Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00006

Recording
BBAF.00006
Format
MiniDisc
Duration
19:40
Date
6 February 2002
Languages
English
Irish
Location
Eochaill
Collector
Cyril Ó Flaithearta
Informant
Alice Mhic Giolla Phóil
Archival information
MD 14 Alice Mhic Giolla Phóil. Cleamhnas; Spré; Pósadh; Bainis; Piseoga.
Additional information
MD 14 Alice Mhic Giolla Phóil. Matchmaking; Dowry; Marriage; Wedding; Superstitions.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00006
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

CYRIL: Tá muinn anseo inniu le Alice Powell agus sé an séú lá go mí Feabhra é agus tá muinn inniu a’ gabháil a’ caint ar pósadh agus cleamhnas. A’ raibh mórán cleamhnais ann le do linnsa?

ALICE: Bhí, bhí, mórán chuile phósadh dá raibh ann, bhí cleamhnas ann, bhí.

CYRIL: Bhí cleamhnas a’ baint leis.

ALICE: Bhí cleamhnas ag baint leis. Bhí.

CYRIL: An raibh aon chleamhnas in do chlann féin ansin, an gcuimhníonn tú ar aon chleamhnas?....

ALICE: …. Ní raibh, ní raibh aon chleamhnas in mo theach féin.

CYRIL: Grá uilig.

ALICE: Ba ea

CYRIL: (Gáire) Céard a chiallaíonn an focal cleamhnas?

ALICE Is dóigh gur comhcheangal eicínt idir beirt é, a b’ea.

CYRIL: Idir beirt daoine.

ALICE: Cheapainn go b’ea, gur ceangailt idir beirt é.

CYRIL: Agus an raibh daoine áirid ansin a dhéanadh an cleamhnas sin Alice, a’ raibh?

ALICE: Bhuel bheadh duine muintireach leis an eh fear a bheadh a’ gabháil ag iarraidh na mná mar a déarfá, bheadh duine muintireach l’eisean, duine roinnt aosta mar a déarfá, céilithe agus a bheadh in ann caint a dhéanamh, mar bhíodh cúrsaí spré le socrú an t-am sin, agus bheadh an fear seo, an dtuigeann tú, níos tuisceanaí agus is dóigh níos mó cleachta aige ar an rud agus thabharfaí leo é sin agus bheadh buidéal fuisce acub nó péire agus, ní théidís a’ déanamh an chleamhnais nó go mbeadh sé mb’fhéidir glan an dó dhéag san oíche.

CYRIL: Ó!

ALICE: Yeah, ba rud, ba deireanach san oíche a théití ann, ach bhí fhios, bhíodh fhios ag muintir an tí go rabhadar a’ tíocht a’ bhfuil ’fhios a’d, so bhídís réitithe ’s rudaí déanta le béilí mór agus rudaí mar sin ach ba shin é an t-am gon oíche.

CYRIL Agus bheadh scéala curtha roimh an am ag muintir an tí?....

ALICE: …. Bheadh an scéala curtha agus fios acub go raibh an bhean le fáil. Bheadh, bheadh beagán a’ dtuigeann tú em.

CYRIL: Is dóigh an focal curtha thart go raibh a leithid ann….

ALICE: …. Focal, sea nó déarfadh mb’fhéidir duine aosta seo atá mé a rá, an fear críona seo ….

CYRIL: ….Hm….

ALICE: …. an mbeadh aon mhaith dhób a dhul ann agus an meas tú a mbeadh sí le fáil agus dá ndéarfadh athair an chailín go mbeadh, [shílfeá] nach raibh mórán le rá ag an gcailín faoi chor ar bith.

CYRIL: Ansin dá dtiocfadh an fear ag a’ teach, a’ raibh sí in ann é a dhiúltú?

ALICE: Óra bhí, bhí, bhí ach ní, ní tharlódh sé a’ bhfuil ’fhios a’d sa gcleamhnas ceart.

CYRIL: Yeah.

ALICE: Bhíodh, bhíodh dream ann a théadh ag iarraidh mná a’ dtuigeann tú nuair a bhíodh a ndóthain ólta acub ’s thabharfaidís buidéal leob ’s bhuailidís bóthar agus ghabhaidís isteach sa teach ba gaire dhób ’s Ar ndóigh chaití báisín uisce leob nó rud eicínt, a’ dtuigeann tú

CYRIL: Yeah.

ALICE: Sin é an chaoi (gáire), gabhaigí abhaile go beo,

CYRIL: Gabhaigí abhaile. Agus ansin an mbeadh spré ag baint leis sin ansin?

ALICE: A bheadh, bheadh, bheadh beagán airgid nó píosa talamh go minic, hm bhíodh, píosa talamh, cúpla buaile go minic.

