Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00010

Taifeadadh
BBAF.00010
Formáid
MiniDisc
Fad
45:49
Dáta
21 Feabhra 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Iaráirne
Bailitheoir
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Faisnéiseoir
Anna Bean de Búrca
Eolas cartlainne
MD 18 Anna Bean de Búrca. Anna Burke as Inis Meáin. Clann; Scoil; Máistir D'Arcy; Caitheamh aimsire; Screaga (Cluiche a d'imir páistí); Cuartaíocht; Damhsa; Mac Giolla Chríost; Ag déanamh éadaí; Bróga; Monaracha Stocaí; Lá Fhéile Bríde; Brídeog; Breith Chlainne; Cleamhnas; Pósadh.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00010
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

ÁINE: Inniu an fiche haonú lá de Feabhra sa mbliain 2001. Tá mé anseo inniu i dteannta le Anna Burke as Iaráirne agus rugadh agus tógadh Anna in Inis Meáin. Anois Anna cérbh as do athair agus do, do mháthair?

ANNA: As Inis Meáin iad.

ÁINE: An bheirt acub?

ANNA: Sea.

ÁINE: A’ raibh mórán clann sa teach agaibh?

ANNA: Dreabharahaí agus deartháireachaí?

ÁINE Sea.

ANNA: Naonúr.

ÁINE: Naonúr, ó Bail ó Dhia oraibh.

ANNA: Ceathrar, ceathrar deartháir déarfainn a bhí a’m agus cúigear dreabhar ….

ÁINE: …. Cúigear dreabhar.

ANNA: Sea. Níl aon duine beo anois ach mé féin.

ÁINE: Sea.

ANNA: Cailleadh an dreabhar is sine a’m anuraidh, a’ bhfuil ’fhios a’d. “___+” ….

ÁINE: …. Á go ndéana Dia grásta uirthi.

ANNA: Máire sea, bhí sí sin eh ninety one. Comhaois le t-athair mórán.(gáire)

ÁINE: A’ b’ea?

ANNA: Sea, bhí sí ninety one caite nuair a cailleadh í….

ÁINE: …. Sea, bhuel sin é.

ANNA: Beidh sí bliain anois caillte san Aibreán.

ÁINE: Agus ar imigh mórán go do chuid deartháireacha agus dreabharachaí as Inis Meáin?

ANNA: D’imigh, ach níor imigh mise in aon áit riamh go háirid (gáire). D’fhan mé sa mbaile i gcónaí.

ÁINE: Nach raibh tú chomh maith céanna as.

ANNA: Bhí. Cailleadh mo mháthair, ní raibh sí ach fifty years nuair a cailleadh í….

ÁINE: …. Arb shin é?

ANNA: Sé.

ÁINE: Agus cén áit a chuaigh do chuid deartháireachaí agus dreabharachaí?

ANNA: Bhuel, bhí dreabhar a’m thíos i Roscommon, bhí dreabhar liom i Meiriceá agus dearthár, cailleadh dearthár liom cúpla bliain ó shin, bhí sé pósta ag eh aint go Anna Beatty.

ÁINE: Sea.

ANNA: Salla Sheáin Mhaggie a thugaidís uirthi. Bhí Pádraic ansin, bhí sé sin san arm, aimsir a’ chogadh, nuair a bhí an cogadh ann.

ÁINE: Agus ar tháinig sé ar ais [go Inis Meáin]

ANNA: Tháinig ar bhealach ach chuaigh sé eh (--) níor tháinig sé ansin as “___+” ach thoir, nuair a (sos) chríochnaigh siad san arm. Chuir seisean isteach ar a bheith ina warder.

ÁINE: Ó sea.

ANNA: Ós cionn príosún, daoine a bheadh a’ tabhairt aire go dhaoine sa bpríosún. Tháinig sé abhaile ansin samhradh amháin a’ bhfuil ’fhios a’d, agus d’imigh sé ansin, coicís déarfainn a chaith sé sa mbaile nó rud eicint, d’imigh sé ansin aríst, ’s bhíodh muid a’ súil le litir chuile lá, chuile lá, chuile lá uaidh. Bhí coicís caite déarfainn sul ma scríobh sé ’s bhí sé istigh san ospidéal. Chaith sé bliain san ospidéal. TB a bhí air agus ní raibh aon leigheas ar an TB an t-am sin.

ÁINE: M hm.

ANNA: Cailleadh óg é a’ bhfuil ’fhios a’d

ÁINE Sea.

ANNA: Ní raibh sé ach thirty one nuair a cailleadh é.

ÁINE: Á, cailleadh go leor daoiní an t-am sin go hóg….

ANNA: …. Á cailleadh, cailleadh.

ÁINE: Cailleadh, go ndéana Dia grásta orthub. Cén aois a bhí tú anois nuair a chuaigh tú ag a’ scoil?

ANNA: Is dóigh go raibh mé cheithre bliana go háirid, is dóigh, níl ’fhios a’m cén aois a bhífí an t-am sin ar ndú.

ÁINE: Agus a’ gcuimhníonn tú cén múinteoir a bhí a’d, nó máistir?

ANNA: Bhuel tá ’fhios a’m go raibh máistir Darcy, “___”, sé a bhí a’m ar deireadh go háirid ach eh bhí múinteoir eile ansin ann ach ní chuimhním anois cén t-ainm a bhí uirthi. Tá ’fhios a’m go raibh sí thoir i dteach (sos) Tí Thomáis Mhóir a thugadh muid air.

ÁINE: Agus ab shin strainséirí anois a tháinig?....

ANNA: …. Ó sea strainséara a bhí inti, ach bhí sé seo pósta thoir, máistir Darcy. Bhí sé pósta ag nurse a bhí thoir agus sí a bhíodh ag obair thoir, an nurse a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus cérbh as í an nurse, ar as an oileán í?

ANNA: Níorbh ea, as an taobh amuigh [mórthír] í.

ÁINE: Á sea.

ANNA: Cailleadh ansin cúpla bliain ó shin í.

ÁINE: M hm, agus a’ raibh mórán gasúir a’ gabháil ar a’ scoil an t-am sin?

ANNA: Óra bhí gasúir go leor a’ gabháil ….

ÁINE: …. A’ raibh?

ANNA: Bhí múis agus bhí máistrí géar an t-am sin freisin, (gáire) ní h-é fearacht anois go háirid é….

ÁINE: …. Ní hé.

ANNA: (Gáire) Bhí muid a’ fáil neart slapannaí ….

ÁINE: …. Hm ….

ANNA: …. agus chuile rud an t-am sin.

ÁINE: Agus a’ mbíodh mórán obair baile agaibh?

ANNA: Óse bhíodh an t-am sin Ar ndóigh mar bhí an saol bocht Áine an t-am sin a’ bhfuil ’fhios a’d. Tá ’fhios a’m anois na blianta deireanacha a’ bhfuil ’fhios a’d, ní chuimhním nuair a bhí mé i mo ghasúirín beag ar dtús ach nuair a thagadh muid abhaile tráthnóna á mbeifí a’ baint fataí nó ag cur fataí, chaitheadh muid a dhul amach le tae

ÁINE: Sea.

ANNA: ar a’ ngarraí a’ bhfuil ’fhios a’d acub .…

ÁINE: …. Tar éis na scoile.

ANNA: Sea, thar éis na scoile ’s chuile rud. Bhíodh muca ’s chuile nídh an t-am sin ann ’s a’ baint neantógaí go mhuca agus chuile rud. Ó bhí, bhí, bhí obair mhór anois ann.

ÁINE: Bhí, ach bhí na daoine sásta leob féin ina dhiaidh sin, nach raibh?....

ANNA: …. Ó bhí, bhí agus bhí na sean daoine sásta freisin a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Bhí.

ANNA: Bhí, is ann a chuaigh mo dheaide ansin a’ bhfuil ’fhios a’d. “____+” a chuaigh sé sin isteach sa teach a’inne a’ bhfuil ’fhios a’d, sea.

ÁINE: Ó mar sin ….

ANNA: …. Bhí mo mháthair sa teach, phós sé isteach ansin mo mháthair ….

ÁINE: …. Hm ….

ANNA: …. a’ bhfuil ‘ fhios a’d, phós.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú anois cén aois a d’fhág tú an scoil aige?

ANNA: Bhuel, is dóigh (--) tá mé a’ ceaptha gur fhág mé an scoil is dóigh ceathair déag cheapainn.

ÁINE: Hm, bhíodh daoiní a’ gabháil ag a’ scoil níos deireanaí an t-am sin, nach mbíodh, ag a’ scoil náisiúnta? ….

ANNA: …. Bhíodh, bhíodh.

ÁINE: Meas tú cén fáth é sin?

ANNA: Ach á mbeadh mise a’ gabháil ag a’ scoil go brách Áine, ní thógfainn [fhoghlaimeoinn] aon cheo (gáire).

ÁINE: Ó muise nach shin é an chaoi a raibh sé, níl aon duine ag iarraidh tada a thógáil ag an aois sin.

ANNA: (casacht) Agus eh, ach tá ’fhios a’m anois gur isteach a chuaigh mo dheaide a’ bhfuil ’fhios a’d. Cailleadh mo mhaime a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea, sea.

ANNA: Cailleadh óg í an créatúr agus chuile shóirt….

ÁINE: …. Bhí sé crua.

ANNA: Bhí sé crua, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí.

ÁINE: Agus bhí clann mór agaibh ann freisin.

ANNA: Bhí, ach go raibh an clann scaipthí, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí chuile dhuine an-scaipthí. Cailleadh dearthár eile liom, ní raibh sé ach ocht mbliana déag ….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: …. nuair a cailleadh é. Bhí sé sin imithe ag obair i Mayo. Níl ’fhios a’m ar fuacht nó céard a fuair sé ….

ÁINE: …. Sea….

ANNA: …. go bhfóire Dia orainn, ach cuireadh anuas ag an ’ospital é, bhí mo dhreabhar thuas an t-am sin ann ….

ÁINE: …. Sea….

ANNA: …. agus sí a thug anuas é.

ÁINE: Agus a’ raibh gaolta eicínt i Maigh Eo agaibh?

ANNA: Ní raibh, ag obair ag feilméara a bhí sé, a’ bhfuil ’fhios a’d, sea. Ach bhí siad a’ rá go raibh sé óg nuair a, go raibh sé ró-óg nuair a d’imigh sé, go raibh an obair an-mhór ag a’ bhfeilméara….

ÁINE: …. Sin é an rud.

ANNA: Go raibh siad a’ cheapadh gur obair trom a bhí aige, níl ’fhios a’m anois, b’fhéidir nach é is ciontach a’ chor ar bith leis ach (--) ba bhé an dara duine is óige é, ba bhé a bhí romhamsa. Mise an duine is óige gon family.

ÁINE: Agus a’ mbíodh d’athair ag iascach?

ANNA: Ó bhíodh, ní raibh mo dhearthár a bhí sa teach, ach cheithre bliana déag - d’aire mé dhá rá é - nuair a chuaigh sé amach an chéad lá riamh ag iascach in éineacht le m’athair.

ÁINE: Sea, cén sórt meas tú iasc a bhídís a dhéanamh [a iascach]

ANNA: Ó, bhídís ag iascach langaí anois agus rudaí mar sin amach san Earrach.

ÁINE: Sea.

ANNA: An t-am seo go bhliain anois, Ar ndóigh bhíodh na haimsireachaí breá an t-am sin agus chuile rud.

ÁINE: M hm.

