Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00003

Taifeadadh
BBAF.00003
Formáid
MiniDisc
Fad
43:15
Dáta
24 Samhain 2000
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Eoghanacht
Bailitheoir
Pádraigín Clancy
Faisnéiseoir
Máirín Uí Choncheanainn
Eolas cartlainne
MD 1 Máirín Fleming Uí Choncheanainn. Óige; Bás a máthar; Eiteann; Siopa Mhamó; Black and Tans; Scoil; Oidí Scoile; Scoil an Cheathrair Álainn; Oideachas; Pósadh; Breith agus tógáil clainne; Nósanna & Piseoga; Gaol; Liam Ó Flaithearta; Brendan Ó hEithir.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00003
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

PÁDRAIGÍN: Inniu an eh ceithre lá is fichid nach ea….?

MÁIRÍN: …. Sea.

PÁDRAIGÍN: .… de mhí na Samhna eh 2000 agus tá mé anseo in Eoghanacht le Máirín Concheanainn agus eh Dia duit a Mháirín

MÁIRÍN: Dé ’s Muire dhuit.

PÁDRAIGÍN: Go raibh maith agat as ucht an fáilte a chur tú romham agus tá Treasa Ní Mhiolláin anseo linn….

MÁIRÍN: ….Yeah.

PÁDRAIGÍN: …. as Sruthán.

MÁIRÍN: Dia dhuit a Threasa.

TREASA: Dia is Muire dhuit a Phádraigín.

PÁDRAIGÍN: Agus em ba mhaith linn caint leat beagán faoi ….

MÁIRÍN: ….Sea ….

PADRAIGÍN: …. do shaol anseo in Árainn agus mar sin. Tá tú ag fáil réidh le dul amach go Meiriceá amárach so

MÁIRÍN: Sea.

PÁDRAIGÍN: Rugadh agus tógadh tú in Árainn.

MÁIRÍN: Rugadh yeah, rugadh mé i nGort na gCapall, sea.

PÁDRAIGÍN: Agus ar fhás tú suas i nGort na gCapall?

MÁIRÍN: Níor fhás mar fuair mo mháthair bás nuair a bhí me cheithre blianaso tugadh síos go Fearann a’ Choirce mé ag mo mhamó agus m’aint Nóra.

PÁDRAIGÍN: Cén ainm a bhí agatsa roimh do phósadh anois, ní Máirín Concheannáin?

MÁIRÍN: Ní hea, Fleming.

PÁDRAIGÍN: Cé, cén t-ainm a bhí ag d’athair?

MÁIRÍN: Thomas.

PÁDRAIGÍN: Agus ag do mháthair ansin?

MÁIRÍN: Agnes O’Flaherty.

PÁDRAIGÍN: Agus as cén baile a bhí d’athair agus do mháthair?

MÁIRÍN: Ba as Fearann a’ Choirce m’athair, as Gort na gCapall mo mháthair,yeah.

PÁDRAIGÍN: So d’imigh tú ar ais go dtí teach do ….

MÁIRÍN: …. Mo mhamó.

PÁDRAIGÍN: Máthair do dhaidí, an ea?

MÁIRÍN: Sea, sea, chuile am a d’fhaighinn an doras osclaí sa teach i bhFearann a’ Choirce, bhínn rite siar an bóthar, suas bóthar Ghort na gCapall mar cheap mé go raibh mo mháthair thuas i gcónaí. So cuimhním lá amháin bhí mé a’ ritheadh suas agus tháinig Seán Antoine,[comharsa leo] bhí sé istigh sa ngarraí agus tháinig sé amach agus thug sé suas ag mo dhaideo mé, i nGort na gCapall.

PÁDRAIGÍN: Cén aois a raibh tú ag an am?

MÁIRÍN: Is dóigh go mbeadh mé b’fhéidir ceathair go leith.

PÁDRAIGÍN: …. Agus is cuimhin leat é sin?....

MÁIRÍN: …. Cheithre bliana go leith. Ó is cuimhin liom.

PÁDRAIGÍN: Tá cuimhne maith a’d.

MÁIRÍN: Bhuel cuimhním ar rudaí a tharla, I mean tá mé a’ cheapadh go gcuimhním nuair a fuair mo mháthair bás. Bhuel cuimhním go raibh mé amuigh ar an tsráid i nGort na gCapall agus bhí bord amuigh ar a’ tsráid agus stólta, mar chuirtí amach iad nuair a bheadh an cónra a’ teacht amach as a’ teach, agus bhí Pat Mhicilín eh (sos) lead óg eicínt, sin é is dóigh a bhí a’ breathnú ’mo dhiaidh agus chuir sé i mo sheasamh ar a’ mbord mé agus bhí mé a’ breathnú agus chonaic mé an carr agus capall a’ gabháil síos agus an bosca mór seo air agus an oiread seo daoine síos ina dhiaidh. Is dóigh gurb é sochraid mo mháthar a’ gabháil go Cill Éinne ….

PÁDRAIGÍN: …. Sochraid do mháthair, so tá sé sin i d’aigne agat.

MÁIRÍN: Tá, cuimhním ar sin.

PÁDRAIGÍN: Cad a tharla do do mháthair?

MÁIRÍN: Á eh T.B, eitinn, sea.

PÁDRAIGÍN: Agus bhí sé in Árainn, an eitinn, an raibh?....

MÁIRÍN: …. Ó bhí, cailleadh an oiread daoine, ní raibh sí ach trí bliana fichead,yeah.

PÁDRAIGÍN: So bhí sé sin go dona.

MÁIRÍN: Yeah.

PÁDRAIGÍN: Agus cé mhéad eile a bhí sa chlann?

MÁIRÍN: Just dreabhar eile liom ach bhí sí sin thíos ag mo mhamó [i bhFearann an Choirce] ó fuair mo mháthair tinn ach coinníodh i nGort na gCapall mise, mar is dóigh go raibh mé chomh bunáiteach anyway nach, nach ngabhfainn síos.

PÁDRAIGÍN: Bhí sé sin an, an-crua ar fad.

MÁIRÍN: Yeah.

PÁDRAIGÍN: Sin é ar bhealach do chuimhne is luath atá agat ar ....

MÁIRÍN: .... Sé, sea.

PÁDRAIGÍN: Yeah, so d’fhan tú le do mhamó agus cén chaoi a raibh sé sin, an raibh tú millte le do Mhamó?

MÁIRÍN: (Gáire) bhuel you see bhí siopa beag aici a’ bhfuil ’fhios a’d ach nuair a chuimhním ar na rudaí a bhíodh ann an t-am sin.(gáire)I mean eh b’fhéidir go dtiocfadh sé chrúsca mór subh, Imean ní raibh aon dhuine ag ceannacht rudaí mar sin, mar bhí an saol bocht. Cuimhním go mbíodh sí a’ ceannacht, [bhíodh] uibheachaí ag daoine. Níl ’fhios a’m cén chaoi (gáire) a n-éireodh leob inniu ann, mara mbeadh airgead acub thugaidís uibheachaí ag a’ siopa agus gheobhadh siad tae agus siúcra, agus cuimhním go mbíodh boscaí móra tae, a’ bhfuil ’fhios a’d na boscaí adhmaid, boscaí, bhí siad chomh ard seo agus bhíodh muid a’ cur páipéar, páipéar nuachta timpeall ar chuile ubh, agus á chuir síos ansin, agus á chur síos ag Eddie Keane [siopa i nGaillimh] agus is minic a bhím a’ cuimhneamh, meas tú a’ mbíodh leath acub lofa.(gáire)I mean ní dhéanfá inniu é, chaithfeadh tú an dáta a bheith ar na h-uibheachaí, yeah.

PÁDRAIGÍN: Bhí, bhí go leor mná ag plé le uibheachaí nach raibh?....

MÁIRÍN: …. Bhuel bhí cearca ’s bhí muca ’s bhíodh chuile shaghas, d’fheicfeá na muca ar na bóithrí, bhíodh siad ag ithe agus daoine a’ piocadh neantógaí le tabhairt go na muca. Is dóigh go raibh sé go maith go na muca, is dóigh go mbeadh an fheoil go maith.

PÁDRAIGÍN: So is cuimhin leat é sin.

MÁIRÍN: Is cuimhin liom é sin.

PÁDRAIGÍN: Agus eh, so tá an-athrú tagtha ar an saol ó shin nach bhfuil ….

MÁIRÍN: …. Á tá, tá.

PÁDRAIGÍN: Ag caint faoi do athair anois, chuala mé go raibh sé ceangailte suas leis an eh, leis an Éirí Amach agus ….

MÁIRÍN: ….(Gáire) Ó bhí sé leis an Irish….

PÁDRAIGÍN: …. agus na Black and Tans agus chuile rud. Inis dom faoi, faoi Tom.