CYRIL: Caiple mb’fhéidir nó beithígh?

ALICE: Ní dhearfainn go mbeadh, níor aire mé riamh go, níor aire mé riamh é sin, muise bhíodar sách gann acub féin ’s gan a bheith dhá dtabhairt uathab mar sin. (casacht) Bhí.

CYRIL: Agus ansin eh dearfaimid anois a’ ngabhfaí i bhfad ar siúl le cleamhnas a dhéanamh.

ALICE: Bhuel, ghabhfaí, b’fhéidir go ngabhfaí go dtí ceann go na h-oileáin eile go minic.

CYRIL: Inis Meáin nó

ALICE: Inis Meáin nó Inis Óirr, théití. Ní dhearfainn go, ní feasach dom anois go ndeachú níos faide ar siúl.

CYRIL: Agus is dóigh go mbíodh daoiní ag teacht isteach freisin a’ cuartú cleamhnas.

ALICE: Ó bhíodh, bhíodh, bhíodh. Chuaigh corr bhean as Árainn fadó soir go h-Inis Meáin.

CYRIL: Ehm, ó an gaol ansin, cé chomh gar is a bheifeá leis an ngaol.

ALICE: Bhuel, níor mhaith leob a bheith níos gaire ná col seisear. Níor mhaith, níor mhaith leob, agus le col seisear féin chaithfeá cead a fháil ón Easpag, chaithfeadh an sagart paróiste scríobh ag an Easpag, le ’n cead sin a fháil dhób agus ní fhéadfaidís pósadh go mbeadh an cead sin faighte.

CYRIL: Agus a’ raibh aon mheas ansin acub ar, ar a’ bpósadh sin mar a déarfá, an raibh aon mheas ar an bpósadh dá mbeadh sé ró ghar dhá chéile?

ALICE: Á bhuel bheadh an-mheas ar an gcol seisear, mar tá sé chomh maith duit a rá bhí gaol ag muintir an tigh leis an mbean ….

CYRIL: …. Leis a’ mbean….

ALICE: …. taobh amuigh go í a bheith pósta isteach ann, bhí.

CYRIL: Meas tú a’ raibh tada le déanamh ag talamh ansin leis sin, an mbeidís ag iarraidh, a’ bhfuil fhios a’d de réir, dá mbeadh an oiread seo talamh acub agus nach raibh dar ag iarraidh é a chur ró-fhada amach ó bhaile, ón gclann.

ALICE: Sea.

CYRIL: Ag iarraidh sóirt é a choinneáil níos gaire gon ….

ALICE: …. Sea, is dóigh go rabhadar ag iarraidh é a choinneáil i measc, sa, sa gcomhluadar sin.

CYRIL: Cén chaoi ansin a réitfí, a réiteofaí an cleamhnas mar a déarfá. Céard a déarfadh an fear meas tú leis an bhfear eile?

ALICE: Bhuel Ar ndóigh níl ’fhios a’m, ní raibh mé ag aon chleamhnas, ach bheadh barúil a’m go mbeadh, go raibh fhios aige céard a bhí a’ gabháil a’ tarlú ….

CYRIL: …. A’ tarlú ….

ALICE: …. A’ dtuigeann tú, bhí se réitithe eatarthub féin i mbealach eicínt, ag an dá athair nó ag a’ bhfear a bhí a’ gabháil a’ pósadh agus athair an chailín. Sea.

CYRIL: Cén t-achar ansin a bheadh idir, idir an cleamhnas agus an pósadh ….

ALICE: …. Agus an pósadh.

CYRIL: A’ bhfágfaí i bhfad é.

ALICE: Ní fhágfaí, mb’fhéidir coicís nó mí, yeah, coicís nó mí nó mar sin.

CYRIL: Ach ní ghabhfadh se mórán thairis sin.

ALICE: Ní ghabhfadh, níor airigh mé riamh, is níor airigh mé gur briseadh aon chleamhnas.

CYRIL: Yeah.

ALICE: Níor airíos.

CYRIL: Ní mórán ariamh a d athraigh a n-intinn.

ALICE ; Sea, sin é a tá mé a’ rá, níor airigh mé anois gur briseadh aon chleamhnas.

CYRIL: Cá mbíodh an ceiliúradh ansin sa gcleamhnas, a’ raibh Aifreann ann?

ALICE: Ní raibh, ní bhíodh aon Aifreann ann. Sin é lá an, lá na bainise atá tú a’ rá?

CYRIL: Hm.

ALICE: Ní raibh, ní raibh, níl mé in ann cuimhneamh anois cén uair a tháinig an t-Aifreann isteach, ach ní bhíodh aon Aifreann, mar ba

(--) bhíodh bainis bheag i dteach na mná ar maidin.