ANNA: Nuair a thagadh an Fómhair, amach [ag] marú breams agus dhá ndíol ansin, nuair a thagadh an mhóin isteach fadó as Conamara, dhá díol leis na báid mhóna a’ bhfuil ’fhios a’d. Ní mórán gon airgead a bhíodh ann an t-am sin a’ bhfuil … chaithfí a bheith a’ saoradh le iascach nó a’ saoradh le rud eicínt an t-am sin, ag iarraidh a bheith a’ baint punt amach.

ÁINE: M hm. A’ mbíodh aon chluichí agaibh tar éis an scoil nó cén sórt spraoi a bhíodh sibh a’ dhéanamh?

ANNA: Bhíodh muid féin a’ déanamh bhfolach agus rudaí beaga mar sin, crowd a bhíodh ar a’ mbaile a’inn ….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: …. a’ bhfuil ’fhios a’d. Abair anois, tá ’fhios a’d Sarah Gill thiar [i gCill Rónáin] anois, a cuid dreabharachaí sin, an chuid is sine acub.

ÁINE: Sea.

ANNA: Bhíodh muid ag imirt screaga.

ÁINE: Ab ea?

ANNA: Sea, (gáire) lá báistí

ÁINE: Sea.

ANNA: nuair nach mbeadh muinn in ann a dhul amach in áit a’ bith eile.

ÁINE: Hm, agus ar ….

ANNA: …. Bhíodh, agus a’ déanamh teachíní beaga, dollannaí a’inn agus rudaí ’s chuile rud mar sin mar ní raibh aon cheo eile ann an t-am sin Áine a’ bhfuil ’fhios a’d, ní raibh radio, ní raibh television ann, chaithfeadh muid imeacht in áit eicínt ansin a dhul a’ déanamh rud eicínt.

ÁINE: A’ mbíodh daoine ag teacht isteach sa teach agaibh ag inseach scéalta?

ANNA: Bhíodh, neart daoine thoir sa teach a’inn. Is iomaí babhta a chaithfinn a dhul amach sa teach comharsa taobh amuigh dínn ar cuairt, in áit a bhíodh an teaghlach lán.

ÁINE: Bhídís ag caint agus ….

ANNA: …. Bhíodh caint, scéalta ’s rud ann, sea a’ léamh scéalta as leabhair am t-am sin. Bhíodh, bhíodh.

ÁINE: Is dóigh nuair a bhíodh daoine fásta a’ caint an t-am sin, chuiridís na gasúir amach as a’ teach, nach gcuireadh?

ANNA: Ó chuireadh, ní raibh siad ag iarraidh, ní raibh siad ag iarraidh aon ghasúir a fhágáil istigh go háirid go mbeidís a’ piocadh suas céard a bheifí a’ rá.

ÁINE: (Gáire) Agus a’ mbíodh sibh ag imirt chártaí?

ANNA: Bhuel ní raibh mise ag imirt anois, ní raibh, níor imir mise aon chárta riamh.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú nuair a rinne tú do chéad Chomaoineach?

ANNA: Níl ’fhios a’m anois faoin gcéad Chomaoineach, nach aisteach an rud anois é.

ÁINE: Sea, an rinne tú sa sean séipéal é, nó an raibh an séipéal nua ann?....

ANNA: …. Ó sa sean séipéal. An séipéal nua a bhí ann nuair a chuaigh mé faoi láimh Easpag.

ÁINE: A’ rinne tú do láimh Easpag in Inis Meáin?

ANNA: Rinneas, rinneas.

ÁINE: Á.

ANNA: Sin é an t-am a beannaíodh an séipéal thoir.

ÁINE: Mar roimhe sin chaithfidís a theacht anoir go hÁrainn, nach gcaithfeadh, le láimh Easpag a dhéanamh?

ANNA: Á ina dhiaidh sin, bhí mé féin abhus nuair a bhí siad a’ gabháil go hÁrainn á dhéanamh, bhíos. An bhliain a ndeachaigh mise faoi láimh Easpaig, sin í an bhliain a beannaíodh an séipéal. Sin í an bhliain a phós niece liom í, iníon le mo dhreabhar í.

ÁINE: Sea.

ANNA: Tá sí pósta ag Pádraig Ó Coistealbhadh.

ÁINE: Á sea, m hm.

ANNA: Peige Costello atá uirthi, bhuel atá anois uirthi ach Conneely a bhí roimhe sin uirthi.

ÁINE: M hm.

ANNA: Níl ’fhios a’m ar i July a bhí an t-Easpag ann, mar tá ’fhios a’m go raibh an t-oileán lán an t-am sin as Inis Oírr …

ÁINE: Sea.

ANNA: …’s bhí dar soir as seo agus chuile rud, a’ beannú an séipéal.

ÁINE: Ó sea.

ANNA: Sé an t-Easpag a bheannaigh é, sé.

ÁINE: Agus a’ ndeachaigh daoiní as seo faoi láimh Easpag in Inis Meáin an t-am sin nó …?

ANNA: Á ní dheachaigh, ach soir mar gheall ar ag oscailt an séipéal é, hm.

ÁINE: Agus cén fáth ar athraigh siad ansin, gur thosaigh muintir an dá oileán eile a’ teacht anoir go Inis Mór le dhul faoi láimh Easpaig?

ANNA: Níl ’fhios a’m, níl ’fhios a’m féin é sin anois, cén fáth ar athraigh dar. Tá ’fhios a’msa an bhliain go háirid a raibh mé féin faoi, gur sean Easpag a bhí ann.

ÁINE: Sea.

ANNA: Ach tá ’fhios a’m go raibh muid thoir ag a’ gclaí, thoir ag a’ slip roimhe, an dream a bhí ag dul faoi láimh Easpaig,….

ÁINE: …. M hm ….

ANNA: …. go raibh ordú dúinn a bheith thoir, mar bhí sé sean, ní raibh sé in ann siúl anoir, a’ bhfuil ’fhios a’d.(gáire)

ÁINE: Á sea.

ANNA: Ní raibh tada an t-am sin ann, carr ná tada (gáire) ach tá ’fhios a’m .…

ÁINE: …. Cén chaoi ar thug sibh anoir é?....

ANNA: .… tá ’fhios a’m gur anoir ar chapall a tháinig sé agus tá ’fhios a’m gur amhlaidh a cuireadh suas ar an gcapall thoir ag an gcladach (--) soir (--) bhí an fear ansin ar leis an capall.

ÁINE: Hm.

ANNA: Bhí sé sin i ngreim sa gcapall, a’ bhfuil ’fhios a’d

ÁINE: Sea.

ANNA: ar fhaitíos (--) bhuel bhí cúpla duine ansin i ngreim san Easpag freisin, a’ bhfuil ’fhios a’d, is dóigh gurb shin é an chaoi ar tháinig sé anoir go háirid, cuimhním ar sin.

ÁINE: Agus a’ raibh, is dóigh go raibh chuile dhuine san oileán thíos roimhe.

ANNA: Ó bhí.

ÁINE: Lá mór a bhíodh ann, nach ea an t-am sin.

ANNA: Á ba bh’ea an t-am sin, ba bh’ea agus bhí an lá chomh breá, ba mhór an spóirt é. Cuimhním gur amuigh taobh amuigh a bhí muid, ag dul faoi láimh Easpag, a bhífar a’ cur na gceisteannaí [ceisteanna Teagasc Críostaí] orainn, ní ionann agus anois, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE ; M hm.

ANNA: Ní shin é an chaoi ar chor ar bith atá sé anois agus a bhí sé an t-am sin.

ÁINE: Agus bhíodh éadach nua orthaí an lá sin is dóigh, speisialta ….

ANNA: …. Bhíodh, bhíodh agus tá ’fhios a’m gurb í mo dhreabhar a chuir éadach a’m le mo ghúna.

ÁINE: Hm, agus gúna bán ab ea a bhíodh orthaí?

ANNA: Ní hea, ní hea, gúna éadach anois a gheofá sa siopa. Bhuel, bhí sé seo bán anois ach bhí ruidíní beaga dubh ag imeacht ann.

ÁINE: Á

ANNA: Séard a bhí ann – cineál crepe nó rud eicínt.

ÁINE: Sea.

ANNA: Ach tá ’fhios a’m nuair a bhí muid a’ gabháil anoir an bóthar go raibh cailín eile a bhí le m’ais (--) nuair a bhí an ghrian ann, bhí sé a’ shineáil.

ÁINE: Sea.

ANNA: Bhí an ghrian a’ shineáil air. Bhí dreabhar go Sarah Gill anois ag dul faoi láimh Easpaig an lá [céanna], bhí beirt acub ann.

ÁINE: In éineacht leat.

ANNA: An lá céanna.

ÁINE: Agus cén sórt bróga a bhí uirthi?

ANNA: Fan anois, low shoes, b’shin iad an chéad phéire riamh a fuair mé go bhróga.

ÁINE: A’ b’ iad, yeah?

ANNA: B’iad mar ní bhíodh aon bhróga ….

ÁINE: …. Ní raibh.

ANNA: Ní bhíodh an t-airgead ann an t-am sin. Ní raibh dar ar aon duine.

ÁINE: Ní raibh.

ANNA: Tá ’fhios a’m gurb í mo dhreabhar a chur a’m as Mayo iad, a’ bhfuil ’fhios a’d, le an Easpag.

ÁINE: Agus Ar ndóigh níor thóg sé i bhfad ort iad sin a chaith is dóigh?

ANNA: (Gáire) bhuel, bhuel sheasadar tamall maith.

ÁINE: Ar sheas?

ANNA: Ach nuair a bhíodh an bonn caite fúb Áine ansin an t-am sin, chuirfí síos Gaillimh iad, chuirfí bonn, chuirfí bonn eile fúb, ach níl ann anois ach nuair a bhéas an bonn caite fúb iad a chaith amach, péire eile a fháil.

ÁINE: Agus cé a dhéanadh na bróga úr leathar daoibh?

ANNA: Á bhíodh mo dhearthár á ndéanadh sin.

ÁINE: Agus a’ bhfaigheadh sibh an craiceann as Gaillimh nó…?

ANNA: Á as Gaillimh a bhífí á fháil,

ÁINE: Cén fáth meas tú nach n-úsáidfidís an craiceann a bhíodh sa mbaile acub féin, a’ bhfuil ’fhios a’d, na beithígh a mharóidís?

ANNA: Á is dócha nach mórán beithígh a bhífear [bhítí] a mharú an t-am sin, tá mé a’ cheaptha. Déarfainn gur i nGaillimh a bhífí á marú agus a’ bhfuil ’fhios a’d á ndíol, a’ bhfuil ’fhios a’d ní raibh an praghas orthub an t-am sin, ní mórán a bhífí a’ fháil orthub, le iad a dhíol féin atá mé a’ rá. Ní chuimhním anois céard a bhí orthub ach tá ’fhios a’m nach mórán a bhífí a’ fháil orthub go háirid.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú ar aon fhear a thiocfadh isteach a’ foghlaim damhnsa dhaoibh?

ANNA: Ó tá ’fhios a’m go raibh fear thoir, bhíodh sé thoir ann, bhuel sin é anois na blianta deireanacha.

ÁINE: Arb shin é Giolla Chríost?

ANNA: Sé.

ÁINE: Giolla Chríost Ó Broin.

ANNA: Sé, ach ní raibh mise a’ foghlaim aon eh …. (gáire)

ÁINE: …. So níor fhoghlaim tú aon step?

