh mise ar asal oíche, agus chuaigh an cailín seo ar asal, agus cuireadh (--) is beag nár briseadh mo mhéir.

ÁINE: Yeah. (Gáire)

KATE: Agus thug mé capall amach as buaile, mé féin agus bean eile, cailín eile, trip eile, agus chuaigh muinn ar a’ gcapall go ndeachaigh muinn Cill Rónáin. Scaoil muinn an capall ar a’ mbóthar nuair a tháinig muin.

ÁINE: (Gáire)….

KATE: …. Bhuel bhíthú a’ gabháil ar Khate go raibh dath dearg uirthi.

ÁINE: (Gáire).

KATE: Ní hé an chaoi (--) ní raibh aon solas le a bheith ar an gable mar atá anois.

ÁINE: Sea.

KATE: Nuair a thiocfaidh siad isteach anois tá solas ar an mbinn acub, níl acu ach a méar a bhrú ar an gciotal agus tá an tae déanta ….

ÁINE: …. Hm.

KATE: Ach chaithfeá a dhul a chodladh an t-am sin, gan bia ná beatha.

ÁINE: Chaithfeá.

KATE: Ag iarraidh a bheith ag imeacht i ngann fhios ….

ÁINE: …. Sea, agus cén sóirt ceol a bhíodh ag a’ gcéilí?

KATE: Ó bhíodh cairdín ann, bhíodh ….

ÁINE: …. Ní chuimhníonn tú cé a bhí a’ casadh?

KATE: Bhuel tá ’fhios a’m John Joe [John Joe Joeín Ó Fátharta] go ndéana Dia trócaire air.

ÁINE: Sea.

KATE: Ba é an ceoltóir is fearr in Éireann é.

ÁINE: Ó se ach bhí sé sin ....

KATE: …. Bhuel bhíodh go leor sean daoine eile ann, ach diabhail a gcuimhním orthub anois.

ÁINE: Hm, a’ mbíodh Tom Jamsie, a’ mbíodh sé ….

KATE: …. Bhíodh Tom Jamsie, is fíor dhuit, bhí sé sin in ann casadh, ’s Ar ndóigh fág ag Vailín é, bhí sé tréan ….

ÁINE: …. Sea, bhí.

KATE: Agus cúpla ceoltóir eile as Cill Rónáin agus as Cill Éinne.

ÁINE: Sea.

KATE: Ó go deimhin, théadh muinn soir go dtéadh muinn ag alley [handball alley] Chill Éinne.

ÁINE: A’ mbíodh damhnsa ansin?....

KATE: …. Bhíodh damhnsa ansin freisin.

ÁINE: Sea.

KATE: Thagadh muinn ansin leis a’ maidneachan ’s Ar ndóigh bhíodh muinn leath mharaigh sula dtiteadh muinn ina gcodladh.

ÁINE: (Gáire).

KATE: Ina dhiaidh sin [féin] d’éalaíodh muin. ….

ÁINE: …. (Gáire) ….

KATE: Tá ’fhios a’m aon oíche amháin go raibh muinn a ’ rá an phaidrín,[sa mbaile] agus Ar ndóigh ní raibh ’fhios ag Kate beo céard a bhí siad a’ rá, ag iarraidh imeacht, ach bhí an cailín seo istigh agus dúirt mé féin lei “anois” a deirimse, “cuireadh mise mo chuid éadaí síos sa mbag, agus ardóidh mé an fhuinneog agus nuair a bheas tusa a’ gabháil abhaile” - bhí sí [ag maireachtáil] tamall uaim, -“tabharfaidh tú leat na h-éadaí agus ceapfar gur amach ag a’ toilet atá mé a’ gabháil”. D’imigh an cailín agus nuair a bhí an paidrín thart, chuaigh mé féin amach cosnochtaí, ceapadh gur ag a’ toilet a chuaigh mé, agus cá ndeachaigh mé ach píosa maith go ndeachaigh mé cosnochtaí ag a’ gcailín, gur ghléas mé mé féin suas ansin, go ndeachaigh muinn ar a’ damhnsa.

ÁINE: Ó by dad.

KATE: Sin é anois an chaoi a mbíodh muinn fadó.

ÁINE: Yeah, agus a’ gcuireadh sibh éadach deas an t-am sin orthaí féin? ….

KATE: …. Ó bhíodh gúnaí, bhíodh bean ar a’ mbaile a dtugaidís Maggie Sheáinín uirthi.

ÁINE: Sea….

KATE: …. Go ndéana Dia Trócaire uirthi, bhíodh sí a’ déanamh dressanaí , bhíodh dressanaí deasa orainn agus mar sin de, agus bróga deasa. Bhuel tá ’fhios a’m go raibh mé a’ rith rástaí aon trip amháin i gCill Rónáin - chaithfeá ubh a chur ar spúnóg agus bhua mé leath choróin, ó ní raibh ’fhios a’m céard a gheobhainn air an leath choróin sin. Fuair mé oiread rudaí uirthi agus a gheofá ar deich bpunt anois.

ÁINE: Sin é an rud, yeah.

KATE: Sin é anois é, bhíodh rástaí ann.

ÁINE: Ab shin é lá Pheadar agus Pól?

KATE: Lá ’l Pheadair agus Pól, sin é anois. Bhíodh muinn (--) Sin é anois an chaoi a mbíodh muinn ar na damhnsaí ag imeacht, bhuel ansin bhíodh (--) thugaidís mouth organs orthub. Bhídís sin freisin a’ainn. muinn a’ damhnsa ar na bóithrí ‘s ag imeacht chuile áit, mar sin de.

ÁINE: Ach bhí an saol go maith agaibh?

KATE: Ó ní (--) Ó muise ní raibh sé go maith a’inn, mar d’oibrigh muinn crua, ’s bhíodh an iomarca máistreacht orainn ’s chuile rud.

ÁINE: Ach bhí sibh sásta?

KATE: Bhuel Ar ndóigh chaithfidh muinn a bheith sásta leis.

ÁINE: A’ dtéadh sibh go Gaillimh go minic?

KATE: Ó muise uair sa gcéad a ghabhfá Gaillimh an t-am sin, théadh na, na fír ann ag iarraidh bainbh.

ÁINE: Sea?

