Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00007

Recording
BBAF.00007
Format
MiniDisc
Duration
32:25
Date
7 February 2001
Languages
English
Irish
Location
Cill Rónáin
Collector
Máirín Uí Chonghaile
Informant
Pauline Mhic Dhonnchadha
Archival information
MD 15 Pauline Nic Donnchadha. Saol na mban; Máthair; Mamó; Tobar; Fíodóireacht; Ag Déanamh Éadaí; Cniotáil; Obair Thí; Bia; Bácáil; Beathú na muca; Seansaol; Mamó; Feisteas; Cróise; Baile; Mainistir; Reilig na Leanaí; Teampall Chiaráin; Scoil; Teanga; Gaeilge agus Béarla.
Additional information
MD 15 Pauline Nic Donnchadha. Life of women; Mother; Grandmother; Well; Weaving; Making Clothing; Knitting; Housework; Food; Baking; Feeding pigs; Life long ago; Grandmother; Clothes; Crochet; Home; Mainistir; Children's burial ground; Teampall Chiaráin; School; Language; Irish and English.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00007
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

MÁIRÍN: Seod í Máirín Conneely inniu a' caint le Pauline McDonagh nó Pauline Johnny Sheáin Ruairí ar an seachtú lá go Feabhra 2001. Anois a Phauline ar mhaith leat labhairt faoi saol na mban fadó agus cén sórt saol a bhí acub?

PAULINE: Bhuel ba mhaith liom labhairt thar cionn faoi saol mo mháthair ar laghad ar bith mar bean ann féin a bhí inti, bean iontach ar fad, ní raibh a leithéide le fáil, mar le tosú thóg sí naonúr clainne agus bhíodh sí ag obair ar an talamh chomh maith leis an teach, ag obair chuile áit mhíle ní. Ar maidin nuair a d’éireodh sí, ar dtús báire théadh sí agus bhlíodh sí na beithígh agus thiocfadh sí isteach ansin agus gheobhadh sí muid ar fad réidh le dhul ag an scoil. Agus ina dhiaidh sin bhí neart níocháin le déanamh aici, glanadh suas le déanamh aici agus chuile mhíle ní le déanamh aici.

MÁIRÍN: Agus a' dtabharfadh t-athair cúnamh ar bith de le tada a dhéanamh sa teach?

PAULINE: Bhuel níor thug, níor thug mar feictear dom go raibh a dhóthain mór le déanamh aigesan mar bhíodh sé i gcónaí amuigh ar an talamh.

MÁIRÍN: M hm.

PAULINE: Agus sa gcladach agus bhíodh sé a' plé le feamainn agus le ceilp, tógáil claíochaí, a' déanamh talamh, rinne sé go leor, leor talamh, rinne. Agus nuair a bhí muide beag fadó a' gabháil ag a' scoil is minic nuair a thagadh muid abhaile thabharfadh muid cúnamh beag dó le, le, bhuel bhíodh mise in éineacht le mo chuid deartháireacha ag tarraingt gaineamh as áiteachaí le, le eh, le cur ar an talamh.

MÁIRÍN: So sí do mháthair mar sin a d’éireodh ar maidin ar dtús leis an tine a chur síos agus chuile rud….

PAULINE: …. Sí, sí, sí mo mháthair, sí.

MÁIRÍN: Agus an mbíodh sibh ag tarraingt uisce ón tobar?

PAULINE: Bhíodh, sin é an áit a bhíodh an uisce le fáil a'inn, ón tobar, sin é an áit a bhíodh an uisce le fáil, le níocháin ach is minic a bhíodh, bhíodh cúpla bairille ó dheas faoin teach agus ansin bhí áit eile, teach a bhí ann agus bhí, déanta ag Dad, bhí, bhí tanc ann agus bhí go leor uisce ins an tanc sin agus bhí muid in ann an uisce sin a úsáid le níocháin agus mar sin de.

MÁIRÍN: Agus cén sórt gallaoireach a bhíodh agaibh?

PAULINE: Agus, bhuel sé an gallaoireach a bhíodh ann fadó, feictear domsa gurbh é an t-aon gallaoireach amháin a chuimhníonns mise air ná Sunlight Soap.

MÁIRÍN: Agus a' raibh ….

PAULINE: …. Sin é a bhíodh a'inn le chuile mhíle ní fiú le do ghruaig a níochán le chuile shórt, is cuma céard é féin. Sin é a bhíodh a'inn.

MÁIRÍN: Agus an úsáideadh sí an máilín blue ag rinseáil na héadaí?....

PAULINE: …. Yeah, yeah oh yeah nuair a bhíodh sí a' níochán na héadaí, sin é a chaith, sin é an rinseáil i gcónaí a théadh isteach ann. Agus ansin an t-am sin, san saol a bhí ann fadó, ní raibh a leithéide go rud agus éadach le crochadh amach ar an line, is ar claíochaí a ghabhadh sé.

MÁIRÍN: Á sea.

PAULINE: Ar claíochaí, ach bhí go leor claíochaí a'inn ins an Mainistir. Agus bhíodh an níocháin déanta reguláilte agus cuimhním fadó freisin an chaoi nuair a thosaigh muid a' gabháil ag a' scoil ar dtús agus go raibh sé i bhfad ina dhiaidh, le na máilíní bána a bhíodh an plúr a' teacht iontub, ghlanadh sí iad sin agus sciúradh sí iad agus bhaineadh sí an, an dath astub nuair a bhíodh, bhíodh scríobh orthub a' bhfuil 'fhios a'd an plúr a bhíodh á díol san am sin agus bhí sí dhá bhaint as agus ghearradh sí suas é agus dhéanadh sí aprúin beaga álainn agus bhí siad sin orainn ar feadh blianta a' gabháil ag a' scoil. Bhíodh agus bhíodh beagáinín lása ansin agus bhí an lása sin lámh déanta….

MÁIRÍN: …. Ag do mháthair….

PAULINE: …. Ní hí mo mháthair ach mo sheanmháthair mar bhí sí tréan ar fad a' déanamh lása. Agus sin é an lása a théadh thart ar na haprúin bheaga a bhíodh muid a' caitheamh a' gabháil ag a' scoil.

MÁIRÍN: So bhí na haprúin seo déanta as máilíní bána ….

PAULINE: …. Bhí ….

MÁIRÍN: …. agus an lása orthub….

PAULINE: …. agus an lása orthub.

MÁIRÍN: Ó nach raibh sé sin go hálainn….

PAULINE: .… agus bhí siad go hálainn ar fad agus bhí siad sin orainn ar feadh blianta

MÁIRÍN: Agus arbh í a rinne do chuid éadaigh eile, mar a déarfá do sciorta agus .…?

PAULINE: …. Sí, sí, sí a dhéanadh chuile shóirt go chuile dhuine a'inn, go chuile dhuine, go chuile dhuine idir na buachaillí agus na cailíní, sí a rinne chuile mhíle ní dá raibh orthub, fiú m’athair féin, sí a dhéan, sí a dhéanadh na treabhsair agus sí a rinne an léine gorm a bhíodh air ar dtús fadó .