CYRIL: Ar maidin.

ALICE: Thosaíodh an bhainis ansin ar maidin agus bhíodh, bhít sé go h-álainn, mar ba é an lá é, lá breá bhíodh sé go h-álainn, amuigh ar an tsráid ’s chuile áit agus ansin théití soir ag a’ séipéal, sea, soir a chaithfeadh sé a bheith, ní raibh aon séipéal siar an t-am sin, séipéal Eochla anseo thuas, an ceann ba gaire á mbeadh an dream a’ gabháil aniar, nó timpeall anseo ach tuairims trí nó an ceathair a chlog tráthnóna a bhíodh an pósadh ann agus thagaidís uilig aniar ansin as teach na mná an dtuigeann tú ar chaiple agus siúl, ní raibh mórán bicycles féin an t-am sin ann.(gáire)

CYRIL: An t-am sin ann.

ALICE: Ach bhí, bhíodh, bhíodh em jaunt ag, ag an cúpla i gcónaí agus an bheirt a sheasfadh leob. Bhíodh an ceathrar sin anoir (glanann sí a scornach) ar an jaunt agus an fear a bheadh a’ tiomáint an chapaill agus ceoltóir.

CYRIL: Agus ceoltóir.

ALICE: Ag suí thuas an deireadh, tá ’fhios a’d deireadh an jaunt.

CYRIL: Ó, bheadh sé ag imeacht .…

ALICE: …. Bheadh, créatúr eicínt ansin a’ casadh ceoil thuas ar deireadh an jaunt.

CYRIL: D’aireá, d’aireá a’ tíocht ansin iad is dóigh?

ALICE: Ó deimhin d’aireá a’ tíocht iad, idir torann na gcapaill agus chuile shóirt.

CYRIL: Bhí sé deacair is dóigh ansin ag bean eile dá ndéanfaí cleamhnas agus mar déarfá, ar oibre sé sa teach ar dtús, bheadh máthair istigh sa teach ….

ALICE: …. Sea ….

CYRIL: …. Agus b’fhéidir go dtiocfadh cailín isteach ann, ar oibre sé sin?

ALICE: Bhuel, cheapainn gur oibre sé mórán chuile áit ariamh, mar bhí an cúnamh a’ teastáil i chuile theach. Bhí obair go leor á dhéanamh an t-am sin, idir sníomh, cniotáil, cardáil, a’ déanamh bréidíní, chuile shórt, [ag] fail snáth réidh le bréidín agus bhíodh go leor obair talamh á dhéanamh freisin ag na mná, bhíodh go leor muca, bhíodh beithígh bhainne le bleán, fataí le piocadh, síolta le scaradh, féar tirim le cocadh, a’ bhfuil ’fhios a’d. Bhí, bhí ó bhí dhá, neart lámha a’ teastáil.

CYRIL: So bhí mar a déarfá .…

ALICE: …. ’S bhí chuile shórt déanta an t-am sin a’ dtuigeann tú, bhí, bhí, ní raibh aon uisce istigh ins na tithe. Chaití an t-uisce a tharraingt as an eh, ón tobar. Bhíodh iascach ansin go leor á dhéanamh ann, iascach le curachaí agus bhíodh neart ronnachaí ann, b’fhéidir cúpla mile ronnach le glanadh agus le níochán agus le sailleadh. Siad na mná a bhíodh a’ déanamh an chuid is mó dhe sin mar bhíodh na fir imithe amach ag cur amach na líonta aríst. Dá bhfeadfadh trí bhean a bheith ag fear an t-am sin beadh obair ann dhób. Bheadh.

CYRIL: Agus cén sort bean d’fheileadh dhób, a’ raibh siad ag cuartú aon bhean áirid mar a déarfá? ….

ALICE: …. Ó bhuel bheidís a’ tóraíocht bean a raibh cleachtadh aice ar a bheith ag obair sa mbaile agus, bean láidir a mbeadh cleachtadh aici air agus nach mbeadh aon éirí in airde fúithi, mar a déarfá.(gáire)

CYRIL: Agus le do bharúil féin ansin d’oibrigh an cleamhnas?

ALICE: Sé mo bharúil féin gur oibre, chuile chleamhnas ariamh an t-am sin, mhair siad shílfeá go thar a bheith go sásta sonanta.

CYRIL: Agus clainne uilig acub?

ALICE: Agus clann agus clann a gclainne ansin aríst ar deireadh agus bhí, chuile dhuine an-sásta.

CYRIL: Agus an sean dream sa teach ansin, céard a bheadh le déanamh acub sin, a’ bhfuil ’fhios a’d dá mbeadh an t-athair ann is an mháthair ann?....