KATE: Bheidís ag ceannacht bainbh, bhíodh muca acub. Bhíodh an teach déanta le muca ansin, agus bhí rud mór ann a dtugaidís trach air, agus bhíodh bia go na muca acub, bhíodh pota mór acub a bhíodh lán le fataí agus beathaídís na muca, agus ansin nuair a bhíodh an fear seo le theacht a’ ceannacht na muca, bhíodh na muca nite glan acub, agus dhíolaidís na muca, agus shilfeá gur saibhreas ansin a bheadh i dteach a’ bith a dhíoladh dó nó trí mhuca an t-am sin. Sin é anois, ó bhíodh obair mhór ann, bhíodh, bhíodh neantógaí ansin á bhaint freisin le tabhairt go mhuca, deir siad go bhfuil (--) go rabhadar thar cionn.

ÁINE: Hm.

KATE: Malaí neantógaí ‘s á mbruith thríd a’ ngcabáiste agus thrí rudaí mar sin, potaí móra, sin é. Bhítí ag obair, ag obair go mbíodh sé ina n-oíche.

ÁINE: Hm.

KATE: Bhuel bhí mise a’ criotáil, ní raibh mórán hard, hard work ormsa, bhinse a’ criotáil, bhí me ag criotáil go, go fear a dtugaidís Flaherty air. Bhínn a’ déanamh geanasachaí dhó.

ÁINE: Agus cá raibh an Flaherty seo?

KATE: Bhí sé thoir The Man of Aran,….

ÁINE: ….Aw ….

KATE: …. an áit a bhfuil Máire Tom Mhóir anois.

ÁINE: Sea.

KATE: Agus bhí sé a’ fanacht ansin, agus bhíodh sé a’ tógáil pictiúr, agus bhí sé hard ar na, ar na daoine. Bhí Maggie Tom a thugaidís uirthi …

ÁINE: Sea?

KATE: … agus Mac Pheaits agus diabhal ’fhios a’m cén t-ainm atá ar lad eile, Maidhcilín - ní hé Maidhcilín a’ Ghabh é - ach ní fhéadaim cuimhneamh anois….

ÁINE: …. Tiger, Tiger King ….

KATE: ….Tiger is right. Bhídís sin istigh ar an Oileán Iartharach agus bhí sí [Maggie Tom] in ins a bheith báite an lá seo, agus sé an chaoi ar thosaigh Flaherty orthub - ní rinne duine acub ach breith ar ghruaig uirthi agus í a tharraingt isteach.

ÁINE: Sea….

KATE: …. Ní raibh aon chiall aicí, bhíthú ag iarraidh ar mó mháthair a dhul ann, [ san scannán ‘Man of Aran’] no way go ngabhadh.

ÁINE: Sea.

KATE: Ach chuaigh sise ann an créatúr, agus cheannaigh sí an saol, thugadar go Meiriceá ansin í agus Ar ndóigh gheobhaidh sí lán na malaí i Meiriceá, ach ní raibh … níor thóg sí ach an méid a thug siad di.

ÁINE: Sea.

KATE: Ach bhíodh damhnsa thoir a’inn ann [san Man of Aran cottage] ansin, bhíodh muinn a’ damhnsa ann ’s mar sin de, agus Oíche Shamhna bhíodh mias mhór ann agus duine a’ bith a thógadh úlla le na bhéal, ’s a dhá láimh taobh thiar dhá thóin aige, gheobhadh sé ceathair nó cúig go úllaí, ’s bhíodh damhnsa ann agus muinn a’ damhnsa.

ÁINE: Cén áit a bhíodh an damhnsa seo?

KATE: Sa Man of Aran cottage.

ÁINE: Ó sea ….

KATE: …. Sea, ach bhinse a’ criotáil ansin, a’ déanamh geansachaí dhób, bhuel bhí bean ansin ann, a dtugaidís Betty Rivers uirthi.

ÁINE: Sea?

KATE: Sin í a bhíodh a’ tógáil na ngeansachaí uaim, ach tháinig sí an lá seo a’m agus dúirt sí go raibh sorry uirthi go raibh an geansaí ró mhór, meas tú a’ mbeadh caoi a’ bith go gcuireann caoi ar a’ ngeansaí.

ÁINE: Sea.

KATE: Ach ní fhéadainn é a dhéanamh anois.

ÁINE: (Gáire).

KATE: Nuair a d’imigh sí leag mé an geansaí ar a’ mbord agus fuair me siosúr, agus bhain mé dhá (--) píosa amach as chaon taobh, agus d’fhuáil mé go deas í ….

ÁINE: …. (Gáire)

KATE: Agus nuair a chuir sí ar, ar a’ bhfear í, ó bhí sé an-sásta go deo leis an ngeansaí, sin é an chaoi ar oibre Kate.

ÁINE: Sé. A’ raibh sibh a’ fáil mórán airgead as a’ gcriotáil?

KATE: Bhuel níl ’fhios a’m anois ar, ar, ar chúig phunt a bhíthú a’ fháil ar gheansaí mór a dhéanamh an t-am sin. Ar ndóigh b’fhearr chúig phunt an t-am sin ná an chaoi a bhfuil dar anois ….

ÁINE: ….Hm ….

KATE: …. cúig no sé phunta sílim, tá mé a’ ceapadh go raibh mise a’ fáil deich bpunt ar deireadh. Sin é ….

ÁINE: …. Sea ….

KATE: …. anois an chaoi.

ÁINE: Agus a’ raibh an snáth agaibh féin nó ar cheannaigh sibh é?

KATE: Sé an chaoi a mbíodh dar ag sníomh an snáth. Ach bhítí a’ fáil snáth as Gaillimh a dtugaidís fearsaidí air. Sé an chaoi a gcaithfeá féin é a shochras.

ÁINE: Sea ….

KATE: …. Gheobhfá snáth thíos i nGaillimh, ach bhídís ansin tuirne mór acub san oíche agus bhíodh olann acub agus roilléirí a thugaidís air, dhéanaidís rud fada.

ÁINE: Hm.

KATE: Agus chuiridís ar, ar ghob an tuirne é, agus bhídís á tharraingt mar sin, á tharraingt go mbeadh sé ina shnáth caol.

ÁINE: Sea.

KATE: Agus bhíodh sé sin ansin acub. Bhuel bhíodh jab eile ansin acub a’ déanamh bréidín.

ÁINE: Sea.