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Ach ina dhiaidh sin ansin bhíodh sí a' criotáil dó.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Agus sé an criotáil a bhí ann an t-am sin ná, fadó nuair a chuimhníonns mise air, nuair a bhí mise beag bídeach ná eh, ní hé an gnáth criotáil, sé an sórt cineál cniotáil a bhí ann ná sleamhain, bhí sé déanta in aon phíosa amháin le cheithre bhioráin agus, suas go dtí na guaillí, sleamhain agus iontaí agus ina dhiaidh sin ansin bheadh, uaidh na guaillí suas bheadh sleamhain b’fhéidir, mb’fhéidir go mbeadh corr maoineach amháin agus sleamhain agus iontaí ansin ina dhiaidh sin. Agus ansin nuair a bheadh an chabhail ar fad déanta thógfadh sí suas na, na lúbannaí ón ascaill suas go dtí eh, agus chriotáladh sí síos ansin iad. Sin é a bhí sí a' déanamh ar feadh blianta

MÁIRÍN: So, agus a Phauline ar fhoghlaim tusa an criotáil ó do mháthair?

PAULINE: D’fhoghlaim, d’fhoghlaim mé le criotáil ó mo mháthair, d’fhoghlaim. D’fhoghlaim mé go leor criotáil ó mo mháthair. Ansin nuair a bhíodh muid a' gabháil ag an Aifreann fadó, bhíodh níos mo criotáil ar eh, ar fir as an gceann thiar. Théadh muinn suas speisialta, mé féin agus Peigín go Séipéal Eochaill agus sé an áit a théadh muinn ansin ná taobh thiar ag, ag na boscaí faoistin, ní raibh muid supposed é sin a dhéanamh, bhí muid supposed a dhul síos ins na suíocháin, mar a déarfá,

MÁIRÍN: M hm.

PAULINE: Ach nuair a thagaidís isteach ní bhíodh, ní bhíodh jeaicéid ar bith orthub, ach na geanasachaí seo. Sin é a bhí muid a' déanamh i leaba a bheith ag éisteacht leis an Aifreann, ag piocadh suas na, na greamannaí seo agus na pátrúin seo….

MÁIRÍN: …. Á sea, as na ….

PAULINE: …. agus théadh muid abhaile ansin agus gheobhadh muid bioráin agus snáth agus dhéanadh muid, ní stopfadh muid go brách go mbeadh, go raibh muid in ann é a dhéanamh.

MÁIRÍN: Ba, ba as Inis Meáin do mháthair, nach ea, a Phauline….

PAULINE: …. Sea, sea.

MÁIRÍN: So, so bhí an chriotáil ag do mháthair nuair a tháinig sí as Inis Meáin.

PAULINE: Bhí an criotáil ag mo mháthair nuair a tháinig sí as Inis Meáin ach sin é an sórt criotáil a bhí aici nuair a tháinig sí as Inis Meáin.

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: Sin é an chaoi a bhí….

MÁIRÍN: …. Yeah ….

PAULINE: …. siad ag déanamh na geanasacha thoir in Inis Meáin an t-am sin.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Bhí ach go raibh sí i gcónaí togha ag criotáil, ní h-iad na, na cineál bioráin atá anois ann a bhí ann an t-am sin.

MÁIRÍN: Yeah, yeah.

PAULINE: Siad na bioráin bheaga caola a bhí ann

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Agus bheadh cheithre bhiorán nó b’fhéidir sé bhiorán agus pointe ar chaon, ar chaon eh

MÁIRÍN: Hm. Taobh.

PAULINE: Ar chaon taobh.

MÁIRÍN: Sea, sea. So ar chuala tusa riamh cén uair a thosaigh an chriotáil in Árainn, nó ar aire tú ó do mháthair é nó ó do athair cén chaoi ar thosaigh, mar a déarfá an Aran Stitches?

PAULINE: Ní, níor chualas, níor chuala mé riamh é.

MÁIRÍN: Níor chuala, níor chuala tú gurbh í Maggie O’Toole ….

PAULINE: …. Ní, níor ….

MÁIRÍN: …. nó Maggie Dirrane a thosaigh an chéad, tuairim 's naoi gcéad agus a haon [1901].

PAULINE: …. Ach ….

MÁIRÍN: …. Naoi déag agus a haon….

PAULINE: …. Ach, níor chualas, ach an méid a léigh mé faoi.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Ní, níor chualas.

MÁIRÍN: No, ní, ní

PAULINE: Ní, níor chualas ach go, gur léigh mé faoi. Sin é an méid. Ní chuimhnímse ar, ar Maggie O’ Toole. Ba iontach an comrádaí í mar bhí sí pósta ag Joe Walsh agus ba iontach an comrádaí go mo mháthair í mar bhí siad béal dorais beagnach.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Agus níor airigh mé mo mháthair riamh ag caint faoi go, gur labhair sí riamh faoi aon chriotáil.

MÁIRÍN: Cuimhníonn tú ar do shean mháthair, a' gcuimhníonn?

PAULINE: Cuimhním go maith ar mo shean mháthair ….

MÁIRÍN: …. A' gcuimhníonn tú ar do sheanathair.

PAULINE: Ní chuimhním mar cailleadh óg é.

MÁIRÍN: Ó yeah. Ar t-athair féin, a' raibh Aran geansaí air?

PAULINE: Ar ndóigh bhí, bhí siad air, a chriotáil mo mháthair dó….

MÁIRÍN: …. Sea, a chriotáil do mháthair dó.

PAULINE: Ach sin é an sóirt cineál a bhíodh i gcónaí air….

MÁIRÍN: …. Sea, sea.

PAULINE: An cineál, ní h-é an Aran Stitch a bhí riamh air.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Ach an stitch a bhí, bhí déanta as na cheithre bhioráin ….

MÁIRÍN: …. Á sea ….

PAULINE: …. déanta in aon phíosa amháin ….

MÁIRÍN: …. Píosa amháin ….

PAULINE: …. Agus suas go dtí na h-ascalachaí.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Agus ansin bhíodh cúpla, ceann eile, ní, ní Aran stitches a bhí iontub ach just cineáil eh lúibín sleamhain agus lúibín iontaí you know,

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Ní hé an moss é ach an oiread.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Ach bhíodh sé cineál casta beagán.

MÁIRÍN: Sea, sin é a bhíodh thuas ar a bharr.

PAULINE: Sé, sin é a bhíodh thuas ar a bharr.

MÁIRÍN: Á sea.

PAULINE: Bhíodh olann bán a’inn agus olann glas ón gcaora.

MÁIRÍN: M hm.

PAULINE: A' bhfuil 'fhios a'd an olann, olann glas a ghlaodh muid….

MÁIRÍN: …. Sea, sea ….

PAULINE: …. ar sin fadó ón gcaora, agus ansin bhí olann eile a dhathófaí agus chaithfí é sin a chur isteach i bpota agus é a fhágáil le taobh an tine ar feadh an oiread seo achar leis an olann istigh ann le é dhathú.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Théadh sí amach ins na buailteachaí ins na crága agus gheobhadh sí eh bláthannaí, ní féidir liom cuimhneamh anois cén t-ainm a bhí ar na bláthannaí.