ALICE: …. Sea, bhuel bheadh, sea, bheidís in ann mórán a dhéanamh, bheadh an mháthair, an tseanbhean, bheadh sí a’ criotáil i gcónaí, sin rud amháin a bheadh an tseanbhean a dhéanamh agus a’ bácáil agus a’ tabhairt lámh cúnta, lámh cúnta le gasúir. Bheadh an sean fhear ansin agus bheadh sé a’ bogadh an chliabháin mar a mbeadh sé an-scafánta le dhul amach a’ déanamh aon cheo, bheadh sé a’ bogadh an chliabhán agus a’ coinneáil gasúir bheaga ….

CYRIL: …. Sásta agus entertained….

ALICE: …. sásta ’s a’ déanamh spraoi leob sea, bheadh sé.

CYRIL: A’, a’ raibh cleamhnas meas tú go minic ansin déanta leis an dara pósadh?

ALICE: Ó bheadh, déarfainn gurb é an scéal céanna é.

CYRIL: Yeah.

ALICE: Ní mórán darna póstaí a chonaic mé, ach bhíodh bainis ann freisin, ó bhíodh, bhíodh.

CYRIL: A’ raibh laethantaí áirid ansin sa mbliain a bheadh acu, acub le pósadh, mar a déarfá, le h-ais laethantaí eile?

ALICE: Bhuel mar a deir muid ansin i dtús an rud, sé an Luain soir agus an Máirt siar ….

CYRIL: …. Sea ….

ALICE: …. ba shin é an rud ba tábhachtaí déarfainn, ní fhaca mise aon phósadh riamh Dé hAoine, abair ná Dé Sathairn ná Dé Domhnaigh, ní bheadh caint ar bith air an t-am sin, ní bheadh agus cheapainn nach mbíodh aon phósadh ann Lá Crosta na Bliana, tar éis na Nollag é sin nach ea?

CYRIL: Yeah, yeah.

ALICE: Lá na Leanbh, Lá Crosta na Bliana.

CYRIL: Yeah.

ALICE: Ní bhíodh, agus ní bhíodh sé sa gCarghas mar a deir muid, aon phósadh sa gCarghas

CYRIL: Sa gCarghas.

ALICE: Ní bhíodh.

CYRIL: Ní raibh aon, níor mhaith leob é sin?

ALICE: Níor mhaith, níor mhaith, bhí sé sin fágthaí i leath taobh le’n, le’n Charghas.

CYRIL: Agus a’ raibh uaireantaí áirid ansin a bheadh sé go maith pósadh, laethantaí áirid, an gcuimhníonn tú ar aon laethantaí áirid i rith na bliana a deiridís go, go mbeadh áth maith ar do phósadh?....

ALICE: …. Níor, ní raibh, ní raibh, mar a deir muid an Luan soir ’s an Máirt siar.

CYRIL: An Máirt siar, yeah.

ALICE: Ba shin é.

CYRIL: Bhí tú a’ caint ar an mBealtaine, a’ raibh ….

ALICE: …. Ar an mBealtaine, déarfainn nach raibh an-chion acub ar a’ mBealtaine ach am ar bith eile ansin bhí, am ar bith eile bhí.

CYRIL: A’ mbíodh Aifreann ansin ann an t-am sin?

ALICE: Ní bhíodh aon Aifreann, ní bhíodh ach phósfadh siad tráthnóna trí nó ceathair a chlog.

CYRIL: An dtógfadh sé i bhfad ansin, an mbeadh an service i bhfad?

ALICE: Á ní bheadh sé, ní bheadh sé, b’fhéidir go mbeadh sé, meas tú a’ mbeadh sé leathuair, ní bhíodh, ní dhearfainn go mbíodh.

CYRIL: Agus bhí muid cheanna a’ caint ar an mbealach a ghabhaidís ann, ach cén sort éadach ansin a bhíodh orthub, ar an mbean agus ar an bhfear. Cén sort éadach a bhíodh ar an mbean meas tú?

ALICE: Ó ar an mbean bhíodh sciorta álainn uirthi, bheadh sciorta deas sóirt, ní dubh anois é ach gorm dhorcha agus blús deas agus ansin an seál, bhíodh an seál go h-álainn.

CYRIL: An gceannófaí seal nua nó?

ALICE: No, ní cheannófaí ach ba gnás mór leob é go bhfaighidís seál ó bhean chomharsa, iasacht a’ seál ó bhean chomharsa nó duine muintireach leob féin é. Yeah. D’fhéadfadh seál deas a bheith acub féin ach ní chaithfidís é.

CYRIL: Yeah.

ALICE: Shin é an seál na Gaillimhe nó an Galway Shawl mar a déarfá, bhíodh siad go h-álainn. Bhí siad go h-álainn.