KATE: Chaithfidís a bheith a’ déanamh bréidín. Bhí fear ann a bhíodh a’ coinneal an bhréidín dhób - Séan Gillan a bhíodh air agus bhídís a’ déanamh (--) bhíodh sé a’ déanamh an bhréidín dhób, agus ansin chaithfeá, chaithfeá ansin a dhul á ramhródh, an bréidín. Bhíodh mar a bheadh trach mhór - bosca mór ansin, agus bhíodh bean an taobh sin, agus bean an taobh sin, amanntaí bhíodh bean agus fear ann, agus bhíodh an dá chois ag imeacht acub, agus pota mór i lár an urláir a mbíodh gallaireach ann, go dtiubhódh sé an bréidín, agus nuair a bhíodh an bréidín tiubhachta ansin agus mar sin de, nídís ansin é, agus chuiridís amach é. Ach tá mé a’ rá leat go raibh anró orthub.

ÁINE: Agus cé a dhéanfadh na héadaí ansin, a’ bhfuil ’ fhios a’d - na treabhsar flainín?....

KATE: …. Ó bhí táilliúir in Árainn, bhí fear ann a dtugaidís Jamsie air, athair Tom Jamsie.

ÁINE: Ó sea….

KATE: …. Go ndéana Dia Trócaire air, bhí sé sin ina tháilliúir agus bhí táilliúir eile i gCill Éinne ach diabhal a bhféadaim cuimhneamh anois air, bhí táilliúir i bhFearann a’ Choirce. Bhí táilliúir as Conamara a’ tíocht isteach. Bhíodh treabhsair ansin, treabhsair flainín ar chuile dhuine agus bheisteannaí. Sin é.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tusa anois go mbíodh na geansachaí Árainn ar do shean (--) ar d’athair?

KATE: Ó cuimhním, bhíodh.

ÁINE: Sea

KATE: Bhíodh, bhíodh geansachaí orthub, ach ní bheadh ’fhios a’d cén chaoi a seasaidís leis an éadach a bhíodh orthub sa samhradh. Bhíodh an drár bán orthub taobh istigh, flainín, agus drár gorm taobh amuigh dé. Bhíodh léine flainín orthub agus bhíodh bheist orthub. Bhuel ní bheadh ’fhios a’d beo cén chaoi a raibh siad in ann obair a dhéanamh sa samhradh. Bhíodh an bhean ansin a bhíodh ag a’ gcladach, bhíodh cóta básta a thugaidís air, cóta flainín uirthi agus cóta eile taobh istigh dhé, agus bhíodh seálta móra orthub, cróiseáilte, a bhídís féin a dhéanamh. Bhuel tá ’fhios a’m, cuimhním aon trip amháin go raibh bean sa teach anseo, Juda a bhí uirthi, agus ní raibh aon mhaith ann go gcuireadh sí cóta básta orm péin. Bhí sé chomh mór, chomh leathan. Chuaigh me siar ag tobar a bhí ann ag iarraidh buicéad uisce agus nuair a bhí mé a’ gabháil aniar, chuaigh sé i bhfostú sa gcóta agus caitheadh amach ….

ÁINE: …. (gáire)

KATE: …. i ndiaidh mó mhullaigh mé agus cuireadh gearradh orm.

ÁINE: (Gáire)

KATE: Bhí mé a’ fanacht go bhfuair mé imithe Cill Rónáin í, agus nuair a fuair mé imithe Cill Rónáin í, fuair mé siosúr, agus rinne mé dhá sciorta deas gon chóta ….

ÁINE: …. Gon chóta….

KATE: …. Níor chaith Kate aon chóta ní ba mhó. Bhí na cótaí sin fada agus iad thíos sa gcladach leob sin a’ baint an charraigín agus fliuch báite a’ tíocht [abhaile]….

ÁINE: …. Cén dath a bhí orthub?

KATE: Bhuel cuid acub dearg ‘s cuid acub gorm.

ÁINE: Ó sea.

KATE: Agus bhíodh ansin seálta cróiseáilte a bhídís féin a’ dhéanamh orthub, bhídís sin orthub. Bhíodar thar cionn a’ plé le cróise agus le criotáil….

ÁINE: …. Bhí ….

KATE: …agus rudaí mar sin.

ÁINE: Ar ndóigh chaithfidís a bheith.

KATE: Ó chaithfidh, chaithfidh.

ÁINE: A’ raibh tú féin a’ tógáil faochain, nó a’ tógáil creathnach agus ….

KATE: …. Ó bhí mé a’ baint charraigín agus bhí mé (--) Bhuel níor thóg mé aon fhaochain, bhí mé a’ baint charraigín go minic, bhíos muis.

ÁINE: Agus céard a rinne sibh léis a’ gcarraigín?....

KATE: …. Bhuel ansin nuair a bhíodh an carraigín baintí, scarfá ar bhuaile é go ngealadh sé, drúcht, bheadh an drúcht thar cionn, agus ansin bheifeá dhá iontú, an taobh a bhí faoi ansin a chur as a chionn agus nuair a bheadh an carraigín geal ansin glan, eh bhíodh muinn á dhíol, agus bhíodh muinn féin a’ déanamh úsáid dé. Ar ndóigh níor ith tú aon rud riamh is fearr na carraigín. Bhíodh babhlannaí móra déanta anseo a’inn féin de. Bhuel dhíolfadh muinn an carraigín ansin agus nil mé siúráilte anois cé mhéad a’ chloch a bhíodh muinn a’ fháil air ach bhíodh go leor glaoch air. Nuair a bhíodh trá mhór ann, lá breá a mbíodh trá mhór amach ann, théití a’ baint an charraigín.

ÁINE: A’ gcuimhnínn tú ar d’athair a bheith a’ plé leis a’ ceilp?

KATE: Cuimhním, cuimhním, bhídís a’ plé le ceilp. Is minic a thug mé tincan mór tae síos acub, ach go mbíodh deatach mór uirthi, bhíodh, ceilp acub an t-am sin a’ dóigh feamainne. Ó bhíodh chuile rud an t-am sin ann a’ baint punt as.

ÁINE: Sea.

KATE: Tá mé a’ rá leat gar shaothraigh siad an saol go maith….

ÁINE: …. Hm, agus meas tú a’ raibh am áirid gon bhliain a rinne siad obair ar a’ cheilp?

KATE: Ó chuile am a dtiocfaidís suas leis.

ÁINE: Hm.