MÁIRÍN: Bhuel you see bhí (--) Ba as Droichead a’ Chláirín mo shean-athair agus bhí col ceathrachaí ag m’athair ansin ’s bhí uncail leis, Michael Fleming, agus bhí seisear mac aige sin, so bhí dar sin ar fad san Éirí Amach. So of course, bhí m’athair, is dóigh go raibh sé in éindí leob ach ní raibh sé, ní raibh sé sin san Éirí Amachjust bhí sé san IRA nó cébí céard a bhí ann. Níl fhios a’m cé mhéad eile, Bhí cúpla duine eile in Árainn. Bhí eh Seoige agus bhí Martin a’ Bhreathnaigh, thug siad leob Martin a’ Bhreathnaigh agus bhí siad a’ gabháil, gabháil á mharú ach em nuair a bhí na Black ’nTans a’ teacht, bhuel seod é a chuala mé mar ní chuimhnímse ar naBlack ’n Tans eh nuair a bhí siad ag teacht, an sáirsint, R.I.C is dóigh a bhí ann eh níor inis sé go na Black and Tans go raibh fuinneog ar an mbinn sa teach i nGort na gCapall agus nuair a thángadar, bhí m’athair imithe a chodladh thuas a’ staighre agus nuair a thángadar ag an doras ní, níor oscail mo mháthair an doras agus chuaigh m’aint Delia, sin máthair Brendan Hehir, rith sí sin suas a’ staighre a’ rá le m’athair go raibh na Black and Tans timpeall ar an teach ach ní dheachadar ag an mbinn mar ní raibh ’fhios acub go raibh fuinneog ann agus léim sé amach thríd an bhfuinneog ar an mbinn, agus thit sé i mbuaile beag a bhí taobh thiar ach baineadh an mheabhair as, mór is fiú gur baineadh mar bhí sé tití, ní raibh sé in ann éirigh agus (--) Nuair nár oscail sí an doras sách sciopaí, chuir siad bayonet thríd an doras. Bhí an scoilt sa doras ar feadh na blianta. D’imigh sé [a hathair] ansin nuair a dhúisigh sé, chuaigh sé siar na h-áiltreachaí, siar, bhuel chuaigh sé siar Cill Mhuirbhigh agus chuaigh sé go dtí teach Peter, Peter Stephen a bhí ar an bhfear, so d’éirigh sé sin agus thug sé éadach agus bróga is dóigh mar is dóigh na’ raibh bróig a’ bith air agus chuaigh sé siar eh Creig a’ Chéirín, níl ’fhios a’m cén fáth a ndeachaigh sé, siar tí Mhaggie Sheanáin agus d’éirigh sí sin, bhí sí, d’éirigh sí nach ea? [ag cuir ceist ar Treasa]- bhí sí a’ brionglóidí go raibh duine eicínt a’ teacht no rud eicínt, sin é dúradh liomsa, agus chuir sí síos an tine agus tháinig m’athair isteach so d’fhan sé ansin.

PÁDRAIGÍN: Bhí sé sin aisteach ….

MÁIRÍN: …. Nach bhfuil.

PÁDRAIGÍN: …. go raibh cineál brionglóid aici you know go raibh sé ag teacht….

MÁIRÍN: …. Sea, bhuel sin é dúradh liomsa, níl, bhuel sin é chuala mise ….

PÁDRAIGÍN: …. Agus cá raibh an ….?

MÁIRÍN: Delia [aint le Máirín] a bhíodh á rá liom agus ansin bhíodh eh (--) Bhuel chuaigh (--) Sula ndeachaigh na Black ‘n Tans suas Gort na gCapall, chuadar isteach ag mo mhamó, bhí siopa aici agus eh a’ bhfuil ’fhios a’d bhí siad a’ cuartú m’athair so arnú bhíos acub go maith cá raibh sé agus bhí cuid acub a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí siad a’ gabháil a’ réabadh ach dúirt sí go raibh an oifigeach a bhí ós a gcionn, bhfuil ’fhios a’d is dóigh gur, nach Black and Tan a bhí ann, gur san arm,so chuir sé amach iad yeah, ach eh ansin bhíos aici nuair a chuaigh dar isteach san teach i nGort na gCapall mar tháinig an mada anuas, rith an mada anuas ag mo mhamó, Bran a bhí air, a deir sí. Tháinig na Black ’n Tans cúpla babhta ina dhiaidh sin.

PÁDRAIGÍN: Chuala mé gur tháinig siad, yeah.

MÁIRÍN: Tháinig siad cúpla babhta ina dhiaidh sin, ach ....

PÁDRAIGÍN: …. Ar scrios siad na tithe, ar, an rinne siad mórán damáistelike?

MÁIRÍN: Bhuel níl ’fhios a’m ar rinne, tá ’fhios a’m gur thóg siad Martin a’ Bhreathnaigh agus bhí, cén t-ainm a bhí air em, a bhí sa Mainistir, mac le Mickey Larry (gaire), bhí sé ’gabháil ag an Aifreann Dé Domhnaigh agus dúirt siad leis a dhul ar ais, a dhul abhaile, ní ligfidís síos an bóthar é agus i leaba ’dhul abhaile sé ’n chaoi a raibh sé a’ gabháil faoi na claíochaí ’s Ar ndóigh bhí fear thuas ar an mbóthar agus chaith sé é, mharaigh sé é, yeah. Agus Ar ndóigh bhíodh eh, cén t-ainm a bhí ar an bhfear a bhí i gCreig an Chéirín? [cuireann sí an cheist ar Treasa] - fuair chuile dhuine acub bás le, le eitinn, Tom Pháidín, bhíodh sé i gCill Rónáin agus thagadh sé isteach anseo [isteach sa teach ag Máirín agus Éamon, a fear céile] agus bhíodh bullseyes [milseáin] ina phóca aige agus tobac agus chuile rud measctha thríob, gan iad i bpáipéar, thugadh sé a’msa nabulls eyes. So bhíodh sé ag inseach dúinn nuair a bhí naBlack ‘n Tans anseo go raibh sé a’ gabháil ar an aonach, níl ’fhios a’msa ar muca a bhí aige nó céard nó beithígh b’fhéidir, agus thoir ag an Aill Bhriste stop na Black ’n Tans é agus d’iarr Éamon de “agus céard dúirt siad”, dúirt siad “where go”(gáire)

PÁDRAIGÍN: Where go.

MÁIRÍN: (Gáire) “Where go,” “I go” … eh aonach ab ea a deir sé, sea is dóigh gur aonach a deir sé, agus dúirt siad “where” “I go fair,” deir sé. Dúirt sé “What fair,” “Fair na Féilte Beachlaiméid” (gáire) Féilte Beachlaiméid,so I mean (gáire) stop sé sin iad, ní raibh ’fhios acub beo céard a bhí sé a’ rá.

PÁDRAIGÍN: Bhí tú a’ rá faoi do athair … yeah

MÁIRÍN: Bhuel nuair eh, na laethanta ina dhiaidh sin ní théadh sé, ní bhíodh sé a’ codladh sa mbaile, bhí Liam [Ó Flaithearta], bhí sé sa mbaile ag an am, mo uncail Liam, so théadh sé sin in éindí leis agus théadh sé i bhfolach thiar faoi na h-altrachaí i n-áit eicínt so bhíodh Liam a’ faire amach go mbeadh ’fhios aige a’ raibh aon Black ‘nTans thart, yeah.

PÁDRAIGÍN: Agus eh, so bhí clú agus cáil ar d’athair ó thaobh, bhí siad ag lorg, bhí siad á lorg.

MÁIRÍN: Bhí ach Ar ndóigh tá mé a’ ceapadh gur mar gheall ar a chuid col ceathrachaí a bhí i Droichead a’ Chláirín.

PÁDRAIGÍN: Droichead a’ Chláirín, cén áit a bhfuil sé sin?

MÁIRÍN: Clarenbridge, yeah

PÁDRAIGÍN: Clarenbridge, Droichead a’ Chláirín Contae na Gaillimhe.

MÁIRÍN: Sea, ba as sin mo shean athair so bhíodh muid amuigh ansin chuile shamhraidh.

PÁDRAIGÍN: Bhí mo mhuintir féin eh páirteach in Óglaigh na hÉireann ….

MÁIRÍN: …. A’ raibh?....

PÁDRAIGÍN: .…i mBaile Átha Cliath….

MÁIRÍN: …. A’ raibh? Ach bhíodar seo, bhí chuile dhuine acub seo san IRA. Bhíodar i Frongoch. [sa Bhreatain Bheag]

PÁDRAIGÍN: So ar rugadh do athair i Droichead a’ Chláirín mar sin?

MÁIRÍN: Oh no níor rugadh. Tháinig….

PÁDRAIGÍN: …. Níor rugadh.

MÁIRÍN: Tháinig a, tháinig a athair isteach ag tógáil na Residences. Sé a thóg an ceann atá thoir i bhFearann a’ Choirce. Sin pictiúr de [pictiúr den Residence ar an mballa sa teach ag Máirín] agus eh ….

PÁDRAIGÍN: …. Ó clochadóir arbh ea bhí ann?

MÁIRÍN: Sea, clochadóir a bhí ina athair agus clochadóir a bhí ann fhéin freisin. Bhuel bhí sé ’a gabháil ar scoil ag na Jesuits i nGaillimh ar feadh scaitheamh ach…

PÁDRAIGÍN: So thóg sé an Residence ansin i Fearann a’ Choirce.

MÁIRÍN: I bhFearann a’ Choirce ….

PÁDRAIGÍN: …. Teach Michael King, arb ea nó …?

MÁIRÍN: Sea, ach tá mé ag ceapadh gurbh é a thóg iad ar fad, mar tháinig sé isteach….

PÁDRAIGÍN: ….“_____”….

MÁIRÍN: …. Yeah, agus (--) Phós sé mo mhamó.

PÁDRAIGÍN: An raibh siad tógtha go speisialta, na tithe sin?

MÁIRÍN: Le h-aghaidh múinteoirí. Ba leis na hEaspaig iad is dóigh.

PÁDRAIGÍN: Sin é an fáth go raibh residence curtha orthu.

MÁIRÍN: Sea.

PÁDRAIGÍN: Agus an bhfuil aon teach eile a bhfuil residence ….?

MÁIRÍN: ….Tá ceann i gCill Rónáin, is ann a bhí m’aint a’ maireachtáil, Delia, agus ceann anseo thoir, an áit atá Seán Ó Dioráin, deartháir Treasa, sin ceann eile, agus ceann i gCill Éinne.

PÁDRAIGÍN: Ceann le haghaidh chuile, chuile scoil.

MÁIRÍN: Le chuile scoil, sea.