ANNA: Níor fhoghlaim múis, tá ’fhios a’m gur ann a théinn féin agus cailín eile a bhí next door dom, “___” dreabhar Sarah Gill anois, Mairéad, go ndéana Dia grásta uirthi, cailleadh blianta ó shin í, is ann a théadh muid soir agus bhíodh muid a’ breathnú, théadh muid soir ar chreig le muintir Pheadar Mháirtín.

ÁINE: Sea.

ANNA: Shuíodh muid síos ar an gcreig agus muid a’ breathnú síos orthub.

ÁINE: Agus cá mbíodh an damhnsa acub?

ANNA: Thíos ar na leac, leacrachaí móra a “___+” tamaillín beag anoir ón slip a’ bhfuil ’fhios a’d a bhíodh an damhsa.

ÁINE: Sea, agus cén sórt damhsa a bhíodh sé a’ mhúnadh dhób meas tú?

ANNA: Níl ’fhios a’m anois cén sórt cineál damhnsa é ach bhí siad a’ rá go raibh sé go maith go háirid a’ bhfuil ’fhios a’d. Tá mé a’ ceaptha go mbíodh sé siar ag an scoil freisin tráthnóna, i yard na scoile siar agus áiteachaí mar sin.

ÁINE: Ba mhúinteoir scoile a bhí ann sílim, tá mé a’ ceapadh gur fear scoile a bhí ann, sílím.

ÁINE: Ach ní raibh sé a’ cónaí in Inis Meáin?

ANNA: Á ní raibh, bean as Inis Meáin a bhí pósta aige.

ÁINE: Á ab ea.

ANNA: Sa samhradh is mó a thagadh sé.

ÁINE: Á sa samhradh.

ANNA: Sé agus thugadh sé campannaí ansin leis agus bhíodh gasúir aige, bhíodh eh students a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Ó a’ mbíodh?

ANNA: Bhíodh an t-am sin, bhíodh, agus bhídís ag cur, bhídís istigh ag codladh ins na campannaí amach sa samhradh, mí nó rud eicínt, cibé cén t-achar a bhídís thoir.

ÁINE: Hm, agus an mbídís sin a’ foghlaim Gaeilge ansin nó …?

ANNA: Ó bhíodh is dóigh, bhíodh an t-am sin.

ÁINE: Hm, agus a’ foghlaim damhnsa is dóigh?

ANNA: Sea agus chuile rud mar sin.

ÁINE: Anois, nuair a d’fhág tú an scoil, céard a chuaigh tú a’ dhéanamh an t-am sin?

ANNA: Bhuel, ag obair ag a’ teach tá mé a’ cheapadh ….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: …. a chuaigh mé Ar ndóigh agus rudaí mar sin.

ÁINE: Agus a’ raibh tú ag obair sa factory a bhí thoir?

ANNA: Bhí. Nuair a phós mo dhearthár ansin, níl ’fhios a’m anois cén bhliain a phós sé sin, chuir mé m’ainm isteach sa bhfactory.

ÁINE: Agus céard a bhí sibh a dhéanamh sa factory?

ANNA: Stocaí. Meaisíneannaí stocaí a bhí ann.

ÁINE: Ó le machines.

ANNA: Sea, ó “____+” blianta. Bhí siad sin thoir in Inis Oírr freisin san am céanna. Tá mé a’ ceapadh anois nuair a cuireadh isteach a n-ainm ar dtús gur thiar sa scoil a bhíodh an tAifreann.

ÁINE: Sea.

ANNA: A’ bhfuil ’fhios a’d nuair a bhífar a’ tógáil an séipéal.

ÁINE: Sea

ANNA: Sa scoil a bhíodh an tAifreann Dé Domhnaigh.

ÁINE: Seod é an séipéal nua anois, ab ea?

ANNA: Sé. Agus eh tá ’fhios a’m go, níl ’fhios a’m arb é an sagart a d’fhógair é, go raibh an (--) duine ar bith a bhí ag iarraidh a dhul ann, a’ bhfuil ’fhios a’d ….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: …. go raibh a leithéid go rud le bheith ann. Chuireadar isteach a n-ainmneachaí ach a’ bhfuil ’fhios a’d rinneadh airgead freisin thoir in Inis Meáin.

ÁINE: Sea.

ANNA: ’Bhfuil ’fhios a’d, gan mórán acub, gan mórán acu atá beo anois….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: .… déarfainn a bhí ag obair sa bhfactory an t-am sin.

ÁINE: Agus cén aois a bhí tú meas tú nuair a chuaigh tú ag obair sa factory?

ANNA: Fan anois, twenty one a bhí mé nuair a phós mé, thirty one . [ceartaíonn sí í féin]

ÁINE: So cúpla bliain roimhe sin.

ANNA: Bhí, cheithre bliana, níl a fhios a’m ar cheithre bliana nó chúig bhliana a bhí mé ag obair ....

ÁINE: …. Sea….

ANNA: …. sa bhfactory.

ÁINE: Sea, agus a’ raibh mórán daoiní ag obair sa factory ag an am sin?

ANNA: Ó bhí, crowdín deas anois ag obair ann, bhí.

ÁINE: Agus mná agus fir ab ea nó ?

ANNA: Ó ní raibh aon fhear ann, mná ar fad a bhí ag obair ann.

ÁINE: Bhí sé sin thar cionn mar ní mórán áiteachaí ag an am sin a raibh obair go mhná.

ANNA: No, ní raibh. Bhí [siad ag cniotáil] miotógaí abhus anseo an t-am céanna…

ÁINE: ….Sea

ANNA: Dhá ndéanadh.

ÁINE: A gus a’ ndíoladh sibh ar an oileán iad nó an ndíoladh sibh .…?

ANNA: …. Ní dhíoladh. Nuair a dhéanfá ar an meaisín ansin iad agus nuair a bheifeá a ndéanadh anuas i ndiaidh a chéile, chuireadh an meaisín ansin (--) chuirfeá ciumhais ar a’ mbéal orthub agus chuile rud agus ghabhfá iad a iarnáil ansin tráthnóna an áit a bheadh an, a bheidís le gearradh a’ bhfuil ’fhios a’d, bhídís i bhfostú ina chéile, chaithfeá iad a ghearradh.

ÁINE: M hm.

ANNA: Agus bhíodh meaisín eile ansin ann le iad a fhuáil lá arna mháireach, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus a’ raibh obair chrua ann?

ANNA: Bhuel, ní raibh ar bhealach, a’ bhfuil ’fhios a’d. Á ní raibh, a’ bhfuil ’fhios a’d nuair a bhí an meaisín ann ’s chuile rud. Cé is móite do na gibíní (gáire) a bheadh sa mbéal, nuair a ghearrfá an stoca ’bhfuil ’fhios a’d bhíodh sórt gibíní beaga sa mbéal ann. Béal a’ stoca.

ÁINE: Sea.

ANNA: Chaithfeá iad sin a phiocadh a’ bhfuil ’fhios a’d. B’fhéidir go mbeadh aon lúibín tití síos iontub agus rudaí mar sin. Chaithfeá iad sin a shocrú ansin. Chuirfí chun bealaigh ansin iad.

ÁINE: Agus ar úsáid sibh olann as Inis Meáin nó ar tháinig an t-olann isteach as Gaillimh, an snáth?

ANNA: Ó as Gaillimh, ó na factorachaí [factories] a bhítí a’ fáil an snáth, coneannaí móra millteacha ann, d’fheicfeá thiar ag Baibín Joyce [siopa ceard earraí a bhí i gCill Rónáin] anois, coneannaí mar sin.

ÁINE: Sea.

ANNA: Rudaí mar sin a bhíodh ann.

ÁINE: A’ mbíodh tú a’ cniotáil ansin na jumpers sa mbaile?

ANNA: Corr cheann a bhínn a (--) bhuel ní mórán é, bhínn a’ déanamh corr chardigan agus rudaí mar sin dom féin, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Ar fhoghlaim sibh ag a’ scoil é nó sa mbaile?

ANNA: Ó bhíodh muid a’ foghlaim cniotáil ag a’ scoil, bhíodh leabhairín ag an scoil a’inn, bhíodh píosaí beaga istigh a’inn inti b’fhéidir agus rudaí mar sin.

ÁINE: So ar fhoghlaim sibh as pátrún iad mar sin nó …?

ANNA: Níor fhoghlaim, bhuel níor fhoghlaim mise as aon phátrún go háirid iad, tá ’fhios a’m gurb í dreabhar Sarah Gill, tá ’fhios a’m go raibh mé a’ déanamh cardigan dom féin babhta agus sí a bhí ag inseacht cuid go na hoibreachaí ….

ÁINE: …. Sea….

ANNA: .… a bhí mé a’ chur inti. Sí a d’inis dom le iad a chur inti.

ÁINE: Hm. Agus a’ raibh tuirne agaibh féin sa mbaile?

ANNA: Bhí, ach ní rinne mise aon cheo riamh leis an tuirne, bhí mo dhreabhar ag obair leis an tuirne alright.

ÁINE: Sea.

ANNA: Mar ní raibh aon tuirneachaí [tuirní] ann ansin ar deireadh a’ bhfuil ’fhios a’d, bhíodar ag caith isteach (--) bhíodar caite as faisean.

ÁINE: Hm, agus an gcaitheadh d’athair, an gcaitheadh sé na geanasacha cniotáilte, nó ar bhéist a bhíodh air?

ANNA: Séard a bhíodh ar mo dheaide - bhástcóta, rud bán, bhíodh léine ghlas air, níl ’fhios a’m anois ar léine ghlas a bhíodh taobh istigh air nó an mbíodh léine ghorm air, tá ’fhios a’m go mbíodh léinteachaí gorm ann. Bhíodh ceann acub sin ar Mháirtín go háirid, cuimhním, ar mo dhearthár ….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA ; … fadó a’ bhfuil ’fhios a’d. A’ bhfeiceann tú é thall ansin, [pictiúr] mo dheaide anois

ÁINE: Ó.

ANNA: An bhfeiceann tú bhástcóta, an bhfeiceann tú?

ÁINE: Sea, agus cá bhfuair sibh an pictiúr sin? Sin pictiúr sean.

ANNA: Sea, [buaileann an clog] pictiúr sean é, duine eicínt as Inis Meáin a thóg é, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

ANNA: Snaipín beag a bhí a’m dó.

ÁINE: Agus fuair tú déanta mór é.

ANNA: Agus Mary Ann [a h-iníon] cúpla bliain ó shin, sí a fuair (--) d’fhiafraigh sí díom an raibh sé a’m agus dúirt mé le go raibh, “cá bhfuil sé”, “cá bhfuil sé” a deir sí “agus tabharfaidh mé síos é agus triaileadh mé é” a deir sí, “beidh ’fhios a’m” a deir sí “an bhfaigh mé amach mór é” ach sin é anois an chaoi a bhfuair mé amach an pictiúr mór.

ÁINE: Sea.

ANNA: Fuair sí fráma dhom.

ÁINE: M hm. Eh, an gcuimhníonn tú anois fadó an mbíodh mórán cainte faoi cathaoir Synge an t-am sin agus a theachín?

ANNA: Ní dhearfainn é, bhuel is dóigh nach raibh nuair a bhí mise óg go háirid….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: …. ar ndú, mar ní bhíodh aon chaint ar na rudaí sin an t-am sin. Is dóigh gurb iad na strainséirí is mó a bhí ag cur suim sna rudaí sin cheapainn.

ÁINE: Sea.

ANNA: Déarfainn gurb iad.