KATE: Agus bhí siad an-naofa freisin. Chaithfeadh an paidrín páirteach a bheith sa teach chuile oíche agus á mbeadh Missions ná (--) Bhíodh Missions a’ gabháil thart ansin agus nuair a thiocfaidís abhaile san oíche bhíodh coinnle lasta acub le onóir, agus bhíodh eh séipéal (--) Ní raibh aon séipéal anoir an bealach seo ansin, bhí sé in Eochaill agus chuile mhaidin beo bhíodh muintir a’ chinn abhus, muintir Bhun Gabhla bhídís thoir ag a’ séipéal sin ag a naoi chlog ar maidin le Aifreann. Bhíodar an-naofa an t-am sin. Tá leath nach bhfuil a’ gabháil ag Aifreann a’ bith anois. (gáire)

ÁINE: Á Ar ndóigh sin é an chaoi a mbíonn sé, níl aon neart air.

KATE: Tá an saol athraigh anois.

ÁINE: Hm, agus a’ gcuimhnínn tú cén chaoi a thug siad an ceilp soir go dtí Cill Rónáin, nó ar imigh sí amach as Port Mhuirbhigh?

KATE: Ó sé an chaoi a mbídís á, sé an chaoi a mbíodh, bhíodh carrannaí ann, carrannaí.

ÁINE: Carrannaí asal, nó capall? ….

KATE: …. Carrannaí asal, bhuel asail ag cuid acub, agus caiple ag cuid eile acub.

ÁINE: Sea.

KATE: Sin é.

ÁINE: Yeah, agus meas tú a’ raibh mórán airgead déanta ar an gceilp acub?

KATE: Bhuel ní chuimhním anois by dad céard a bhí air, ach tá ’fhios a’m go, gur ba saibhreas an t-am sin dóbsan é.

ÁINE: Sea.

KATE: Bhíodh lá le ceilp ann ’s bhíodh lá le aonach ann ’s a’ baint charraigín ’s bhídís (--) Bhíodh oiread fataí curtha ag teach amháin, agus atá curtha ag an oileán anois mar ní mórán fataí atá siad a chur anois ach a’ ceannacht fataí, mar tá tuile business acub.

ÁINE: Agus bhíodh glasraí curtha acub, nach mbíodh?

KATE: Bhíodh muis, greada gcabáiste agus oinniún agus turnops agus fataí curtha acub agus cléibh mór ansin - bhíodh fíodóir ansin ann a bhíodh a’ déanamh cléibh, cléibh le feamainn, cléibh le fataí, cléibh eile a dtugaidís cléibh ráinn orthub. Tá ’fhios a’m teach a tógadh ansin agus ní raibh, ní raibh na, ní raibh na rudaí ann [wheelbarrows]atá anois ann, sé an chaoi a raibh barraí an t-am sin ann.

ÁINE: Sea.

KATE: Píosa adhmaid agus dhá mhaide amach as as chaon taobh agus iad á iompar sin. Ní raibh wheelbarrows a’ bith ann mar atá anois….

ÁINE: …. Ní raibh, ní raibh.

KATE: Sin é anois.

ÁINE: Agus chuiridís suas gaineamh agus chuile rud ar na rudaí sin? ….

KATE: …. Chuiridís suas gaineamh agus chuile rud. Bhuel ansin thugaidís, thugaidís na hasail ansin isteach san oíche, bhíodh go leor tithe taobh amuigh acub, agus thugaidís fataí cnag dhób agus chuiridís plúr air, deir siad go mbeadh sé go maith ag na hasail agus feedáilidís suas iad go mbeidís láidir le lá arna mháireach. Sin é anois.

ÁINE: Anois bhíodh do athair ag insint scéalta nach mbíodh, a Khate?

KATE: Bhíodh sé ach sé an chaoi a bhfuil sé ag Kate anois, ní, ní chuimhním ar thada mar sin.

ÁINE: Sea.

KATE: Ní cuimhním, tá dearmad déanta uilig a’m orthub ….

ÁINE: …. Tá?

KATE: B’fhéidir go ndeachaigh me thríd beagán imní agus is dóigh gur bhain sé sin an mheabhair uilig asam ….

ÁINE: …. Sea ach cuimhníonn tú ar na comharsanaí istigh [sa teach] ag inseacht scéalta fadó? ….

KATE: …. Ó bhíodh, tá ’fhios a’m go (--) Bhuel sé an chaoi a raibh sé a’m, an fear a bhí a’m [a fear céile] níor mhiste leis céard a dhéanainn. Bhí fear a’ gabháil thart anseo agus bhí Stiofán Twenty in éineacht leis, bhí sé ag díol radios.

ÁINE: Sea?

KATE: Ní mórán a cheannaigh iad, ach cheannaigh mise radio, agus bhí sé leagthaí ar mhantelpiece ansin a’m, agus chur siad suas port dom. Á bhuel anois a deirimse níl, níl mó fhear [tagtha abhaile] gon Oileán Iatharach fós a deirimse ach tá ’fhios a’m gur cuma leis. Á bhí Kate amuigh a’ damhnsa, damhnsa reel nuair a tháinig sé agus bhí an radio a’m. Bhuel ansin bhí drama air [an radio] a dtugaidís Colm sa mBaile air agus bhíodh na lads ansin - chaithfidís na beithígh a bheith blite acub le ghabháil ag éisteacht le Colm sa mBaile, agus gan tada le feiceáil acub.

ÁINE: Sea.

KATE: Chaithfeadh ansin chuile dhuine a bheith an-chiúin san oíche go mbeadh Colm sa mBaile , “á meas tú cén uair a bheidh sé air, cén lá é, caithfidh mise an bhó a bheith blite a’m” go mbíodh Colm sa mBaile acub, agus bhídís chomh sásta leis le television anois.

ÁINE: Agus phós tú féin isteach sa teach seo, a Khate?

KATE: Phós me féin isteach sa teach seo.

ÁINE: Agus bhí bean istigh romhat?

KATE: Bhí, bhí sean bhean istigh romham ann.

ÁINE: A’ raibh sé sin crua?

KATE: Bhuel ní raibh, ní raibh, ní raibh mar bhí sí go deas. Ba duine mé a raibh roinnt foighid a’m ’s thuig mé go raibh sí sean ’s mar sin de, a’ dtuigeann tú, b’fhéidir go mbíodh sí cantalach amanntaí, ach caithfidh tú cur suas le rudaí mar sin.

ÁINE: Caithfidh.