MÁIRÍN: Yeah .

PAULINE: Agus chuireadh sí é sin thríd an, thrid an olann go bhfaigheadh sí an dath a bhí sí ag iarraidh.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: A' bhfuil 'fhios a'd an dath gorm a bhí sí ag iarraidh.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Agus eh, chaithfeadh sí eh, chaithfeadh sí, freisin bhíodh boladh uafásach uaidh seo agus istigh sa gcistineach a chaithfeadh sé a bheith i ngar gon teas, mar chaithfeadh sí eh fual (gáire) [deireann sí fual go híseal] a chuir tríd.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Le go dtógfadh sé an dath ceart.

MÁIRÍN: Ó sea.

PAULINE: Go dtógfadh sé an dath ceart.

MÁIRÍN: So cuimhníonn tú ar do mháthair á dhéanamh sin ar fad.

PAULINE: Ó cuimhním go maith ar mo mháthair dhá dhéanamh sin. Agus ….

MÁIRÍN: …. Ina dhiaidh sin ansin céard a dhéanaidís Pauline, bhí sé daite acub, céard a dhéanaidís ansin?

PAULINE: Nuair a bhí sé daite ansin acub séard a dhéanadh sí ansin ná chardáladh sí é

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Agus nuair a bheadh sé cardáilte ansin aici dhéanadh sí eh, ar an tuirne, thógadh sí amach an tuirne agus dhéanadh sí fearsaid inneach, fearsaid nó pé bí cé mhéad fearsaid inneach a theastódh uaithi nó cé bí cé mhéad fearsaid dlúth a bhí a’ teastáil uaithi agus théadh an dá cheann le chéile ansin, ceann amháin dlúth agus ceann eile inneach.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Agus ansin chasadh sí é sin ar an tuirne agus bheadh sé déanta isteach ina snáth aici.

MÁIRÍN: So cén fáth go gcuirfidís fearsaid dlúth agus fearsaid inneach, cén fáth ar rinneadh mar sin é?

PAULINE: Mar sin é is, sin é is fearr a bheadh an snáth, mar bhí an inneach an-bhog. Dá mbeadh tú ag iarraidh criotáil bog eicínt nó rud eicínt bog a dhéanamh

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Bheadh an inneach, ach níor mhór an dlúth a bheith leis lé é a dhéanamh crua….

MÁIRÍN: …. Cén difríocht, cén difríocht a bhí eatarthu, mar a déarfá?

PAULINE: Bhí.

MÁIRÍN: Cár tháinig eh?

PAULINE: Bhí, bhí an inneach an-cineáil bog, bhí, bhí, bhí an dlúth láidir.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Bhí an snáth láidir. Ar an tuirne chaithfidh tú casadh áirid a thabhairt gon, gon sreangán a bhí thart air.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Chaithfidh tú sreangán, chaithfidh tú casadh áirid a thabhairt dó ar an roth.

MÁIRÍN: Len é a dhéanamh dlúth agus inneach….

PAULINE : …. Le é a dhéanamh dlúth agus le an inneach….

MÁIRÍN: …. Ó sea.

PAULINE: Chasfadh tú ar ais aríst é.

MÁIRÍN: Ó sea, sea.

PAULINE Chasfadh agus nuair a bhíodh sí a’ déanamh bréidín, rinne sí an bréidín regaláilte agus m’athar i gcónaí a bhearrfadh na, na caoire a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Agus ansin ghlanadh sí é agus chardáladh sí ansin é agus ina dhiaidh sin ansin dhéanadh sí, dhéanadh sí é ar nós mar a dúirt mé leis an tuirne ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

PAULINE: …. chuireadh sí inneach ar cheann agus dhéanadh sí dlúth.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Agus ansin nuair a bhíodh sé sin ar fad déanta aici, bheadh an oiread seo déanta aici, dhéanadh sí suas ina bhallannaí é a’ bhfuil ’fhios a’d, ballannaí, an oiread seo ballannaí dlúth, an oiread seo ballannaí inneach agus ansin chuireadh sí isteach i mála iad agus thabharfadh sí siar go Fearann a’ Choirce ansin ag, ag an fíodóir, ag Seoirse Gillan agus eh thabharfadh sí siar iad sin ar an mbóthar ó thuaidh, siar ar a, ar a droim agus bhíodh muid i gcónaí in éineacht lei. Bhíodh mise in éineacht lei nó bhíodh Peigín nó bhíodh Patrick nó bhíodh duine eicínt i gcónaí in éineacht lei.

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: Agus nuair a bheadh sé sin thart ansin gheobhadh sí scéala a’ bhfuil ’fhios a’d go raibh sé sin déanta aige.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Agus théadh muid siar ina choinne agus ansin chaithfeadh sí eh, bhíodh sé cineál crua agus chaithfeadh sí é a bhogadh ruainne beag agus séard a dhéanadh sí ná, urlár adhmad a bhí sa seomra mór a’inn agus chuireadh sí dhá stól ar chaon taobh, na, na stólta móra fada, a’ bhfuil ’fhios a’d na gormachaí.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Ar chaon taobh dó agus bhíodh beirt dhá dhéanamh ansin agus chuireadh sí isteach an flainín isteach, isteach sa rud seo agus chaithfidh sí an oiread seo, dhéanadh sí suas leis an gallaoireach seo, dhéanadh sí suas suds agus chraitheadh sí ar an rud é agus bhíodh duine ar chaon taobh agus bhíodh muid, bhíodh muid ar nós a bheadh tú siar ’s aniar, siar ’s aniar leis an olann, leis an flainín ar feadh an oiread seo achar, go raibh sí ag ceapadh go raibh sé sách tiubh, go raibh sé sách déanta a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Á so sin é an chaoi a bhí sí dhá dhéanamh tiubh

PAULINE: Yeah sin é an chaoi a bhí sí dhá dhéanamh tiubh agus nuair a bhí sé sin déanta ansin aici, ach chaitheadh sé sin scaitheamh fada, mar chaithfeadh sí an oiread seo stuif a chur air ó am go h-am a’ bhfuil ’fhios a’d nuair a bheadh sé déanta suas aici agus ansin bhíodh pota mór uisce thíos ar an tine aici agus chuireadh sí isteach ansin é sin le uisce fuar agus tuile gon ghallaoireach seo, dhéanadh sí suas go maith é, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhaineadh sí an rud as, chuireadh sí isteach le é a níochán, le é a níochán. Agus sé an chaoi a nífí ansin é, nuair a bhíodh sí, nuair a bhíodh sé istigh san, san tobán mór seo, bhíodh a gcuid bróga agus stocaí bainte dínn mar chaithfeadh siad a bheith bainte dínn ….

MÁIRÍN: ….Hm ….