ÁINE: Ach a’ mbíodh mórán strainséirí a’ teacht go Inis Meáin an t-am sin?

ANNA: Ó bhíodh corr dhuine maith a’ teacht, ’bhfuil ’fhios a’d, bhídís a’ fanacht i gcorr theach. An t-am sin a’ bhfuil ’fhios a’d eh, Tá ’fhios a’m go mbíodh.

ÁINE: Daoine a bhíodh a’ scríobh, is dóigh agus ....

ANNA: …. Ó sea, ’s rudaí. Bhí corr dhuine as Inis Meáin ansin a bhí imithe a’ bhfuil ’fhios a’d, bhídís a’ tíocht le laethantaí saoire agus rudaí freisin.

ÁINE: Anois, ar thug na fir mórán cúnamh sa mbaile fadó, i dtaobh obair tí?

ANNA: Bhuel cuid acub ar ndú.

ÁINE: M hm.

ANNA: Níor mhara chéile a bhíodh is dóigh chuile dhuine. Bhuel tá ’fhios a’m go raibh mo dheaide anois, a’ bhfuil ’fhios a’d b’éigean dhó a dhul ag obair go bhfóire Dia orainn nuair a cailleadh mo Mhaime agus (sos) bhuel bhí Júda ansin, phós Júda ansin a’ bhfuil ’fhios a’d agus chaithfeadh sé an, chaithfeadh seisean ansin an rud a dhéanamh. Tá ’fhios a’d ní raibh mise ach a’ gabháil ag a’ scoil an t-am sin a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: M hm.

ANNA: Tá ’fhios a’m go b’é a bhíodh a’ bácáil agus rudaí mar sin.

ÁINE: Arb ea?

ANNA: Sé.

ÁINE: Ach abair tithe anois a bhíodh an fear agus an bhean ann, sí an bhean is dóigh a dhéanadh an chuid is mó ….

ANNA: …. Á bhuel sí, déarfainn go bí an bhean a dhéanadh an obair a’ bhfuil ’fhios a’d. Cuid acub, b’fhéidir, tithe gurb iad agus tithe nach iad.

ÁINE: Agus a’ mbíodh na mná ag bleán na beithígh an t-am sin?

ANNA: Ó bhíodh, bhí mé féin a’ bleán an bhó (gáire). Tarraingt uisce freisin acub, agus a’ déanamh chuile ní, nuair a bhíodh an t-uisce gann sa samhradh. Sin sula ma’ phós mé mar dúirt Máirtín liom a’ bhfuil ’fhios a’d go mbeinn a’ gabháil ag an mbó chúns a bheinn sa teach, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

ANNA: Tá ’fhios a’m go mbínn a’ gabháil soir “___” , bhínn ag obair sa bhfactory an t-am sin ach tá ’fhios a’m go dtéinn soir chuile thráthnóna aici a’ bhfuil ’fhios a’d,….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: .… cébí cén áit, talamh a mbíodh sí a’inn ann, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus bhíodh sibh a’ tabhairt eh bia go na cearca is dóigh

ANNA: Ó bhíodh, bhíodh cearca a’m ’s

ÁINE: Agus cén sort bia a thabharfadh sibh go na cearca?

ANNA: Fataí ’s bran b’fhéidir, dhaithín beag bran thríob agus rudaí an t-am sin, ní bhíodh aon min bhuí ná tada mar sin an t-am sin. Bhíodh neart na bhfataí an t-am sin á gcur ar ndú.

ÁINE: Agus na laonnaí freisin, bhí...

ANNA: Sea bheadh, bhuel bheadh siad sin dealaithe ón mbó, ’bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

ANNA: Curtha ón mbó, a’ coinneáil an bhainne leob as buicéad ansin. Ó bhí neart obair le déanamh an t-am sin.

ÁINE: Yeah.

ANNA: A’ bhfuil ’fhios a’d ní hionann é agus anois. Beidh muid a’ rá anois a’ bhfuil ’fhios a’d go bhfuil na mná a’ bhfuil ’fhios a’d, bíonn siad a’ rá go mbíonn siad tuirseach ach (sos) níl ’fhios a’m

ÁINE: (Gáire).

ANNA: (Gáire) Is fíor dom é. (gáire) Dá n-aireoidís mé.

ÁINE: (Gáire) Stop anois Anna (gáire).

ANNA: Ach bhí go leor le déanamh Áine an t-am sin anois a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Bhí.

ANNA: Abair do mháthair féin anois Áine a’ bhfuil ’fhios a’d rinne sí, ….

ÁINE: …. Ó bhí….

ANNA: …. obair go leor .…

ÁINE: …. Bhí obair chrua.

ANNA: Bhí, mar is iomaí babhta ar aire mé dhá rá í a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea

ANNA: Nuair a phós sí mar ach an oiread le duine phós sí óg déarfainn.

ÁINE: Phós, phós yeah. A’ rinne tú aon obair sa gcladach?

ANNA: Ní rinne, ní rinne mise aon obair sa gcladach, ach mo dhreabhar a cailleadh anuraidh, rinne sí sin obair sa gcladach.

ÁINE: Bhí tusa an-lucky Anna, tá mé a’ ceaptha.

ANNA: (Gáire) Ar ndóigh bhí mise ar an duine deireanach is dóigh. Rinne mó [dheirfiúr] rinne sí sin obair sa gcladach sul mar d’imigh sí. Rinne, a’ tarraingt cléibh suas as an gcladach, feamainn, bheifí a’ déanamh ceilp fadó agus eh bhíodh na mná ansin ag obair chomh maith leis na fir an t-am sin, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí mise a’ tabhairt cúnamh go mo dheaide ansin a’ bhfuil ’fhios a’d, mar ba í an duine ba sine a’inn í.

ÁINE: Sea.

ANNA: Agus de réir mar tháinig dar ansin ar an saol, is dóigh gurbh shin é an chaoi chéanna a raibh siad ag obair, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus ar bhain tú aon charraigín?

ANNA: Níor bhaineas, níl ’fhios a’m anois a’ mbíodh mórán a’ baint aon charraigín an t-am sin nó nach mbíodh, níl mé cinnte dhe.

ÁINE: Céard faoi uibheachaí, a’ mbíodh go leor uibheachaí agaibh?

ANNA: Bhuel bhíodh, an oiread ann agus a choinneodh ag imeacht muid, ach is dóigh go mbífí á gcoinneáil ite an t-am sin Ar ndóigh mar tá mé [ag] rá ní raibh an fheoil fairsing agus ní raibh tada fairsing an t-am sin.

ÁINE: Ní raibh.

ANNA: Tá ’fhios a’m anois go dtéadh Máirtín, go dtéadh mó dhearthár Gaillimh, go ndéana Dia grásta air. Tá a fhios a’m bliain ansin tar éis muid a bheith a’ tógáil an teach nua, gur tháinig sé aníos, chuaigh sé Gaillimh i November agus cuimhním gur cheannaigh sé bhuel rud le na Nollag an t-am sin a’ bhfuil ’fhios a’d, bagún agus rudaí mar sin. Bhíodh caoire ansin a’inn - mharaíodh sé uan. Choinníodh muid, choinníodh sé ceann, dhíoladh sé, dhíoladh muid na huain eile a bhíodh ann, ach choinníodh sé ceann le na Nollag, agus mharaíodh sé í, le Christmas a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Yeah.

ANNA: Le na …

ÁINE: Le na Nollag.

ANNA: Le na Nollag, sea.

ÁINE: Agus a’ maraíodh sibh cearca, is dóigh anois is arís, dá mbeadh sean chearc ann?

ANNA: Ó mharaíodh, ní mharaíodh muid (--) bhuel níl ’fhios a’m faoi na sean chearca ach á mbeadh sicíní óga ann (gáire)

ÁINE: Yeah.

ANNA: Dhá mbeadh na coileachaí a bheadh orthub, bhíodh muid dhá marú. Bhídís sin go hálainn le n-ithe Áine

ÁINE: Ó Ar ndóigh bheadh.

ANNA: Ní íostar anois iad.(gáire)

ÁINE: (Gáire)

ANNA: (Gáire) Tá ’fhios a’m go maraíodh Máirtín ansin iad agus ghlanainn, bhaineann díobh an chlúmhach agus ghlanainn iad agus chuireadh muid síos ansin le stew iad agus rudaí.

ÁINE: M hm.

ANNA: Bhídís go deas le n-ithe, rudaí óga, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Ach a’ n-íosfadh sibh uibheachaí sa gCarghas?

ANNA: Ní íosfadh.

ÁINE: Shábhálfadh sibh ….

ANNA: …. Bhuel is dóigh gurbh amhlaidh a bhífí a’ déanamh, á dhéanamh sin go throscadh ar a’ ….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: .… gCarghas, déarfainn.

ÁINE: Agus choinníodh sibh uilig ansin iad ab ea?

ANNA: Choinníodh, tá ’fhios a’m go mbíodh jugannaí anois mar iad sin thuas ar a’ drisiúr a’m (gáire) ….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: .… agus a’ cur síos na n-uibheachaí iontub. Chuile dhuine ansin maidin Domhnach Cásca [ag fiafraigh] cé méid ceann a d’ithe tú inniu, nuair a bhíodh muid a’ gabháil siar ag an Aifreann.

ÁINE: Sea (gáire).

ANNA: Ag fiafraigh cé mhéid ubh a bhíodh muid a’ ithe ar maidin.

ÁINE: Agus is dóigh go n-íosfadh sibh iad le Lá Pádraig freisin is dóigh?

ANNA: D’íosfadh, gheobhadh muid le Lá Pádraig freisin, sea.

ÁINE: Hm. Agus a’ n-íosfadh sibh aon feoil sa gCarghas?

ANNA: Á d’íosfadh ach eh ....

ÁINE: …. Laethantaí áirid….

ANNA: Bhí níos mó troscadh an t-am sin ann ná tá anois ann, Áine.

ÁINE: Hm, is dóigh Dé hAoine ….

ANNA: …. Ní íosfadh muid aon fheoil Dé hAoine go háirid i gcaith an Charghas.

ÁINE: Céard faoi Dé Céadaoin.

ANNA: Bhíodh muid á ithe ar deireadh go háirid Dé Céadaoin ach tá ’fhios a’m nach n-íosfaí Dé hAoine é. Táthar á ithe chuile lá anois ….

ÁINE: …. Tá ….

ANNA: …. mura bhfuil Aoine Chéasta ann. Nach seachtain ó inniu an chéad lá gon Charghas.

ÁINE: Sea, sea. Nuair a bhíodh sibh a’ glanadh a gcuid éadaigh nó [ag] níochán pluideannaí, cén chaoi a níodh sibh iad?

ANNA: Iad a níochán istigh, dabhachanna móra agus iad a rolláil istigh iontub, iad a thabhairt amach ansin mb’fhéidir ag ....

ÁINE: …. Ar a’ tuar?

ANNA: Sea, amach ag cladach, soir, bhíodh áit ann a bhíodh muid, a dtugadh muid an Trá Leitreach air, a’ bhfuil ’fhios a’d, soir, b’fhéidir gur ann a thabharfadh muid soir ansin iad agus rinseáilfaí ansin iad thoir sna bulláin iad ann, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

ANNA: Chaithfeá an ghallaoireach amach astub.

ÁINE: Cén sórt gallaoireach a bhíodh agaibh?

ANNA: Gallaoireach eh bán a bhíodh ann.

ÁINE: Bán agus dearg.