KATE: Ach ansin nuair a bhí beirt acub a’m.

ÁINE: By dad fair play dhuit, bhí tú coinnigh go maith.

KATE: Bhí mé coinnigh go maith ag imeacht acub. Ach na créatúir, bhí siad go deas.

ÁINE: Yeah.

KATE: Ní raibh aon, aon phinsean i dtosach ansin ann. Cróin a thugaidís ar chúig scileach ….

ÁINE: …. Sea.

KATE: Ach seicin leath sovereign ansin a bhí acub ar deireadh, deich scilleacha agus tá sé suas le céad anois go shean phinsinéirí.

ÁINE: Tá, tá ….

KATE: …. Ach gur bhfearr na deich scilleacha an t-am sin, na leath an phinsean anois.

ÁINE: Agus a’ dtabharfadh máthair Phádraic, a’ dtabharfadh sí cúnamh dhuit anois a’ glanadh an tí, agus le na gasúir?....

KATE: …. A bhuel b’fhearr le (--) b’fhearr liom í a imeacht amach.

ÁINE: Sea.

KATE: B’fhearr liom í a imeacht amach mar bhíodh a’ style a bhíodh aici sin, ní hé a bhíodh a’msa.

ÁINE: Sea.

KATE: Tá ’fhios a’m ansin go mbídís a’ cur píosaí móra, píosaí móra aol amach faoi na boird an t-am sin a’ déanamh style. Bhí an ghráin a’m péin air, mar níorbh fhéidir é a choinneáil glan ach an lá seo diabhal blas a rinne mé ach a dhul amach agus rud eicínteact a fháil dorcha, a rinne dorcha é, tá mé a’ rá leat nach ndeachaigh aon aol amach faoi na boird uaidh sin amach. Níor thaitnimh sé lei ach chaithfeadh sé taitneachtáil lei.

ÁINE: (Gáire) Anois a’ raibh laethantaí áirid acub a phósaidís an t-am sin a Khate, ar nós sóirt ‘Luain soir agus Máirt siar’ nó ‘Luain siar’? ….

KATE: …. Bhuel bhíodh go leor, bhíodh go leor pisreogaí acub. Bhídís a’ fáire mar a deir tusa ar an Luain soir agus Máirt siar. Bhíodh pisreogaí go leor fadó ann, agus tá ’fhios a’m anois go ngéillinse go na (--) gon Bail ó Dhia a chur ar dhuine, ba mhaith liom Bail ó Dhia a chur ar chuile dhuine mar atá sé anois ann.

ÁINE: Sea.

KATE: D’aire mé mó mháthair a’ rá go ndéana Dia Trócaire uirthi go raibh bean a’ gabháil síos ród a dtugaidís Ród Garraí na gCloch air.

ÁINE: Sea.

KATE: Agus dúirt an fear seo lei - mar bean ramhar a bhí inti - by dad a deir sé is breá iad do phéire colpaí. Chuaigh sí síos agus phébí ceard a bhí sí a’ dhéanamh, níl ann ach gur shiúl sí aníos é. Bhí a cois go dona gar cailleadh í.

ÁINE: Ó muise by dad….

KATE: …. Níor chuir sé aon Bhail ó Dhia uirthi.

ÁINE: Dia dhá réiteach ….

KATE: …. agus deir siad go bhfuil sé ceart Bail ó Dhia a chur ar chuile dhuine….

ÁINE: …. Chuile dhuine, sea ….

KATE: …. Tá daoine ann a bhfuil droch shúil ansin acub agus daoine nach bhfuil.

ÁINE: Sea.

KATE: Droch shúil, sin a’ dtuigeann tú go, go ngéillfeá dhó, go dtiocfadh rud eicíneacht suas, agus daoine eile ansin nach bhfuil sé sin a’ chor a’ bith acub. Sin é an chaoi a mbíodh sé fadó.

ÁINE: Ach ní chuimhníonn tú ós rud é gur anoir a bhí tú féin a’ teacht, ní chuimhníonn tú cén lá gon t-seachtain a phós tú?

KATE: Muise by dad ní chuimhním ….

ÁINE: …. Hm….

KATE: …. mar ní raibh aon phisreoigí mar sin a’inn. Ní raibh, ní chuimhním anois cén lá é féin, ach go bhfuil ’fhios a’m go deimhin go raibh an-bhainis ann, go raibh sí ann go dtí an naoi a chlog lá arna mháireach.

ÁINE: Óse by dad.

KATE: Bhuel bhí seomra ansin ann a dtugaidís seomra beag orthub, agus bhí oiread bairillí pórtair thiar ansin. Bhí ansin an sagart ann - níl ’fhios a’m a’ bé an t-Athair Ó Cillín é nó nach é anois - agus bhí sé a’ tabhairt amach go fhear a’ tí mar gheall ar a raibh go ól aige. Agus bhí sé ann go dtí an naoi a chlog lá arna mháireach, an bhainis.

ÁINE: Ar ól tú féin braon?

KATE: Bhuel ní raibh, ní raibh mé ag ól a’ chor a’ bith, bhuel ní mórán, ní bhím ag ól aon uair, ach ní bhíonn aon gala maisigh orm, á ngabhainn isteach sa mbar a’ bhfuil ’fhios a’d cén rud a thaitneoidh liom - bailey cream.

ÁINE: Ó go deas ….

KATE: …. Bhuel déarfainn nach mórán atá thríd sin.

ÁINE: Sea.

KATE: Bailey cream ….

ÁINE: …. Sea, ní mórán….

KATE: …. Nó dhá mbeadh braoin punch ann, d’ólfainn é sin….

ÁINE: …. Sea.

KATE: Sin é.

ÁINE: Ach an mbíodh am áirid den bhliain ansin a phósaidís?

KATE: Á muise, ní dhéarfainn go raibh, daoine b’fhéidir a raibh, agus daoine nach raibh, diabhal pisreogaí a bhí a’inne

ÁINE: ….Hm ….

KATE: …. anyways.

ÁINE: Ach ní phósadh aon dhuine sa gCarghas?

KATE: Ó ní phósadh, ó ní phósadh, ní phósadh, bhí an carghas, bhíthú a’ déanamh seacht seachtainí an charghas, bhíodh oiread paidreacha á rá san oíche, ’s ar maidin, agus Ar ndóigh bhíodh Kate seans ag éisteacht le na gcuid páidreachaí.