PAULINE: …. Nuair a bhí muid a’ plé leis an rud seo ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

PAULINE: …. agus théadh muid isteach ann agus bhíodh muinn síos agus aníos, síos agus aníos a’ baint an, an, chuile shóirt as, an salachar agus chuile shórt as. Agus ina dhiaidh sin ansin nuair a bheadh sé sin déanta chuireadh muid amach ar an gclaí é, chuireadh muid suas ar an gcreig é, suas ar an gclaí, go dtriomódh sé.

MÁIRÍN: Ó so bhí job mór san, sa mbréidín ….

PAULINE: …. Bhí, bhí.

MÁIRÍN: …. tar éis é a fháil ó Sheáin Gillan….

PAULINE: Ó bhí, bhí go leor, bhí go leor obair a’ baint leis ina dhiaidh sin.

MÁIRÍN: Ina dhiaidh sin.

PAULINE: Bhí.

MÁIRÍN: Sea, yeah

PAULINE: Ach ní amháin, ní báinín, rinne sí go leor herringbone agus go leor rudaí mar sin freisin, rinne agus bhíodh sé sin go hálainn agus tá ’fhios a’m go, go raibh dhá chóta a’msa déanta ó an herringbone .

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: Agus bhí sé a’m, bhí dar a’m ar feadh blianta déaga, dhá chóta álainn.

MÁIRÍN: Yeah, yeah.

PAULINE: Bhí.

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: Agus tá ’fhios a’m uair amháin eile freisin gur rinne sí, go bhfuair sí dathannaí, gur chuir sí an oiread seo dathannaí ar, ar an oiread seo olann. Chuir sí dath amháin ar go leor, leor olann agus ansin, tá mé a’ ceapadh gur uaine a bhí sé agus ansin chur sí dath buí agus, agus mheasc sí ar fad le chéile iad

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: agus thug sí siar ag Seoirse Gillan iad go rinne sé bréidín dó. Ansin nuair a tháinig sé aniar bhí sé cineál, tá ’fhios a’d nuair a thagadh sé amach as .…

MÁIRÍN: …. Yeah….

PAULINE: .… bheadh sé cineál, agus bhí an rud céanna ar siúl aríst ansin le, le é, le é a bhogadh you know le é, agus ansin bhíodh cótaí agus mar sin de a’inne, ghabhadh mar sin freisin

MÁIRÍN: So bhí sé ar nós cineál tweed agaibh

PAULINE: Sé, sea, sin é an cineál, bhuel tweed….

MÁIRÍN: …. Sea, is dóigh go b’ea, ….

PAULINE: …. d’fhéadfá, tweed a bhí ann, cineál tweed a bhí ann….

MÁIRÍN: …. sea leis na dathannaí ….

PAULINE: …. Yeah.

MÁIRÍN: Yeah, ó yeah.

PAULINE: Yeah, bhíodh, bhíodh.

MÁIRÍN: Ar dtús roimh a imeoidhs muid go na, go na geansachaí, níl ’fhios a’dsa cén uair a thosaigh siad a’ díol na geansachaí in Árainn?

PAULINE: Ó níl mé siúráilte dó sin. Tá siad sin tosaigh, a’ díol na geanasachaí, Ar ndóigh bhí an, cén t’-ainm atá orthub, an Country Shop ….

MÁIRÍN: …. Sea, a’ gcuimhníonn tú ar, sea….

PAULINE: …. Le, le, cén t-ainm a bhí uirthi sin a bhíodh ins an …

MÁIRÍN: …. Muriel Gannon nach bí.

PAULINE: Muriel Gannon.

MÁIRÍN: Sea, sin í a thosaigh an Country Shop….

PAULINE: …. Sea sin í a thosaigh é agus bhíodh sí sin a’ teacht go hÁrainn, cén bhliain a tháinig sí sin go h-Árainn, níl me siúráilte dhó agus bhí sí sin a’ tógáil go leor geanasachaí.

MÁIRÍN: Ach ní raibh, ní raibh dar a’ díol aon gheansachaí roimhe sin, a’ raibh?

PAULINE: Ní, ní raibh mórán….

MÁIRÍN: …. Ní, ní chuimhníonn tú ar do mháthair ….

PAULINE: …. Ní raibh ….

MÁIRÍN: …. A’ rá leat …

PAULINE: …. Ní raibh….

MÁIRÍN: …. I mean ní i do am sa ach ….

PAULINE: …. Ní raibh ….

MÁIRÍN: .… do sheanmháthair?

PAULINE: Ní raibh ….

MÁIRÍN: …. Ní bheadh do sheanmháthair mar a déarfá ag díol….

PAULINE: …. Ní raibh. Is mó suim a bhí ag mo sheanmháthair, bhí mo sheanmháthair an-stuama lena cuid lámha agus séard a bhíodh sí a’ déanamh ná go leor cróise. Bhí sí tréan ar fad, bhí sí tréan ar fad ag, ag cróiseáil, mo sheanmháthair.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Rinne sise go leor dó sin agus sé an cróise atá mise a’ caint faoi anois ná an lása.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: An lása caol.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: An lása caol. Cuimhnímse ar mo sheanmháthair agus rinne sí go leor, leor dó sin. Rinne sí chuile mhíle ní dá bhféadfá cuimhneamh air.

MÁIRÍN: So tá tusa a’ ceapadh mar sin ….

PAULINE: …. Yeah, yeah ….

MÁIRÍN: …. Nach, nár raibh siad a’ díol aon gheansachaí mórán in Árainn go dtí gur tháinig cineál Muriel Gannon anuas?

PAULINE: Ní raibh, ní dhearfainn go raibh siad a’ déanamh, bhféidir go raibh siad a’ díol corr cheann, bhféidir le cuairteoir a thagadh, a thiocfadh isteach, agus ní mórán cuairteoirí a bhí a’ teacht go hÁrainn an t-am sin….

MÁIRÍN: …. An t-am sin.

PAULINE: Ní raibh mórán ar chor ar bith, fíor bheagán, fíor bheagán. Ach sí Muriel Gannon a thosaigh an criotáil in Árainn agus a thosaigh dhá tabhairt léi len Country ….

MÁIRÍN: …. Sin é an ….

PAULINE: …. le é a dhíol thuas sa Country ….

MÁIRÍN: …. Shop ….

PAULINE: …. Shop, i mBaile Átha Cliath.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Sea.

MÁIRÍN: So a’ gcuimhníonn tú ar do mháthair ag obair sa gcladach a Phauline?

PAULINE: Cuimhním go maith, Ar ndóigh ach sé an obair a bhíodh sí ag déanamh anois sa gcladach ná, ní raibh sí mórán anois a’ plé le feamainn, sé m’athair is mó a bheadh a’ plé leis an feamainn dearg agus an feamainn dubh le an garraí agus mar sin de a’ bhfuil ’fhios a’d. I mean, tá siad a’ caint faoi Organic Farming anois ach sin é ar fad a bhí ann

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: sa sean saol mar ní raibh tada eile acub ach amháin é sin agus sin a bhí acub.

MÁIRÍN: M hm.