ANNA: Sea, níl ’fhios a’m a’ mbíodh an dearg, bán is mó.

ÁINE: Ar ithe sibh mórán iasc?

ANNA: Á go deimhin d’ithe mise mo cheart de iasc go háirid.

ÁINE: (Gáire)

ANNA: (Gáire) d’ithe mar a’ bhfuil ’fhios a’d ní raibh aon cheo eile ann Áine

ÁINE: Sea.

ANNA: An t-am sin, ach a’ t-iasc.

ÁINE: Báirneachaí?

ANNA: Bhuel níor ithe mise anois mórán báirneachaí, ach bhíodh daoine ann a bhíodh á n-ithe. Tá ’fhios a’m Máirtín anois, mo dhearthár, go mbaineadh sé Lá Bríde.

ÁINE: Sea.

ANNA: Bhaineadh sé béile faochain, níl ’fhios a’m ar “__” a bhíodh sé, gur amhlaidh a dhéanaidís le Lá Bríde, le Naomh Bríd é nó níl a fhios a?m cén chaoi é.

ÁINE: Hm. Ach Ar ndóigh bhí rud mór agaibhse le Naomh Bríd, nach raibh?

ANNA: Bhí, ach tá ’fhios a’m go háirid go mbaineadh, go dtéadh sé soir agus go bpiocadh sé béilí, thugadh sé leis tin can, sean tin can, béilí faochain le lá Bhríde, ach ba mheasa dhá bpiocadh sin …. (gáire).

ÁINE: …. Sea.

ANNA: Tá ’fhios a’m ansin go bplaoisceadh muid iad, a’ bhfuil ’fhios a’d agus chuirfí síos i saucepan iad, go mbogadh an bia istigh iontub agus tá ’fhios a’m gur snáthaid a bhíodh ansin a’inn ag piocadh an bhia amach astub, a’ bhfuil ’fhios a’d ní fhéadfá iad a phiocadh le rud ar bith eile mar bhí dar chomh beag.

ÁINE: Hm.

ANNA: Amach le snáthaid, gur snáthaid a bhíodh a’inn nó rud mar sin ag piocadh an bhia amach astub. Ach bhídís go deas, bhuel ní mórán anois a bhíodh mise á gcur síos, ach bhíodh mo dhreabhar á gcur síos. Tá fhios a’m gur síos sa mbácús a chuireadh sí ansin iad, ar nós mar a dhéanfá stew anois a’ bhfuil ’fhios a’d, bhfliuchadh sí a dhaithín beag bídeach plúr nó rud mar sin i saucepan nó muigín nó in áit eicint ’s chuireadh sí síos orthub é.

ÁINE: Sea, go deas.

ANNA: Bhídís go deas, bhídís go hálainn le n-ithe….

ÁINE: ….Tá siad ceaptha a bheith go maith dhuit.

ANNA: Tá, deir siad go bhfuil. Bhíodh, an t-am sin. Ah bhífí ag ithe go leor rudaí mar sin an t-am sin a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Bhíodh. Anois ….

ANNA: …. Maidir le iasc úr ansin Ar ndóigh níl ’fhios céard a bhí muid a ithe dhe sin ar ndú.

ÁINE: Agus céard faoi na Brídeogaí, nach mbíodh sibh a’ gabháil thart le na Brídeogaí?

ANNA: Bhíodh, bhíodh.

ÁINE: Cén chaoi a ndéanadh sibh iad sin?

ANNA: Bhuel sí mo dhreabhar a bhíodh a’ déanamh an Bhrídeog (gáire).

ÁINE: Arb ea?

ANNA: Sí, mé féin agus Sarah, dreabhar Sarah Gill a bhíodh ag imeacht, Bríd.

ÁINE: Cé nach mbíodh na cailíní ar fad ag imeacht?

ANNA: Ó bhíodh, ach mise, an bheirt a’inne a bhíodh in éineacht.

ÁINE: Á arb ea?

ANNA: Bhíodh beirt is beirt, agus oíche Bríd ansin bhíodh cumhach orainn ag ritheadh aniar ón scoil go mbeadh cuid go na tithe déanta a’inn roimh an gcéad chuid, a’ bhfuil ’fhios a’d, (gáire).

ÁINE: (Gáire) Sea.

ANNA: Bheadh an Bhrídeog déanta aicise ansin dúinn. B’fhéidir go mbeadh gúna le duine a’inn agus ribín, bhíodh ribíní an t-am sin ann freisin.

ÁINE: Sea.

ANNA: A’ bhfuil ’fhios a’d, bhíodh ribíní ar a gcuid gruaige an t-am sin….

ÁINE: …. A’ mbíodh ….

ANNA: ….’s rudaí.

ÁINE: Agus an ndeireadh sibh rud eicínt, an mbíodh dán beag agaibh ná tada?

ANNA: Á “____”+ Cén chaoi é siúd ar chor ar bith – Crios, Crios, Brídín mo chrios, “___” is amach, [Muire ’s a Mac,] Bríd ’s a brat, go mba seacht fearr a bheidh sibh anocht,[Más fearr a bheidh sibh anocht] go mba seacht fearr a bheidh sibh bliain ó anocht. Rud eicínt mar sin anois.

ÁINE: Á, sea.

ANNA: B’fhéidir anois go bhfuil mise a’ gabháil amú a dhaithín beag.

ÁINE: Sea, nach deas é….

ANNA: …. Tá ’fhios a’m go b’shin é go háirid.

ÁINE: Agus a’ bhfaigheadh sibh airgead a ‘gabháil thimpeall ag na tithe?....

ANNA: …. Bhuel b’fhéidir go bhfaigheadh, ach go deimhin ní mórán é an t-am sin. Tá ’fhios a’m go mbíodh tincainín nó rud eicínt a’inn le uibheachaí.

ÁINE: Ó sea.

ANNA: Bhíodh muid ag fáil uibheachaí freisin.

ÁINE: Á.

ANNA: Mar bhíodh muid bródúil as na huibheachaí féin déarfainn an t-am sin (gáire).

ÁINE: (Gáire)

ANNA: Ach tá ’fhios a’m ansin nuair a cailleadh máthair Bhríd ansin go ndéana Dia grásta uirthi a’ bhfuil ’fhios a’d, stop Bríd ansin gan a bheith ag imeacht. Cailleadh í sin roinnt óg freisin.

ÁINE: Anois cé a dhéanadh a gcuid éadaí dhaoibh, a’ bhfuil ’fhios a’d, na dressanaí a bhíodh orthaí agus…?

ANNA: Ó muise mo dhreabhar a bhíodh dhá ndéanadh dhomsa an t-am sin a’ bhfuil ’fhios a’d, ní rudaí siopa a bhí iontub an t-am sin ach an t-éadach, éadach a fháil ma bhí cé mhéad, céard a ghabhadh ann ná tada mar sin. É a cheannacht, agus dhéanadh sí féin ansin iad.

ÁINE: Agus an bé an chaoi a gcuirfí aníos as Gaillimh agaibh iad?

ANNA: Bhíodh éadach thoir, a’ bhfuil ‘fhios a’d, Cáit Mhicí, an siopa a bhíodh [thoir] Bhíodh, nuair a théadh mo dhearthár Gaillimh ansin, cheannaíodh sé dhomsa i gcónaí píosa éadach a’ bhfuil ’fhios a’d….

ÁINE: …. Sea.

ANNA: Ach tá ’fhios a’m anois nuair a bhí mé a’ fáil láimh Easpaig go bí mo dhreabhar a chur a’m an t-éadach … an t-éadach.

ÁINE: Sea.

ANNA: Agus sí mo dhreabhar a rinne ansin é.

ÁINE: Nach raibh sé sin thar cionn.

ANNA: Sí, sí a rinne é

ÁINE: An ndeachaigh tú go Gaillimh a’ chor a’ bith a Anna, nuair a bhí tú i do ghasúr?

ANNA: Ní dheachaigh, bhuel chuaigh mé síos in éineacht le duine eicínt eile Gaillimh, a’ bhfuil ’fhios a’d

ÁINE: Sea.

ANNA: Síos le cúpla lá mar a’ bhfuil ’fhios a’d chaithfeá a dhul síos an t-am sin Dé Céadaoin agus a theacht aníos Dé Sathairn (--) bhuel is dóigh nach dtiocfá Gaillimh ar a’ weekend go háirid….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: .… nach mbeifeá ag iarraidh a dhul Gaillimh….

ÁINE: …. Ach chaithfidh sibh fhanacht cúpla lá thíos ….

ANNA: …. Ó chaithfidh mar ní bhíodh aon steamer ann an t-am sin ach Dé Céadaoin agus Dé Sathairn. Bhíodh, bhíodh eh Dún Aonghusa a’ tíocht. Sin í a bhíodh (--) an chéad bhád sin a bhí ann ar dtús. Amach sa gcurach ón slip ansin. Ó ní dheachaigh muinn Gaillimh, ní “___” muinn Gaillimh mar a mbeadh an Samhradh ann….

ÁINE: ….Sea….

ANNA: …. a’ bhfuil ’fhios a’d, lá breá.

ÁINE: Mar is iomaí droch aimsir a bhí ann is dóigh ….

ANNA: …. Á muise níl fhios cén droch aimsir a bhí ann agus chuaigh daoine thrí ghállana [gálaí] freisin an t-am sin ….

ÁINE: …. Chuaigh.

ANNA: A’ bhfuil ’fhios a’d a’ gabháil amach sna curachaí agus isteach sna curachaí. Go deimhin, bhí sé crua a’ bhfuil ’fhios a ’d, bhí, ag tarraingt an stuif isteach ansin. Agus a’ cur anuas an stuif ansin as an, as an steamer ins na curachaí a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

ANNA: Curachaí le taobh an steamer agus chuile rud. Bhí sé sin an-chrua.

ÁINE: Agus na beithígh ansin agus rudaí a bhíodh ag imeacht ….

ANNA: …. Na beithígh ansin a thabhairt síos Trá Leitreach nó Caladh Pheadair nó Ceann Gainimh.

ÁINE: Iad ag snámh amach a’b ea?

ANNA: Sea, a’ snámh amach i ndiaidh an churach. Bhíodh.

ÁINE: Chuaigh na fir iad féin i gcontúirt mór.

ANNA: Ó chuaigh. Chuaigh leis na beithígh tá mé a’ rá anois mar mb’fhéidir go mbeadh beithígh ann a bhí socair agus beithígh eile nach mbeadh.

ÁINE: Sea.

ANNA: Sin é an chaoi a mbíodh sé. Abair capall agus rudaí mar sin, á dtabhairt amach an chaoi chéanna.

ÁINE: Sea.

ANNA: Ach anois tá siad a’ gabháil amach gon chéibh thoir anois ann.(gáire)

ÁINE: Tá buíochas le Dia.

ANNA: Tá, seachas an t-am sin, a’ bhfuil ’fhios a’d. Tá fhios a’m anois mo dhearthár féin a’ bhfuil ’fhios a’d gur oibre sé go mór ansin a’ plé le rudaí mar sin a’ bhfuil ’fhios a’d, beithígh mar sin agus chuile rud. Á gcur isteach agus amach mar sin.

ÁINE: Agus eh nuair a bhíodh t-athair ag plé leis an iasc, an gcaithfidh tú a bheith a’ glanadh iasc? Ag glanadh ….