PÁDRAIGÍN: So d’fhreastal tú mar sin ar scoil Fearann a’ Choirce.

MÁIRÍN: Fearann a’ Choirce, sea.

PÁDRAIGÍN: An raibh sé sin deacair nó ar thaitin an scoil leat? ….

MÁIRÍN: …. Bhuel roimhe seo bhí cheithre sheomra ann agus bhí dhá sheomra taobh thiar ag na cailíní, dhá sheomra taobh thoir ag na buachaillí, ach ansin nuair a thosaigh mise a’ gabháil ag a’ scoil bhí na cailíní agus na buachaillí le chéile so bhíodh Maggie Pheadair, ba as Gort na gCapall í, sí a bhí a’ múnadh na gasúir bheaga. Chaith naBlack ’n Tans lei sin mar bhí sí amuigh sa Spidéal nó áit eicínt agus níl ’fhios a’msa céard a bhí sí a’ dhéanamh, (gáire) bhuel bhí siad a’ rá gurbh é an chaoi a raibh sí a’ breathnú ar rud eicínt nár cheart dí a bheith a’ breathnú air, chaith siad í so ach níor, níor mharaigh siad í, níl ’fhios a’m cén áit, a cois nó rud eicínt. Sin í a bhí a’ múnadh na naíonáin agus bhí seomra mór eile taobh thiar dhe sin agus ansin bhí seomra folamh idir muide agus seomra na gasúir bheaga agus bhí muide san seomra mór, an seomra taobh thoir agus sa seomra eatorab sin, a’ bhfuil ’fhios a’d ag an am sin bhíodh builíní agus cócó agus im agus jam a’ teacht (gáire) sa scoil ….

PÁDRAIGÍN: …. Sa scoil.

MÁIRÍN: Sea, gheobhadh tú é ag am lón. So bhíodh beirt nó triúir a’inn curtha, bhíodh an-, thaitníodh sé sin thar cionn linn, dhul ag gearradh suas builíní ’s a’ cur im ’s jam orthub (gáire) ’s ag déanamh cócó agus ba as Luimneach an fear a bhí i mo mhúnadh sa.

PÁDRAIGÍN: Cé hé sin, cé bhí?

MÁIRÍN: Maloney

PÁDRAIGÍN: Maloney, Seán Ó Maoldomhnaigh arb ea?

MÁIRÍN: Sea, sea

PÁDRAIGÍN: Nach raibh sé sin an-tógtha don bhéaloideas, mar thóg sé páirt i Scéim na Scol?

MÁIRÍN: Ach bhí sé sin san Éirí Amach. Bhí mar, cén t-ainm a thabharfas tú orthub eh na treabhsair seo, aw cuimhneoidh mé arist orthub, a’ bhfuil ’fhios a’d bhíodh siad, cheapfá gur laces a bhíodh suas anseo iontub agus, Plus fours, sin é bhíodh air agus bhí sé a’ rá gur mar go raibh píosa iarainn istigh ina chois, mar caitheadh leis agus bhíodh sé, (gáire) Ar ndóigh bhíodh muide a’ gáirí faoi. (gáire)

PÁDRAIGÍN: Agus ba as Luimneach é

MÁIRÍN: Ba as Luimneach é agus bhíodh sé a’ tabhairt amach, bhíodh sé a’ rá nach raibh cuma ná caoi ar aon duine in Árainn, bogadáin a deir sé a bhí ionainn, ní raibh muid chomh maith le na mná i Luimneach a bhíodh thuas ar bhallaí Luimnigh, a’ caitheamh tarra anuas ar na Sasanaí in éindí le na gcuid fir. (gáire) Ó bhíodh muid le buile, (gáire)

PÁDRAIGÍN: Cén sórt duine ab ea é mar rinne sé an-obair go deo le haghaidh Roinn Bhéaloideas Éireann, le haghaidh an Coimisiún ….

MÁIRÍN: …. Ó rinne….

0PÁDRAIGÍN: .… ag an am, yeah?...

MÁIRÍN: …. Ó rinne, á bhí sé thar cionn, múinteoir iontach a bhí ann ach níor lean sé a’ bhfuil fhios a’d le, a’ bhfuil ’fhios a’d na rudaí a chaithfeas tú leannacht leob, déan é seo ar maidin agus é seo tráthnóna, a’ bhfuil ’fhios a’d rud a’ bith a thaitneodh leis fhéin.

PÁDRAIGÍN: Yeah.

MÁIRÍN: Yeah agus bhíodh sé, bhíodh sé ag inseach dúinn faoi, thabharfadh sé timpeall ar an mapa muid agus bhíodh sé ag inseach dúinn faoi chuile thír sa domhan agus cé iad na “____” agus cé iad seo (gáire), a’ bhfuil ’fhios a’d bhí sé iontach. D’fhoghlaim muid….

PÁDRAIGÍN: …. Bhí sé spéisiúil ar aon nós.

MÁIRÍN: Ar ndóigh bhí agus ansin laethantaí, théadh muid isteach agus bhíodh muid a’ rá á, ní raibh muid ag iarraidh a dhul ag obair inniu, so bhíodh muid ag iarraidh gramophone, so (gáire) chuirfeadh sé beirt a’inn siar ag an Residence agus thabharfadh muid aniar an gramophone agus an oiread seo records. Sin é a bhíodh a’inn ar feadh ’n lae, (gáire)

PÁDRAIGÍN: Nach raibh sé sin (gáire) Oideachas oscailte nó rud éigin ….

MÁIRÍN: …. Agus Ar ndóigh sea, bhí sé iontach, ach bhí sé (gáire)

PÁDRAIGÍN: Agus an raibh, an raibh sé ag lorg béaloideas, ar chur sé ceist oraibh go minic faoi ….

MÁIRÍN: …. Á bhíodh sé ….

PÁDRAIGÍN: .… piseogaí?

MÁIRÍN: Bhí

PÁDRAIGÍN: Nó aon rud mar sin?

MÁIRÍN: Bhí agus Ar ndóigh chuala muid an bhean sí a’ gabháil timpeall an scoil.

PÁDRAIGÍN: Chuala sibh an bhean, an bhean sí ….

MÁIRÍN: …. Sí, sea….

PÁDRAIGÍN: …. Abair, abair, inis dom faoi sin

MÁIRÍN: Bhuel bhí cailín, bhí sí a’ maireachtáil in aice le Tigh Chreig, an áit atá Thomas Mhaidhcil Tom anois, Mary McDonagh, sí a thug ar scoil mise agus Éinne, [deirfiúr Máirín] bhí sí níos sine ná muid, ba col ceathrar le

máthair Barbara í, Barbara O’Connell agus bhí sí an-mhaith ag a’ scoil,so chuir Seán Ó Maoldomhnaigh, chuir sé suas ar scoil í i Béal

Átha na Muice, Swinford agus eh nach bhfuair sítyphoid fever ansin.

PÁDRAIGÍN: Typhoid?

MÁIRÍN: Yeah, agus chuir siad abhaile í. So cuireadh abhaile í agus eh, ó bhí sí thar a bheith go dona agus bhíodh an sagart a’ gabháil siar aici, so tháinig an sagart isteach sa scoil an lá seo agus dúirt sé go raibh sé cinnte go raibh sí básaithe anois mar go raibh na coinnle lasta agus bhí sé thar éis an ola dheireanach a chuir uirthi agus d’imigh sé agus an chéad (gáire) rud eile, d’airigh muide mar bheadh duine a’ gabháil timpeall an scoil a’ caoineadh agus of course bhí muid uilig ag iarraidh a dhul a’ breathnú thríd a’ bhfuinneog ach ní ligfeadh sé amach, ’s Ar ndóigh ní ligfeadh sé amach aon dhuine a’inn, dúirt sé go bí an bhean sí a bhí ann, níl ’fhios a’msa ab í nó nach bí, (gáire)

PÁDRAIGÍN: Ach chuala sibh í.

MÁIRÍN: (Gáire) Ach ní bhfuair sí [Mary] bás, dúirt sí gur tháinig an Mhaighdean Mhuire aici agus go dhúirt sí léi go raibh obair le déanamh aici, go gcaithfeadh sí breathnú i ndiaidh sean dhaoine agus ceart go leor bhí sí a’ breathnú ina ndiaidh, bhí.

PÁDRAIGÍN: An raibh sí ina banaltra nó…?

MÁIRÍN: Ní raibh no, bhí sí pósta le Tom Phaidí. No, níl ’fhios a’m ar in Árainn a rugadh í ach bhí dreabharachaí léi i Meiriceá, rugadh i Meiriceá iad agus thug a máthair, nuair a tháinig a máthair anall, is dóigh gur rugadh in Árainn í, níl ’fhios a’m ar rugadh in Árainn í ach nuair a bhí a máthair a’ gabháil ar ais bhí sí ag iarraidh í a thabhairt ar ais léi ’s ní ligfeadh a mamó ná a daideo ar ais í, so d’fhan sí in Árainn ’s bhí a cuid dreabharachaí i Meiriceá ’s bhíodh sí a’ fáil litreachaí uathab ’s Ar ndóigh bhíodh muide a’ cheapadh gur iontach an rud a bheith a’ fáil litreachaí ó dhuine eicínt i Meiriceá (gáire).

PÁDRAIGÍN: Ag an am sin go h-áirithe

MÁIRÍN: Sea, sea. yeah.

PÁDRAIGÍN: But eh so bhí tusa ag freastal ar an sean scoil, nach raibh an sean scoil .…

MÁIRÍN: …. Ar an sean scoil sea bhí, bhí ….

PÁDRAIGÍN: .… ar an taobh eile den bhóthar ní an áit a bhfuil sí anois ….