PAULINE: Ach cuimhním go maith uirthi, bhíodh sí i gcónaí reguláilte thíos sa gcladach a’ plé le carraigín. Bhí sí a’ piocadh go leor carraigín agus bhíodh go leor carraigín aici. Bhíodh agus ansin nuair a bhíodh sé sin déanta aici chuireadh sí isteach i mála é agus bhuel thabharfadh muid cúnamh di len é a thabhairt suas agus chuireadh sí ar féar é le eh go dtiocfadh dath bán air agus mar sin de.

MÁIRÍN: A’ raibh siad, sibh dhá dhíol nó daoibh féin ab ea a bhí sé agaibh?

PAULINE: Bí muid dhá úsáid go leor dúinn féin. Bhí muid, d’úsáid muid carraigín fadó nuair a bhí mise a’ fás suas, go leor leor, bhí go leor, leor dó yeah, ach bhíodh sé díolta ó am go h-am.

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: Bhíodh, dá mbeadh go leor a’d, bheadh sé díolta.

MÁIRÍN: Yeah, yeah.

PAULINE: Bhíodh sé díolta ó am go h-am.

MÁIRÍN: Nó an bhfaca tú do shean mháthair riamh ag caitheamh tobac?

PAULINE: Níor chaitheamh mo shean mháthair tobac ariamh, ná mo mháthair tobac ariamh.

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: No níor chaitheamh, ná níor chaitheamh sí snaois

MÁIRÍN: …. Snaois, snaoisín ….

PAULINE: Snaoisín, níor chaitheamh sí é sin ariamh.

MÁIRÍN: Níor chaitheamh.

PAULINE: Mar is minic a chonaic mise mná, sean mhná,

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: fadó nuair a bhí mé a’ fás suas agus é acub i gcónaí reguláilte .

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: Agus bhí siad á iompar, á chur suas ina gcuid polláirí ach ní raibh, ní raibh mo shean mháthair, ní raibh ariamh, ariamh, mo sheanmháthair.

MÁIRÍN: Agus an gcuimhníonn tú eh do mháthair a’ gabháil Gaillimh a’ siopadóireacht?

PAULINE: Bhuel corr uair fánach. Agus tá fhios a’msa nuair a théadh mo mháthair Gaillimh, an lá a bhíodh sí thíos, bhíodh sí thíos ar an gcéibh sula thiocfadh an bád isteach gan trácht ar fanacht go mbeadh sí ag imeacht.

MÁIRÍN: (Gáire)

PAULINE: Agus sin siúráilte.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Agus ní chodlódh sí néal an oíche roimhe sin. Ní chodlódh.

MÁIRÍN: Agus céard a thabharfaidís as Gaillimh mar a déarfá an t-am sin leob, mar bhí chuile rud sa mbaile, bhí an bainne, bhí an plúr agus ….

PAULINE: …. Bhí, bhí, ach ….

MÁIRÍN: .… éadach ….

PAULINE: …. Ní chreidfeá, ach thabharfadh sí go leor rudaí, gheobhadh sí go leor éadach le, le gúnaí a dhéanamh dúinn agus léinteachaí, léinteachaí anois go na lads.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Thabharfadh sí mar bhíodh sí a’ déanamh na léinteachaí ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

PAULINE: …. sin freisin agus sí, sí eh, cheannaíodh sí go leor go na rudaí sin ….

MÁIRÍN: …. An t-éadach ….

PAULINE: .… agus rudaí beaga a bhí a’ teastáil mar sin.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Rudaí beaga.

MÁIRÍN: Ach ní thabharfaidís mar a déarfá beatha ar bith as Gaillimh leob, a’ dtabharfaidís cáca currants ….

PAULINE: …. Ní, ní ….

MÁIRÍN: …. Nó, ní raibh tada mar sin a? teacht?

PAULINE: No níor thug, níor thug sí riamh é mar bhí sí dhá dhéanamh sin reguláilte í féin.

MÁIRÍN: Sea, is dóigh.

PAULINE: Mar bhíodh sí i gcónaí, bhíodh sí i gcónaí, mar ba iontach an bhean bácáil i gcónaí í.

MÁIRÍN: So ab é an cáca ….

PAULINE: .… Agus sé an chaoi a bhíodh sé, an bácáil fadó.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Is ar, ar, istigh i mbácús ar an teallach agus eh, ar an teallach, mar ní raibh aon rangeannaí, ní raibh aon, ní raibh tada mar sin ar chor ar bith an t-am sin fadó ann agus séard a bhí ann ná, ná an teallach agus an bácús agus an clár agus théadh na, na splancacha dearg ansin ar an gclár ….

MÁIRÍN: …. Hm ….

PAULINE: …. agus bhíodh beagán faoi agus bhíodh cácaí álainn déanta an bealach sin, cácaí álainn déanta agus bhíodh an bainne géar a'inn ón mbó mar nuair a bhíodh muid a' déanamh [maistreadh] bhíodh an bainne bailithe suas agus an uachtar dó ansin coinnithe ar leath taobh.

MÁIRÍN: M hm.

PAULINE: Agus bhíodh sé sin, bhíodh maistreadh déanta reguláilte ansin uair sa tseachtain agus bhíodh, bhí an oiread sin im ann a choinneodh ag imeacht muid mar bhí go leor im.

MÁIRÍN: So dhéanadh sibh gach seachtain é?

PAULINE: Ó reguláilte, reguláilte.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Bhí agus, agus eh bhíodh eh agus an bainne, níl 'fhios a'm céard a dhéanfadh siad leis an bainne eile, ó thabharfadh siad go na muca é, ó bhí an oiread seo muca aici freisin, bhíodh muca reguláilte aici ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

PAULINE: …. bhíodh sí a' beathú na muca ….

MÁIRÍN: …. Yeah ….

PAULINE: …. agus nuair a thagadh muid ón scoil, reguláilte chaithfeadh muid a dhul amach a' piocadh neantógaí agus mar sin de le na muca.

MÁIRÍN: Go na muca….

PAULINE: …. Go na muca ….

MÁIRÍN: …. Sin a thabharfadh sibh go, go na muca.

PAULINE: Yeah, agus fataí….

MÁIRÍN: …. Ó agus ….

PAULINE: …. Ó bhí siad a’ fáil fataí agus bhí siad a’ fáil bran agus bhí siad a’ fáilt, ó bhí, neantógaí.

MÁIRÍN: Ach an cáca bán nó cáca donn nó cén sort cácaí a bhí ann nuair a bhí tusa i do ghasúr, an gcuimhníonn tú?

PAULINE: Bhuel bhí dhá chineál ann.

MÁIRÍN: A' raibh an cáca donn ann freisin?

PAULINE: Bhí an cáca donn ann freisin, bhí an cáca donn ann freisin, anois sé chaoi a mheascas tú é.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Ach fadó anois ní hé an chaoi a mheascadh tú é mar cuimhnímise anois fadó nuair a bhíodh muide a' tíocht mar bhíodh, sé an áit a bhíodh muidne a' fáil i gcónaí an stuif, aníos eh, aníos as Tí McDonagh i Merchants Road.

MÁIRÍN: Sea, yeah.

PAULINE: I gcónaí, gcónaí, gcónaí nuair a chuimhníonns mé air agus gheobhadh muinn mála plúr bán agus gheobhadh muinn mála plúr [sos]

MÁIRÍN: Donn.