CYRIL: An mbídís sin le fail in Árainn nó chaithfeá, an gcaithfeá a dhul Gaillimh an t-am sin le iad a fháil no?....

ALICE: …. Ó ní bhídís, as Gaillimh a thagaidís.

CYRIL: Hm.

ALICE: Yeah. Ach bhí ceann acub sin ag chuile bhean, yeah. Faoi cheann blianta ansin thosaigh siad ag caitheamh na seálta dubha ach ní raibh dar sin chomh deas.

CYRIL: Ní raibh, no ….

ALICE: …. Ní raibh ….

CYRIL: …. ní raibh a leath oiread rud a’ baint leob, ní raibh muis ….

ALICE: …. Ní raibh.

CYRIL: A’ mbeadh tada maith ceanglaithe orthub nó ina ngruaig nó ina gcuid pócaí le ádh mhaith a thabhairt dhób ….

ALICE: …. Ní, níor airigh mé ….

CYRIL: …. sort charms ar bith?

ALICE: Níor airigh mé aon chaint ar thada mar sin, ní raibh, ní raibh.

CYRIL: Agus cé bheadh a’ seasamh leob ansin?

ALICE: Bhuel sheasfadh, á mbeadh dreabhar ag an mbean, dreabhar singil mar a déarfá.

CYRIL: Hm.

ALICE: Ní dhearfainn go seasadh, ní sheasadh aon dhuine a bheadh pósta le aon dhuine an t-am sin.

CYRIL: Á!

ALICE: Ní fhaca mé, ní dhearfainn go seasadh agus bheadh deartháir ag a’ bhfear nó colceathrachaí, ghabhadh sé go dtí col ceathrachaí nó cairde mara mbeadh said sin a’d.

CYRIL: Nó cairde. Agus an bhean í féin a bheadh le pósadh, an dtabharfadh an t-athair uaidh í ….

ALICE: …. Ó, ní raibh tada mar sin ann. Ní raibh, ní thabharfadh sé.

CYRIL: Ní thabharfadh, no.

ALICE: Ní raibh aon chaint ar sin

CYRIL: Fáinní ansin, cá bhfaighidís na fáinní, an ngabhaidís Gaillimh go speisialta go bhfaighidís iad?....

ALICE: …. Bhuel, gheobhaidís as Gaillimhe é is dóigh, bheadh sé sin le fail is dóigh, an t-achar idir an cleamhnas agus pósadh

CYRIL: Sea, an choicís sin.

ALICE: Sea. Sin é an chaoi a mbeadh rudaí. Sa seanaimsir gabh muid siar b’fhéidir céad bliain ba é an claddagh ring an fainne pósta a bhíodh ann. Sé bhí ag mo sheanmháthair agus ansin ina dhiaidh sin fuair said an fáinne caol eile sin, sea. Bhí an claddagh ring go deas.

CYRIL: Cinn mhaith.

ALICE: Ó cinn mhaithe troma, rudaí móra.

CYRIL: Agus an dtabharfadh bean ansin an fáinne sin dhá h-iníon?

ALICE: Thabharfadh sí gon iníon is sine é.

CYRIL: Le pósadh?

ALICE: Bhuel, níl ’fhios a’m ar le pósadh é ach thabharfaí di é ní, nuair a chaillfí an mhathair, d’fhágfaí ag an iníon is sine é, nuair a chaillfí an mháthair. Sea, ba shin gnás eile a bhí ann. Ba dhea. Ghabhfaí ansin ag teach an fhir agus bheadh rí-rá go maidin ann, b’fhéidir píosa maith go lá arna mháireach aríst, ó bhíodh an-chraic ann.

CYRIL: Bia, de réir bia ansin mar a déarfá ….

ALICE: …. Ó go deimhin bia, bhíodh seomra ansin réitithe, coinnigh len tae agus len bhia, bord agus é lán le cácaí breá rísíní, ba mhór an spóirt iad, agus níl ’fhios a’m, ní bhíodh aon cheo siopa ann, déarfainn.

CYRIL: Yeah, déanta acub féin i gcónaí.

ALICE: Déanta acub féin, chuile shóirt.

CYRIL: Agus a’ gceannófaí ansin bairille Guinness nó tada len aghaidh sin.

ALICE: Cheannófaí nó mb’fhéidir péire. Is iomaí bainis a mbeadh péire ann.

CYRIL: Yeah.

ALICE: Ach bheadh, bheadh an fuisce agus bheadh an poitín ann freisin.(gáire)

CYRIL: Agus é ag tarraingt achrann tar éis tamall ansin.