ÁINE: (Gáire)

KATE: Agus coinnle lasta agus chuile rud, agus Kate ag cuimhneamh le éalú, nó cá ngabhadh sí.

ÁINE: Á sea.

KATE: I leaba a bheith a’ rá na bpáidreachaí.

ÁINE: Agus a’ bhfuil ’fhios a’d anois ar maidin an phósadh, cén chaoi a ndeachaigh tú ag a’ séipéal? (sos) Eochaill ab ea a phós sibh?

KATE: Séipéal Eochaill, tháinig a’ fear sa teach, agus bhí eh, side cars.

ÁINE: Ó.

KATE: Bhí trí nó ceathair, nó cúig go side cars ann, agus sin iad a thug soir muin, agus a thug muinn anoir muinn ansin. Bhuel ansin ….

ÁINE: …. Mar sin, a’ bhfaca tusa Pádraic roimh a chonaic tú sa séipéal é?

KATE: Ó chonaiceas….

ÁINE: ….Á….

KATE: …. ó chonaiceas, chonaiceas, ach ansin bhíodh Éirí amach ann, nuair a bheifeá ansin ceathair nó cúig go sheachtainí pósta. Thugaidís Éirí Amach air, chaithfeá a dhul síos i dteach do mháthair, agus bhíodh party eile ansin, a’ tabhairt (--) a dtugaidís an t-Éirí Amach air, nuair a bheifeá ceathair no cúig go sheachtainí pósta.

ÁINE: By dad.

KATE: Sin é anois.

ÁINE: Inis dhom, bhíodh Aifreann ann nach mbíodh, bhíodh níos mó ná beannú leis a’ bpósadh?

KATE: Ha?

ÁINE: Bhíodh Aifreann agaibh leis an bpósadh? ….

KATE: …. Ó bhíodh, ó bhíodh, bhíodh.

ÁINE: Agus cén sóirt dressannaí a bhíodh orthaí ansin nuair a phós sibh?

KATE: Bhuel tá ’fhios a’m gur suit, sciorta gorm a bhí ormsa, bhí bean thuas i nGort na gCapall a dtugaidís Annie Mhaidhc uirthi.

ÁINE: Sea.

KATE: Máthair Alice Mhaidhc.

ÁINE: Á sea.

KATE: Agus rinne sí sciorta blue dom, cheannaigh mé an t-éadach i nGaillimh, agus bhí blouse geal orm, agus bhí cardigan blue orm, a rinne mé féin mar bhí mé go maith a’ déanamh criotáil an t-am sin, agus bhí a dtugaidís na high heels orthub, thaitneamh riamh liom, bróga a raibh sála arda orthub.

ÁINE: Sea.

KATE: Agus nylons stockings.

ÁINE: Agus cén sóirt gléasadh a bhíodh ar na fír?

KATE: Bhuel bhí, bhí jeaicéad, tá ’fhios a’m, jeaicéad gorm agus treabhsar flainín agus léine dheas, ní bhíodh tieannaí a’ bith an t-am sin ann.

ÁINE: Sea.

KATE: Ní bhíodh.

ÁINE: Agus cén sóirt fáinní a bhíodh agaibh nó an ngabhadh sibh Gaillimh á n-iarraidh? ….

KATE: …. Ó chaitheadh muid a dhul Gaillimh agus fáinne a cheannacht.

ÁINE: A’ gcaitheadh?

KATE: Chaitheadh, gheofá an-fháinne go deo an t-am sin ar dheich bpunt agus gheofá fáinne ar chúig phunt a dhéag, agus gheofá an togha ar thirty pounds oh dearest uilig. [oh dearest uilig – ráiteas a bhí ag Kate] Sin é.

ÁINE: So chaitheadh an fáinne a bheith faighte scaithimh roimh an am mar sin? ….

KATE: …. Ó chaitheadh an fáinne a bheith faighte scaithimh roimh an am a’d.

ÁINE: Hm, anois cá mbíodh an bhainis agaibh?

KATE: Ó bhíodh an bhainis sa teach a mbeadh tú a’ gabháil, teach an fhír.

ÁINE: Teach an fhir?

KATE: Teach an fhir. Bhíodh an bhainis ansin, bhítí ag imeacht ansin in sna tí a’ glaoch ar na daoine, agus duine muintireach a’ bith a bheadh a’d ar mhaith leat glaoch air ’s mar sin dé, tá ’fhios a’m go raibh an teach seo lán ach bhí an teach seo níos mó na atá sé anois mar ní raibh oiread rudaí ann agus atá anois.

ÁINE: Sea. Cé a ghlaodh ar na daoine ag a’ mbainis?

KATE: Bhuel ghlaodh an bhean orthub, nó ghlaodh an mháthair orthub, nó ghlaodh a’ fear orthub, ar chuid acub.

ÁINE: Sea.

KATE: Sin é.

ÁINE: Agus cén sóirt bia ansin a bhí ag a’ mbainis?

KATE: Bhuel bhíodh greada cácaí currants déanta, cácaí donna agus bhíodh ansin (--) Ba mhór an bhadráil ansin le a mbíodh go dhaoine ann ag iarraidh a bheith a’ déanamh teapots tae, séard a dhéanaidís pota glan nua a bhíodh acub, ceannaithe le na h-ócáide, dhéanaidís a’ tae ansin agus líonaidís suas an pota sin agus bhídís a’ cur na jugannaí síos ansin ann, agus á dtabhairt siar le na mugannaí.

ÁINE: Á sea.

KATE: Agus a’ tabhairt bia dhób, ó bhíodh greada le n-ithe acub ann, tá mé a’ rá leat, go maidin. Builíní ’s sandwiches, bhídís ann an t-am sin. Mar sin de.

ÁINE: Agus is dóigh go mbíodh cuid go na daoiní taobh amuigh mar ní raibh spás istigh sa teach dhób ar fad?

KATE: Bhuel tá ‘fhios a’m go mbídís (--) go raibh oiread anseo agus go bé an chaoi a raibh cuid acub síos ar chreig mór a bhí ansin. Sin é anois, amach ar na sráideannaí, sin é.

ÁINE: Agus a’ mbíodh gasúir ag na bainiseachaí an t-am sin?

KATE: Bhuel ní bhíodh aon ghasúir ann, ní bhíodh, ní raibh cead ag gasúir a’ bith a dhul ann. Chaitheadh fear a’ tí nó bean a’ tí fhanacht istigh.