MÁIRÍN: …. Bhí, bhí agus bhíodh an oiread seo crainnte curtha aige, bláthannaí, bheadh muid amuigh, a’ glanadh suas, gort-ghlanadh agus bheadh sé ag inseach dúinn ainmneachaí na bplandaí uilig agus na crainnte agus (--) Á bhíodh sé a’ múineadh eh science dhúinn, bhíodh mercury aige agus bhíodh sé a’ rá go dtabharfadh sé leath-choróin go aon dhuine (gáire) a bheadh in ann breith ar an mercury (gáire)

PÁDRAIGÍN: Tá ’fhios a’m, tá cuimhne maith agat bail ó Dhia ort.

MÁIRÍN: Agus bhíodh sé a’ déanamh fíon.

PÁDRAIGÍN: Fíon, an raibh?

MÁIRÍN: Sea, lá eile….

PÁDRAIGÍN: …. Seán Ó Maoldomhnaigh ….

MÁIRÍN: .… sea thabharfadh sé, ag a’ scoil a dhéanfadh sé é, eh, cén t-ainm a bhí air? - Bees Wine

PÁDRAIGÍN: Fíon, fíon beathach nó fíon ….

MÁIRÍN: …. Sea ach níl ’fhios a’m cén fáth ar tugadh Bees Wine air mar ní raibh baint ar bith ag na beacha leis agus thugadh sé dhúinn é, braon le n-ól (gáire) ansin agus (gáire) deireadh sé linn cuid a thabhairt siar, bhí cait aige, so thugadh muid go na cait é agus bhíodh muid a’ déanamh amach go raibh na cait ar meisce, (gáire).

PÁDRAIGÍN: So tá, tá cuimhne maith agat ar an scoil.

MÁIRÍN: Ó bhuel thaitnimh, bhí sé iontach a’ bhfuil ’fhios a’d, ba duine é, chaithfeadh tú cuimhneamh air.

PÁDRAIGÍN: So bhí sé do do mhúineadh ….

MÁIRÍN: …. Nó go raibh mé i rang a sé.

PÁDRAIGÍN: Rang a sé.

MÁIRÍN: Agus ansin d’imigh mé.

PÁDRAIGÍN: Yeah.

MÁIRÍN: Cuireadh ar scoil mé, Ar ndóigh is dóigh gur peata a bhí ionam.

PÁDRAIGÍN: Cá ndeachaigh tú ansin?

MÁIRÍN: Eh, bhí gaolta le (--) An fear a bhí pósta le m’aint, Paddy Hehir, bhí, i gContae, as Contae. an Chláir, so dúirt sé le m’athair mé a chur go Miltown Malbay agus cuireadh ansin mé, ach a’ bhfuil ’fhios a’d sé an chaoi ar, ní raibh dar ach a’ tosaigh ar scoil cónaí ’s ní raibh ann ach áit, áit bheag a bhí ann, so cuireadh isteach i hotel mé agus is ann a bhí na múinteoirí a’ fanacht agus a’ bhfuil ’fhios a’d, ba é an chéad uair a bhí mise imithe as, as an oileán [déanann sí osna] agus bhí m’athair ag obair i nGaillimh, bhí sé ag obair le Stewart nó rud eicínt agus of course bhínn a’ scríobh litreachaí aige agus a’ rá [osna eile] (--) Bhíodar go h-álainn a’ bhfuil ’fhios a’d, bhíodh dar á dtabhairt síos ag a’ trá agus a’ rá, “sure feicfidh tú Árainn as seo”. “Ní fheicfidh”. [a bhíodh Máirín ag rá ina hintinn féin] ….

PÁDRAIGÍN: …. Bhí tú, an raibh tinneas baile ort, beagán nó …?

MÁIRÍN: Bhí agus you know ní raibh mé in ann a bheith (--) ’Bhfuil ’fhios a’d b’fhearr liom ná rud ar bith, b’fhearr liom á mbeinn sa scoil,

a’ bhfuil ’fhios a’d, a’ fanacht le na cailíní eile, atleast

PÁDRAIGÍN: Tá ’fhios a’m.

MÁIRÍN: Ach bhí múinteoirí sa scoil agus chaithfeadh tú a bheith a’ bhfuil ’fhios a’d (gáire) So tháinig sé aníos [a h-athair] agus bhí a’ bhfuil ’fhios a’d deartháir Paddy Hehir, bhí sé a’ rá “ba chóir dhuit í a fhágáil san áit a bhí sí” agus thug sé Gaillimh mé agus bhí sé (--) Bhíodh mo mhamó, bhíodh sí a’ fáil rudaí ó Eddie Kane, a’ bhfuil ’fhios a’d siopa, is uaidh d’fhaigheadh sí na rudaí a bhíodh sí a dhíol sa siopa agus bhí beirt dreabhar aige sin na’ raibh pósta chor ar bith, so bhíodh muid i gcónaí isteach acub agus bhí m’athair istigh agus dúirt sé go raibh sé a’ gabháil mé a chuir go Taylor’s Hill so bhí mé fhéin go breá, bheadh sé sin i nGaillimh

PÁDRAIGÍN: So chuaigh tú go Taylor’s Hill ansin?

MÁIRÍN: Sea ach no mar dúirt dreabhar Eddie Kane “No, ná cuir ansin í, ní fhoghlaimeoidh sí tada ansin ach le bheith a’ marcaíocht ar chaiple (gáire). Ó bhí mé baintí, so “cuir go Tuaim í” [ a dúirt deirfiúr Eddie Kane] Clochar na Trócaire….

PÁDRAIGÍN: …. Agus cén clochar atá i Milltown Malbay, ceann Spáinneach arb ea, a bhí tú ag caint air?....

MÁIRÍN: …. Sea, ní chuimhním cén t-ainm a bhí orthub.

PÁDRAIGÍN: An raibh siad i Sráid na, an raibh siad i MilltownMalbay nó an raibh siad i Roinn na Spáinneach?

MÁIRÍN: Á Spanish Point.

PÁDRAIGÍN: Roinn na Spáinneach

MÁIRÍN: Sin é anois é, sea.

PÁDRAIGÍN: Sea, mar tá an Clochar ann i gcónaí.

MÁIRÍN: Tá yeah

PÁDRAIGÍN: Níl ’fhios a’m cén ord atá ann.

MÁIRÍN: Ní eh, meas tú ar Blue Nuns nó …

PÁDRAIGÍN: Níl ’fhios a’m..

MÁIRÍN: Yeah, bhí dar go deas

PÁDRAIGÍN: Cé chomh fada, cé chomh fada ar fhan tú ansin i Roinn na Spáinneach?

MÁIRÍN: Á ní raibh mé ansin ach cúpla mí is dóigh.

PÁDRAIGÍN: Cúpla mí.

MÁIRÍN: Yeah

PÁDRAIGÍN: Agus ansin d’athraigh tú go dtí Gaillimh, agus ansin go Tuaim.

MÁIRÍN: Clochar na Trócaire i dTuaim.

PÁDRAIGÍN: Clochar na Trócaire.

MÁIRÍN: So, ní raibh mé ach bliain ansin mar cuireadh isteach sa rang seo mé agus dúradh go raibh mé a’ déanamh scrúdú, ní raibh ’fhios a’msa cén sort scrúdú, le dhul go Tuar Mhic Éadaigh. Chaithfeadh tú an scrúdú a fháil is cuma, chaithfeadh tú an scrúdú a dhéanamh agus íoc air freisin. Ach ehso fuair mé isteach i Tuar Mhic Éadaigh so bhí mé cheithre bliana ansin.

PÁDRAIGÍN: I Tourmakeady..

MÁIRÍN: I Tourmakeady (gáire)

PÁDRAIGÍN: So bhí tú thart alright (gáire)

MÁIRÍN: (Gáire) Agus ansin chuir muid isteach (--) Chuile dhuine a bhí i dTuar Mhic Éadaigh, a’ bhfuil ’fhios a’d bhí muid ag iarraidh a dhul Blá Cliath, ag an coláiste oiliúna i mBlá Cliath agus of course bhí an iomarca a’ gabháil isteach Blá Cliath, so chuile dhuine as Gaillimh, cuireadh go Luimneach iad agus cuimhním nuair a chuaigh muid go Luimneach, chuir sí fáilte roimh chuile dhuine a chuir isteach ar (gáire) Luimneach agus eh so fágadh muide amuigh.

PÁDRAIGÍN: So bhí tú ansin i Luimneach ansin.

MÁIRÍN: Bhí muid i Luimneach ar feadh ….

PÁDRAIGÍN: …. Agus rinne tú do teacher training ansin arb ea?....

MÁIRÍN: …. Sea, sea.

PÁDRAIGÍN: Agus cén chaoi a raibh an, an coláiste sin?

MÁIRÍN: Ar ndóigh bhí sé, is dóigh go raibh sé alright, ach eh a bhfuil ’fhios a’d ní bheadh chúig ’óiméad a’d le dhul ó rang amháin, nólecture nó cébí céard a bhíodh siad a’ thabhairt, chaithfeadh tú rástáil síos a’ staighre, síos ag do locker agus of course ar an bpointe agus a d’osclóinnse mo locker thiteadh chuile leabhar (gáire) amach ar an urlár (gáire). Bhí chuile dhuine chomh dona céanna liom agus a’ rástáil chuile áit, ní bhíodh dhá nóiméad a’d le rud a’ bith a dhéanamh. Bhíodar an- (--) Dhá mbeadh tú a’ gabháil amach ansin, bhuel bhíodh muid a’ rá go mbíodh bean rialta thuas sa bhfuinneog go mbeadh ’fhios aici a’ raibh miotógaí orainn, hata agus an raibh an líne i do chuid stocaí síos [díreach]. Sin é a bhíodh muid a’ rá, níl ’fhios a’m a’ raibh siad chomh dona sin (gáire).