ALICE: Tarraingt achrann agus raic agus maidir le amhráin, a’ bhfuil ’fhios a’d. Bheadh beirt i gcúinne amháin ag casadh amhráin, bheadh fear ag casadh amhráin anois agus bheadh beirt i ngreim ann an bhfuil ’fhios a’d sna lámha ….

CYRIL: …. Ag gabhail fhoinn leis, yeah.

ALICE: Ag gabhail fhoinn in éindí leis, agus sa gcúinne taobh thall bheadh triúr eile ag cur díobh. (gáire) Á bhí sé an-spraíúil.

CYRIL: An mbeadh píopaí cailc acub freisin ann nó, nó?

ALICE: Ó ní bheadh.

CYRIL: Ní bheadh.

ALICE: Oh Lord ní raibh aon phíopaí ann (gáire), ní raibh, ar tórramh a bhídís sin, tórramh. Ní raibh tada mar sin ann, ach damhnsa.

CYRIL: Damhnsa.

ALICE: Bhuel go deimhin bhíodh neart damhnsa, seiteannaí breá agus chuile shóirt.

CYRIL: Yeah.

ALICE: Ceol.

CYRIL: A’ gcuimhníonn tú ar aon duine anois a bhíodh ag casadh amhráin. An gcuimhníonn tú ar aon bhainis mar sin a bhíodh daoine ag casadh?

ALICE: Bhuel muise cuimhním ar neart.

CYRIL: Yeah.

ALICE: Na sean daoine, muintir an chinn thiar, bhí dar thar barr ag casadh amhráin. Bhíodh, bhíodh, idir mná agus fir. Bhí, bhíodar thar cionn.

CYRIL: Tá cuid acub i gcónaí siar, nach bhfuil, tá go leor acu siar na bealaí sin, tá go leor ….

ALICE: …. Tá, tá máthair Treasa anois, bhí sí thar barr ag casadh amhráin.

CYRIL: Treasa Millane, an raibh?....

ALICE: …. Sea, a máthair ….

CYRIL: …. A máthair ….

ALICE: …. Baba.

CYRIL: Yeah.

ALICE: Baba Pheige, thar barr.

CYRIL: Agus ansin (--) An mbeadh dinnéar acub, an mbeadh?

ALICE: Bhuel sílim anois sa sean aimsir, tá mé ag ceaptha go maróidís caora.

CYRIL: Hm.

ALICE: Shea, mharóidís caora lena aghaidh agus mharóidís caora lá faoistiní sa teach freisin. Ó mharódh. Bhíodh, bhíodh, bhíodh sórt, an cineál sin dinnéar ann.

CYRIL: Yeah.

ALICE: Ach ansin, is mó gur tae déarfainn, agus cácaí….

CYRIL: …. Cácaí, yeah ….

ALICE: …. Agus ….

CYRIL: An mbeadh mórán ag an mbainis. An mbeadh, a’ bhfuil tú ag caint ar scór nó dhá scór nó ....

ALICE: …. Óra beannacht Dé duit ….

CYRIL: …. Bhí daoine ag tíocht agus ag imeacht i gcaitheamh an lae

ALICE: Tá tú ag caint ar chéad nó b’fhéidir dhá chéad.(gáire)

CYRIL: Ó Mhaighdean Bheannaithe.

ALICE: Idir istigh ’s amuigh, ag tíocht ’s ag imeacht, mar a deir tú, amuigh ar an tsráid ’s chuile áit.

CYRIL: Dá mbeadh an lá go dona ansin céard a dhéanaidís?

ALICE: Níl ’fhios a’m beo.

CYRIL: Chaithfidís a bheith brúite isteach i mullach a chéile?

ALICE: Bhídís i mullach a chéile. Bhíodh an trí sheomra lán.(gáire)

CYRIL: Lán, Mhaighdean Bheannaithe, agus bhí tú a’ caint ansin, an mbrisfí meas tú, bhí an nós sin acub, an mbrisfí tada ar an gcailín, cáca de réir cáca nó rud eicínt mar sin.

ALICE: Ní fhaca mise anois aon chaca á bhriseadh, ach chuala mé go mbítí á dhéanamh ….

CYRIL: …. Yeah ….

ALICE: …. go rinneadh é, ach tá ’fhios a’m gur mhaith leob á mbrisfí soitheach, muigín nó pláta nó rud eicínt, go gcomhairfidís go mbeadh, ar an ádh e, cibé cén chaoi.

CYRIL: Yeah, ammantaí, agus ansin deirtear ammantaí eile nár cheart tada a bhriseadh (gáire)….

ALICE: …. Sea, bhuel sin é anois é.

CYRIL: Eh, bhí tú a’ rá liom gur, go gcuimhníonn tú gur briseadh muigín.

ALICE: Ó chonaic mé muigín á bhriseadh.