ANNA: …. Ní chaithfinn nuair a bhí mo athair ag plé leis mar bhí mise óg an t-am sin

ÁINE: Ach is dóigh go raibh go leor mná eile a bhíodh

ANNA: Bhíodh, bhíodh mo dhreabhar thoir, abair anois nuair a bhíodh na curachaí ag iascach anois an t-am seo bhliain, nuair a thiocfadh na curachaí isteach ansin tráthnóna, bheadh na mná thoir le an t-iasc a ghlanadh.

ÁINE: Sea.

ANNA: Ag a’ gcladach, é a chaith sna bulláin ann.

ÁINE: Á.

ANNA: Sea, chuirfí chun bealadh ansin Gaillimh é, bhí an fear thoir ós a [chionn] cionn an iasc.

ÁINE: Ach thriomóidís iad is dóigh agus ….?

ANNA: …. Ní thriomaíodh ….

ÁINE: …. Ó, cé nach ….

ANNA: …. an t-iasc úr a’ bhfuil ’fhios a’d, is ann a chuiridís (--) á mbeidís ag iascach anois inné agus a’ t-iasc a mharóidís, chuiridís i mboscaí iad agus bhí sé sin in ann imeacht ansin abair ….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: …. nuair a thiocfadh an bád, steamer ….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: …. lá arna mháireach. Bhí sí sna siopaí ansin “___+” á ceannacht i nGaillimh.

ÁINE: Ach is dóigh go raibh roinnt áirid iasc a thriomóidís chomh maith agus dhíolaidís tirim, is dóigh ….

ANNA: …. Ó dhíoladh, bhuel b’fhéidir go mbeadh iasc ansin ann, a’ bhfuil ’fhios a’d a mharófaí tús na seachtaine. Chuiridís salann ar sin ansin, thagadh an salann as Gaillimh a’ bhfuil ’fhios a’d, le cur air agus shaillidís a’ bhfuil ’fhios a’d, chuirfí salann orthub sin ansin ar fhaitíos go bhfaighidís go dona, a’ bhfuil ’fhios a’d, agus chuile rud.

ÁINE: Now inis dom an méid seo, an mbíodh poitín thoir in Inis Meáin?

ANNA: Fadó an lá a bhí an poitín, ní chuimhníonn Anna (gáire) ar an bpoitín go háirid.

ÁINE: No.

ANNA: Ní chuimhním. Ní chuimhním ar an bpoitín anois ach tá ’fhios a’m go raibh a leithéid ann go háirid.

ÁINE: Yeah. Bhíodh sé a’ teacht isteach as Conamara, is dóigh.

ANNA: Bhíodh, bhíodh. Chuimhneodh Saile anois ar a’ bpoitín.

ÁINE: Sea, bhí sé roimhe sin.

ANNA: Ó bhí sé ann, bhíodh mar tá ’fhios a’m go n-airíonn a’ caint air í, a’ bhfuil ‘fhios a’d.

ÁINE: Agus an mbíodh na mná ag ….

ANNA: …. Ní hé a b’fhearr a deir sí ach an oiread. (gáire)

ÁINE: An mbíodh na mná ag caitheamh cigarettes anois?

ANNA: Ní dhéarfainn é anois.

ÁINE: Hm, céard faoi á mbeadh toradh ann anois, a’ mbídís ag caitheamh an píopa ná

ANNA: Na sean mhná, b’fhéidir go mbíodh snaoisín acub.

ÁINE: Sea.

ANNA: Mar tá ’fhios a’msa go mbíodh bean ann a mbínn féin a’ gabháil ar cuairt aici, a’ bhfuil ’fhios a’d ní raibh aon talamh acub ná tada agus bhínn a’ gabháil soir le bainne aici, bhíodh sí a’ caitheamh snaoisín (gáire).

ÁINE: Agus cé, cé l’aghaidh meas tú?

ANNA: Níl ’fhios a’m, níl ’fhios a’m ar faisean é (déanann Anna casacht) nó nach bea a bhíodh ag na sean mhná.

ÁINE: Sea.

ANNA: Ach tá ’fhios a’m go dtugadh sí dhom go háirid é, ní bhaineadh sé siúl asatsa go háirid.

ÁINE: (Gáire)

ANNA: Tusa an bhean ceart a deireadh sí liom féin (gáire)

ÁINE: (Gáire).

ANNA: Dá mbéinnse dhá chaitheamh go brách a deir sí ní bhainfeadh sé aon snaothfart asam, an áit a bhaineadh sé snaothfairt asam.

ÁINE: Sea. Is dóigh le srón a ghlanadh amach nó ….

ANNA: …. Sea is dóigh, nó níl ’fhios a’m anois cén fáth a mbídís á chaitheamh, nach aisteach an rud é.

ÁINE: Nuair a bhíodh na mná anois a’ súil le páiste in Inis Meáin, eh d’fhanaidís in Inis Meáin, nach bhfanadh?....

ANNA: …. Ó d’fhanadh. In Inis Meáin a rugadh mórán chuile ghasúr a bhí in Inis Meáin an t-am sin déarfainn. Iad sin féin fadó, shaoradh siad an saol ….

ÁINE: ….Shaoradh ….

ANNA: …. a’ bhfuil ‘fhios a’d….

ÁINE: …. Shaoradh, bhí sé an-chrua….

ANNA: …. Abair bean a bhí le páiste agus rud anois mar b’fhéidir go minic nach mbíodh aon nurse ann ná tada mar sin a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Hm, ní raibh dochtúir ar bith ann agus ….

ANNA: …. Ó ní raibh, an dochtúir Ó Briain a bhíodh a’ gabháil soir [as Inis Mór] a’ bhfuil ’fhios a’d dá mbeadh bean ann a mbeadh trioblóid anois uirthi leis an bpáiste, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus cé, cén chaoi a dtéadh sé sin soir?

ANNA: Chaithidís a dhul siar á iarraidh sa gcurach. Bhuel tá ’fhios a’d féin, curach a dhul siar a’ bhfuil ’fhios a’d agus aniar aríst ….

ÁINE: …. Aniar….

ANNA: …. gur mhaith an písín é a’ bhfuil fhios a’d.

ÁINE: Yeah, agus ní raibh fónannaí a’ bith ann.

ANNA: Ní raibh tada mar sin ann.

ÁINE: Yeah.

ANNA: Bhuel ní raibh aon (--) telegrams a bhíodh an t-am sin ag imeacht.

ÁINE: M hm.

ANNA: Ag imeacht sa bposta a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus a’ raibh aon bhean in Inis Meáin ansin a bhíodh in ann cúnamh a thabhairt, a’ bhfuil ’fhios a’d

ANNA: Á bhí cuid acub, bhí.

ÁINE: Agus seans gur cailleadh go leor mná agus gasúir, nó páistí beaga.

ANNA: Bhuel is dóigh gur cailleadh freisin, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea, nuair nach raibh aon leighis le fáil acub.

ANNA: Ní raibh aon leighis le fáil acub, bhuel gasúir anois a bhí ag mo dhreabhar, ag Juda, thoir a rugadh chuile dhuine acub, sa mbaile a rugadh iad.

ÁINE: Ach tá sé sin ar fad athruithe anois.

ANNA: Tá sé sin athruithe anois.

ÁINE: An gceapann tú gur rud maith é sin?

ANNA: Bhuel is dóigh gurb ea alright ar ndú, a’ bhfuil ’fhios a’d. Is dóigh go bhfuil sé níos sábháilte go háirid ar ndú.

ÁINE: Anois Anna, a’ raibh mórán cleamhnas ann i d’aois féin, le do linn?

ANNA: Ó bhí an t-am sin mar cleamhnasachaí a bhíodh ar fad an t-am sin ann ar ndú.

ÁINE: Ab ea? Agus em a’ gcuimhníonn tú ar aon chleamhnas anois a bhí ann a d’fhéadfá a inseacht dom faoi?

ANNA: Bhuel Ar ndóigh phós mo dhearthár a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí cleamhnas (gáire), bhí an cleamhnas agus bainis aige, a’ bhfuil ’fhios a’d, agus nuair a phós mo dhreabhar, bhí an cleamhnas freisin aici.

ÁINE: Sea.

ANNA: Agus bainis.

ÁINE: Agus cén chaoi ar tharla an cleamhnas anois, an é .…?

ANNA: …. Bhuel is ann a ghabhadh an fear nó b’fhéidir mar (--) níl mé a’ rá anois an fear, gurb é an fear [ a bheadh le pósadh] b’fhéidir go gcuireadh sé daoine eicínt eile ann.

ÁINE: Gaolta leis, ab ea?

ANNA: Sea nó rud eicínt agus b’fhéidir go mbeadh buidéal fuisce nó pébí céard é féin, nó rud eicínt mar sin acub. Ghabhaidís go dtí an bhean a bheadh sé ag iarraidh a fháil a’ bhfuil ‘fhios a’d.

ÁINE: Sea, agus ar mhaith leat cur síos ar do chleamhnas féin, go n-inseofá dhom?

ANNA: Sin é anois a’ bhfuil ?fhios a’d déarfainn ….

ÁINE: …. An chaoi chéanna.

ANNA: Sé, an chaoi ar phós mo dhearthár, bhuel an chaoi chéanna a phós mé féin. Bhuel ní raibh aon chuimhne a’msa go bpósadh (gáire) sé [a fear céile] mé go háirid nuair a phós mé a bhfuil ’fhios a’d anois.

ÁINE: Ach an raibh ’fhios a’tsa go raibh sé a’ gabháil soir tú a iarraidh, an raibh ’fhios?

ANNA: Ní raibh ’fhios, mar tá ’fhios a’m go raibh sé thoir Domhnach roimhe sin agus eh, cuimhním go raibh mé féin agus cailín eile, bhuel tá sí beo alright ach sé an áit atá sí sin anois ná amuigh in Áras Mhic Dara agus (--) bhuel níl sí sean ach níl ’fhios a’m cén fáth a ndeachaigh, a ndeachaigh sí ann. Tá ’fhios a’m go raibh muid a’ siúlóid Domhnach agus chonaic muid é. Nuair a tháinig muid abhaile, ní hea, ní raibh ’fhios a’m tada ansin an lá sin go dtí lá arna mhárach, ba Dé Domhnaigh é sin. Chuaigh mé ag obair ansin Dé Luain soir sa bhfactory agus nuair a tháinig mé as an bhfactory, tháinig an fear seo isteach a’inn - Seáinín Sheáin Dhomhnaill a thugadh muid air.

ÁINE: Ba as Inis Meáin é, ab ea?

ANNA: Sea, as Inis Meáin, bhí dreabhar Saile pósta aige.

ÁINE: Á.

ANNA: Agus eh “níor airigh tú an scéal a bhí aréir ann”

ÁINE: Now dúirt tú tháinig fear eicínt as Inis Meáin.

ANNA: Sea, tháinig sé isteach agus d’fhiafraigh sé díom féin mar sin “ar airigh tú an scéal úd” a deir sé, “níor airigh” a deir mé féin mar sin, “cén sórt scéala” a deir mé féin, “ó” deir sé “nach” (--) bhí sé a’ rá - Máirín Pheaits Mhicil Bán a thugadh muid uirthi, bhí sé a’ rá go “nár iarradh aréir í”. Ach bhí sé a’ rá liom féin ansin [cérbh é] an fear a’ bhfuil ’fhios a’d ’s chuile ní, dúirt sé liom gurb seisean a bhí ann a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

ANNA: Bhí fhios ag Matty Mhaircín, bhí fhios ag Ruairí Beag ansin é, sin é a bhfuil dreabhar Matty Mhaircín pósta aige, go raibh siad le thíocht aniar [as Inis Mór]

ÁINE: Sea.