PÁDRAIGÍN: So agus ansin, tháinig tú ar ais go hÁrainn, bhí tú ag, ag múineadh anseo ansin.

MÁIRÍN: Eh no bhí mé a’ múineadh i gCaisleán Uí Chonaill, Castleconnell

PÁDRAIGÍN: Castleconnell wow, an raibh tú ag múineadh anseo riamh?

MÁIRÍN: …. Ní raibh ach just ….

PÁDRAIGÍN: …. Ní raibh.

MÁIRÍN: Ar ndóigh nuair a phós mé ansin, phós mé, so ….

PÁDRAIGÍN: …. So b’éigean ….

MÁIRÍN: .… b’éigean ….

PÁDRAIGÍN: .… duit an obair a thabhairt suas….

MÁIRÍN: …. yeah, a thabhairt suas.

PÁDRAIGÍN: So cé chomh fada a raibh tú ag, ag múineadh mar sin?

MÁIRÍN: Ní raibh mé a’ múineadh ach an t-achar a bhí mé i Castleconnell, bhí mé is dóigh, níl ’fhios a’msa a’ raibh mé leath bhliain, bhí an cogadh ar siúl ag an am mar cuimhním gur tháinig Éamon síos ar cuairt a’m agus d’fhan sé seachtain i Castleconnell (gáire) ….

PÁDRAIGÍN: …. Do fhear céile, an ea?

MÁIRÍN: …. Sea, bhuel ní raibh muid pósta ag an am ….

PÁDRAIGÍN: No ach cén chaoi ar chas tú ar do fhear céile?

MÁIRÍN: Bhí muid ag damhnsa thoir Tí Smyth, a’ bhfuil ’fhios a’d Smyths, a’ bhfuil ’fhios a’d an áit atá Wynn? [Teach Wyn agus Mike Kelly i gCill Rónáin] Bhuel trasna uaidh sin bhí teach ann, Smyths a bhí air.

PÁDRAIGÍN: Smyths.

MÁIRÍN: Yeah agus bhíodh damhnsaí aici go minic, bhí seomra mór millteach ann, so bhí damhnsa ann, so sin é an áit ar casadh orm é ….

PÁDRAIGÍN: …. A chas sibh ar a chéile, agus an raibh tú i Tourmakeady ag an am nó an raibh tú .…?

MÁIRÍN: …. Á bhí mé i Luimneach, sula ndeachaigh mé go Luimneach,actually yeah.

PÁDRAIGÍN: So bhí tú óg go leor nuair a chaith sibh súil ar a chéile.

MÁIRÍN: (Gáire) Yeah agus ansin nuair a bhí muid a’ teacht (--) An cailín a bhí in éindí liom i Luimneach (gáire) Máire Ní Chonghaile atá uirthi agus nuair a bhí muid a’ teacht gon traein i nGaillimh a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí dhá mhála mór aici agus níl ’fhios a’msa céard a bhí a’msa agus deir mé lei “A Mháire beidh mise a’ pósadh” (gáire), thit an dá mhála (gáire) as a láimh (gáire) Deir sí “céard” [le iontas] (gáire).

PÁDRAIGÍN: So thit sibh i ngrá anyway?

MÁIRÍN: Yeah.

PÁDRAIGÍN: So eh agus ní cleamhnas a bhí i gceist?....

MÁIRÍN: …. Ó no no no….

PÁDRAIGÍN: …. Ach bhí go leor cleamhnais ar an oileán ag an am, nach raibh?

MÁIRÍN: Ó bhí, bhí go leor.

PÁDRAIGÍN: So eh, so ansin phós sibh agus cén bhliain ar phós tú Máirín?

MÁIRÍN: Eh ceathracha dó ab ea, á ní raibh, ní raibh bainis ar bith a’inne. Bhí dhá rothar a’inn, so bhí mé a’ rá an t-amhrán ba cheart a bheith a’inn ná “Bicycle made for two” (gáire)

PÁDRAIGÍN: Bhí dhá rothar agat, agaibh agus cár phós sibh mar sin?

MÁIRÍN: In Eochaill.

PÁDRAIGÍN: In Eochaill.

MÁIRÍN: Sea.

PÁDRAIGÍN: Séipéal Eochla.

MÁIRÍN: Séipéal Eochla sea agus sheas mo dhreabhar liomsa, Eithne, agus sheas Anthony Tony, athair Barbara, Barbara O’Connell le Éamon mar ba cairdí mór iad agus

PÁDRAIGÍN: Ní raibh aon duine eile ann?

MÁIRÍN: No ní raibh, Ar ndóigh ní bhíodh Aifreann ar bith ann,just pósadh, sin é é.

PÁDRAIGÍN: Ní raibh aon Aifreann?

MÁIRÍN: Ó ní bhíodh Aifreann a’ bith ag an am sin.

PÁDRAIGÍN: Ag an am sin.

MÁIRÍN: Oh no just le gairid a thosaigh an tAifreann, yeah, ní bhíodh ann ach just ghabhfá isteach agus....

PÁDRAIGÍN: …. Agus beannacht, an raibh an sagart á dhéanamh.

MÁIRÍN: Ó bhí.

PÁDRAIGÍN: Bhí, bhí.

MÁIRÍN: Bhí, Fr. Killeen, go deimhin níor thaitnimh sé liom ach (gáire)

PÁDRAIGÍN: An tAthair Killeen, bhí sé anseo i bhfad nach raibh?

MÁIRÍN: Bhí, bhí, tá mé a’ ceapadh gur tógadh i mbosca [cónra], i mbosca é (gáire).

PÁDRAIGÍN: But phós sibh ar aon nós agus ....

MÁIRÍN: …. Phós muid agus tháinig muid anoir anseo.

PÁDRAIGÍN: An raibh aon bricfeasta like, bainis agaibh?

MÁIRÍN: ’S ar ndú, no níor inis muid go aon dhuine é.

PÁDRAIGÍN: Ar inis sibh tar éis an bhinis é?

MÁIRÍN: Tháinig muid anoir anseo agus bhí ár mbricfeasta féin a’inn agus bhí eh agus is dóigh, ní raibh ’fhios ag aon dhuine gur phós muin, nó go bhfaca siad mise amuigh ar an tsráid. Is dóigh go raibh siad a’ déanamh amach (gáire) go raibh muid eh nach raibh muid pósta chor ar bith, go bé an chaoi a raibh muid a’ maireachtáil le chéile (gáire).

PÁDRAIGÍN: (Gáire) Ach eh so, so an raibh, an raibh aon duine i

gcoinne do phósadh like? Cén fáth“____+”

MÁIRÍN: Bhuel, no ní raibh m’athair ag iarraidh go bpósfainn, mar bhí sé ag iarraidh go, bhuel sé an, bhí sé a’ ceapadh go bhfaighinn scoil, bhí scoil faighte a’m, mar fuair m’aint a bhí thuas i dTír Eoghain, fuair sí scoil dhom, Droichead Átha feictear dom agus b’fhearr leis á dtógfainn an scoil agus go ngabhfadh sé féin a’ maireachtáil in éindí liom, ach (gáire) cár fhág tú an grá.

PÁDRAIGÍN: So d’imigh sibh ar aghaidh ar aon nós.

MÁIRÍN: D’imigh muid ar aghaidh, á ach fuair sé mór linn aríst.

PÁDRAIGÍN: Agus eh cé, cé méad gasúir a bhí agat ar fad?

MÁIRÍN: Bhuel bheadh trí dhuine dhéag gasúir ach dhá duine dhéag, a’ bhfuil ’fhios a’d ….

PÁDRAIGÍN: …. Bhí tú ag rá gur, gur cailleadh an, bhí twins agaibh ….

MÁIRÍN: …. Sea twins ar an dara, Máirtin, agus Angela agus twin .

PÁDRAIGÍN: So eh just ag caint faoi, eh faoi na nósanna ag baint le breith clainne ag an am, cár, cár saolaíodh do, do linbh?

MÁIRÍN: Anseo, sa teach seo, sa seomra thuas ansin agus dochtúir ….

PÁDRAIGÍN: …. Cé, cé bhí ann ag breathnú i do dhiaidh like, nuair a bhí tú

ag iompar cén chaoi a raibh sé ag an am le bean ag iompar, an raibh nósannalike ag baint le, ní raibh sí .…?

MÁIRÍN: Ó ní raibh cead a’d (--) Cuimhním cailleadh duine eicínt thiar Tí Mhicilín agus chuaigh mé siar ann, a’ bhfuil ’fhios a’d, ag an tórramh agus tháinig Bríd Rua a’m agus deir sí “a Mháirín, níor cheart duitse a bheith anseo, ba cheart duit a dhul abhaile”. (gáire)

PÁDRAIGÍN: Bhí nós ann alright

MÁIRÍN: Bhí, nach bhfeadfá bheith ag tórramh nó áit a bheadh duine básaithe, níl ’fhios a’m cén fáth.

PÁDRAIGÍN: Ná fiú amháin sa reilig

MÁIRÍN: Sea yeah.

PÁDRAIGÍN: Ar dhúirt sí cén fáth nó ?

MÁIRÍN: Ní dhúirt, just nár cheart dom a bheith ann ach Ar ndóigh cheap mise gur seafóid a bhí uirthi (gáire)

PÁDRAIGÍN: Agus eh aon, aon nósanna eile like ag, ag baint le bean ag iompar nó aon rud?

MÁIRÍN: No níl ’fhios a’m go raibh.

PÁDRAIGÍN: Agus an raibh bean cabhrach ag teacht isteach ag breathnú i ndiaidh, ort nó aon duine nuair a bhí tú ag iompar .…?