PAULINE: Donn, mála, mála mór agus ansin amanntaí nuair a bheadh na, an cáca donn a' gabháil síos

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Is as sin amháin, as an mála sin amháin a thógfaí ….

MÁIRÍN: …. So ní chuirfí plúr ban ar bith leis.

PAULINE: Ní chuirfí [plúr bán], no ní chuirfí.

MÁIRÍN: Agus a' mbíodh flathers [cáca déanta ar an bpan] agaibh a Phauline ….

PAULINE: …. Yeah ….

MÁIRÍN: …. ar a' bpan?

PAULINE: Bhíodh corr uair ach ní mórán é ….

MÁIRÍN: …. Yeah ….

PAULINE: ….. nach aisteach an rud é.

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: No, no mar, mar a dúirt mé cheanna a' bhfuil 'fhios a' ba iontach an bhean bácáil í mo mháthair agus b’fhearr lei an cáca a dhéanamh.

MÁIRÍN: Sea, yeah.

PAULINE: B’fhearr.

MÁIRÍN: Bhuel a' bhfuil rud ar bith eile ar mhaith leat a rá faoi do mháthair?....

PAULINE: …. Bhuel ba mhaith liom a rá freisin faoi mo mháthair ná, anois mharódh m’athair go ndéana Dia grásta air, caora uair sa mbliain le Lá Máirtín, sin é an lá, ba iontach an lá é sin le, le

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: le, rud, agus ansin nuair a bhíodh sé maraí, nuair a bhíodh an caora maraí agus é glanta amach aige thógadh mo mháthair na putógaí agus ghlanadh sí amach iad.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Thabharfadh sí sciúradh na seanchuinneoige dhób agus nuair a bheadh sé sin déanta aici ansin mheascadh sí suas an oiread seo le min choirce, an fuil agus beagán bainne agus go leor eile agus bhuel níl mé a’ gabháil isteach anois sa full recipe mar a déarfá ….

MÁIRÍN: …. Sea, sea.

PAULINE: Agus bhíodh pota mór uisce fiuchta aici, mar chaithfeadh sé a bheith fiuchta mar mura mbeadh sé fiuchta, phléascadh na putógaí ar a, ar an tine agus nuair a bheadh siad sin socruithe aici agus é ceangailte suas, péire nó trí cinn acub, síos sa bpota mór agus bhídís a’ fiuchadh leob ansin ar feadh an oiread seo achair agus nuair a bhí siad réidh ansin thógadh sí aníos an pota mór amach ar an sráid ó dheas go dtógadh sí astub é agus ba bh’iad na putógaí ba deise, putógaí bána, níor ithe mé riamh i mo shaol ó shin putógaí chomh deas leob, bhídís go h-álainn agus sheasaidís an-achar, agus bhíodh siad reguláilte chuile lá a'inn. Bhíodh, théidís ansin sa mbácús iad.

MÁIRÍN: Á sea.

PAULINE: Théadh siad sa mbácús iad.

MÁIRÍN: An rinne tú féin aon cheann acub a Phauline ina dhiaidh sin?

PAULINE: Rinne uair amháin, uair amháin ach sin é an méid.

MÁIRÍN: An gcuimhníonn tú an mbíodh cearca ag chuile dhuine an t-am sin agus tá mé ag ceapadh go mbíodh turkeys ag do mháthair?

PAULINE: Bhí, bhí, bhí cearca, bhí lachain, bhí géabha agus bhí turkeys aici, bhí.

MÁIRÍN: Meas tú an ndíoladh sibh na h-uibheachaí le daoine sa mbaile nó just ….

PAULINE: …. Yeah ….

MÁIRÍN: …. an dtabharfá uaibh iad?

PAULINE: No níor dhíol sí riamh aon ubh.

MÁIRÍN: Ní dhíolfaí aon ubh.

PAULINE: Níor, bhuel níor dhíol mo mháthair aon ubh.

MÁIRÍN: Yeah, yeah.

PAULINE: Níor dhíol sí riamh iad.

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: No, níor dhíol sí riamh iad agus bhíodh, bhíodh uibheacha géabha a'inn, bhíodh uibheachaí lachain a’inn, bhíodh uibheachaí turcaí a’inn agus bhíodh uibheachaí cearc a’inn. Bhíodh.

MÁIRÍN: Ach níor díoladh iad.

PAULINE: Níor díoladh iad, níor díoladh iad.

MÁIRÍN: So a’ gceapann tusa anois a Phauline, an saol a bhí ag do mháthair a’ raibh sé crua agus déarfadh muid an saol atá ag na mná óga anois, céard é do bharúil sa faoi?

PAULINE: Bhuel níl ’fhios a'm, bhuel sé an chaoi a bhí sé ar an saol sin, sin é an saol a chleacht siad

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: agus ní raibh fhios acu an difríocht

MÁIRÍN: M hm.

PAULINE: agus feictear domsa, níl 'fhios a'm, b’fhéidir go bhfuil mé mi-cheart ach feictear dhomsa an saol a bhí ann an t-am sin go raibh sé, go raibh siad i bhfad níos, níos, sásta, i bhfad níos sásta. Ní raibh television acub, ní raibh aon ní beo acub, ach san oíche agus ansin ní raibh an solas ró-mhaith féin acub, mar ní raibh acub ach an, ach an, an eh solas eh lampa, crochta ar an mballa agus ina dhiaidh sin féin bhídís a' criotáil leis sin, bhíodh, agus bhí siad, agus níor aire mé riamh, riamh í ag clamhsán faoi aon ní beo, níor airíos, faoi aon ní beo ná mo sheanmháthair roimhe sin agus bhí sí céad agus a cúig bliain nuair a cailleadh í.

MÁIRÍN: Sea bhí mé á cheapadh sin, bhí.

PAULINE: Bhí sé céad agus cúig bliain agus bhí an sláinte aici suas go dtí an deireadh ach sé an fliú dona a tháinig, sin i 1935, a mharaigh í, sin é a mharaigh í agus bhí sí thar cionn riamh go dtí sin, bhí, bhí. Agus mar a dúirt mé cheanna bhí sí tréan i gcónaí lena cuid lámha.

MÁIRÍN: A lámha.

PAULINE: Ach séard a bhíodh sí a' déanamh ná an cróise

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: agus sé an cróise a bhíodh sí a’ déanamh ná an cróise eh an, an snáth caol.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: An snáth caol.

MÁIRÍN: Hm, meas tú cá bhfaighidís an snáth sin ansin?

PAULINE: Bhuel fuair siad i nGaillimh é.

MÁIRÍN: Á fuair siad i nGaillimh é….

PAULINE: …. Ach níl 'fhios a'm cén áit i nGaillimh mar bhí mé cineál óg agus níl mé siúráilte cén áit i nGaillimh. [Máirín ag caint ag an am céanna]

MÁIRÍN: An gcuimhníonn tú cén gléas a bhí ar do sheanmháthair “__” sa gclúid, an raibh seál uirthi ….?