CYRIL: Yeah, in aon turas?

ALICE: Sea in aon turas, nuair a chuaigh an cailín amach an doras briseadh an muigín ós cionn an dorais taobh istigh.

CYRIL: Bhí sé sin ceaptha a bheith go maith le, le ádh?

ALICE: Ó sin é, bhí sé sin go maith….

CYRIL: …. Nach maith an ceann é. Ansin, a’ gcuimhníonn tú ar aon phisreogaí eile ag baint leis, leis an lá sin, dá dtarlódh tada áirid nó a’ mbíodh ….

ALICE: Ní chuimhním, muise, ní chuimhním, bhuel nuair a bhínnse a’ gabháil ag an gcineál sin bainiseachaí bhí mé ró-óg le aird a thabhairt ar phiseogaí (gáire) ....

CYRIL: …. Yeah ….

ALICE: …. ní thabharfainn aon aird orthub ar aon chaoi ….

CYRIL: …. Yeah ….

ALICE: …. ach ní chuimhním ar aon cheo eile. Is dóigh go mb’fhéidir go raibh rudaí beaga ann freisin.

CYRIL: Yeah.

ALICE: Ach cuimhním ar bhainis amháin go bhfaca mé iad a’ tarraingt sopannaí amach as, as, as gloine, now níl ’fhios a’m cé le h-aghaidh na sopannaí, sopannaí tuí.

CYRIL: An ceann is giorra is doigh a bhí ann nó rud eicínt mar sin.

ALICE: B’fhéidir, níl ’fhios a’m beo céard a bhí a’ gabháil a’ tarlú go fear an tsoip.(gáire)….

CYRIL: …. Yeah, wow, sin anois ceann…..

ALICE: …. Chonaic mé iad á dhéanamh sin anois.

CYRIL: Yeah.

ALICE: Yeah.

CYRIL: Go raibh ádh maith eicínt a’ baint leis sin é féin, is dóigh go raibh agus iad a ….

ALICE: …. Bhí rud eicínt, caithfidh sé go raibh údar eicínt acub leis, ach, ach ba ghearr le rud é a bhí á dhéanamh i ngan fhios, mar a déarfá, ach ….

CYRIL: Hm.

ALICE: Níl ’fhios a’m.

CYRIL: Ceist eile ansin cé d’íocadh as an mbainis. An n- íocadh clann an fhir nó clann an, clann an, clann an chailín?

ALICE: Bhuel, is dóigh go n-íocaidís féin a gcuid féin, chuile dhuine a chuid féin. Nuair a bheadh an bhainis i dteach an fhir is dócha go b’éad, go b’shin é an teach a d’íocadh as, nuair a bheadh an cleamhnas agus an bainis ar maidin i dteach na mná is dóigh go b’shin iad, bhuel siad a dhéanadh an réiteach….

CYRIL: …. An réiteach ….

ALICE: ….Sea, cheapainn go b’shin e an chaoi a dtéadh sé. A ní raibh aon chostas mór a’ baint le bainis an t-am sin.. Sé an t-ól an rud is mó agus ní raibh sé sin é féin daor.(gáire)

CYRIL ; Is dóigh go raibh sé daor, Guinness agus rudaí mar sin de réir ….

ALICE: …. “ ___+” Ar ndóigh bhí se daor mar ní raibh an t-airgead fairsing, sin é….

CYRIL: …. Agus is dóigh nach n-ólaidís mórán mar ní raibh aon chleachtadh acub á ól, a leithid go rud….

ALICE: …. Ní óladh siad an oiread, ní óladh.

CYRIL: Cén sort ceol, uirlisí, bhí muid a’ caint ar ceol ansin tamaillín ó shin ….

ALICE: …. Sea ….

CYRIL: …. Cén sórt uirlisí ceoil a bhíodh ann, an mbíodh racaí ann ’s?

ALICE: Ní raibh, eh an eh ….

CYRIL: …. An mileoidean.

ALICE: An mileoidean. Bhí, sin é is mó ….

CYRIL: …. Ba mhó ….

ALICE: …. Á sé ….

CYRIL: …. A’ mbíodh an feadóg stáin ná tada, an gcuimhníonn tu ar aon veidhlín?....

ALICE: …. Ní raibh ….

CYRIL: …. Feadóg stáin ná ….

ALICE: …. ní raibh muis mara mbeadh strainséaraí san oileán agus go mbeadh aon veidhlín acub. Chonaic mé é sin ar bhainis amháin, ceart go leor.

CYRIL: Tháinigeadar isteach.

ALICE: Fear a fuair cuireadh, ach eh bhíodh trumpaí ann, tá ’fhios a’d an trumpa.

CYRIL: Ó yeah, Jews Harp.