MÁIRÍN: …. Ní raibh ….

PÁDRAIGÍN: …. An raibh an dochtúir ….

MÁIRÍN: .… an gceapann tú go ngabhfá ag dochtúir a’ Bhrianaigh agus a rá leis go raibh tú [ag iompar], déarfadh sé cé l’ haghaidh a bhfuil tú a’ teacht a’msa. (gáire) Ní raibh creideamh a’ bith aige sin a bheith (gáire)

PÁDRAIGÍN: So bhí dochtúir Ó Brian anseo ag ….

MÁIRÍN: …. Bhí, ach ní thiocfadh sé ach amháin nuair a bheadh an leanbh le teacht ar an saol, sin an t-am a thiocfadh sé.

PÁDRAIGÍN: So ar tháinig sé nuair a bhí tú ag ….

MÁIRÍN: …. Ó tháinig, tháinig

PÁDRAIGÍN: An raibh áit speisialta le haghaidh an, an, nuair a bhí tú ag breith, ag, ag breith?

MÁIRÍN: No ní raibh just

PÁDRAIGÍN: An raibh leaba speisialta nó aon rud mar sin?....

MÁIRÍN: …. Ní raibh, no, just do leaba féin.

PÁDRAIGÍN: Bhí mé ag caint le bean eile ar an oileán agus bhí sí a’ rá bhí fhios ag daoine ón bhfarraige cén t-am ….

MÁIRÍN: …. Ó sea, bhíodh mac Mhicilín, bhíodh sé anseo agus bhíodh sé a’ rá le Éamon cén (--) mar gheall air nuair a bhíodh an taoile, níl ’fhios a’msa ar a’ teacht isteach nó a’ gabháil amach, sin é an t-am a thiocfadh an páiste ar an saol, ní chuimhním, rud eicínt mar sin.

PÁDRAIGÍN: Yeah nuair a bhíodh an taoile ag teacht isteach, yeah.

MÁIRÍN: Isteach sea yeah

PÁDRAIGÍN: Agus eh cad mar gheall ar an phian, ar thug siad aon rud duit le haghaidh pian nó labour pain nó aon rud mar sin?

MÁIRÍN: Níor thug.(gaire)

PÁDRAIGÍN: Bhí sibh ag fulaingt mar déarfá (gáire)

MÁIRÍN: (Gáire) Níor thug, an t-aon rud amháin a chuala mé é a’ rá lá amháin, dúirt sé nuair a rinne Dia mná níor rinne sé ceart iad, (gáire) mar go raibh siad a’ fulaingt an iomarca. Níor (gáire)

(--) Sin a deir sé.

PÁDRAIGÍN: Agus ag an am nach raibh (--) An raibh aon nós like go, go mba mhó you know leanbh fireann a bheith ag duine?You know ….

MÁIRÍN: …. Bhuel níl ’fhios a’m.

PÁDRAIGÍN: Nó an raibh sé sin ann?

MÁIRÍN: Bhuel ní raibh sé a’msa ar aon nós.

PÁDRAIGÍN: An raibh sé ag do fhear chéile like nó aon rud mar sin?....

MÁIRÍN: …. Ní raibh, no, ní raibh.

PÁDRAIGÍN: Níor mhiste leis no

MÁIRÍN: Níor mhiste

PÁDRAIGÍN: Agus bhíomar ag caint faoin baiste urlár níos luatha.

MÁIRÍN: Yeah.

PÁDRAIGÍN: Is, is cuimhin leat é sin.

MÁIRÍN: Ó is cuimhin liom mar bhí Mary, máthair Barbara, bhí sí anseo in éindí liom agus, bhuel thagadh sí anoir so ….

PÁDRAIGÍN: …. Máthair Barbara Anthony….

MÁIRÍN: …. Barbara Anthony yeah, bhuel bhí mé ar scoil, chuaigh an bheirt a’inn ar scoil in éindí so bhíodh muid in éindí i gcónaí agus ba as Gort na gCapall í freisin, yeah.

PÁDRAIGÍN: Tá a fhios agam, tá sí beo i gcónaí

MÁIRÍN: Tá, tá, bhí mé istigh inné aici.

PÁDRAIGÍN: An raibh?

MÁIRÍN: Yeah.

PÁDRAIGÍN: Agus eh inis dom faoin baiste urlár, bhí tú a’ rá go raibh (--) Nuair a bhí do linbh ….

MÁIRÍN: …. Sea….

PÁDRAIGÍN: .… bhí cúpla agat agus ….

MÁIRÍN: …. Yeah, bhí sí ….

PÁDRAIGÍN: …. Inis dom faoi sin.

MÁIRÍN: Bhuel bhí sí an-lag agus dúradh nach maireadh sí ach bhí (--) An t-aon uair amháin a chuimhním sneachta a bheith in Árainn, bhí sneachta ’s ní raibh an jaunt a bhí ag Éamon, ní fhéadfá a dhul amach leis, ní fhéadfá Angela ná í féin a thabhairt soir ag a’ séipéal le í a bhaiste, so bhaist Mary an páiste, so báistíodh Angela ansin aríst.

PÁDRAIGÍN: Tá ’fhios a’m.

MÁIRÍN: Yeah.

PÁDRAIGÍN: Agus an raibh aon focal speisialta a’ gabháil leis an baiste sin?

MÁIRÍN: Ní raibh, just baistim thú, in ainm an Athair agus an Mhic ‘s an Spiorad Naomh.

PÁDRAIGÍN: Agus an raibh sé sin (--) An raibh tusa sásta leis sin?

MÁIRÍN: Bhí, bhí, bhí.

PÁDRAIGÍN: Yeah, agus eh cad mar gheall ar em (--) Cailleadh an leanbh óg sin ….

MÁIRÍN: …. Cailleadh yeah….

PÁDRAIGÍN: .… go ndéana Dia grásta uirthi ….

MÁIRÍN: …. Agus ní raibh ….

PÁDRAIGÍN: …. Cén t-ainm a bhí uirthi

MÁIRÍN: Ann, Ann, Ann Íde.

PÁDRAIGÍN: Ann Íde.

MÁIRÍN: Níl ’fhios a’m cén fáth ar thug mé Íde, Naomh Íde yeah.

PÁDRAIGÍN: Cár cuireadh í nuair a cailleadh í?

MÁIRÍN: Thíos sa reilig

PÁDRAIGÍN: Sa reilig anseo in Eoghanacht ….

MÁIRÍN: …. Sea, sea

PÁDRAIGÍN: Na Seacht dTeampaill. Mar tá Reilig na Leanbh anseo.

MÁIRÍN: Ah no ….

PÁDRAIGÍN: …. Reilig na bpáistí ….

MÁIRÍN: …. No ach ní raibh, ní raibh sagart ná tada ann, cuimhním go bé m’athair agus Éamonn agus is dóigh Anthony, agus em níl ’fhios a’m cé eile, is dóigh mac Mhicilín. An t-am sin you see, eh bheadh tú ar an leaba an fhaid seo thar éis páiste a bheith a’d, níl ’fhios a’m cén fáth.

PÁDRAIGÍN: An bhfuil aithne agat ar daoine a raibh linbh acub curtha sa reilig na bpáistí? ….

MÁIRÍN: …. No, ní raibh ach Ar ndóigh an bhfuil ’fhios a’d, bhí mise chomh fada imithe as Árainn a’ bhfuil ’fhios a’d, dhéanfainn dearmad.

PÁDRAIGÍN: Tá siad ar an taobh eile ar aon nós den oileán tá, tá yeah.

MÁIRÍN: Tá, tá.

PÁDRAIGÍN: Yeah, go raibh míle maith agat as ucht sin. Just rud amháin, bhíomar ag caint faoi an pósadh agus eh bhí cleamhnas, now ní raibh cleamhnas agatsa ….

MÁIRÍN: …. No.

PÁDRAIGÍN: …. ach just nach raibh rud éigin faoi cuireadh cosán ….

MÁIRÍN: …. Ó bhí, (gáire)….

PÁDRAIGÍN: …. le h-aghaidh bainis go ginearálta?....

MÁIRÍN: …. Bhuel, bhuel (gáire) dhá dtiocfadh duine ag a’ teach a’d, agus a rá, cuireadh a thabhairt duit ar an mbainis, bhuel bhí sé sin ceart, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhuel bhí tú, bheadh sé sin an-ardnósach so d’fheadfá a dhul. Dhá gcasfaí ar an mbóthar dhuit duine, [agus cuireadh a thabhairt] bheadh sé sin a’ bhfuil ’fhios a’d is dóigh, bhuel ní thabharfá aon chuireadh dhom murach gur casadh, casadh ar an mbóthar thú, so sin cuireadh cosán, ní bheadh tú an-sásta a dhul (gáire) ag an mbainis.

PÁDRAIGÍN: Oh right, nach raibh rud éigin faoi nuair a phós bean, nár bhriseadar ….

MÁIRÍN: …. Cáca (gáire)….

PÁDRAIGÍN: …. (Gáire) Cáca, inis dom faoi sin.

MÁIRÍN: (Gáire) Bhuel níl ’fhios a’msa mórán faoi, ach go bhfuil ’fhios a’m go mbíodh Baba Rua á rá, gur briseadh cáca ar, ar a cloigeann, nuair a chuaigh sí isteach sa teach, an bhfuil ’fhios a’d, teach a fir.

PÁDRAIGÍN: Tar éis an pósadh ….

MÁIRÍN: …. Tar éis an pósadh sea, nuair a bheadh sí a’ gabháil isteach, sin é an fáilte a chuirfí roimpi, is dóigh.

PÁDRAIGÍN: Le ádh, ádh a thabhairt

MÁIRÍN: Sea.

PÁDRAIGÍN: Yeah.