ANNA: mar bhí Matty, níl ’fhios a’m an é an chaoi a raibh Matty ag caint aniar, bhí Matty agus John

ÁINE: Sea.

ANNA: agus níl ’fhios a’m cé eile a bhí in éineacht leis, a tháinig aniar ach tá mé a’ ceapadh ansin an Domhnach dár gcionn aríst tháinig siad aniar. Sé an chaoi a ndeachaigh mise siar anois Áine, Saile a bhí abhus, thoir, babhta amháin

ÁINE: Sea.

ANNA: Agus bhí sí a’ rá go raibh a leithéid go dhuine ann, nach raibh sa teach ach é féin agus dúirt sí le Mairéad Pheadar Mháirtín meas tú an dtiocfadh mise siar aige. “Bhuel níl ’fhios a’m” a deir Mairéad mar sin “fiafraigh aríst di é” a deir sí, (gáire) a deir Saile le Mairéad nó rud eicínt

ÁINE: Sea.

ANNA: Ach tá ’fhios a’m ansin go raibh Mairéad á iarraidh dhíom féin agus ní dhúirt mé le go dtiocfainn, ní dhúirt mé nach dtiocfainn a’ bhfuil ’fhios a’d, ní dhúirt mé tada. Ach níl ’fhios a’m féin an é an chaoi a raibh Saile á rá leis ansin nó cén chaoi é agus dúirt dar sin go ndeachaigh dar soir ansin aríst. Ach an Domhnach sin ansin, bhí muid ag siúl a’ bhfuil ’fhios a’d agus nuair a tháinig mé abhaile, tháinig Máirtín i mo dhiaidh, níor tháinig, Mairéad a tháinig anuas agus dúirt sí liom a dhul suas acub féin a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

ANNA: Agus ní raibh aon duine thuas an t-am sin ach í féin agus níl ’fhios a’m cé eile, níl ’fhios am ab é Máirtín agus nuair a thángadar agus bhuel chuireadar go cheist orm ansin é a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

ANNA: Bhuel d’fhiafraigh Máirtín roimhe sin dhíom é, ní raibh eisean istigh

ÁINE: Sea.

ANNA: agus eh an dtiocfainn ann agus dúirt mé (--) bhuel ní raibh mé ach idir dhá chomhairle Áine ….

ÁINE: …. Sea….

ANNA: …. Inseoidh mé an fhírinne anois duit ….

ÁINE: ….Sea, sea ….

ANNA: …. a’ bhfuil ’fhios a’d. Bhí mé a’ rá ansin, a’ bhfuil ’fhios a’d bhí Máirtín pósta an t-am sin ansin agus bhí mé a’ rá ansin is dóigh a deir mise nach n-imeoidh mé in aon áit, i m’intinn féin a’ bhfuil ?fhios a’d, agus mar sin

ÁINE: Sea.

ANNA: agus níl aon ghnáith a’m a’ fanacht, bhí mé a’ rá nach raibh aon ghnáith a’m a’ bhfuil ’fhios a’d a’ fanacht sa teach.

ÁINE: Yeah.

ANNA: Ó bhí bean istigh ann agus chuile rud mar sin….

ÁINE: …. Sea.

ANNA: Ach gheall mé ansin go dtiocfainn ann. Tá ’fhios a’m ansin gur tháinig bean mo dhreabhar, fear mo dhreabhar - Micil Thomáis - gur tháinig sé aniar an tráthnóna sin agus dúirt sé go raibh an oiread bród air a’ bhfuil ’fhios a’d nuair a chuala sé go raibh mé a’ gabháil siar.

ÁINE: Sea.

ANNA: Bhí, bhí, (--) “sula ma chuaigh tú siar ar chor ar bith anois” a deir sé “bhí an oiread eolas a’msa ar John” a deir sé ….

ÁINE: …. Sea….

ANNA: …. “roimhe sin”….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: …. Mar bhíodh sé soir go minic go .…

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: …. Inis Meáin roimhe sin ach ní raibh aon eolas a’msa air a’ bhfuil ’fhios a’d ….

ÁINE: …. Ní raibh sé feicthe a’d….

ANNA: …. Ní raibh sé feicthe a’m ach sin é an chaoi, bhí an cleamhnas ansin an oíche sin a’inn a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus céard a tharla ansin i rith an chleamhnais, an raibh ceol agaibh?

ANNA: Ó bhí ceol ansin ….

ÁINE: …. A’ raibh ….?

ANNA: .… an oíche sin ann, bhí.

ÁINE: Sórt damhnsa agaibh?

ANNA: Bhí, níl ’fhios a’m anois a’ raibh aon chúpla duine eile as Árainn ann, aon chúpla duine eile as Árainn. Bhí Bríd Chóil thoir go háirid an oíche sin.

ÁINE: A’ raibh?

ANNA: Agus bean Matty Mhaircin agus

ÁINE: Cé na fir a bhí thoir in éineacht le John?

ANNA: Tá mé a’ ceaptha go raibh Máirtín a’ Pheircín thoir déarfainn agus níl ’fhios a’m anois oíche an chleamhnas a’ raibh sé sin thoir nó nach raibh, níl mé cinnte dhe sin anois ach bhí cúpla duine thoir go háirid, ach tá ’fhios a’m ansin gur seachtain a bhí ansin ann ó bhí an cleamhnas a’inn go raibh an bhainis ann.

ÁINE: Ó arb shin é an méid?

ANNA: Sé, (gáire) cuimhním nuair a bhí an cleamhnas (--) bhuel chur sé go cheist orm é cén t-achar a d’fhanfadh sé, a’ bhfuil ’fhios a’d agus

ÁINE: Sea.

ANNA: Bhí mé a’ ceapadh ansin b’fhéidir dhá mbeadh seachtain ann a’ bhfuil ‘fhios a’d. Ach tá ’fhios a’m an lá a raibh an bhainis le bheith ann go háirid go raibh sé chomh garbh, “meas tú” a d’iarr mé féin go Mháirtin ansin ar maidin “an dtiocfaidís inniu”, “á ní thiocfaidh aon churach aniar inniu go háirid” a deir sé, mar níl sé in araíocht.” Agus cé a tháinig aniar as cinn an bhaile, mo dhreabhar as an gceann thiar ….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: .… d’fheicfeadh sí sin chuile rud ….

ÁINE: …. Sea ….

ANNA: …. a théadh amach ó chéibh Chill Rónáin.

ÁINE: M hm.

ANNA: Agus tháinig sí aniar, “arb shin a bhfuil go réiteach ort?” “sé” a deir mé féin “cén fáth, Ar ndóigh níl aon churach” “nach bhfeiceann tú aniar ansin í an báidín” a deir sí agus í ‘gabháil aniar ag an gCaladh Mór an t-am sin, (gáire)

ÁINE: Á by dad tháinig sé i ngan fhios ort ar deireadh Anna.

ANNA: Ar ndóigh dúirt seisean (--) a’ bhfuil ’fhios a’d bhí farraige ann. Cé a thóg sé aniar ach PJ Mullen.

ÁINE: Á, ó báidín in áit curach, sea….

ANNA: …. Sea, báidín. Ní raibh curach a’ bith ann ach an báidín ag a’ slip ansin.

ÁINE: Sea.

ANNA: Athair, athair Mhichael Mullen, bhfuil ’fhios a’d PJ. Ach sin é an chaoi ar tháinig siad aniar. Bhí cúpla duine in éineacht leis ansin, Máirtín a’ Pheircín agus Antoine Tight, thug sé aniar é sin le bheith ag casadh an cheoil agus rud.

ÁINE: Á.

ANNA: Thoir a phós muid ansin sa séipéal.

ÁINE: Agus cé a sheas leat?

ANNA: Iníon le mo dhreabhar a sheas liom. Tá sí i bpictiúr thiar ansin. Ní raibh sí ach óg an t-am sin, cheithre bliana déag a bhí sí.

ÁINE: Agus cén sagart a bhí ann an t-am sin?

ANNA: Sagart strainséara a bhíodh a’ teacht go hInis Meáin a dtugaidís an tAthair Benedictine.

ÁINE: Á sea.

ANNA: Bhíodh sé a’ teacht thoir len Samhradh, mar amach in August a bhí ann. Sin é a phós muid.

ÁINE: Agus ansin a’ raibh an bhainis agaibh in Inis Meáin?

ANNA: Bhuel bhí, ach (--) chuireadar scéala ansin ag Tommy Mhaidhcilín a theacht á bpiocadh suas tráthnóna agus eh (clog ag bualadh) tá mé a’ ceapadh nár chuala Tommy ansin an scéala nó rud eicínt, bhuel bhí Tomás Joyce ansin, ba é an sloinne céanna a bhí orthub, bád Tomás Joyce a tháinig ansin ....

ÁINE: …. M hm, á sea ….

ANNA: .… i leaba Tommy.

ÁINE: Ach a’ raibh party a’ bith agaibh ná tae agus rudaí in Inis Meáin?

ANNA: Ó bhí, bhí.

ÁINE: A’ raibh.

ANNA: Á bhí, agus ceol agus chuile rud a’inn go dtí tráthnóna a’ bhfuil ’fhios a’d, go ndeachaigh muid siar tráthnóna. Amach ón, amach ón slip ansin, amach i gcurach go dtí an bád.

ÁINE: Agus a’ raibh mórán daoine ag an bparty in Inis Meáin a bhí agaibh?

ANNA: Bhuel, phébí méid a bhí glaoite ar an mbainis orthub a’ bhfuil ’fhios a’d a bhí ann.

ÁINE: Sea.

ANNA: Tháinig go leor acub anoir ansin sa mbád freisin, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Yeah.

ANNA: Len bhainis.

ÁINE: Agus cá raibh an bhainis anseo ansin?

ANNA: Anseo a bhí sí.

ÁINE: Sa teach seo, á sea.

ANNA: Sea, sea.

ÁINE: Agus in Inis Meáin i do theach féin, ab ea?

ANNA: Sea, sa teach s’a’inn féin thoir a bhí sí.

ÁINE: Hm.

ANNA: Sea.

ÁINE: Agus fuair sibh ól is dóigh agus

ANNA: Fuair, bhí chuile rud mar sin thoir acub. Bhí Antoine Tight, bhí sé a’ casadh ceol, bhí accordion nó rud eicínt ag Antoine, déarfainn.

ÁINE: A’ raibh?

ANNA: Nó rud eicínt, bhí.

ÁINE: Agus cácaí agus ….

ANNA: …. Cácaí baile, cácaí a bheadh déanta sa mbaile.

ÁINE: Cácaí baile.

ANNA: Sea, cuimhním air.

ÁINE: Agus cé a rinne iad sin?

ANNA: Níl ’fhios a’m anois, is dóigh gurbh í mó dhreabhar a rinne iad.

ÁINE: Yeah

ANNA: Is dóigh, nó duine eicínt. Á b’fhéidir go raibh aon chácaí beaga milis freisin ann mar sa siopa a bhí ann a’ bhfuil ’fhios a’d ….

ÁINE: …. Hm….

ANNA: .… fuair muid cácaí ann a’ bhfuil ’fhios a’d agus rudaí, fuair.

ÁINE: Agus a’ raibh laethantaí áirid anois gon tseachtain a phósadh na daoine an t-am sin?

ANNA: Ní, níl mé cinnte anois, nach aisteach an rud é, cén sórt lá den tseachtain, cén lá gon tseachtain a phós muid, níl ’fhios a’m ar deireadh seachtaine a bhí ann nó, August go háirid é.