PAULINE: …. Cuimhním go maith uirthi, cuimhním go maith uirthi, cuimhním go maith uirthi agus eh bhí mé, níl ’fhios a’m, naoi mbliana ab ea nuair a cailleadh í nó rud eicínt, eh bhíodh na, na sciortaí móra dubh.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Ba iontach an bhean .…

MÁIRÍN: …. Do sheanmháthair.

PAULINE: Mo shean-mháthair ag comhrá agus cuimhním an dochtúir Ó Briain fadó, théadh sé siar reguláilte ag fiafraigh scéalta uirthi faoi céard a tharla in Árann, céard a tharla a’ bhfuil ’fhios a’d, agus mar sin de. Bhí sí thar cionn ar an mbealach sin.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Bhí.

MÁIRÍN: Ach an gléas a Phauline, an blouse a bhí uirthi ….?

PAULINE: …. Gléas, an gléas, bhíodh an sciorta, an cóta mar a ghlaoidís fadó air ….

MÁIRÍN: ….Hm ….

PAULINE: …. fada agus bheadh ceann, ceann dorcha, cineál a’ bhfuil ’fhios a’d, dorcha a bhíodh sé sin agus ansin bhí an petticoat mar a thabharfaidís féin air, an ceann bán flainín taobh istigh dhó sin.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Bhíodh blouse álainn uirthi, cuimhním go maith air.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Bhíodh, bhíodh blouse álainn agus ansin bhí seál ansin uirthi ceanglaithe siar aici.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Seál ceanglaithe siar aici.

MÁIRÍN: So céard, céard a chaith do mháthair féin, an seál nó an cloud, an mbíodh cloud ar do mháthair nó seál?

PAULINE: Seál is mó a bhíodh ar mo mháthair?

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Seál agus an cóta fada.

MÁIRÍN: Agus an cóta.

PAULINE: Sea fada yeah, yeah ach go raibh, go mbíodh blousannaí álainn uirthi.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Go mbíodh blousannaí álainn i gcónaí uirthi.

MÁIRÍN: A’ mbíodh, ach níor chaith do mháthair mar a déarfá geansaí riamh, ní fhaca tú geansaí riamh uirthi ….?

PAULINE: …. Níor chaith mo mháthair geansaí riamh.

MÁIRÍN: Ná ní cuimhníonn tú ar do shean mháthair é ….?

PAULINE: Ní, níor chaith mo mháthair, níor chaith mo sheanmháthair, no níor chaith, tá ’fhios a’m é sin siúráilte ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

PAULINE: …. mar cuimhním go maith ar mo sheanmháthair.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Cuimhním agus cuimhním cén sórt, cén sórt agus cuimhním go maith nuair a bhíodh sí a’ rá linn a dhul ag an tobar ag iarraidh buicéad uisce

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Nó tin can uisce agus déarfadh sí go dtabharfadh sí pingin dúinn ach go raibh sé istigh sa, san eh, go mbíodh sé i bhfolach in áit eicínt aici agus nach bhféadfadh sí é a oscail go tráthnóna.

MÁIRÍN: Á sea.(gáire)

PAULINE: Ach bhíodh muid over the moon mar a déarfá.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Agus Ar ndóigh nuair a thiocfadh an tráthnóna dhéanfadh muidne dearmad ar an pingin a bhí, a bhí muinn, a bhí muid le fáil.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Bhí.

MÁIRÍN: So a Phauline, ba i Mainistir a rugadh tusa so an gcuimhníonn tú even i do linn féin cé mhéad, a’ raibh mórán tithe i Mainistir, mar níl mórán tithe fágtha anois ann?

PAULINE: Bhí, bhí go leor, bhí go leor tithe ann an t-am sin nuair a bhí mise ann, cé mhéad teach ar chor ar bith, eh seacht, trí, déarfainn go raibh seacht no ocht go teaghlaigh ar fad ann.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Bhí.

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: Bhí, bhí, bhí le mo linn sa.

MÁIRÍN: Agus ansin roimhe sin?

PAULINE: Agus roimhe sin bhí níos mó ná sin aríst ann.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Bhí, bhí go leor tithe, bhí, siar uainne, siar nuair a ghabhas tú siar, yeah.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Siar an bealach sin, siar an róidín sin, bhí, bhí go leor tithe ann agus bhí siad scaipthe thart ar chuile áit.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Bhí sean teach anois soir uainn agus mar sin de, bhí go leor ann.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Bhí go leor, bhí go leor tithe ann.

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: Bhí.

MÁIRÍN: So a’ bhfuil ’fhios a’d tada faoi an Reilig na Leanaí nó cé tá curtha ann nó ….

PAULINE: …. Eh ….

MÁIRÍN: …. cén uair a thosaigh sé?

PAULINE: Bhuel I mean ní, níl ’fhios a’m a’ bhfuil ’fhios ag aon duine cén t-am a thosaigh sé sin, reilig na leanaí.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Ach ní, tá reilig na leanaí glaoite air mar is iondúil gurbh iad na linbh óga ar fad a chuaigh isteach ann, ach tá go leor gasúir eile ann.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Tá go leor gasúir ann, tá, bhí, bhí aint anois le Laurence agus ní raibh sí, bhí sí trí bliana déag, thit sí go asal a’ gabháil siar ar an mbóthar ó thuaidh, siar píosa beag ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

PAULINE: …. ní raibh sé i bhfad siar ar chor ar bith ón reilig

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Agus is dóigh gur bhris sí a muineál, agus cailleadh í an créatúr.

MÁIRÍN: Agus is ansin a cuireadh í.

PAULINE: Agus ansin a cuireadh í. Agus ansin bhí go leor gasúir eile, bhí col ceathrar liom féin curtha ann

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Eh, mac le Bridget

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Bridget Joe Watty.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Bhí sé sin seacht mbliana nach raibh nuair a cuireadh é, is ann a cuireadh é.

MÁIRÍN: Is ann

PAULINE: Yeah, is ann a cuireadh é. Agus tá, bhí fear eile freisin curtha ann, tá fear, agus tá mé a’ ceapadh gur strainséara a bhí ansin.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Agus bhí sé ráite gur cuireadh leainín óg leis ann agus dúirt sé dá gcaillfí in Árainn é gur ann a chuirfí é in éineacht leis an leanbh óg agus is ann a cuireadh é.

MÁIRÍN: Agus meas tú cén fáth ar oscail siad é sin ar dtús? Ní, ní

PAULINE: Nil fhios ag aon duine cén fáth ar oscail siad é.

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: Ní, níl fhios, níl fhios ag aon duine é agus ansin bhí siad a’ [rá], daoine a’ rá a’ bhfuil a fhios a’d nach raibh sé, nach consecrated ground a bhí ann.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Ach ní fíor é sin mar bhí Gregory a’ rá go bhfuil an talamh sin ar fad, timpeall an area sin go bhfuil sé sin naofa mar sé an chaoi a glaodh Mainistir ar Mainistir an chéad lá riamh ná tógadh Mainistir Connacht ar dtús

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Agus sin é an fáth Mainistir Connacht. Sin é an fáth a glaodh Mainistir ansin ar an mbaile sin.