MÁIRÍN: Sea.

PÁDRAIGÍN: Agus cad mar gheall ar em Éirí Amach, nach raibh rud éigin?

MÁIRÍN: Á bhí, tar éis (--) Ní fheadfá a dhul abhaile ansin go ceann míosa [tar éis pósadh] so nuair a bhíodh an mhí thart d’fheadfá a dhul abhaile, sin Éirí Amach.

PÁDRAIGÍN: So bhí Éirí Amach sa teach do, do athair nó do mháthairyeah?

MÁIRÍN: Sea, sea.

PÁDRAIGÍN: Sin a bhí i gceist acu, yeah, yeah

MÁIRÍN: Sea.

PÁDRAIGÍN: An raibh occasionparty ansin?

MÁIRÍN: Bhuel ní dhearfainn, ní dhearfainn go raibh, no just go ngabhfá ….

PÁDRAIGÍN: …. Eirí Amach (gáire)….

MÁIRÍN: …. ar ais abhaile (gáire).

PÁDRAIGÍN: Éirí Amach, agus eh so go raibh maith agat, agus is cuimhin leat an caoineadh a bhíodh….?

MÁIRÍN: …. Ó is cuimhin liom a bheith thíos sa reilig agus cuimhním a bheith i tithe a bheadh duine leagthaí amach ann, bhuel bheifí dhá chuir sa gcónra is dóigh agus bhíodh caoineadh, bhíodar iontach, feictear domsa. Ach chuir Fr. Killeen deireadh leis, is dóigh go raibh sé a’ rá nár cheart a bheith a’ caoineadh nuair a chaillfí duine, níl ’fhios a’m.

PÁDRAIGÍN: Is cuimhin leat iad anseo, ’sna Seacht dTeampaill?

MÁIRÍN: Sea, is cuimhin

PÁDRAIGÍN: Agus ar, ar chaoin siad gach duine ag an am like you know …. ?

MÁIRÍN: …. No, no ….

PÁDRAIGÍN: …. go dtí gur chuir sé deireadh leis?

MÁIRÍN: No an duine, an duine a bhí, an duine a bhí dhá chuir …

PÁDRAIGÍN: …. Yeah but ….

MÁIRÍN: .… agus an duine a bhí, is dóigh a bhí dhá thabhairt amach as an teach, nó níl ’fhios a’m, sula gcuirfí sa gcónra é b’fhéidir, tá ’fhios a’m go mbídís ag caoineadh, mná, mná caointe.

PÁDRAIGÍN: Agus cén bean speisialta a bhí dhá dhéanamh, an bhfuil cuimhne a’d aon ainmneacha?

MÁIRÍN: Meas tú an raibh bean as Creig a’ Chéirín, cén t-ainm a bhí uirthi, ní chuimhním, tá ’fhios a’m gur, feicim iad (gáire) ach ní chuimhním ar a gcuid ainmneachaí anois.

PÁDRAIGÍN: Agus eh an ….

MÁIRÍN: …. Ach bhí sé an- a’ bhfuil ’fhios a’d bhí sé, ceol a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí ceol a’ baint leis, sóirt caoineadh, b’fhéidir nach raibh sé (gáire), nach raibh sé an-deas, scanródh sé thú, is dóigh, scanródh sé gasúir….

PÁDRAIGÍN: …. Yeah, yeah agus cén chaoi a raibh sé nuair a chuir sé stop leis an rud, an raibh sé sin, ar chuir sé ….

MÁIRÍN: …. Isteach ar na daoine?

PÁDRAIGÍN: Yeah na daoine.

MÁIRÍN: Is dóigh nár thaitnimh ach Ar ndóigh ag an am sin, rud a’ bith a deireadh an sagart dhéantá é nó dhéanadh daoine é (gáire) ach amháin cuid a’inn.

PÁDRAIGÍN: Yeah yeah, agus an raibh an caoineadh, an caoineadh déanta sa séipéal? Ní raibh sé in aon chor.

MÁIRÍN: Á no

PÁDRAIGÍN: No just sa teach, nó sa reilig.

MÁIRÍN: Ach meas tú a’ mbíodh, a’ mbíodh Aifreann a’ chor a’ bith ann? Ag an am, fadó, ní bhíodh tá mé a’ cheapadh. Tá mise a’ cheapadh nach mbíodh.

PÁDRAIGÍN: Nuair a cailleadh duine, bhí sagart ann?

MÁIRÍN: Ó bhí sagart ann, bhí neart sagairt ann….

PÁDRAIGÍN: …. An féidir leat, an raibh Aifreann, an gceapann tú nach raibh?

MÁIRÍN: Ní chuimhním, ní chuimhním ar sin.

PÁDRAIGÍN: Agus is cuimhin leat chomh maith leis sin na sean-éadaí a bhí thart anseo, an raibh na sciortaí dearga ar do mhuintir agus rudaí mar sin? (gáire)

MÁIRÍN: (Gáire) Ní raibh, ní raibh. Cuimhním nuair a bhí muid a’ gabháil ag a’ scoil bhíodh eh naprúin bheaga, sóirt rudaí geala, bhí siad, bhí siad ormsa, agus bhí siad ar Mhary O’Brien [cara lei] agus ribíní beaga trasna anseo iontub, níl fhios a’m cé l’aghaidh.

PÁDRAIGÍN: An cuimhin leat na pampooties agus …?

MÁIRÍN: …. Oh yeah ní raibh, ní raibh siad sin orainn, bhíodh mo mhamó a’ díol pampooties, a’ bhfuil ’fhios a’d, a’ díol an leathar, más leathar é.

PÁDRAIGÍN: Yeah

MÁIRÍN: Bhíodh sí á ndíol agus

PÁDRAIGÍN: Agus cá fuair siad an leathair?

MÁIRÍN: An leathar, Ar ndóigh chuirtí, nuair a mharófaí beithíoch, chuirtí ’n bealaigh [go dtí an mór thír] an craiceann is dóigh agus dhéanfaí rud eicínt leis agus thiocfadh sé ar ais aríst agus ghearrtá amach píosaí agus bhíodh siad ’á ndíol sa siopa, níl ’fhios a’m feictear dom gur scilling a bhíodh air (gáire) mar cuimhním gur dhúirt, níl ’fhios a’msa cé dúirt le mamó, dúirt sé "á is daor iad” go raibh sé an-daor ar aon nós agus dúirt sí “bhuel is faide a sheasfaidh sé ná an scilling” (gáire).

PÁDRAIGÍN: Bhuel, sul a chríochnóidh muid, ar féidir leat just cúpla focal a rá liom faoi, tá tú gaolta le Liam Ó’ Flaherty.

MÁIRÍN: Ó sea, sin é m’uncail, deartháir le mo mháthair

PÁDRAIGÍN: Ó Gort na gCapall.

MÁIRÍN: Sea ó Gort na gCapall.

PÁDRAIGÍN: Agus eh cén, cén sórt cuimhne atá agat air, an raibh sé mar uncail, an raibh sé …?

MÁIRÍN: Ar ndóigh bhíodh sé imithe an chuid is mó gon, gon bhliain ach nuair a thagadh sé ansin bhíodh sé thuas i nGort na gCapall agus Ar ndóigh bhíodh muide thuas freisin, bhí Alice mo chol ceathair, agus mé fhéin agus Éinne, agus amantaí Brendan [Hehir]. Bhíodh sé a’ scríobh agus thugadh sé leath-choróin an duine dhúinn, díreach le imeacht as a bhealach (gáire).

PÁDRAIGÍN: Tá sé sin ar fheabhas, (gáire) mar bhí sibh ag déanamh an iomarca torann.

MÁIRÍN: Torann yeah, ó bhí agus a iníon fhéin Pegeen, Pegeen, bhí sí sin in éindí linn freisin, so d’imíodh muid siar Port Bhéal a’ Dún, ’s bhíodh an-time a’inn agus théadh muid síos ag Mamó ag a’ siopa, ’s cheannaíodh muid (gáire) cheannaíodh muid, eh shóinseáladh muid an leathchoróin i gcaoi is go bhfaigheadh muid tríocha pingin agus bhreathnaíodh sé níos, bhí muid níos saibhre!

PÁDRAIGÍN: Agus ar tháinig a bhean chéile in éineacht leis?

MÁIRÍN: Ó thagadh, ó bhí sí sin an-deas. Barrington a bhí uirthi, Margaret Barrington, aunt Topsy a bhíodh muid a thabhairt uirthi, níl ’fhios a’m cén fáth¸ á bhí sí sin go hálainn mar thugadh sí, bhíodh muid, an-áthas orainn nuair a bhíodh sí sin a’ teacht mar thugadh sí leabhra a’inn, William, na leabhra William, ó cheap muinn go raibh dar go h-álainn,

níor léigh tú riamh iad? Rudaí Sasanach iad ar ndú, ehWilliam, William the Good, William the Bad,William something (gáire) agus bhíodh Alice agus mé fhéin agus Éinne agus Pegeen, bhíodh muid a’ ligeann orainn fhéin gur muid William, agus Ethel agus Mrs. Brown agus (gáire) thuas i nGort na gCapall agus thugadh sí dolls a’inn, so thaitníodh linn í sin a fheiceáil a’ teacht .

PÁDRAIGÍN: Yeah, agus eh céard a ghlaodh sibh ar Liam, Uncail Liam?

MÁIRÍN: Liam, Willie.

PÁDRAIGÍN: Willie, Uncail Willie arbh ea?