ÁINE: Agus cé a rinne na cácaí ar fad?

KATE: Bhuel tá ’fhios a’m go rinne mó mháthair iad, agus rinne me féin iad, agus rinne comharsa liom iad.

ÁINE: Agus ….

KATE: …. Ní raibh aon sweet cakes ann, mar atá anois.

ÁINE: Agus tar éis pósadh ansin gon bhean, a’ bhféadadh sí a dhul soir ar cuairt ag a máthair féin?

KATE: Ní fhéadfá, bhí na pisreogaí sin ann ansin, chaithfeá trí seachtainí ansin gan a dhul isteach taobh isteach gon doras ag do mháthair, nuair a bheadh na trí seachtainí istigh d’fhéadfá a dhul isteach. Bhuel tá ’fhios a’m go raibh mé lá a’ gabháil soir, bhí, bhí mó fhear [céile] bhí se ar an oileán iartharach, istigh le light keepers agus bhí móin a’ tíocht an t-am sin i bPort Mhuirbhigh, agus sé an áit ar shuigh mé - cuireadh stóilín fúm - taobh amuigh gon doras le bheith a’ caint leob, agus tugadh tae amach a’m ann, ní fhéadainn mó chois a chur isteach a’ chor a’ bith go mbeadh na trí seachtainí thuas, cineál pisreogaí….

ÁINE: …. Hm ….

KATE: …. Ach níl siad sin a’ choir a’ bith anois ann ….

ÁINE: …. No, ach a’ bhféadadh do mháthair ansin theacht ar cuairt a’dsa?

KATE: Ní fhéadadh, ní fhéadadh.

ÁINE: No.

KATE: Ní fhéadfadh.

ÁINE: Nár bhocht é sin.

KATE: Seafóid a bhí ann, go mbeadh na trí seachtainí thuas. Is minic a chuaigh mé síos [ag teach a máthair]agus chaithinn fhanacht taobh amuigh agus thugtaí tae amach a’m ann, go mbeadh na trí seachtainí thuas. Bhuel ansin bhí tuilleadh céilí le a bheith ann, nuair a bheifeá pósta ansin seacht seachtainí a dtugaidís éirí amach air.

ÁINE: Sea.

KATE: Bheadh damhnsa eile sa teach, i dteach do mhuintir, damhnsa eile ansin go maidin.

ÁINE: By dad.

KATE: Ó bhíodh sé an-deas an t-am sin.

ÁINE: Agus a Khate a’ bhfuil ’fhios a’d an chaoi a mbeadh poitín acub le haghaidh bainiseachaí?

KATE: Sea.

ÁINE: Meas tú a’ raibh poitín agaibhse leis a’ mbainis?

KATE: Bhuel ní dhearfainn go raibh aon phoitín a’inn, bhí seacht mbairille pórtair ann.

ÁINE: By dad.

KATE: Mar tá ’fhios a’m gur tháinig an sagart taobh amuigh ag a’ gclaí ansin a’ tabhairt amach mar gheall ar a raibh go ól aige. Bhí sé is chuile áit chomh maith leis a’ t-am sin.

ÁINE: Hm.

KATE: Ach tá ’fhios a’m go raibh mó athair agus mo mháthair a’ díol poitín, sin sula phós mise, agus sé an chaoi a mbíodh an poitín ag tíocht isteach i ngan fhios.

ÁINE: Sea.

KATE: Bád [go] Port Mhuirbhigh.

ÁINE: Sea.

KATE: Nó áit eile a dtugaidís Port Chonnla air.

ÁINE: Ó sea….

KATE: ….Thagaidís isteach ansin leis na, leis na kegannaí fuisce, agus bhíodh ’fhios ag muintir a’ tí go mbídís a’ tíocht agus bhídís rontub [rompu].

ÁINE: Sea.

KATE: Agus thugaidís aníos ar asal nó cléibh na jarannaí poitín. Bhídís á gcur i bhfolach ansin ar na gardaí. Tá ’fhios a’m go raibh me aon lá amháin agus bhí mó mháthair a’ gabháil siar a’ gabháil a’ cuir i bhfolach poitín, agus bhíodh taepots móra an t-am sin ann, enamel a thugaidís orthub.

ÁINE: Sea.

KATE: Lé comhluadar, agus bhí duine eicínt lé thíocht ag iarraidh leath phionta fuisce, “a’ bhfuil ’fhios a’d anois a dhreabhairín” a deir sí “céard a dhéanfas mé, cuirfidh mé (--) leagfadh mé síos sa taepot é seo agus beidh braoin uisce ós a chionn agus cuirfidh mé splanc fuar faoi chois a’ teallaigh ansin agus má thagann a’ garda isteach, déarfadh tú gur tae atá, atá a’d le dhuine eicínt é, agus go bhfuil do athair agus do mháthair a’ scaradh síolta ar gharraí”.

ÁINE: Sea.

KATE: Diabhal mórán achair a bhí sí imithe nuair a tháinig a’ garda isteach, agus mé féin i mó shuí le hais a’ taepot.

ÁINE: (Gáire)

KATE: Chonaic sé dath a’ tíocht orm. “Bhuel ní scanródh mé anois thú a bhean”, a deir sé “ach a’ bhfuil ’fhios a’d céard atá sa teapot sin anois a’dsa” a deir sé, “buidéal fuisce, mar tá an taepot mór agus ní bheadh tae ansin” a deir sé “mar tá an rud atá faoi fuar, ach ní scanródh me thú”, a deir sé “ní bhacadh mé leis”. Ní raibh an garda buíochas le Dia leath uair imithe nuair a tháinig a’ fear seo ag iarraidh an leath phionta fuisce. Sin é anois, bhíodh poitín acub á ól.

ÁINE: Hm.

KATE: Bhíodh go leor a’ troid mar gheall ar phoitín freisin.

ÁINE: Bhíodh?

KATE: Mar théadh sé sa gceann acub.

ÁINE: Théadh.

KATE: Sin é anois.

ÁINE: Ach thugaidís isteach as Conamara I gcónaí é?....

KATE: …. Thugaidís isteach as Conamara é anois, ag iarraidh a bheith á thabhairt isteach i ngann fhios.

ÁINE: Agus a’ mbíodh mórán tí eile a’ díol poitín?