ALICE: Jews Harp.

CYRIL: Yeah

ALICE: Bhíodh sé sin ann.

CYRIL A’ mbíodh aon duine a’ playáil an raca? ….

ALICE: …. Agus bhíodh, bhíodh em, ní fhaca mé an raca, bhíodh eh orgáin béil.

CYRIL: Ó mouth organ.

ALICE: Mouth organ agus bhíodh ceol smuit acub, ceol smuit, bhfuil ’fhios a’d, sin é a thugaidís ar a’ eh lilteáil.

CYRIL: Ó yes, yeah.

ALICE: Hm, sea, bhít sé sin acub ….

CYRIL: …. Diddly aye diddle ….

ALICE: …. Diddly aye ….

CYRIL: …. Yeah, yeah, so yeah, yeah ….

ALICE: …. Bhíodh sé sin ag go leor, ag cúpla duine.

CYRIL: Yeah, yeah. Tá sé sin suimiúil anois….

ALICE: …. Ó bheadh ceol acub phé bí cén chaoi a ndéanaidís é, dhéanaidís ceol, dhéanadh..

CYRIL: Dhéanaidís ceol, agus ansin mar a deir tú, damhnsa, neart damhnsa ansin….

ALICE: …. Agus damhnsa ….

CYRIL: …. Agus amhráin ….

ALICE: …. Agus réabadh (gáire) ….

CYRIL: Yeah, yeah, Agus is dóigh go mbídís freisin a’ faire cuireadh a thabhairt go na daoine seo a bheadh an ceol agus na h-amhráin maith acub ….

ALICE: …. Ó sea Ar ndóigh ….

CYRIL: …. mar bheidís sin mar entertainment leis an oíche acub ….

ALICE: …. chaithfí iad sin, cuireadh a thabhairt dóibh ….

CYRIL: …. Yeah ….

ALICE: …. fear a’ bith a bhí in ann, nó bean a’ bith a bhí in ann an ceol a chasadh, bhí siad cinnte go bhfaighidís cuireadh.

CYRIL: Cuireadh.

ALICE: Bhí, bhí siad.

CYRIL: A’ mbíodh cáca pósta acub, a’ mbídís, a’ mbíodh cáca ….

ALICE: …. Eh ….

CYRIL: …. ar nós an wedding cake atá inniu acub, a’ mbíodh sórt cáca áirid acub? ….

ALICE: …. Bhuel bhíodh cáca ann ach ní bheadh sé chomh galánta, ní bheadh trí tier ar bharr a chéile mar a déarfá ná rud galánta mar sin, ach bhíodh, bhíodh a bhaisce, cáca deas déanta.

CYRIL: Ansin nuair a phósadh beirt mar sin san am sin, a’ mbeadh seomra ansin right away acub sin dhób féin?

ALICE: Ó Mhaighdean, tá súil a’m go mbeadh, (gáire), á bhíodh, bhíodh, bhíodh.

CYRIL: Is dóigh go mbeadh i dteach mar seo, chaithfí réiteach eicínt a dhéanamh.

ALICE: Á bheadh, ara bheadh. Bhí cuid mhaith go na sean tithe sin a bhí neart seomraí iontab, a’ bhfuil ’fhios a’d, cúpla, trí sheomra go h-áirid, bhí agus dheisídís suas seomraí thuas ar a’ lota go minic….

CYRIL: …. Ar ndóigh bhí lota freisin ann.

ALICE: Ó bhí, bhí.

CYRIL: “__” gcuimhneoidh tú ar a’ lota?

ALICE: Sea, bhí dar deisithe go maith ar an gcaoi sin, bhí.

CYRIL: Cén chaoi a mbreathnaíonn tú ar an bpósadh atá sa lá inniu ann nó a’ bhfuil aon, le h-ais an phósadh a bhí, a bhí an t-am sin ann?

ALICE: A ní bheadh meas a’ bith a’m air.

CYRIL: No.

ALICE: No, tá an iomarca ….

CYRIL: …. Tá an iomarca this and that ann,

ALICE: Ara tá, feictear dom gur deas an rud an rud simplí. Ar ndóigh tá siad a’ caitheamh an oiread anois le pósadh agus a choinneodh ag imeacht deich mbliana iad.

CYRIL: Choinneodh ar ndú. Airgead mór anois ’s gan tada ansin aríst, a’ gabháil a’ tógáil teach ina dhiaidh sin, tá sé deacair go maith muis.

ALICE: D’fhéadfá a rá, d’fhéadfá a rá.

CYRIL: Sin é anois é Alice, go raibh mile maith a’d agus go bhfága Dia do shláinte a’d, go raibh míle maith a’d, Alice.

ALICE: Tá fáilte romhat anois.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.