MÁIRÍN: Sea Uncail Willie a bhíodh muid a’ thabhairt air, yeah,yeah, ach léadh sé, nuair a thagadh muid ar ais, léadh sé, bhuel ní dúinne a bhíodh sé á léamh is dóigh, is dóigh gur go aunt Annie ach thaitníodh liomsa a bheith ag éisteacht leis á léamh agus Ar ndóigh is dóigh nár thuig mé focal amháin. (gáire) Bheadh sé a’ léamh píosa a bheadh scríofa aige, a’ bhfuil ’fhios a’d b’fhéidir caibidil, ach thaitnimh liom a bheith ag éisteacht leis, le na ghlór, a’ bhfuil ’fhios a’d. Ach Ar ndóigh bhí a chuid leabhra uilig léite a’msa mar bhíodh siad, bhí siad bannedof course, an bhfuil ’fhios a’d bhíodar go dona, mar dhea, ní raibh tada mí-cheart leob, ach bhíodh siad faoin mattress ag m’athair ach Ar ndóigh fuair mise amach iad, so nuair a théinn ag a’ tobar ag iarraidh buicéad uisce, thugainn an leabhar liom agus bhínn thuas (gáire) i mo shuigh thuas ar an aill, thuas ag Tobar Bhuile Bhródúil agus bhínn á léamh ansin, ach Ar ndóigh tá mé cinnte go raibh ’fhios aige go maith go mbínn á dtógáil.

PÁDRAIGÍN: Agus ba iontach an scríbhneoir a bhí, ba iontach an scríbhneoir ….

MÁIRÍN: …. Á bhí sé, bhuel bhí a chuid gearr-scéalta go h-an-, go h-álainn ….

PÁDRAIGÍN: …. Gearr scéalta, agus bhí sé an-gharr don nádúr, nach raibh?

MÁIRÍN: Á bhí, bhí.

PÁDRAIGÍN: Agus an ndeachaigh sé ar, ar eh go áiteanna speisialta chun a bheith ag smaoineamh ar na scéalta, nó ar fhan sé sa, sa seomra leaba nó aon rud mar sin chun an rud a chumadh?(gáire)

MÁIRÍN: (Gáire) Níl fhios a’m ach, níl ’fhios a’m, arnú tá ’fhios a’m nuair a thagadh sé go mbíodh muintir Ghort na gCapall, bhuel na sean fhir a’ gabháil i bhfolach air ar fhaitíos go mbeadh siad i leabhar (gáire) aige.

PÁDRAIGÍN: An raibh siad bródúil though as, ar deireadh, as an méid a rinne sé?

MÁIRÍN: Ach níl fhios a’m mar a’ bhfuil ’fhios a’d bhíodh m’aint, máthair Brendan Hehir bhí sí a’ múineadh i gCill Rónáin agus bhíodh sí a’ léamh, a’ bhfuil

’fhios a’d, léadh sí, a’ bhfuil ’fhios a’d na gearr-scéalta.I mean ní raibh tada mí cheart leob sin, bhí dar go h-álainn, ní raibh tada mí-cheart le leabhar a’ bith a scríobh sé, ní raibh tada mar tá sa trash a bhíonns inniu ann agus eh is cosúil go raibh na gasúir á inseacht sa mbaile agus cé bí cén máithreachaí, cheap siad, a’ bhfuil ’fhios a’d nár cheart a bheith a’ léamh scéalta Liam Ó’Flaithearta agus chuaigh siad ag Father Killeen ag clamhsán so eh, chuir sí, níl ’fhios a’m arbh é Father Killeen nó Father Egan, ní chuimhním, Sagart Paróiste eicínt ar aon nós agus ansin nuair a tháinig na misinéirí - na Redemptorists - dúirt sé leob a dhul síos ag mo aint sa scoil agus a rá, a’ bhfuil ’fhios a’d, gur múinteoir iontach a bhí inti, agus go raibh sí a’ cuir amú a saoil in Árainn, go bhfaigheadh sí scoil i bhfad ní b’fhearr, a’ bhfuil ’fhios a’d dá n-imeodh sí go Gaillimh,so dúirt sí leob a dhul ar ais ag Father Egan agus a rá leis nach raibh ann ach cuckoo agus go mbeadh sí fhéin anseo, nuair a bheadh seisean imithe, rud a b’fhíor dhi.(gáire)

PÁDRAIGÍN: Agus tá tú gaolta le Brendan [Hehir] chomh maith.

MÁIRÍN: Col ceathair liom Brendan.

PÁDRAIGÍN: Col ceathrar, mac do ?

MÁIRÍN: Mo aint

PÁDRAIGÍN: Sin deirfiúr do ?

MÁIRÍN: Mo mháthair.

PÁDRAIGÍN: Do mháthair arís

MÁIRÍN: Yeah, yeah

PÁDRAIGÍN: Ar an taobh sin arís a bhí sibh gaolta le Liam chomh maith.

MÁIRÍN: Yeah, yeah

PÁDRAIGÍN: An bhfuil cuimhne maith agat ar Brendan, ar chaith tú mórán ama leis?

MÁIRÍN: Ó chaith mé (gáire)

PÁDRAIGÍN: Nuair a bhí sibh óg.

MÁIRÍN: Bhuel, nuair a bhí muid óg an bhfuil ’fhios a’d bhíodh muid thoir, i gcónaí thoir tí, ag m’aint agus bhíodh muid a’ tabhairt, bhuel bhíodh muid a’ breathnú ina dhiaidh nuair a bhí sé óg agus i ndiaidh Máirín agus Enda agus Mairéad [deirfiúracha agus dearthár le Brendan]

PÁDRAIGÍN: Bhí an scríbhneoireacht aige fhéin, nach raibh?

MÁIRÍN: Ó bhí, á bhí Brendan iontach, bhí sé an-deas, duine an-deas.

PÁDRAIGÍN: Go ndéana Dia grásta air. Bhuel go raibh míle míle maith agat ….

MÁIRÍN: …. (Gáire) Bhuel níl ’fhios a’m ….

PÁDRAIGÍN: Agus tá tú a’ gabháil amach go Meiriceá, cá bhfuil tú a’ gabháil amárach go “___+” spéisiúl?

MÁIRÍN: Eh á bhuel níl mé a’ gabháil amárach, níl mé ach a’ gabháil go Gaillimh.

Beidh mé a’ fágáil Dé Máirt, a’ gabháil go, bhuel stopfaidh mé iBoston ar feadh cúpla lá agus ansin gabhadh mé ar aghaidh goSt. Lewis. Bhuel St. Louis a thabharfainnse air ach dúradh linn gur St. Lewis a thugann siad air.

PÁDRAIGÍN: Agus cén, cén gaol atá agat ansin?

MÁIRÍN: Mo iníon, an iníon is óige, Deirdre.

PÁDRAIGÍN: An ndeachaigh aon duine de do chomhluadar féin like seachas, seachas do chlann féin, like do chol ceathracha go Meiriceá agus rudaí mar sin, an bhfuil?

MÁIRÍN: Eh tá, tá daoine i Meiriceá nach bhfaca mé riamh, a’ bhfuil ’fhios a’d, aintíní liom, ach Ar ndóigh ansin ní fhaca mo mháthair iad riamh, tá, chuaigh triúr deirfiúrachaí le mo mháthair, na triúr ba sinne, Mary agus Maggie agus Kate, chuadar go Meiriceá, níor tháinig dar ar ais riamh yeah , yeah

PÁDRAIGÍN: Agus an raibh teagmháil eadoraibh agus .…?

MÁIRÍN: …. Ó bhuel, ní raibh.

PÁDRAIGÍN: Like litreacha ….

MÁIRÍN: …. I mean, á is dóigh go raibh le, le na mátháireachaí, ach ansin cailleadh mo mháthair sa an-óg, so ní raibh.

PÁDRAIGÍN: Ar chas tú leob riamh?

MÁIRÍN: No, ach tháinig a gclann anseo agus thug siad seolta dhom ach bheadh Alice, [col ceathrar le Máirín] bheadh fhios aice níos mó fúb, mar bhfuil ’fhios a’d bhí Alice, rugadh i Meiriceá í ach I mean b’fhéidir nach gcuimhneodh sí orthub ach bheadh ’fhios aici cá ’l dar.

PÁDRAIGÍN: An dtaitníonn Meiriceá leat, bhí tú ann go minic, nach raibh?

MÁIRÍN: Bhuel bhí mé i Boston cúpla babhta agus bhí mé iMinneapolis ag mac le mo iníon atá pósta ansin.

PÁDRAIGÍN: Agus nach bhfuil em gaol sort of speisialta idir Árainn agus Meiriceá ar bhealach, tá chuile dhuine gaolta le duine éigin.

MÁIRÍN: Ó tá, tá go mór-mhór i Boston ach níl a fhios a’m cén fáth a ndeachaigh Deirdre, bhuel tá ’fhios a’m cén fáth a ndeachaigh sí, mar bhíodar ag iarraidh uirthi ’dhul in éindí leob, na daoine a bhí sí ag obair acub, so chuaigh sí go St. Lewis. St. Louis a bhí mise a’ thabhairt air nó go, síneadh leabhar a’m agus “notpronounced St. Louis, its pronounced Lewis” agus bhí mé a’ rá, agus ansin tá statue mór go Naomh Louis thuas ar chapall agus sin Naomh Louis.

PÁDRAIGÍN: Naomh Louis?

MÁIRÍN: Sea so bhí mé a’ rá cén fáth, (gáire) cén fáth é sin.

PÁDRAIGÍN: But anyway go n-éirigh leat ar do thuras ….

MÁIRÍN: …. Ó, go raibh maith a’t.

PÁDRAIGÍN: … agus feicfidh muid thú i Mí Bealtaine

MÁIRÍN: (Gáire) Yeah

PÁDRAIGÍN: Dhá mhíle agus a h-aon, le cúnamh Dé.

MÁIRÍN: Yeah (gáire)

PÁDRAIGÍN: Go raibh míle maith agat.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.