KATE: Tá ’fhios a’m go raibh Dara, Dara Neide Pheaidí a thugaidís ar m’athair, agus bhí teach eile taobh thíos de a dtugaidís Micilín Pheait air, an áit (--) tá ’fhios a’d an áit a bhfuil Ma (--) a bhfuil tí Mhicilín, taobh thíos de.

ÁINE: Sea.

KATE: Agus bhí teach eile a dtugaidís tigh Mhartin Chuaic air.

ÁINE: Sea.

KATE: Agus bhí teach eile i mBun Gabhla, a dtugaidís tigh Thomás Phetair air. Bhí an méid sin anoir an bealach seo a’ díol poitín.

ÁINE: A’ díol poitín.

KATE: Bhuel ansin, bhíodh go leor troid ann, nuair a bhíodh an poitín ansin ólta acub, bhídís imithe sa gceann. Bhuel ansin bhíodh pota mór thiar i seomra ann, sú gallaireach a thugaidís air, le (--) á n-aireoidís na gardaí a’ tíocht, bhíodh duine ar garda ansin a’ faire na ngardaí, agus chaithtí síos na gloineachaí anseo, sula bheadh boladh an óil orthub.

ÁINE: Sea, á!

KATE: Agus chuiridís clár ar ansin. Bhuel tá ’fhios a’m go raibh mé aon trip amháin eile istigh, Mister Flanagan a bhí air, sé an múinteoir scoile a bhí a’inn é.

ÁINE: Sea.

KATE: Agus bhí se mór (--) bhí an garda seo mór leis, mar bhí dreabhar go Flanagan pósta aige, agus tháinig sé isteach anseo agus bhíodh poitín - bhíodh sé thuas ar a’ lota freisin. “Bhuel anois” a deir sé “tá mé a’ tíocht agus leag anuas an dréimire” a deir sé, “dúirt Mister Flanagan liom” a deir sé “gan tada a dhéanamh, ní dhéanamh me tada oraibh” a deir sé, “ach má tá poitín istigh in aon áit beo agaibh” a deir se, “cuirigí amach go beo i bhfolach é” a deir sé “mar tá an sergeant le thíocht thart as seo go b’fhéidir cúpla uair eile” D’imigh sé [agus] sin é an áit a raibh an cuach, a’ tógáil an phoitín anuas a bhíodh [i bhfolach]faoi líonta ar a’ lota, agus á chuir amach sna cúinní agus síos ar na creigeannaí, sul d’fheicfeadh na gardaí é. Bhíodh sé ceannaigh go maith acub.

ÁINE: Hm.

KATE: Bhí ’fhios acub go raibh an poitín ann, ach ní fhéadaidís breith air, mar á mbeiridís ort le poitín an t-am sin, ghabhadh fine mór ort. Sin é anois, ó tá mé a’ rá leat go raibh sé hard. Sé scilleacha a bhí ar phionta poitín an t-am sin.

ÁINE: Bhí sé sin daor go maith, nach raibh? ….

KATE: …. Ó dhiabhail ní shea, trí scilleacha….

ÁINE: ….Trí scilleacha.

KATE: Trí scilleacha, gabhaim pardún, trí scilleacha ar phionta poitín, bhuel ba mheasa dhuitse pionta poitín an t-am sin ná cheithre cairt pórtair mar bhí sé (--) théadh sé sa gceann acub.

.

ÁINE: Hm.

KATE: Tá ’fhios a’m gur minic a bhíodh troid thíos a’inn freisin.

ÁINE: Sea.

KATE: Mar geall air [an bpoitín]. Bhí sé (--) [bhíodh]faitíos orm, bhínn amach ar a’ tsráid rite.

ÁINE: Bhíodh go leor poitín ag na tórraimh freisin, nach mbíodh?

KATE: Ó bhíodh, ó bhíodh, bhíodh, bhíodh. Bhuel ansin i gConamara bhí poitín go leor á dhíol ann féin, ach sé an slí bheatha a bhí acub, ach na créatúir, is gearr ó chonaic mé ar a’ television oiread seo bairillí doirtí orthub. Ach tá corr dhuine ag iarraidh a bheith á dhéanamh i gan fhios. Ach go bhfuil poitín thar cionn uilig dhá mbeadh slaghdán ort, ach an poitín ceart a fháil.

ÁINE: Sea.

KATE: Tá ’fhios a’m anois go raibh mé liom péin anseo oíche agus gur tháinig lad comharsan isteach a’m, agus bhí mé an-dona le slaghdán. “Cuirfidh mé faitíos anois ort a Khate” a deir sé “ach ní chuiread nuair a inseos mé dhuit é”, “ó a Mhaighdean” a deir mise “poitín”. “Breathnaigh anois” a deir sé, “cuirfidh mé teaspoon mór millteach nó dhá teaspoon a deir sé “ar mhuigín dhuit agus cuirfidh mé braon uisce fiuchta thríd” a deir sé, “agus ólfaidh tú é” a deir sé “nuair a bhéas tú a’ gabháil a chodladh agus tá mise a’ rá leatsa go bhfuil sé go maith”. Dár fia thriail mé é, agus nuair a d’éirigh me ar maidin bhí a raibh go allas amach thrí mo chraiceann, agus an leaba bog báite. By dad b’fhearr é ná buidéal ón dochtúir.

ÁINE: Hm, tá sé ceapthaí a bheith go maith….

KATE: …. Sin é anois.

ÁINE: A’ bhfuil ’fhios a’d a Khate nuair a tháinig an, na mná ansin isteach tar éis pósadh dhób i tí na fir?

KATE: Sea?

ÁINE: Bhíodh go leor daoine sa teach cheana.

KATE: Bhíodh seomra mór agus seomra beag ann.

ÁINE: Sea.

KATE: Ach tá ’fhios a’m go rinneadh, go rinne fear a dtugaidís Petairín Phetair air.

ÁINE: Sea.

KATE: Bhí seomraí an-mhór a’msa, agus rinneadh, rinneadh seomra eile go adhmad.

ÁINE: Á.

KATE: Bhí cistineach mhór mhillteach a’m. Rinneadh seomra eile adhmaid sa gcistineach.

ÁINE: Sea.

KATE: Ba shin trí sheomra mhóra.

ÁINE: Á sea.

KATE: So sin é.

ÁINE: So go raibh maith a’d anois a Khate go raibh maith a’d faoi an píosa sin ….

KATE: …. Go raibh maith a’d féin a dhreabhairín.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.