MÁIRÍN: Á I see.

PAULINE: Yeah, agus eh tá sé sin anois, bhí sé sin thoir taobh thoir gon róidín, gon, tá ’fhios a’d cá bhfuil Teampaill Ciarán?

MÁIRÍN: Tá ’fhios.

PAULINE: Taobh thoir gon róidín ansin, sin an áit a bhí sé sin.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Agus bhí sé sin ansin ar feadh blianta déaga.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Agus ansin nuair a thóg, nuair a tháinig Naomh Ciarán ansin thóg sé a theampall an taobh, an áit atá sé inniu ann

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Agus tógadh na clocha as an áit eile agus cuireadh isteach sa teampall iad.

MÁIRÍN: Teampaill Ciarán iad.

PAULINE: Cuireadh isteach i dteampall Ciarán iad.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Cuireadh.

MÁIRÍN: So labhróidh muid faoi teampall Ciarán anois an gcuimhníonn tú

PAULINE: Yeah

MÁIRÍN: a' mbíodh turas ann fadó ann agus an dtéann tú .…?

PAULINE: …. Reguláilte

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Ach i bhfad níos, feictear domsa go raibh na daoine níos naofa an t-am sin ná tá siad anois mar cuimhnímse nuair a bhí mise i mo ghasúr óg a' fás suas go bhfeicfinn iad a' teacht as, ó Bun Gabhla agus ó Iaráirne

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: A' teacht ar chaiple, anois ní raibh aon, ní carrannaí, ní raibh siad a' teacht i gcarrannaí.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Bhí siad a' teacht ar chaiple agus bheadh b’fhéidir beirt nó triúr ar a' gcapall, cuimhním go maith air.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Agus dhéanaidís an turas timpeall ar, ar, ar an eh, an tobar Chiarán, cos nochtaigh, cos nochtaigh, dhéanadh.

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: Dhéanadh.

MÁIRÍN: Ní chuimhníonn tú t-athair a’ rá cá ndeachaigh sé ar scoil?

PAULINE: Ní, ní, níor dhúirt sé, níor airigh mé a’ caint ariamh, ní, níor dhúirt sé riamh cén áit a bhí sé a’ gabháil ag a' scoil ach is dóigh liom gurbh é an áit a bhí sé a’ gabháil ag a’ scoil ná,

MÁIRÍN: Hm.

PAULINE: mar is ann, eh an scoil seo thuas, an áit atá, i ngar gon Tech ansin, bhí scoil ansin fadó an lá sa síoraíocht.

MÁIRÍN: M hm.

PAULINE: Agus

MÁIRÍN: Tá tú a' ceapadh gur ansin ....

PAULINE: …. Tá mé a' ceapadh gurbh shin é an áit a chuaigh sé ar scoil.

MÁIRÍN: Sea, sea.

PAULINE: Tá mé ag ceapadh gurbh shin é an áit a chuaigh sé ar scoil.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Yeah déarfainn gurbh ea. Tá mé siúráilte gurbh ea.

MÁIRÍN: Níor airigh tú do shean mháthair ….

PAULINE: …. No, no níor labhair siad faoi, agus sé an rud is aistí faoi I mean bhí an-foghlaim orthub, is cuma céard é féin i dtaobh litriú, i dtaobh aon ní beo, yeah.

MÁIRÍN: Agus céard a labhair sibh le do sheanmháthair, an Gaeilge nó Béarla?

PAULINE: Eh, Gaeilge

MÁIRÍN: Ag, ag do sheanmháthair?

PAULINE: Yeah, Gaeilge agus Béarla

MÁIRÍN: Agus bhí an Béarla agaibh freisin.

PAULINE: Ó bhí an Béarla a'inn, ó bhí an Béarla a'inn ón lá a bhí muid in ann labhairt.

MÁIRÍN: So cé bhí a’ labhairt i mBéarla libh, do sheanmháthair nó t-athair?

PAULINE: Eh, agus bhíodh beagán, bhuel bhí beagán Béarla agus Gaeilge ag, ag m’athair ach bhí mo mháthair Gaeilge ar fad.

MÁIRÍN: Sea

PAULINE: Níor labhair sí riamh ach, ach Gaeilge.

MÁIRÍN: Sea.

PAULINE: Níor labhair sí riamh ach Gaeilge.

MÁIRÍN: Sea, ach bhí an Gaeilge agus Béarla ag t’athair

PAULINE: Ach bhí an Gaeilge agus Béarla ag m’athair, bhí.

MÁIRÍN: Ach nuair a bhí sibh a’ gabháil ar scoil ansin

PAULINE: Yeah.

MÁIRÍN: Gaeilge ar fad a labhair sibh i measc sibh féin?

PAULINE: Ó yeah, ó sea, ó Gaeilge ar fad, Gaeilge ar fad, Gaeilge ar fad a bhí ag an scoil an t-am sin, ní raibh a leithéide go rud ar chor ar bith ann agus Béarla dhá labhairt ar scoil.

MÁIRÍN: Ach chuaigh tusa Cill Rónáin [ar scoil]Pauline, nach ndeachaigh?

PAULINE: Chuaigh, ó yeah.

MÁIRÍN: Sea, sea, ag an scoil, ag an sean scoil mar a déarfá….

PAULINE: …. Ó sea ag an sean scoil ….

MÁIRÍN: …. Ag an sean scoil

PAULINE: …. Ó chuaigh….

MÁIRÍN: …. Agus sé an máistir ar dtúis a bhí agatsa ná hEithir, ab ea?

PAULINE: HEithir, sé hEithir ….

MÁIRÍN: …. Á bhí mé ag ceapadh….

PAULINE: ….agus Mrs hEithir agus, agus Mrs Scanlon.

MÁIRÍN: Yeah, agus Mrs Scanlon.

PAULINE: An, an múinteoir ba oilce déarfainn dá raibh ar an domhan ariamh, mar bhí sí fíor olc.

MÁIRÍN: M hm.

PAULINE: Á bhí agus, agus bhí, bhí eh Mrs McHale freisin.

MÁIRÍN: Á sea.

PAULINE: Bhí cheithre mhúinteoir.

MÁIRÍN: Sea, bhí cheithre mhúinteoir

PAULINE: Ach bhí ós cionn céad gasúir a’ gabháil ag a’ scoil an t-am sin i gCill Rónáin.

MÁIRÍN: M hm.

PAULINE: Agus sin Cill Rónáin amháin agus Eochaill anois. Ní raibh Cill Éinne anois a’ gabháil, ní raibh Cill Éinne ….

MÁIRÍN: …. No….

PAULINE: …. Mar bhí scoil i gCill Éinne acub.

MÁIRÍN: M hm.

PAULINE: Ach bhí, ach bhí Eochaill, ach bhí go leor gasúir in Eochaill an t-am sin, bhí go leor leor gasúir ann, bhí.

MÁIRÍN: Yeah.

PAULINE: Bhí.

MÁIRÍN: Sea bhuel anois go raibh mile maith agat Pauline.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.