ÁINE: Ní raibh aon phisreogaí faoi na laethanta?

ANNA: Bhuel bhídís ag daoine, ní raibh siad a’msa go háirid, (gáire) ….

ÁINE: …. Sea, sea (gáire)

ANNA: …. aon phisreogaí, níl ?fhios a’m a’ raibh dar ag John nó nach raibh ach tá mé ag ceapadh nach raibh.

ÁINE: Sea. Bhí sé anseo acub anois dá mbeadh tú a’ gabháil soir, phósfá Dé Luain ….

ANNA: ….Sea ….

ÁINE: …. agus dá mbeifeá a’ gabháil siar phósfá Dé Máirt, so meas tú, ní raibh tada mar sin thoir agaibh?

ANNA: Bhuel níl mé a’ rá (--) ní Dé Luain ná Dé Máirt é, tá mé a’ ceapadh gur amach deireadh na seachtaine is mó, Dé Luain soir (--) Dé Luain siar (--) cén chaoi ar dúirt (--) Dé Luain soir ab ea, Dé Luain siar ab ea?

ÁINE: Dé Luain soir agus Dé Máirt siar a bhíodh anseo acub

ANNA: Á sea b’fhéidir gurb shin é an chaoi é, Dé Céadaoin lá steamer, Déardaoin dearg naoi “____+” in aghaidh na seachtaine, Satharn mall. Bhíodh fear eicínt thoir, bhíodh sé a’ rá na rudaí sin (gáire). Cuimhním nuair a bhíodh muid a’ gabháil ag a’ scoil bhíodh muid ag cruineáil air. Bhíodh muid a’ fiafraigh dhó ansin faoi laethanta na seachtaine, tá ’fhios a’m go mbíodh sé dhá inseacht dúinn, (gáire).

ÁINE: Agus dúirt tú go raibh an lá go dona.

ANNA: Bhí, bhí gála agus (--) bhí.

ÁINE: Agus a’ raibh sé ….

ANNA: …. Ní raibh sé ró-dhona tráthnóna ansin bhí sé cineál lagthaí anuas.

ÁINE: Sea, mar báidín beag a bhí inti sin.

ANNA: Sea agus a’ bhfuil ’fhios a’d sea, bhuel is dóigh nach raibh sí chomh mór sin ar bhealach, ach is dóigh nuair a bhéas tú óg nach gcuirfidh tú aon suim ann, Ar ndóigh (gáire).

ÁINE: Agus cén áit a fuair sibh na fáinní ansin?

ANNA: Hm bhí fáinne ag John, bhí.

ÁINE: Meas tú arb shin é an fáinne ansin a bheadh ag a mháthair b’fhéidir?

ANNA: Sea, an fáinne a bhí ag a mháthair é, sean fháinne.

ÁINE: Ó nach bhfuil sé go hálainn.

ANNA: Sean fháinne ceart é sin.

ÁINE: Ó nach (--) tá an t-ór chomh breá ann, nach bhfuil?

ANNA: Tá, tá an t-ór breá ann, bhí sé dhaithín beag ró-mhór a’m, bhí MaryAnn [a h-iníon] a’ rá liom babhta ansin dá dtabharfainn síos é, [ag seodóir] go dtabharfadh sí síos é.

ÁINE: Sea.

ANNA: Deir sí “A mham” a deir sí “b’fhéidir” a deir sí gur ann a mhillfí ort é ” a deir sí ....

ÁINE: …. B’fhéidir ….

ANNA: .… fág mar tá sé é” Mar gheall ar gurbh é an sean ór atá ann. Ach sin é, sin é an fáinne a bhí ag a mháthair.

ÁINE: Yeah agus cén sórt ceol a bhí agaibh ansin sa teach seo nuair a bhí an bhainis anseo agaibh?

ANNA: Níl ’fhios a’m anois cén sórt ceol a bhí anseo nach aisteach a’ rud é, a’ bhfuil ’fhios a’d. (gáire)

ÁINE: Ar ndóigh is dóigh go raibh Antoine [O’Brian] é féin aríst ann.

ANNA: Á bhí agus crowd thiar ansin sa seomra agus chuile dhuine ag tíocht go dtí mé a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: A’ raibh.

ANNA: Cuimhním Annie [comharsa béal dorais]amuigh anois a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí sí istigh agus na gasúir.

ÁINE: Hm.

ANNA: Agus í ag inseacht dom na gasúir ….

ÁINE: ….Sea….

ANNA: .…a’ bhfuil ’fhios a’d, na hainmneachaí a bhí orthub agus chuile ní.

ÁINE: Sea.

ANNA: Cuimhním air.

ÁINE: Ach bhí cúpla duine as Inis Meáin ar an mbaile anseo sula ….

ANNA: …. Ó bhí, bhí, bhí mó dhreabhar anoir a’ bhfuil ‘fhios a’d.

ÁINE: A’ raibh?

ANNA: Agus mó dhearthár, agus gaolta liom ansin anoir freisin, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí.

ÁINE: Agus ar aire tú aisteach a’ fágáil Inis Meáin?

ANNA: Bhuel d’aire ar bhealach is dóigh a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: A’ raibh uaigneas ort?

ANNA: Bhí cumha ag mo dhearthár, bhí cumha ag mo dhearthár i mo dhiaidh, tá mé a’ cheapadh, bhí, cheapainn go raibh an-chumha ag mo dhearthár i mo dhiaidh. Bhí mar tá ’fhios a’m go bhfóire Dia orainn nuair a d’fhág mé beannacht aige a’ bhfuil ’fhios a’d, deorachaí le mo chuid súile a’ bhfuil ‘fhios a’d.

ÁINE: Sea, ach Ar ndóigh bhí saol maith anseo ansin a’d so

ANNA: A bhuel bhí a’ bhfuil ’fhios a’d níl mé á rá ceart Áine, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí fear deas a’m, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

ANNA: Bhí an créatúr, a’ bhfuil ’fhios a’d, ní ….

ÁINE: …. Agus bhí an teach agaibh daoibh féin, ní raibh ort ….

ANNA: …. Bhí ….

ÁINE: …. a dhul isteach le aon duine eile.

ANNA: Ní raibh. Tá ’fhios a’m nuair a rugadh na gasúir agus chuile ní bhí sé go deas leis na gasúir agus chuile rud mar sin ach is dóigh nár thug sé aon bhattle mór ar deireadh, go bhfóire Dia orainn.

ÁINE: Sin é an rud. Go ndéana Dia grásta air.

ANNA: Sin é a phictiúr thuas ansin, é féin agus leaidín Mhichael.

ÁINE: Sea.

ANNA: Robert nuair a bhí sé beag.

ÁINE: Agus a’ dtéadh tú soir go Inis Meáin go minic ansin nó …?

ANNA: Ní dheachaigh, bhí sé thart ar dhá bhliain ansin nuair a chuaigh ó phós mé go ndeachaigh mé soir.

ÁINE: Hm, nach raibh nós eicínt ann nach bhféadadh an bhean a dhul gar dhá máthair, bhuel bhí do mháthair sa básaithe go ndéana Dia grásta uirthi básaithe, ach nach bhféadaidís a dhul abhaile go ceann cúpla seachtain tar éis pósadh.

ANNA: Bhíodh, bhídís á dhéanamh sin, níl ’fhios a’m cén fáth a mbídís á dhéanamh sin Áine. Cuimhním go rinne mo dhreabhar é sin.

ÁINE: Sea.

ANNA: An chéad dreabhar a phós thoir a’m. Tá ’fhios a’m nach (--) a’ bhfuil ’fhios a’d nuair a phós sí nár tháinig sí aniar, bhíodh sí a’ gabháil aniar ach ní théadh sí isteach. Bhí gnás eicínt ann nach dtiocfadh siad isteach nó go mbeidís mí pósta nó rud eicínt.

ÁINE: Agus bhíodh cineál time eicínt aríst ansin acub nach mbíodh.

ANNA: Bhíodh, tá mé a’ ceapadh go mbíodh, mar cuimhním go raibh mé a’ gabháil siar ag a’ tobar, mé féin agus cailín eile agus bhí muid a’ gabháil aníos ón tobar nuair a chonaic muid an bhean seo a’ gabháil aniar ag a’ scoil.

ÁINE: Sea.

ANNA: Níl ’fhios a’m anois arb í Mairéad Pheadar Mháirtín a bhí in éineacht liom nó nach í, dúirt Mairéad “sin í Juda” a deir sí “atá a’ gabháil aniar” “meas tú arb í” a deir mé féin “cá mbeadh sí a’ gabháil anois” agus tá ’fhios a’m gur tráthnóna Satharn a bhí ann, cuimhním air.

ÁINE: Sea.

ANNA: Tá mé a’ cheapadh gur Satharn a phós sí freisin nó tá mé a’ gabháil amú nach aisteach an rud é, Júda déarfainn.

ÁINE: Sea.

ANNA: Agus eh, ach d’fhan muid ansin, d’ardaigh muid aníos nó gur tháinig sí aniar “á” deir sí “tá mé a’ gabháil soir anois, beidh mé in ann a dhul isteach anocht” a deir sí, cuimhním air.

ÁINE: Sea.

ANNA: (Gáire) Go dhúirt sí linn é a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Nár bhocht é a bheith chomh gar go do mháthair agus ….

ANNA: …. Nach ea, nach ea.

ÁINE: … agus gan a bheith in ann a dhul ar cuairt aici….

ANNA: …. Bhuel mar a déarfá ní raibh máthair aici ach is cuma a’ bhfuil ’fhios a’d….

ÁINE: ….Yeah….

ANNA: Ní raibh ann ach mise agus mo Dhaide, a’ bhfuil ’fhios a’d, agus Máirtín. A Mhaighdean bheannaithe, ní raibh mise ach naoi mbliana nuair a cailleadh mo mháthair.

ÁINE: Sea, ó arb shin é an méid.

ANNA: Sin é an méid a bhí mé, sé.

ÁINE: Go ndéana Dia grásta uirthi, yeah.

ANNA: Sea.

ÁINE: Nuair a bhí na gasúir a’d féin anois Anna, ar rugadh iad anseo nó ar rugadh iad ins an ospidéal?

ANNA: Rugadh Mary Ann anseo.

ÁINE: Ar rugadh.

ANNA: Rugadh Michael san ospidéal agus Pádraig.

ÁINE: Hm.

ANNA: Bhí mé le dhul síos [ag an ospidéal] le Mary Ann freisin, ní raibh cuimhne ar bith a’m air nuair ….

ÁINE: …. Sea….

ANNA: .… nuair a bhuail cúpla pian san oíche mé agus mé a’ gabháil a chodladh (gáire).

ÁINE: Sea. Ní raibh ….

ANNA: …. B’éigean go John a dhul siar a’ glaoch ar a’ dochtúir a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus cén fáth nár cuireadh amach sa Lifeboat thú, meas tú?

ANNA: No, níor cuireadh, is dócha nach, níl ’fhios a’m, is dóigh nach raibh aon chaint air an t-am sin, is dóigh.

ÁINE: Sea, agus ansin chuaigh tú síos leis an bheirt eile.

ANNA: Bhí mé thíos le Michael ar dtús a’ bhfuil ’fhios a’d, an chéad dhuine. Sin é an chaoi a mbíodh sé.

ÁINE: So go raibh míle maith a’d anois Anna, bhí sé sin thar cionn uilig.

ANNA: (Gáire).

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.